![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094331-9d9f9110dd66ae5dcb95555728fa1daf/v1/c855fcacce87f888a8242641b236b296.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
4 minute read
Comórtais Ghlór na nGael le Leathchéad Bliain Eoghan Mac Cormaic
Eoghan Mac Cormaic Bainisteoir Forbartha, Glór na nGael
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094331-9d9f9110dd66ae5dcb95555728fa1daf/v1/0cb9269e4890e57986614a1136345738.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
Comórtais Ghlór na nGael le Leathchéad Bliain Anuas
Ar leathanaigh eile san eagrán seo den Timire tá alt ó choiste áitiúil Ghlór na nGael i Lios Tuathail, Co. Chiarraí, ina léirítear na saghasanna gníomhaíochtaí a bhíonn idir lámha ag an choiste (agus coistí eile dá réir) i rith na bliana. Is fi ú mar sin san alt seo comhthéacs a dhéanamh do chomórtas Ghlór na nGael i saol an phobail Ghaeilge sa lá a bhí inné ann agus sa lá atá inniu ann. Is iomaí athrú atá tagtha ar shochaí na tíre seo ó bunaíodh an comórtas breis agus caoga cúig bliain ó shin. Ní raibh ach glúin imithe ó bhí Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad ann, nó fi ú leathghlúin ann ón Dara Cogadh Domhanda. Bhí feachtas buamála in aghaidh staisiúin custaim ar an teorann – a Dhia ach bhí teorainn chrua ann sna laethanta sin – agus aontachtóirí ag tacú leis an teorainn... Ní raibh ré na heacnamaíochta domhanda fi ú i mbrionglóidí lucht an rachmais in Éirinn, agus ní raibh spéirlíne aon bhaile in Éirinn briste le tada seachas spuaiceanna eaglaisí (nó an corrcholún iar-impireach mar a bhíodh Nelson tráth i mBaile Átha Cliath). Crainn thógála ní raibh ann. Bhí tramanna ar sráideanna na hardchathrach (go minic ag leanúint na mbealaí céanna agus a leanfadh an LUAS blianta fada ina ndiaidh), traenacha ag stopadh sna céadta bailte beaga ar fud na tíre, gach duine ag éisteacht le ‘Baile Átha Luain’ ar an raidió agus ‘teilifís’ mar ráfl a ó na colcheathracha i Meiriceá… bheadh 90% agus níos mó de ghnó an ghnáthdhuine á dhéanamh laistigh de dheich míle ón bhaile, sna siopaí, oifi g an phoist, an banc (ó am go ham) nó ag íoc táillí ceadúnas éigin i staisiún an Gharda áitiúil nó beairic áitiúil an RUC ó thuaidh b’fh éidir.
Sna laethanta sin, b’é an nuacht is déanaí an ‘stop press’ sna nuachtáin tráthnóna; sreangscéal a thógfadh an scéal sa bhealach is tapúla ón bhaile, seachas litir sa phost (le seachadadh sé lá in aghaidh na seachtaine!) agus bhí boscaí guthán le cnaipe A&B i ngach sráidbhaile, cé nach raibh guthán tí ag mórán daoine. Agus labhair an pobal Béarla, ach labhair go leor leor acu, ó gach aois, Gaeilge chomh maith. Ach, níos mó ná aon rud suntasach faoi, is tír aonchine – fi ú murach aonphobal de – a bhí in Éirinn.
Ba sa tsochaí seo, cineál Éireann dár mbrionglóidí séimhe na laethanta seo, a chuir an tAthair Ó Fiaich agus an tAthair Ó Fiannachta tús le comórtas nua, le
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094331-9d9f9110dd66ae5dcb95555728fa1daf/v1/7843f5d3128977254df69bd9951d2b75.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094331-9d9f9110dd66ae5dcb95555728fa1daf/v1/aa6c7670c6a0600e01ce1fa136b11f8c.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094331-9d9f9110dd66ae5dcb95555728fa1daf/v1/9ea46097f57d752fa7ec03950d42850d.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
húsáid na Gaeilge a spreagadh ag leibhéal an phobail, urraithe ag a gcumann féin, Cumann na Sagart, agus le duaischiste iontach don am de €100.
Bhí na chéad mholtóirí ag iarraidh tomhas a dhéanamh ar fh orbairt na Gaeilge go háitiúil, ó bhliain go bliain, tríd an chomórtas. Loirg siad tuairiscí ó na coistí ar imeachtaí, ar fh reastal an phobail ar imeachtaí Gaeilge, ar fh reastal an choiste ar riachtanais an phobail mórthimpeall orthu. D’ardaigh siad, na moltóirí sin, an caighdeán ó bhliain go bliain, ag fíorú agus ag fi osrú faoin teagmháil a bhí leis an choiste agus na rannóga stáit trí Ghaeilge, nó leis na seirbhísí gnó trí Ghaeilge sa cheantar – agus cuimhnigh go raibh formhór an ghnó sna laethanta sin déanta go háitiúil. Ní raibh tásc ná tuairisc fós faoi shiopaí ilnáisiúnta, ná slabhraí de shiopaí aon bhranda, ná ionaid siopadóireachta agus mealanna siopadóireachta.
Bhreathnaigh na moltóirí ar gach gné den saol, ón chliabhán go dtí an uaigh trí Ghaeilge, idir shaol tuata agus saol spioradálta (cuimhnigh gur Cumann na Sagart a bhí ann, agus ní nárbh ionadh spéis sa chreideamh acu).
Sna blianta ó bunaíodh an comórtas is iomaí rud atá athraithe sa tír seo. Is pobal ilchiníoch anois muid, páirteach sa Chomhphobal Eorpach, an teorainn imithe (agus daoine ag iarraidh í a athbhunú), tionchar an chreidimh laghdaithe go mór agus saghas spioradáltachais eile ina áit; an Ghaeilge á labhairt sna cathracha agus ó thuaidh i measc daoine óga le bród agus muinín nua. Le húsáid na teicneolaíochta bíonn idir am agus spás creimthe agus ídithe le whatsapp, facebook, snapchat agus gach cineál teicneolaíochta eile in úsáid ag daoine leis an teanga a chur chun cinn.
Agus tá comórtas Ghlór na nGael fós linn: athraithe, athmhúnlaithe ó am go ham, agus leasaithe de réir mar is gá, agus is cuí. Is éacht é, agus is éacht é an díogras a léiríonn na coistí ar fad dá gcláracha forbartha teanga áitiúla. Athraíonn an tsochaí, agus athraíonn Glór na nGael leis.
Foclóirín: Cogadh na gCarad = The Civil War; mealanna siopadóireachta = shopping malls; creimthe = ídithe, imithe i ndísc.