4 minute read

Dúshláin a Thabhairt go Cruthaitheach Eilís Ní Mhearraí

Eilís Ní Mhearraí Acadamh Ríoga na hÉireann

Caithfidh na Fíréin Dúshláin an tSaoil a Thabhairt go Cruthaitheach

Cloisimid an-chuid cainte i láthair na huaire faoi dhúshláin an lae inniu. Ní dóigh liom gur aon rud nua é dúshláin a bheith roimh an gcine daonna. Ó thús ama bhí deacrachtaí ag ár sinsear. Easaontas idir dhaoine, idir rialtais, idir reiligiúin éagsúla; daoine a bheith gan bunriachtanais an tsaoil, nó deacrachtaí sláinte a bheith acu – sin cuid de scéal an duine. Athraíonn na cineálacha dúshláin ó ghlúin go glúin ach is dúshláin iad go léir. Má aithnímid na dúshláin sa chéad áit, is féidir linn freagairt dóibh ar go leor bealaí – ligint orainn nach bhfuil siad ann agus an chluas bhodhar a thabhairt dóibh, an milleán a chur ar dhream eile – an rialtas, ceannairí eaglasta agus a leithéid. Nó is féidir linn ár n-intinn a dhéanamh suas go bhfuilimid chun iarracht a dhéanamh freagairt go cruthaitheach do na dúshláin seo. Ach caithfi mid ceist a chur orainn féin – cad atá i gceist le ‘go cruthaitheach’ seachas bealach ar bith eile?

Is tuataí iad an chuid is mó de ‘na fíréin’ – daoine a dhéanann iarracht a saol a chaitheamh de réir luacha an tsoiscéil agus atá ag iarraidh a bheith dílis do na gealltanais a rinneadh ag an mbaisteadh dóibh. Ceann de na dúshláin is mó atá romhainn ná na luacha seo a choinneáil beo i ndomhan atá ag bogadh ag luas níos tapúla ná riamh. An gá dúinn coinneáil suas leis an saol tapaidh seo nó an bhfuil bealaí gur féidir linn an saol a mhoilliú dúinn féin agus do dhaoine eile? An gá dúinn ar fad a bheith gafa le hobair agus le gníomhaíocht seacht lá na seachtaine? Bhí Íosa cinnte de go raibh gá le ham a chaitheamh leis féin in áiteanna ciúine chun cumarsáid a dhéanamh lena athair. B’fh iú dúinn sin a dhéanamh chun toil Dé dúinn a chloisteáil i measc thramglam an tsaoil. Ba chóir dúinn a bheith i gcónaí ag iarraidh bealaí a aimsiú chun cumann le Dia a chruthú agus a neartú dúinn féin.

Dushlán eile a luann na fíréin go minic liom ná conas daoine, go háirithe daoine óga nó daoine atá éirithe as cleachtadh an chreidimh, a mhealladh isteach chun na heaglaise, iad a mhealladh chuig foirgneamh a bhíonn i gceist acu go hiondúil. Ní fh eicim mórán áiteanna sna soiscéalta ina bhfuil Íosa ag iarraidh daoine a mhealladh isteach i bhfoirgneamh ar bith. Bíonn sé i gcónaí ag bualadh le daoine san áit ina bhfuil siad féin – ag an loch, ag an margadh, ag an tobar, ar an mbóthar. Nuair a bhíonn

17 ‘Má aithnímid na dúshláin sa chéad áit, is féidir linn freagairt dóibh ar go leor bealaí.’

daoine i mbun gnáthimeachtaí, sin an t-am a labhraíonn Íosa leo go doimhin, sin an deis is mó a thapaíonn sé chun fírinní an tsaoil a nochtadh dóibh. Muna bhfuil daoine ag líonadh ár gcuid séipéil, cathfi mid smaoineamh go cruthaitheach agus dul amach chucu mar a rinne Íosa. Tá iarrachtaí den chineál ar siúl cheana féin le sagairt ag cur faoistiní ar fáil in ionaid siopadóireachta agus a leithéid. An féidir linne mar thuataí teacht suas le freagraí cruthaitheacha gur féidir linn féin a chur i gcrích chun daoine a mhealladh chun díriú ar áit Dé ina saol? I measc ár gcairde agus ár gclanna féin, ceann de na dúshláin is mó atá ann ná a thaispeáint go bhfuil fonn orainn caidreamh a chothú le Dia. Cá bhfi os nach bhfuil siad féin sa tóir ar an rud céanna ach nach bhfuil na focail nó na smaointe acu chun an méid sin a chur in iúl? Níos mó ná riamh, tá daoine ag lorg brí sa saol. Nach fearrde sinn é a dhéanamh le chéile agus an turas a roinnt le daoine atá ar an mbóthar céanna linn féin? San áit ina bhfuil beirt bailithe in ainm Dé, is ansin atá sé.

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ BEALTAINE, 2018 Na fíréin ar tuataí iad, go gcomhlíonfaidís a misean ar leith trí fh eagairt go cruthaitheach do na dúshláin atá roimh shaol an lae inniu.

Foclóirín: tuata = duine nach sagart nó bean rialta, lay person; tramglam = cíor thuathail, ruaille buaille.

This article is from: