6 minute read

Im Leabharlann Dom Seán de Fréine

Im Leabharlann Dom

Léirmheasanna le: Seán de Fréine

Duanaire Daonscoile Annraoi de Paor Coiscéim 44 lch Praghas €7.50

Amhráin is mó atá in Duanaire Daonscoile móide dornán dánta. Déiseach is ea Annraoi de Paor, fear scríofa na n-amhrán. Bhí sé ina Ollamh le hInnealtóireacht Rialúcháin thall i Sasana, agus ina dhiaidh sin ina Ollamh le hInnealtóireacht Leictreach abhus in Éirinn. Taighdeoir i gcúrsaí eolaíochta é i gconaí. Roinnt leabhar Gaeilge foilsithe aige cheana. Ach tá dlútbhaint aige le fada fada le Daonscoil chlúiteach na Mumhan ina chontae dúchais, é ina bhall dílis agus ansin ina chathaoirleach ar an institiúid oirirc seo. Mar a deir sé féin, ‘Tá áit lárnach ag Daonscoil na Mumhan i mo shaol le dhá scór bliain anuas. Is geall le seachtain i dTír na nÓg seachtain na Daonscoile i gceantar fíorálainn Gaeltachta Rinn Ó gCuanach.’

Éinne a dhein freastal ar an Daonscoil nó a bhfuil spéis acu inti, bainfi dh siad taitneamh speisialta as na hamhráin mar léiriú ar spraoi na scoile. Cuid acu, baineann siad le daoine nó imeachtaí faoi leith de chuid na scoile, agus spreagfaidh siad seanchuimhní do dhaoine a bhíodh ann. Ach an chuid is mó díobh, d’fh oirfeadh siad go seoigh do chóisir amhránaíochta ar bith, agus don tslua-amhránaíocht go háirithe, mar tá na focail ceangailte le foinn sheanaitheanta. Tá aistriúcháin ón Bhéarla déanta ag an údar ar roinnt amhrán atá ar eolas cách, amhail ‘Nóra’ le Seán O’Casey, agus amhráin le Stephen Foster agus Robbie Burns – gan trácht ar an ‘Irish Rover’, amhráin as ceoldrámaí, agus iomann Gaelach ón ochtú céad! Tá na haistriúcháin uile le moladh, iad d’ardrchaighdeán oilte snoite. Ar na cinn is deise díobh, tá an leagan den ‘Lark in the Clear Air’.

Oíche Nollag na mBan sa bhFásach Colette Nic Aodha Coiscéim 40 lch Praghas €7.50

Tamall maith de bhlianta ó shin (roimh aimsir na ndineasár, measaim), rith sé le foireann An Gúm nár mhiste iris nua a bhunú ina mbeadh ábhar éagsúil – idir litríocht, smaointeoireacht, fhealsamh, chúrsaí idirnáisiúnta, agus a leithéidí d’ardchaighdeán – d’fhonn féachaint le ganntanas in ábhar na Gaeilge a líonadh. Cuspóir ardaidhmeanach a bhí ann. Líonfadh sé bearna i saothrú na teanga. Le séideadh stoic agus mórphoiblíocht, tháinig an chéad eagrán den iris, An Treallán, ar an saol. Ar ndóigh, ní raibh sé gan locht, ach ní raibh sé gan fiúntas ach oiread. Pé scéal é, thug an t-údar cáiliúil Máirtín Ó Cadhain fogha faoi ar go leor cúiseanna; cháin sé é go géar agus ní gan ábhar i gcónaí. Ach tríd síos, feannadh a thug sé don iarracht. Cén toradh a bhí air seo? Eagrán a dó feabhsaithe go mór? Níorbh ea. Níor tháinig an dara heagrán riamh. Scaipeadh agus beaguchtach a cuireadh ar an iris bheag nua. Ba bhoichtede litríocht na Gaeilge de dheasca na heachtra sin. Na daoine a théann i mbun na Gaeilge, de chineál ar bith, is laochra liteartha iad. Is pribhléid freastal orthu. Is cóir cuidiú leo. Is féidir leo ionadh agus pléisiúr a chur ort ar bhealaí nach mbeifeá ag súil leis. Is féidir foghlaim uathu. Tá buíochas ag dul dóibh.

Rith na smaointe seo liom, agus mé ag féachaint ar an bheart leabhar filíochta is déanaí a casadh im threo. Bím ag tnúth le péarlaí, agus is annamh nach bhfaighim seoidíní ar a laghad. Sin mar atá an tráth seo chomh maith. File fadbhunaithe í Colette Nic Aodha agus is fiú go mór an leabhar seo is déanaí uaithi, Oíche Nollag na mBan. Is é a locht a laghad. Tá téamaí éagsúla fite fuaite tríd na leathanaigh: dílseacht dá dúchas i gContae Mhaigh Eo; an dúlra; imeachtaí a tharla ar saoire thar lear; eachtraí a ceirde mar mhúinteoir; laochra na Féinne amhail Fionn agus Oisín (ach iad á gcur inár láthair i gcomhthéacs na linne seo). Is féidir leis an fhile seo mianach a bhaint as réimse leathan d’eispéiris éagsúla. Tá féith an ghrinn go tréan aici, agus baineann sí meangadh gáire asat go minic. Tig léi bheith gonta géar chomh maith, agus mórán a rá i mbeagán focal, mar atá in ‘Teicneolaíocht’:

‘Sáite i scamaill ríomhaireachta braithim titim Impireacht na

Gréige is teacht na Rómhánach.’ An dán is mó a thaitin liom ná ‘Fionn’.

Tá maoithneachas agus greann ann, agus oidhreacht liteartha de dhá mhíle bliain cuimsithe aici i ndán de chúig líne déag.

Nótaí ón gCaifé: Dánta agus Prósdánta Siobhán Ní Shíthigh Coiscéim 56 lch Praghas €7.50

Cad is prósdán ann? Is annamh a chastar an cineál seo d’earra liteartha ar dhuine, agus ní nach ionadh. Níl sé éasca a leithéid a chumadh, d’ainneoin an dealraimh shimplí atá air. Ní dán prósdán, mar is cur síos i bprós é, agus ní prós é, mar is é is bun dó ná friotal fileata, agus bíonn rithimí na filíochta ag bíogadh ina chuislí. Is ar fheabhas mar a dhéanann Siobhán Ní Shíthigh an dá thrá a fhreastal. Tosaíonn a leabhar, Nótaí ón gCaifé: Dánta agus Prósdánta le prósdán iontach ocht leathanach déag, ‘Lá dem shaol agus gach uile lá ann’ ina bhfeicimid an saol trí shúile úra leathana girsí i gCorca Dhuibhne. Ropann an ghirseach ar aghaidh lena cur síos ar imeachtaí a lae gan stad gan staonadh, gan anáil a tharraingt ach í ag leanúint léi ag insint a scéil dúinn faoi iontaisí an tsaoil bhithnua seo na hóige. Cuimhní cinn an fhile agus í san chaifé ag smaoineamh siar ar na laetha soineanta a bhí agus í lena mórlaoch, a hAintín Maerí. Agus an rud go léir i nGaolainn bhreá shothuigthe na Mumhan. Agus rithimí na filíochta fite tríd: ‘an taoide gan tost gan sos ag éamh mar phaidir ag guí sna failltreacha corcra.’ Is tour de force an prósdán seo ar gach bealach.

Ta neart dán cumasach sa leabhar seo chomh maith. Frithbhuaic an-mhaith leis an dán, ‘An Capall Buí’. Baineann cuid de na dánta le comhráití agus le teagmhálacha idir dhaoine thar lear, ar deoraíocht. Dánta a chuaigh i bhfeidhm orm ná ‘San Ísiltír’, ‘Cén mhaitheas focail?’ agus uaigneas an fhir oibre ‘I mBanc na hÉireann’:

‘Smúit bhán trom ar do bhróga

Bileog páighe id láimh

Tarraingíonn tú grianghraf

Ó phóca uachair do ghearrchasóige,

Chím bean is triúr leanbh Is cuid den spéir

Os cionn Vilnias, Shóifia,

Iostanbúl?’

Oilithreacht Saoil Dónall Ó Conaill Glór na nGael, Ráth Chairn, Co. na Mí. 62 lch Ní luaitear praghas

Ní foláir nó is file ó dhúchas é Dónall Ó Conaill, a chuireann Oilithreacht Saoil inár láthair: agus é ag déanamh

na hArdteiste, scríobh sé a chéad dán riamh mar fh reagra ar cheann de na ceisteanna! Tá breis is caoga ceann eile aige sa chnuasach seo. Dánta díreacha ó chroí ionraic iad a léiríonn smaointe, mothucháin, agus ócáidí a tharla i rith a shaoil. Mar sin, cuimsíonn a shaothar anchuid réimsí: cuimhní, creideamh, clann, luacha saoil, ceisteanna reatha an lae, ócáidí ar leith, agus san áireamh leo sin, breith, grá, beatha, agus bás. Míníonn sé cad a spreagann é ina réamhrá gonta soiléir, a chuidíonn go mór lenár dtuiscint don údar agus dá scéal, agus lenár gcumas brí na ndánta a bhlaiseadh. B’fh iú go mór é do fh ilí eile aithris a dhéanamh air sa mhéid seo. Is duine mothaitheach mothálach é, agus baineann soiléire atá thar a bheith glé lena chuid dánta. Saigheada iad ar uaire a théann go smior:

‘Labhair me leis an mbás i gcorp m’athar ... go docht righin ina bhuanchodladh ... Ach labhair cuimhní liom is thaistil mé siar leo trí iarthar Chiarraí ... Chuir me préamha dúchais ann is blaisim a dtionchar de shíor.’ Ní hionann creideamh agus fi líocht, ar ndóigh. Ach nuair a thagann an dá rud le chéile go fónta, tig leo a chéile a mhaisiú. Tá an dá rud le chéile anseo: is inspioráid iad don lagchroíoch.

€8

Ar fáil anois: www.ti mire.ie

This article is from: