An Timire - Earrach 2018

Page 31

31

Im Leabharlann Dom Léirmheasanna le: Seán de Fréine

Duanaire Daonscoile Annraoi de Paor Coiscéim 44 lch Praghas €7.50

Amhráin is mó atá in Duanaire Daonscoile móide dornán dánta. Déiseach is ea Annraoi de Paor, fear scríofa na n-amhrán. Bhí sé ina Ollamh le hInnealtóireacht Rialúcháin thall i Sasana, agus ina dhiaidh sin ina Ollamh le hInnealtóireacht Leictreach abhus in Éirinn. Taighdeoir i gcúrsaí eolaíochta é i

Timire Spring 2018.indd 31

gconaí. Roinnt leabhar Gaeilge foilsithe aige cheana. Ach tá dlútbhaint aige le fada fada le Daonscoil chlúiteach na Mumhan ina chontae dúchais, é ina bhall dílis agus ansin ina chathaoirleach ar an institiúid oirirc seo. Mar a deir sé féin, ‘Tá áit lárnach ag Daonscoil na Mumhan i mo shaol le dhá scór bliain anuas. Is geall le seachtain i dTír na nÓg seachtain na Daonscoile i gceantar fíorálainn Gaeltachta Rinn Ó gCuanach.’ Éinne a dhein freastal ar an Daonscoil nó a bhfuil spéis acu inti, bainfidh siad taitneamh speisialta as na hamhráin mar léiriú ar spraoi na scoile. Cuid acu, baineann siad le daoine nó imeachtaí faoi leith de chuid na scoile, agus spreagfaidh siad seanchuimhní do dhaoine a bhíodh ann. Ach an chuid is mó díobh, d’fhoirfeadh siad go seoigh do chóisir amhránaíochta ar bith, agus don tslua-amhránaíocht go háirithe, mar tá na focail ceangailte le foinn sheanaitheanta. Tá aistriúcháin ón Bhéarla déanta ag an údar ar roinnt amhrán atá ar eolas cách, amhail ‘Nóra’ le Seán O’Casey, agus amhráin le Stephen Foster agus Robbie Burns – gan trácht ar an ‘Irish Rover’, amhráin as ceoldrámaí, agus iomann Gaelach ón ochtú céad! Tá na haistriúcháin uile le moladh, iad d’ardrchaighdeán oilte snoite. Ar na cinn is deise díobh, tá an leagan den ‘Lark in the Clear Air’.

02/02/2018 16:03


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.