An Timire - Earrach 2018

Page 4

4

Brian Grogan SJ

Ligean do Dhia Ceannas a Ghlacadh Baineann grinneas spioradálta le cuireadh a thabhairt do Dhia a bheith páirteach inár gcinntí. Mar sin, le cabhair scéil breathnaímis i dtús báire ar ár gcinnteoireacht phearsanta féin.

bainteach agus tacúil. Ní turas aonair a rinne Íosa. Insíonn sé dúinn go ndearna sé i gcónaí an rud a thaitneodh lena Athair (Eoin 8:29). Ba chóir é sin a bheith mar sprioc againne freisin.

RÍ Uair amháin ceapadh fear óg ina cheannaire ar a phobal. Bhraith sé go raibh an tasc ródheacair dó. Dá bhrí sin, d’iarr sé cabhair ar Dhia chun roghanna ciallmhara a dhéanamh. B’fhial mar d’fhreagair Dia é, agus thug sé croí tuisceanach dó; thuill sé clú ar fud an domhain aithnid as a bhreithiúnas cóir. Ba é b’ainm dó Solamh, mar is eol duit, agus is féidir a scéal a léamh i gCéad Leabhar na Ríthe, caib. 3. D’fhéadfadh a phaidir ar son na heagnaíochta a bheith ina heiseamláir sa lá inniu don aire rialtais, don stiúrthóir cuideachta, don phríomhoide scoile, don easpag, nó go fiú duit féin. Deireadh Naomh Iognáid nár chóir dúinn cinneadh ar bith a dhéanamh, bíodh sé beag nó mór, gan comhairle Dé, mar athair eagnaí grámhar, a iarraidh. Dúirt duine éigin liom tráth, ‘Tá breac-eolas ag Dia agus agamsa ar a chéile: ní chuireann seisean isteach orm ná mise isteach air’. Ach ní rith sóló is ceart a bheith sa bheatha Chríostaí ach comhpháirtíocht bheomhar le Dia atá

PARÓISTE Maidir le grinneas grúpa nó pobail. Bhí ar pharóiste áirithe Comhairle Thréadach Paróiste a roghnú. Rinne na baill a bhí ag fágáil plé fada faoin mbealach ab fhearr le tabhairt faoi. Bhí an plé ar siúl agus ar siúl go dtí go ndúirt duine amháin: ‘Cén fáth nach ligimid do Dhia ceannas a ghlacadh?’ Bhí iontas orthu i dtosach, ach cheap a bhformhór go mba mhaith an smaoineamh é, cé nár shíl roinnt bheag díobh os íseal go mbeadh mórán spéise ag Dia ina bparóiste siúd! Is mar sin a chuaigh siad i mbun próiseas grinnis: d’iarrfaidís ar Dhia iad a threorú ag gach céim. Mar sin, in ionad na daoine ab fhearr dar leo a roghnú, bheadh toghchán oscailte acu: thabharfadh sé sin, mar a mheas siad, spás do Dhia na daoine b’oiriúnaí a roghnú. D’iarr siad ar an bparóiste guí in éineacht leo go dtiocfadh na hiarrthóirí b’oiriúnaí chun cinn. Ansin reáchtáil siad tráthnónta faisnéise, mhínigh siad ról na CTP, agus d’iarr orthu siúd a bhí i láthair iarracht a dhéanamh

Timire Spring 2018.indd 4

02/02/2018 15:58


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.