na hUr na
Aspalach t
FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH EARRACH 2018 €5.00/STG£3.75
í
Forbairt ar an Tuiscint Spioradálta An Soláthar Díreach in Éirinn Ionracas na nEacnamaithe? Gairdíní sa Bhíobla
Timire Comóradh 107 bliain an
1911
-2 0
18
www.timire.ie
an Chroí Ró-naofa
Timir e
Timire Spring 2018.indd 1
02/02/2018 15:58
Dáileadh: Níos mó ná
1,000 cóip á scaipeadh sa ráithe
Eagarfhocal na Cásca
T
An Bhfuil Aiséirí i nDán Dúinn?
á Cyril isteach is amach ón bpríosún le blianta. Fear óg fós é ach teagmháil caillte aige lena theaghlach. A chás tugtha suas acu, toisc é a bheith go síoraí i dtrioblóid leis an dlí, is dóigh. Tá a mháthair básaithe le tamall, caillte. Bhí seisean caillte chomh maith, caillte in éadóchas is i ndobrón. É ag glacadh drugaí sa phríosún le cuid den phian a mhaolú. Agus é á lochtú féin, i ngeall ar a bheith chomh beagchroíoch go bhféadfadh sé coir eile a dhéanamh is críochnú i bpríosún arís. Rud a cheileann ar a chlann pé freagracht a d’fhéadfadh sé glacadh ina saol, dá ligfeadh a máithreacha in aice na bpáistí é. Mar is le beirt mháthair dhifriúla na páistí aige, beirt bhan nach bhfuil ag caint leis anois! Tá an lochtú seo ag géarú ar an phian. An bhfuil aon slánú i ndán? I rith na gcuairteanna fánacha a bhí mise ábalta a thabhairt air i mbliana bhíodh sé ag cur síos dom ar an staid meanman is anama seo a raibh sé inti. Ansin lá amháin beartaíonn Cyril
díthocsainiú iomlán a dhéanamh gan cuidiú dochtúra ná banaltra! ‘Ar son na bpáistí,’ páistí nach bhfeiceann sé. Éiríonn leis. Anois tar éis naoi mí tá sé fós saor; saor cé go bhfuil an phian níos géire, de bharr bhás a mháthar, de bharr gan teagmháil lena theaghlach, ná gan bealach aige le haon pháirt a imirt i saol a pháistí mar athair. Tá sé níos géire ceal na ndrugaí a bhí ag cabhrú le ceilt na fírinne air féin. Fós tá sé saor. Achar ama an-ghearr naoi mí i saol andúileach. Ach an leide é seo ar an mbealach go dtig le grásta Dé dul i gcion ar shaol aon duine againn agus muid a ardú ón lathach? Fiú mura dtuigeann an duine féin go bhfuil baint ag grásta Dé leis an scéal? Níl Dia mórálach as aitheantas a fháil do Dhia féin, ach gníomhach i gcónaí i ngach réimse dár saol. Ag iarraidh ár n-aird a tharaingt ar an rud a chothaíonn an bheatha ionainn le go n-oibrimid i dtiúin le chéile ag cur an tsaoil ag ceol. Is fíor gó bhfuil feidhm le saothar Dé in ár saol, feidhm a thugann toradh na haiséirí. Frainc Mac Brádaigh SJ
Féach: tearmann.com, apostolshipofprayer.org, apostoladodelaoracion.com nó prieraucoeurdumonde.fr
Is mór an onóir don Timire go bhfuil an tEaspag Alan Mac Eochagáin agus Bláthnaid Ó Brádaigh sásta bheith ina bpátrúin ar an bhfoilseachán. Rath Dé ar a gcuid oibre.
Nóta: Is mór againn tacaíocht ár léitheoirí. Braitheann An Timire oraibh. Níl aon tacaíocht stáit againn. Sin fáth na bhfógraí. Is oth linn nach leor an teacht isteach faoi láthair, in ainneoin na tacaíochta féile a fuair muid ó léitheoirí anuraidh. Ba ghá mar sin praghas An Timire a ardú go dtí €5.00 an chóip agus €20.00 do tháille na bliana. Mar bheagán cúitimh tá an lón léitheoireachta méadaithe go 48 leathanach.
Timire Spring 2018.indd 2
02/02/2018 15:58
Íomhá clúdaigh: Lá cois trá a d'eagraigh an tSeirbhís Íosánach do Theifigh (JRS)
TIMIRE AN CHROÍ RÓ-NAOFA
Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4 6 8 10 12 14 16 20 23 24 26 28 31
36 40 42 45 46 47
Ligean do Dhia Ceannas a Ghlacadh Brian Grogan SJ An Misneach i measc an Phobail Tony Mac Cárthaigh Comórtais Ghlór na nGael le Leathchéad Bliain Eoghan Mac Cormaic Ionracas na nEacnamaithe? Helen Ó Murchú Soiscéal an Teaghlaigh, Lúcháir don Domhan An tArdeaspag Éamon Ó Máirtín Naomh Proinsias agus Assisi An Br. G. D. De Barra Dúshláin a Thabhairt go Cruthaitheach Eilís Ní Mhearraí Paidir Teaghlaigh don Chruinniú Domhanda Mol na hÓige An Scian Gabriel Rosenstock Saincheisteanna agus Soláthar Díreach Áine Lambe Cuardach Focal Ag Déanamh Comhcheoil Frainc Mac Brádaigh SJ Im Leabharlann Dom Seán de Fréine Duanaire Daonscoile Oíche Nollag na mBan sa bhFásach Nótaí ón gCaifé: Dánta agus Prósdánta Oilithreacht Saoil Micheál Ó Mealláin agus 1916 Dermot McEvoy Glór na nGael i Lios Tuathail Matt Ó Maonaigh Gairdíní sa Bhíobla Dónall Ó Cnáimhsí Filíocht Eibhlís Carcione Crosfhocal Oideas: Macarón Cáise Síle Ní Chearbhaill
Ar Dheis Dé: Niall Mac Suibhne, Siobhán de Barra, Joe Brennan SJ, An tAth. Brendan Bradshaw, Seán Ó hÉalaí, Lúis Wall-Murphy, Kennedy O’ Brien SJ, Fiachra Mac Gabhann, Aodh Ó Domhnaill, Seosamh Ó Drisleáin. Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Eagarthóir Frainc Mac Brádaigh SJ Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Mhic an Phríora Tomás Ó Ceallaigh Fionnuala Mac Aodha An Br. Dónal Ó hÉalaithe Seán Ó Raghallaigh
Timire Spring 2018.indd 3
Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas. B’fhearr ábhar a sheoladh ar r-phost, más féidir Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 470 ISSN: 1649-446 Le cead eaglasta: 14 Feabhra 2018 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: €5.00/ Stg £3.75 Go ceann bliana: €20 / Stg£15 Seiceanna iníoctha leis An Timire
Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, Airgid, etc.) scríobh chuig: Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Dearadh: Messenger Publications Design Department Clóbhualadh: Watermans Printers Limited
02/02/2018 15:58
4
Brian Grogan SJ
Ligean do Dhia Ceannas a Ghlacadh Baineann grinneas spioradálta le cuireadh a thabhairt do Dhia a bheith páirteach inár gcinntí. Mar sin, le cabhair scéil breathnaímis i dtús báire ar ár gcinnteoireacht phearsanta féin.
bainteach agus tacúil. Ní turas aonair a rinne Íosa. Insíonn sé dúinn go ndearna sé i gcónaí an rud a thaitneodh lena Athair (Eoin 8:29). Ba chóir é sin a bheith mar sprioc againne freisin.
RÍ Uair amháin ceapadh fear óg ina cheannaire ar a phobal. Bhraith sé go raibh an tasc ródheacair dó. Dá bhrí sin, d’iarr sé cabhair ar Dhia chun roghanna ciallmhara a dhéanamh. B’fhial mar d’fhreagair Dia é, agus thug sé croí tuisceanach dó; thuill sé clú ar fud an domhain aithnid as a bhreithiúnas cóir. Ba é b’ainm dó Solamh, mar is eol duit, agus is féidir a scéal a léamh i gCéad Leabhar na Ríthe, caib. 3. D’fhéadfadh a phaidir ar son na heagnaíochta a bheith ina heiseamláir sa lá inniu don aire rialtais, don stiúrthóir cuideachta, don phríomhoide scoile, don easpag, nó go fiú duit féin. Deireadh Naomh Iognáid nár chóir dúinn cinneadh ar bith a dhéanamh, bíodh sé beag nó mór, gan comhairle Dé, mar athair eagnaí grámhar, a iarraidh. Dúirt duine éigin liom tráth, ‘Tá breac-eolas ag Dia agus agamsa ar a chéile: ní chuireann seisean isteach orm ná mise isteach air’. Ach ní rith sóló is ceart a bheith sa bheatha Chríostaí ach comhpháirtíocht bheomhar le Dia atá
PARÓISTE Maidir le grinneas grúpa nó pobail. Bhí ar pharóiste áirithe Comhairle Thréadach Paróiste a roghnú. Rinne na baill a bhí ag fágáil plé fada faoin mbealach ab fhearr le tabhairt faoi. Bhí an plé ar siúl agus ar siúl go dtí go ndúirt duine amháin: ‘Cén fáth nach ligimid do Dhia ceannas a ghlacadh?’ Bhí iontas orthu i dtosach, ach cheap a bhformhór go mba mhaith an smaoineamh é, cé nár shíl roinnt bheag díobh os íseal go mbeadh mórán spéise ag Dia ina bparóiste siúd! Is mar sin a chuaigh siad i mbun próiseas grinnis: d’iarrfaidís ar Dhia iad a threorú ag gach céim. Mar sin, in ionad na daoine ab fhearr dar leo a roghnú, bheadh toghchán oscailte acu: thabharfadh sé sin, mar a mheas siad, spás do Dhia na daoine b’oiriúnaí a roghnú. D’iarr siad ar an bparóiste guí in éineacht leo go dtiocfadh na hiarrthóirí b’oiriúnaí chun cinn. Ansin reáchtáil siad tráthnónta faisnéise, mhínigh siad ról na CTP, agus d’iarr orthu siúd a bhí i láthair iarracht a dhéanamh
Timire Spring 2018.indd 4
02/02/2018 15:58
5
‘Iarradh ar na heaspaig labhairt go hoscailte agus éisteacht go cúramach le tuairimí nár réitigh lena dtuairimí féin.’ féachaint an bhféadfadh sé go raibh cuireadh á thabhairt ag Dia dóibh ligean dá n-ainmneacha dul ar aghaidh. Ghuigh siad, ‘A Thiarna, cad ab áil leat go ndéanfainn?’, mar a rinne Naomh Pól le linn dó bheith ag iompú ina Chríostaí (Gíomhartha 9:6). Bhraith roinnt de na hábhair ainmnitheachta noda an dea-Spioraid os íseal ina gcroí: mar a dúirt duine díobh, ‘B’fhéidir gurb é seo an rud ceart dom a dhéanamh, fiú má éilíonn sé orm am agus fuinneamh a chaitheamh leis. Braithim go mba chóir dom rud éigin a thabhairt ar ais don pharóiste tar éis a bhfuil faighte agam uaidh.’ Ag an gcruinniú paróiste labhair na daoine a bhí ainmnithe faoin gcion a d’fhéadfaidís a thabhairt don CTP dá dtoghfaí iad. Agus idir an dá linn ghuigh muintir an pharóiste go ciúin go dtoghfaí iad siúd b’oiriúnaí dar leo. Bhí an spás ciúin seo ann le deis a thabhairt Dia a chloisteáil. Dá bhrí sin, rinne siad a roghanna le cúnamh Dé. Tá an Chomhairle nua ag feidhmiú anois agus iad ag iarraidh oibriú trí mheán ghrinneas
an phobail. Braitheann muintir an pharóiste go bhfuil Dia i gcroílár ghnóthaí a bparóiste. PÁPA Is eol don Phápa Proinsias níos fearr ná duine ar bith eile na dúshláin atá roimh an Eaglais sa lá inniu. Ní léir dó freagraí réamhdhéanta a bheith ar fáil ach iarrann sé go ligfeadh an pobal Críostaí don Naomh Spiorad iad a threorú ina roghanna go léir. Ar shamplaí den ghrinneas pobail seo bhí dhá shionad dá chuid: iarradh ar na heaspaig labhairt go hoscailte agus éisteacht go cúramach le tuairimí nár réitigh lena dtuairimí féin. Chuaigh an grúpa in íogaireacht agus i muinín na paidreoireachta agus iad ag cuardach cibé rud a bhí an Spiorad ag iarraidh a rá leis an Eaglais trí mheán gach cainteora. Tháinig maolú, roinnt, ar thuairimí dochta pearsanta agus tháinig an comhaontú chun cinn maidir leis an gcéad chéim eile. Is léir do Phroinsias gurb é Dia seachas é féin atá i gceannas ar an Eaglais.
INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ MÁRTA, 2018 Go dtuige an Eaglais an phráinn a bhaineann le deilbhiú i ngrinneas spioradálta, ar an leibhéal pearsanta agus ar leibhéal an phobail araon. Foclóirín: grinneas = géire, incisiveness; deilbhiú = foirmiú, shaping; cinnteoireacht = cinntí a dhéanamh; eagnaíocht = wisdom, léann; íogaireacht = sensitivity.
Timire Spring 2018.indd 5
02/02/2018 15:59
6
Tony Mac Cárthaigh Gníomhaí Pobail
An Misneach i measc an Phobail Tá mé gafa le cúrsaí pobail le fada an lá. Tá sé soiléir go mbíonn na daoine agus na hoibrithe – atá ag obair ‘ar an dtalamh’ leo siúd atá ag streachailt go trom le bochtanas agus éadóchas agus fadhbanna éagsúla bainteach le handúil, easpa dídine, easpa airgid, iargúltacht, fadhbanna le meabhairshláinte, deacrachtaí clainne agus na héagóra difriúla atá mar dhlúthchuid den ‘chóras’ – go mór i ndainséar go mbeadh a spiorad agus a bhfuinneamh ‘ídithe, dóite’ agus in ísle brí. Tá baint agam le fiche cúig bliain anuas le ceiliúradh cuimhneacháin, ‘Friends Remembering Friends’, a bhíonn ar siúl gach Samhain in Ionad Pobail N. Aindriú, Rialto i lár chathair Átha Cliath. Ag an ócáid seo lastar coinnle agus léitear amach ainmneacha na ndaoine ón cheantar a fuair bás go tragóideach ó thinnis a bhíonn ceangailte le SEIF agus le handúil. Daoine óga a bhformhór acu. Tá a lán clanna a chaill triúr, ceathrar nó fiú cúigear ball. Té sé de nós againn cuireadh a thabhairt d’aoichainteoir chun muid a spreagadh agus dóchas a chothú ionainn. Thug Richard Carsan ón charanacht ACET IRELAND inchur iontach inspioráideach dúinn ag an tseirbhís chuimneacháin
Timire Spring 2018.indd 6
dheireanach a tionóladh in Rialto mí na Samhna seo caite. Agus seo a leanas cuid den chaint a thug sé dúinn: ‘In anallód bhí dream daoine fostaithe chun an rud atá ar siúl againne inniu a dhéanamh – daoine a chaoineadh, na mairbh a chuimhneamh agus trácht thar fhulaingt na ndaoine. Is amhlaidh go dtéadh lucht ceannais na gcathracha ó smacht ó am go ham. Chuaigh an chumhacht ina gceann dóibh, agus d’fhonn greim a choinneáil ar an gcumhacht sin deiridís le muintir na cathrach go raibh gach ní i gceart. Níorbh ann don éagóir, níor ghá na mairbh a chuimhneamh, níorbh ann don fhulaingt ná ní raibh riamh. Ba ar an gcaoi sin a choinníodh siad muintir na cathrach faoina mbois. Ba ar an lucht caointe a thit sé éirí amach agus fírinne an scéil a insint. Dhiúltaigh siad gur faoi lipéid ar nós ‘andúileach’ nó ‘faighteoir leasa shóisialaigh’, nó lipéad víorais, agus ar an gcaoi sin amháin, a chuimhneofaí na mairbh. Fáithe a tugadh ar na caointeoirí. Fáithe falsa a tugadh ar na ceannairí sin a mhaíodh nach raibh aon éigeandáil ann. Is mó atá i gceist le caointeoireacht ná gníomh cuimhneacháin amháin, an dtuigeann tú. Is forógra fáidhiúil í in
02/02/2018 15:59
7
‘Nuair a bhíonn misneach againn agus nuair a thugaimid na hainmneacha is dual dóibh ar nithe, gealann an dóchas.’ aghaidh an lucht ceannais. Is é atá inti, an fhírinne, á hardú ag an dobrón, os cionn an tséanta. ‘Ag tús an tsearmanais mheabhraigh Tony dúinn cén bhrí a bhí leis na coinnle a bhí lasta againn. Ar son na crógachta a lasadh ceann acu. Anois, féach gur teanga an-teoranta é an Béarla. Is saibhre go mór í an Ghaeilge nó is iomaí brí agus athbhrí a bhíonn ag focail inti, agus baineann na bríonna sin le cúrsaí an tsaoil, leis an gcolainn a bhíonn umainn agus na pobail dár díbh sinn. Is é ‘misneach’ an focal Gaeilge ar ‘courage’. Deirtear freisin ‘misneach a ghlacadh’, nó ‘to take heart’. Tá doimhneacht ag an bhfocal a thugann an bhrí eile atá leis le tuiscint – leas, dóchas. ‘Nuair a bhíonn misneach againn agus nuair a thugaimid na hainmneacha
is dual dóibh ar nithe, tarlaíonn rud éigin. Gealann an dóchas. D’fhéadfaí gur coinneal bheag gheal ag lonrú sa dorchadas, nó leanbh leochaileach nuabheirthe a bheadh mar shiombal ar an dóchas sin. B’fhéidir nach mbeadh de dhóchas agat ach an dá íomhá sin i d’aigne agat agus tú ag siúl amach as an áit seo inniu, agus tú faoi bhrón. Ach múscail do mhisneach, glac misneach. Soilsíonn an solas sa dorchadas agus níor mhúch sé fós é.’ Chuir focail Richard in iúl dom go mór cé chomh tábhachtach is atá sé, ár bhfis, ár luachanna agus ár spiorad a chaomhnú agus a athghiniúint go minic agus go rialta. ‘San áit nach mbíonn fís, caitheann an pobal díobh gach srian.’ (Seanfhocail 29:18)
Foclóirín: inchur = input; duine a chaoineadh = to lament someone; na mairbh a chuimhneamh = to remember the dead; andúileach = addict; dobrón = grief.
Timire Spring 2018.indd 7
02/02/2018 15:59
8
Eoghan Mac Cormaic Bainisteoir Forbartha, Glór na nGael
Comórtais Ghlór na nGael le Leathchéad Bliain Anuas Ar leathanaigh eile san eagrán seo den Timire tá alt ó choiste áitiúil Ghlór na nGael i Lios Tuathail, Co. Chiarraí, ina léirítear na saghasanna gníomhaíochtaí a bhíonn idir lámha ag an choiste (agus coistí eile dá réir) i rith na bliana. Is fiú mar sin san alt seo comhthéacs a dhéanamh do chomórtas Ghlór na nGael i saol an phobail Ghaeilge sa lá a bhí inné ann agus sa lá atá inniu ann. Is iomaí athrú atá tagtha ar shochaí na tíre seo ó bunaíodh an comórtas breis agus caoga cúig bliain ó shin. Ní raibh ach glúin imithe ó bhí Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad ann, nó fiú leathghlúin ann ón Dara Cogadh Domhanda. Bhí feachtas buamála in aghaidh staisiúin custaim ar an teorann – a Dhia ach bhí teorainn chrua ann sna laethanta sin – agus aontachtóirí ag tacú leis an teorainn... Ní raibh ré na heacnamaíochta domhanda fiú i mbrionglóidí lucht an rachmais in Éirinn, agus ní raibh spéirlíne aon bhaile in Éirinn briste le tada seachas spuaiceanna eaglaisí (nó an corrcholún iar-impireach mar a bhíodh Nelson tráth i mBaile Átha Cliath). Crainn thógála ní raibh ann. Bhí tramanna ar sráideanna na hardchathrach (go minic ag leanúint na mbealaí céanna agus a leanfadh an LUAS
Timire Spring 2018.indd 8
blianta fada ina ndiaidh), traenacha ag stopadh sna céadta bailte beaga ar fud na tíre, gach duine ag éisteacht le ‘Baile Átha Luain’ ar an raidió agus ‘teilifís’ mar ráfla ó na colcheathracha i Meiriceá… bheadh 90% agus níos mó de ghnó an ghnáthdhuine á dhéanamh laistigh de dheich míle ón bhaile, sna siopaí, oifig an phoist, an banc (ó am go ham) nó ag íoc táillí ceadúnas éigin i staisiún an Gharda áitiúil nó beairic áitiúil an RUC ó thuaidh b’fhéidir. Sna laethanta sin, b’é an nuacht is déanaí an ‘stop press’ sna nuachtáin tráthnóna; sreangscéal a thógfadh an scéal sa bhealach is tapúla ón bhaile, seachas litir sa phost (le seachadadh sé lá in aghaidh na seachtaine!) agus bhí boscaí guthán le cnaipe A&B i ngach sráidbhaile, cé nach raibh guthán tí ag mórán daoine. Agus labhair an pobal Béarla, ach labhair go leor leor acu, ó gach aois, Gaeilge chomh maith. Ach, níos mó ná aon rud suntasach faoi, is tír aonchine – fiú murach aonphobal de – a bhí in Éirinn. Ba sa tsochaí seo, cineál Éireann dár mbrionglóidí séimhe na laethanta seo, a chuir an tAthair Ó Fiaich agus an tAthair Ó Fiannachta tús le comórtas nua, le
02/02/2018 15:59
9
‘Chuir an tAthair Ó Fiaich agus an tAthair Ó Fiannachta tús le comórtas nua le húsáid na Gaeilge a spreagadh ag leibhéal an phobail.’
húsáid na Gaeilge a spreagadh ag leibhéal an phobail, urraithe ag a gcumann féin, Cumann na Sagart, agus le duaischiste iontach don am de €100. Bhí na chéad mholtóirí ag iarraidh tomhas a dhéanamh ar fhorbairt na Gaeilge go háitiúil, ó bhliain go bliain, tríd an chomórtas. Loirg siad tuairiscí ó na coistí ar imeachtaí, ar fhreastal an phobail ar imeachtaí Gaeilge, ar fhreastal an choiste ar riachtanais an phobail mórthimpeall orthu. D’ardaigh siad, na moltóirí sin, an caighdeán ó bhliain go bliain, ag fíorú agus ag fiosrú faoin teagmháil a bhí leis an choiste agus na rannóga stáit trí Ghaeilge, nó leis na seirbhísí gnó trí Ghaeilge sa cheantar – agus cuimhnigh go raibh formhór an ghnó sna laethanta sin déanta go háitiúil. Ní raibh tásc ná tuairisc fós faoi shiopaí ilnáisiúnta, ná slabhraí de shiopaí aon bhranda, ná ionaid siopadóireachta agus mealanna siopadóireachta. Bhreathnaigh na moltóirí ar gach gné den saol, ón chliabhán go dtí an uaigh trí Ghaeilge, idir shaol tuata agus saol
spioradálta (cuimhnigh gur Cumann na Sagart a bhí ann, agus ní nárbh ionadh spéis sa chreideamh acu). Sna blianta ó bunaíodh an comórtas is iomaí rud atá athraithe sa tír seo. Is pobal ilchiníoch anois muid, páirteach sa Chomhphobal Eorpach, an teorainn imithe (agus daoine ag iarraidh í a athbhunú), tionchar an chreidimh laghdaithe go mór agus saghas spioradáltachais eile ina áit; an Ghaeilge á labhairt sna cathracha agus ó thuaidh i measc daoine óga le bród agus muinín nua. Le húsáid na teicneolaíochta bíonn idir am agus spás creimthe agus ídithe le whatsapp, facebook, snapchat agus gach cineál teicneolaíochta eile in úsáid ag daoine leis an teanga a chur chun cinn. Agus tá comórtas Ghlór na nGael fós linn: athraithe, athmhúnlaithe ó am go ham, agus leasaithe de réir mar is gá, agus is cuí. Is éacht é, agus is éacht é an díogras a léiríonn na coistí ar fad dá gcláracha forbartha teanga áitiúla. Athraíonn an tsochaí, agus athraíonn Glór na nGael leis.
Foclóirín: Cogadh na gCarad = The Civil War; mealanna siopadóireachta = shopping malls; creimthe = ídithe, imithe i ndísc.
Timire Spring 2018.indd 9
02/02/2018 15:59
10
Helen Ó Murchú
Ionracas na nEacnamaithe? I gcoitinne, agus go háirithe maidir le hIntinn mhí Aibreáin 2018, is iontach mar a bhíonn méar na Pápachta de shíor ar chuisle an domhain. Ar ndóigh, ní port nua don Phápa Proinsias é ná do phápaí roimhe, port sin an gheilleagair, na héagothromaíochta agus na sochaí. Bíonn teagasc sóisialta na hEaglaise ag éabhlóidiú de shíor. Thiar sa bhliain 2013 nuair a eisíodh an Homaile Aspalda Evangelii Gaudium, feictear na topaicí céanna sa Rannóg ann dar teideal Dúshláin an Lae Inniu. Tosaíonn ceithre fhorannóg ansin le treoir dhiúltach, Diúltaítear do… Ar na gnéithe le diúltamh dóibh tá an eacnamaíocht eisiata; adhradh na maoine; córas airgeadais a rialaíonn seachas a fhónann daoine; an éagothromaíocht a ghineann an foréigean. Chuige sin, tá athruithe cultúrtha de dhíth, dar leis an bPápa. Déantar mionscagadh ar na ceisteanna sin san Imlitir Laudato Si’ a lean dhá bhliain ina dhiaidh sin, mí an Mheithimh, 2015. San Intinn sin do mhí Aibreáin 2018, seasann trí phointe nó trí ghné amach. Ar dtús dírítear an teachtaireacht go cruinn soiléir orthu siúd atá freagrach as cúrsaí eacnamaíocha. Ansin go neamhbhalbh iarrtar ar eacnamaithe go leor misnigh
Timire Spring 2018.indd 10
a bheith acu agus go ndiúltóidis d’aon pholasaí geilleagrach nach gcuimsíonn an pobal ar fad, nó a mbeidh de thoradh air go bhfágfar aicmí áirithe ar lár. Ní hamháin sin, ach go mbeidh de shamhlaíocht ag na heacnamaithe céanna modhanna nua a aimsiú agus cur chuige eile a bheachtú a fhreastlóidh ar gach aicme. Tá idir cháineadh agus ghríosadh le braistint ansin. Ní rómhion an t-iarratas é ar aicme saineolaithe a mbíonn de nós acu de ghnáth a gcuid gabhar a léiriú i gceartlár an aonaigh. Ar an taobh eile, cruthaíonn go leor taighde go bhfuil formhór de mhaoin an domhain i lámha mionlaigh atá fíorbheag, fhad is atá an iomarca den mhórlach ag maireachtaint ar éigean, in ainneoin mionghluaiseacht chun feabhais. Is cúis mhór imní an coibhneas idir an bhochtaine agus easpa sláinte, sláinte mheabhrach san áireamh, gan trácht ar rioscaí na himirce. (Pew Research Centre; Global Wealth Report 2015; Forbes: Liosta Billiúnaithe 2016; The Distribution of Wealth in Ireland, TASC 2015). Is deimhnitheach gur Intinn an-ghar do chroí an Phápa is ea Intinn Aibreán 2018. Ní bréag a rá gurb ionann an teachtaireacht aige é faoi fhocail éagsúla,
02/02/2018 16:00
11
‘Iarrtar ar eacnamaithe go leor misnigh a bheith acu agus go ndiúltóidis d’aon pholasaí geilleagrach nach gcuimsíonn an pobal ar fad.’ ina chuid scríbhinní agus ina chuid cainteanna poiblí sa Vatacáin agus thar lear. Agus ní haon ionadh an méid sin, agus bunphréamh thodhchaí na cruinne i gceist. Tharraing glao Phroinsias go leor poiblíochta. Seans gur freagra air sin Intinn Aibreán 2018. Mar shampla, ní mó ná sásta a bhí proifisiúnaigh áirithe nuair a bhronn an iris Time teideal ‘Pearsa na Bliana’ air mí na Nollag 2013, agus grianghraf breá de ar an gclúdach. Cuireadh go leor ina leith. Ar thaobh amháin, dúrathas gur faoi thionchar smaointe Peron agus staid thír a thógála, an Airgintín, a bhí a theagasc. Ar an taobh eile, dar leis an Economist, bhí scáil Lenin le feiscint ina chuid scríbhinní. Lucht na meán coimeádach i Meiriceá, thugadar Marxach air. Rinneadar dearmad go ndúirt Marx féin nárbh Marxach é sa chiall neamhléannta a raibh tráchtairí ar
leith ag baint brí as a thrí imleabhar. Ar an taobh eile, fuair a theagasc moladh ó cholúnaí sa Guardian (27 Samhain 2013) faoi cheannteideal a mhaígh go raibh tuiscint níos fearr ag Proinsias ná mar a bhí ag mórán den aicme pholaitiúil. An freagra is cuimsithí b’fhéidir is ea an tsraith d’ailt ó eacnamaithe áirithe sa leabhar Pope Francis and the Caring Society (Independent Institute, 2017) nach bhfuil spás anseo dul isteach ann ach is dialóg ar bhonn comhmheasa atá á lorg. B’iontach, áfach, an fháilte a fuair Laudato Si’ sa New York Review of Books (13 Lúnasa 2015) in alt ar The Pope and the Planet. Seasann amach ann an dearbhú seo: Luíonn cumhacht an duine cháiliúil ina acmhainn chun an clár oibre a cheapadh. Is tráthúil agus is foirfe mar atá sin déanta ag Proinsias.
INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ AIBREÁIN, 2018 Go mbeadh sé de mhisneach ag eacnamaithe diúltú do gheilleagair ar bith a fhágann daoine ar lár agus go mbeadh a fhios acu conas bealaí nua a oscailt. Foclóirín: éilliú = caimiléireacht; sotal = uabhar; eisiata = coimeádta amach as an áireamh; fónann = déanann maitheas daoine.
Timire Spring 2018.indd 11
02/02/2018 16:00
12
+Éamon Ó Máirtín Ardeaspag Ard Mhacha
Cruinniú Domhanda na dTeaghlach: Nasc le ‘Soiscéal an Teaghlaigh – Lúcháir don Domhan’ Tá Cruinniú Domhanda na dTeaghlach i mBaile Átha Cliath ag druidim linn. Tá deoisí agus paróistí ar fud na tíre ag pleanáil imeachtaí agus gníomhachtaí chun cabhrú linn ‘nascadh’ leis an téama ‘Soiscéal an Teaghlaigh – Lúcháir don Domhan’. Táimid ag maireachtáil i saol atá ‘nascaithe’ ina bhfuil béim ar ghréasánú agus ar ghaolmhaireacht, ach ar uairibh ní thugaimid aitheantas don teaghlach – an gréasán is nádúrtha agus is cumhachtaí ar domhan – ná ní dhéanaimid é a cheiliúradh. Ba mhór an trua é, dar liomsa, nach mbeadh i gCruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018 ach ócáid spraíúil ar nós ollcheolchoirm nó craobhchluice spóirt. Is é mo ghuí go dtabharfaidh an cruinniú seo in Éirinn deis do theaghlaigh ‘nascadh’ nó ‘athnascadh’ a dhéanamh ar leibhéil éagsúla – eatarthu féin agus le ‘teaghlach na dteaghlach’, an Eaglais. ‘Nascadh’ is bunbhrí agus is cuspóir an teaghlaigh. Nascann an teaghlach sinn leis an mbaile, lenár muintir féin, ár ngaolta fola féin. Nascann sé sinn le pobal, le paróiste, le contae, agus le gréasán de dhaoine agus d’áiteanna a bhíonn ag síorfhairsingiú. Nascann an
Timire Spring 2018.indd 12
teaghlach sinn le stair agus le cultúr, le teanga agus le traidisiún, lenár ‘DNA’, lenár bhfréamhacha, leis an am atá thart, leis an am i láthair agus leis an todhchaí. Nascann an teaghlach sinn le creideamh, le luachanna, leis an mbaiste agus le pobal na gcreidmheach. Sa tréadlitir Amoris Laetitia scríobhann an Pápa Proinsias: ‘Ní thagann aon teaghlach anuas ós na flaithis reamhdhéanta, foirfe; ní foláir do theaghlaigh bheith ag forbairt agus ag feabhsú na slite ina gcleachtann siad grá. Bristear na nascanna teaghlaigh ar uairibh de bharr na baill a bheith scartha óna chéile, de bharr easaontais, nó de bharr luas agus mire an tsaoil san aonú aois is fiche. Ar uairibh bíonn teaghlaigh chomh gnóthach sin go n-imíonn siad ó chaidreamh ceal ama comhluadair. Is iad na mionrudaí ar nós béile a chaitheamh le chéile, iarracht a dhéanamh bheith i gcomhluadar a chéile ag roinnt cuimhní cinn agus imeachtaí ina saol féin, agus ar ndóigh guí le chéile, fiú ar feadh cúpla nóiméad – sin iad na nithe a chothaíonn gaolmhaireacht agus a nascann agus a athnascann teaghlaigh lena chéile. Molann an Pápa Proinsias dúinn guí sa teaghlach agus ar son an teaghlaigh
02/02/2018 16:00
13
‘Is dúshlán dúinn nascadh leo siúd a cheapann nach bhfuil aon rud le rá ag an Eaglais lena gcás.’
agus nascadh spioradálta a chothú le teaghlaigh ar fud an domhain. Bhí sé de phribhléid agam freastal ar an Sionad Urghnách sa Róimh sa bhliain 2015. Bhraith mé ag an gcruinniú sin go raibh cíocras chun nasctha le teaghlaigh uile ar fad, go speisialta le teaghlaigh a d’fhulaing tragóid nó foréigean agus le teaghlaigh ina raibh an ghaolmhaireacht scriosta ar chúis ar bith agus a d’fhéadfadh a cheapadh go raibh siad eisiata ón Eaglais. Threisigh an Sionad go raibh gá bheith aireach i leith na ndaoine a bhí i ngaolmhaireacht nua agus slite macánta a lorg chun fáilte a chur rompu agus iad a chur san áireamh i saol agus in adhradh phobal na hEaglaise. In Amoris Laetitia molann an Pápa Proinsias dúinn grinneas tréadach agus tionlacan a chleachtadh i leith cásanna atá deacair, san áireamh seirbhís chúraim do theaghlaigh le ball aerach nó dóibh siúd go bhfuil an ghaolmhaireacht
phósta scriosta. Ní mór a bheith aireach i gcónaí gur i gCríost atá foinse na fírinne agus na trócaire. Is dúshlán dúinn agus sinn ag ullmhú do Chruinniú Domhanda na dTeaghlach, nascadh leo siúd a cheapann, ar chúis éigin, nach bhfuil aon rud le rá ag an Eaglais lena gcás. Seo spreagadh ón Sionad: ‘Táimídne, lucht na hEaglaise réalaíoch maidir le teaghlaigh an lae inniu. Táid go léir i dteideal trócaire, ag tosú leo siúd is mó a d’fhulaing.’ (Relatio Synodi, 55) Tugann Cruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018 deis dúinn nascadh leis an bhfís álainn fháidhiúil atá i bplean Dé don phósadh agus don teaghlach. An tsochaí a dhéanann faillí ar an teaghlach, tá tionchar ar an todhchaí caillte aici. San ullmhúchán le haghaidh an chruinnithe seo beidh deis againn síolta a chur a eascróidh sa todhchaí agus a rachaidh chun sochair dár muintir, dár dtír agus don domhan.
Foclóirín: gaolmhaireacht = relatedness; adhradh = adoration; tréadach = pastoral.
Timire Spring 2018.indd 13
02/02/2018 16:00
14
An Br. G.D. De Barra
Naomh Proinsias agus Assisi Cuid II
Tá tionchar, spiorad, blas agus spioradáltacht San Proinsias le sonrú a luaithe is a shroicheann duine Assisi. Tar éis don oilithreacht Baisleach San Proinsias in Assisi gona fhreascónna a fhágáil, tagann sí go dtí San Chiara agus Clochar na gCláiríní. Chomhairligh agus chabhraigh Proinsias le San Clár cur fúithi san áit seo. Saolaíodh Clár sa bhliain 1194 A.D. Tógadh í ag clann mhaith. Chuir sí spéis i slí mhaireachtála Phroinsias agus thiomnaigh sí a saol go hiomlán do bheith ag urnaí agus do na bochtáin. Thóg sí aibíd na bProinsiasach chuici féin sa bhliain 1212 A.D. san Porziuncola agus rinne sí ullmhúcháin don bheatha rialta leis na Beinidictigh in Umbria. Rinne a hathair a sheacht ndícheall í a mhealladh abhaile go dtí an saol só agus ina ionad, mhair sí le grúpa ban eile i Séipéal San Damiano faoin teideal, na Cláiríní. Chaith siad a saol ag guí is ag cabhrú leis na bochtáin. Chuir sí an ruaig ar na Saraistíní, a bhí ag bánú na hIodáile, nuair a rinne siad iarracht San Damiano a chreachadh. D’éag sí sa bhliain 1253 A.D. agus tá sí curtha i Santa Chiara. Is sa dúiche seo a thiontaigh Proinsias ó shaol saibhir go dtí saol an Poverello, a
Timire Spring 2018.indd 14
labhair an Chros-chéasta leis. Mhair Clár sa cheantar céanna agus is anseo a chum Proinsias an phaidir ‘Laoi an Chruthaithe’. Ós rud é go bhfuil Assisi ar thaobh cnoic, d’fhás baile mór cúig chiliméadar uaidh, agus ar láthair leibhéalta tógadh an Bhaisleach, Santa Maria degli Angeli sa bhliain 1569 mórthimpeall an Porziuncola, d’fhonn an séipéal beag seo a chaomhnú ó shíon-ídiú. Bhí an Porziuncola mar áit chruinnithe ag na Proinsiasaigh ó 1215 A.D. Is mó míorúilt a tharla ann agus is mó aithríoch a tháinig ann ag lorg maithiúnais Dé. De réir fhorógra an Phápa Honorius III bhí lánloghadh le fáil ag éinne a ghuigh ann. Séipéal gleoite é a choimeádann an dreach agus an chuma beag bídeach ón lá a tógadh é ag na Beinidictigh. Feictear freascónna ar na ballaí agus tugtar aird ar leith ar an mballa cúil mar a bhfuil ‘An Pardún’ dá bhronnadh agus faoi sin tá freascó do ‘Theachtaireacht an Aingil’. Díreach in aice an Porziuncola tá an seomra ‘Trasna’, seomra beag ina bhfuair San Proinsias bás agus é faoi chúram San Clár is na Cláiríní. Tá na ballaí inmheánacha maisithe le ‘Cóir Ainglí ag Iompar Proinsias ar Neamh’. Tá Gairdín
02/02/2018 16:00
‘Meabhraíonn a shaolré dúinn gur oilithrigh muid ar aistear trí ghleann seo na ndeor.’
na Rósanna le feiceáil. Meabhraítear dúinn gur chaith Proinsias é féin ar na dealga anseo d’fhonn cathú an diabhail a chloí agus d’fhás rósanna gan dealga san áit. Go dtí an lá inniu níl dealg ar bith ar ghéag na rósanna a fhásann ann. In aice an ghairdín feictear na colúir bheaga bhána ag eitilt ó ghéag go géag os comhair ‘dealbh’ San Proinsias. I rith na hoilithreachta, chaitheamar am ag urnaí, agus ag plé shaolré San Proinsias. Bhí sé soiléir gur teachtaire na síochána agus trócaire Dé é. Ba mhian leis i gcónaí a léiriú go raibh maithiúnas Dé le fáil ach é a iarraidh go macánta. Téann daoine láithreach go dtí an Porziuncola d’fhonn an ‘Pardún’ a fháil. Faigheann daoine ann síocháin aigne, leigheas spioradálta agus misneach tabhairt faoin saol arís. Cloiseann chuile oilithreach an glaoch, ‘téigh agus deisigh m’Eaglais’ – is é sin, cas do shaol go hiomlán chun Dé. Thug sé fianaise dúinn gur chóir meas agus dínit a thabhairt dóibh siúd atá ag fulaingt de dheasca tinnis, bochtanais agus uaignis. Fiú tá sé fós ag impí orainn ár maoin agus saibhreas a roinnt lena leithéid, teifigh, daoine gan dídean, agus éisteacht le mór-achainí ár bPápa
15
Proinsias i leith na síochána agus daoine dearóile. Meabhraíonn a shaolré dúinn gur oilithrigh muid ar aistear trí ghleann seo na ndeor agus gur ar scáth a chéile a mhairimid. Go leanaimis é le dóchas, misneach agus creideamh san Aiséirí. Is dúshlán an-mhór dúinn a shaol, mar sin bímis ag guí agus le grásta Dé agus cúnamh Mhuire éireoidh linn dul cuid den tslí. Tugaimis freisin meas ar ainmhithe, éanlaithe agus an dúlra. Ar aghaidh libh go dtí Assisi, súigí isteach an t-atmaisféar. Guímis a phaidir: Déan meán chun síochána díom id’ láimh, a Thiarna San áit a bhfuil fuath go gcuire mé an grá … san áit a bhfuil ciontacht go gcuire mé pardún … san áit a bhfuil amhras go gcuire mé creideamh … in ait an éadóchais go gcuire mé an dóchas … in áit an dorchadais go gcuire mé solas … san áit a bhfuil brón go gcuire mé lúcháir.
Foclóirín: Laoi an Chruthaithe = Canticle of Creation; aithríoch = penitent; lánloghadh = pardún iomlán.
Timire Spring 2018.indd 15
02/02/2018 16:00
16
Eilís Ní Mhearraí Acadamh Ríoga na hÉireann
Caithfidh na Fíréin Dúshláin an tSaoil a Thabhairt go Cruthaitheach Cloisimid an-chuid cainte i láthair na huaire faoi dhúshláin an lae inniu. Ní dóigh liom gur aon rud nua é dúshláin a bheith roimh an gcine daonna. Ó thús ama bhí deacrachtaí ag ár sinsear. Easaontas idir dhaoine, idir rialtais, idir reiligiúin éagsúla; daoine a bheith gan bunriachtanais an tsaoil, nó deacrachtaí sláinte a bheith acu – sin cuid de scéal an duine. Athraíonn na cineálacha dúshláin ó ghlúin go glúin ach is dúshláin iad go léir. Má aithnímid na dúshláin sa chéad áit, is féidir linn freagairt dóibh ar go leor bealaí – ligint orainn nach bhfuil siad ann agus an chluas bhodhar a thabhairt dóibh, an milleán a chur ar dhream eile – an rialtas, ceannairí eaglasta agus a leithéid. Nó is féidir linn ár n-intinn a dhéanamh suas go bhfuilimid chun iarracht a dhéanamh freagairt go cruthaitheach do na dúshláin seo. Ach caithfimid ceist a chur orainn féin – cad atá i gceist le ‘go cruthaitheach’ seachas bealach ar bith eile? Is tuataí iad an chuid is mó de ‘na fíréin’ – daoine a dhéanann iarracht a saol a chaitheamh de réir luacha an tsoiscéil agus atá ag iarraidh a bheith dílis do na gealltanais a rinneadh ag an mbaisteadh dóibh. Ceann de na dúshláin
Timire Spring 2018.indd 16
is mó atá romhainn ná na luacha seo a choinneáil beo i ndomhan atá ag bogadh ag luas níos tapúla ná riamh. An gá dúinn coinneáil suas leis an saol tapaidh seo nó an bhfuil bealaí gur féidir linn an saol a mhoilliú dúinn féin agus do dhaoine eile? An gá dúinn ar fad a bheith gafa le hobair agus le gníomhaíocht seacht lá na seachtaine? Bhí Íosa cinnte de go raibh gá le ham a chaitheamh leis féin in áiteanna ciúine chun cumarsáid a dhéanamh lena athair. B’fhiú dúinn sin a dhéanamh chun toil Dé dúinn a chloisteáil i measc thramglam an tsaoil. Ba chóir dúinn a bheith i gcónaí ag iarraidh bealaí a aimsiú chun cumann le Dia a chruthú agus a neartú dúinn féin. Dushlán eile a luann na fíréin go minic liom ná conas daoine, go háirithe daoine óga nó daoine atá éirithe as cleachtadh an chreidimh, a mhealladh isteach chun na heaglaise, iad a mhealladh chuig foirgneamh a bhíonn i gceist acu go hiondúil. Ní fheicim mórán áiteanna sna soiscéalta ina bhfuil Íosa ag iarraidh daoine a mhealladh isteach i bhfoirgneamh ar bith. Bíonn sé i gcónaí ag bualadh le daoine san áit ina bhfuil siad féin – ag an loch, ag an margadh, ag an tobar, ar an mbóthar. Nuair a bhíonn
02/02/2018 16:01
17
‘Má aithnímid na dúshláin sa chéad áit, is féidir linn freagairt dóibh ar go leor bealaí.’
daoine i mbun gnáthimeachtaí, sin an t-am a labhraíonn Íosa leo go doimhin, sin an deis is mó a thapaíonn sé chun fírinní an tsaoil a nochtadh dóibh. Muna bhfuil daoine ag líonadh ár gcuid séipéil, cathfimid smaoineamh go cruthaitheach agus dul amach chucu mar a rinne Íosa. Tá iarrachtaí den chineál ar siúl cheana féin le sagairt ag cur faoistiní ar fáil in ionaid siopadóireachta agus a leithéid. An féidir linne mar thuataí teacht suas le freagraí cruthaitheacha gur féidir linn féin a chur i gcrích chun daoine a mhealladh
chun díriú ar áit Dé ina saol? I measc ár gcairde agus ár gclanna féin, ceann de na dúshláin is mó atá ann ná a thaispeáint go bhfuil fonn orainn caidreamh a chothú le Dia. Cá bhfios nach bhfuil siad féin sa tóir ar an rud céanna ach nach bhfuil na focail nó na smaointe acu chun an méid sin a chur in iúl? Níos mó ná riamh, tá daoine ag lorg brí sa saol. Nach fearrde sinn é a dhéanamh le chéile agus an turas a roinnt le daoine atá ar an mbóthar céanna linn féin? San áit ina bhfuil beirt bailithe in ainm Dé, is ansin atá sé.
INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ BEALTAINE, 2018 Na fíréin ar tuataí iad, go gcomhlíonfaidís a misean ar leith trí fheagairt go cruthaitheach do na dúshláin atá roimh shaol an lae inniu. Foclóirín: tuata = duine nach sagart nó bean rialta, lay person; tramglam = cíor thuathail, ruaille buaille.
Timire Spring 2018.indd 17
02/02/2018 16:01
Timire Spring 2018.indd 18
02/02/2018 16:01
Timire Spring 2018.indd 19
02/02/2018 16:01
20
Paidir Oifigiúil Teaghlaigh do Chruinniú Domhanda na dTeaghlach, 2018 A Dhia, ár nAthair, In Íosa do Mhac is bráithre agus siúracha sinn, Teaghlach amháin, i Spioraid do ghrá. Beannaigh sinn le haoibhneas an ghrá. Déan foighneach agus cineálta sinn, Séimh agus fial. Bímis fáilteach doibh siúd ar an ngannchuid. I maithiúnas agus i síocháin go mairimid. Tabhair aire dos na teaghlaigh uilig le do chúram geanúil, Go háirithe iad siúd a bhfuilimid ag guí orthu anois: (Cuimhnímis ar bhaill dár dteaghlaigh agus ar dhaoine eile ina n-ainm). Méadaigh ár gcreideamh, Neartaigh ár ndóchas, Coinnigh slán sinn i do ghrá, Bímis i gcónaí buíoch as ár gcomhbheatha. Iarraimid é seo, trí Chríost ár dTiarna. AMEN
Timire Spring 2018.indd 20
A Mhuire, máthair agus treoraí, guigh orainn. A Naoimh Iósaf, athair agus cosantóir, guigh orainn. A Naoimh Joachim agus a Naoimh Áine, guígí orainn. A Naoimh Louis agus a Naoimh Zélie Martin, guígí orainn.
02/02/2018 16:01
Timire Spring 2018.indd 21
02/02/2018 16:01
Timire Spring 2018.indd 22
02/02/2018 16:01
23
Mol na hÓige
Gabriel Rosenstock
An SciAN Bhí fealsamh san India fadó agus bhuail sé leis an siúinéir seo a raibh scian ghleoite aige. Bhí gach cuid den scian sin ar fheabhas, an chos agus an lann, an cruth a bhí uirthi. Ba d’adharc fia í an chos agus an lann chomh géar leis an scian is géire san India. Mheas an fealsamh go raibh sí an-deas le láimhseáil. Ba dheacair a rá i gceart, áfach, an sean-scian nó scian nua a bhí inti. ‘Ní dhíolfá liom í is dócha?’ ‘Ó, ní dhíolfainnse an tsean-scian sin ar ór na cruinne!’ ‘An fada atá sí agat?’ arsa an fealsamh. ‘An-fhada,’ arsa an siúinéir. ‘Cé chomh fada?’
Timire Spring 2018.indd 23
‘Téann an scian sin i bhfad siar, a dhuine uasail. Chomh fada siar is atá siar ann. Tháinig an scian sin anuas chugainne ó ghlúin go glúin, a dhuine uasail.’ ‘An mar sin é?’ ‘ Ó sea! Sean-scian cheart í sin. Scian ársa. D’athraíomar an chos cúpla uair, ar ndóigh – agus an lann – ach is í an scian chéanna i gcónaí í.’
02/02/2018 16:01
24
MOL na HÓIGE Áine Lambe An tSeirbhís Íosánach do Theifigh
Saincheisteanna do Dhaoine atá ina gCónaí sa Chóras Tearmainn Is minic a bhíonn scéalta faoin soláthar díreach sa nuacht, ach ainneoin sin is lú an t-eolas atá ag an chuid is mó daoine faoi shaol an iarrthóra tearmainn. Tá sé tábhachtach mar sin guthanna na ndaoine féin a cloisteáil, chun tuiscint níos fearr a bheith againn ar na streachailtí a thagann chun cinn do dhaoine sa chóras. Tá roinnt ábhar a thagann suas mar na hábhair is tábhachtaí nuair a bhímid ag comhrá le háitritheoirí soláthair díreach. Thíos, tá na pointí is tábhachtaí a thagann chun cinn dos na háitritheoirí le linn ár gcuid oibre sa tSeirbhís Íosánach do Theifigh (Jesuit Refugee Service) ó lá go lá. MÉID AMA An t-ábhar is mó a bhíonn daoine buartha faoi ná an méid ama a bheidh siad ag fanacht go socrófar a gcás tearmainn. Go minic deireann daoine linn go mbeadh siad sásta a bheith ina gcónaí i soláthar díreach dá mbeadh a fhios acu cé méid ama a bheidh siad ann agus dá mbeadh an méid ama a chaithfidh siad fanacht níos lú. I 2015 foilsíodh tuarascáil ‘McMahon’, agus moladh inti go mbeadh socrú éigin á dhéanamh ag an Stát le haghaidh daoine a bhí sa chóras tearmainn le cúig bliana
Timire Spring 2018.indd 24
nó níos mó. Ach níos mó ná dhá bhliain ó foilsíodh an tuarascáil tá líon mór daoine fós ina gcónaí i soláthar díreach le blianta gan súil a bheith acu bogadh amach go luath. Ceann de na fáthanna go bhfuil an méid ama chomh fada ná go bhfuil moill uafásach ar chásanna san Oifig Um Chosaint Idirnáisiúnta (International Protection Office). Tháinig an mhoill seo as athrú go córas nua, a tharla de bharr thuarascáil McMahon, ar nós an chórais atá á úsáid ar fud na hEorpa, a chiallaíonn go bhfuil socrú déanta maidir le roinnt ceadúnas (tearmann, cosaint fochuideachta agus ceadúnas chun fanacht) ag an am céanna in ionad gach cuid leis féin. Ach de bharr nach raibh na hacmhainní cearta á dtabhairt don IPO chun déileáil leis an athrú, tá níos mó moille ar an gcóras. Faoi láthair measann an IPO go mbeidh daoine ag fanacht fiche mí chun agallamh a fháil le haghaidh a gcásanna tearmainn. CEADÚNAS OIBRE Ábhar eile a thagann i gceist go minic le haghaidh iarrthóir tearmainn ná ceadúnas oibre. Faoi láthair níl cead ag aon duine sa chóras obair. Tá sé dosheachanta go mbeidh roinnt tionchar
02/02/2018 16:02
25
‘Beidh orainn cinntiú go bhfuil iarrthóirí tearmainn in ann an taitneamh céanna le muintir na hÉireann a bhaint as a gcearta oibre.’ diúltach ar dhaoine a bheith ag fanacht le haghaidh blianta gan cead obair. I mí Bealtaine rialaigh an Chúirt Uachtarach go raibh an cosc ar obair do dhaoine i soláthar díreach míbhunreachtúil. Dá bharr sin beidh dlí nua go luath ag tabhairt cead do dhaoine obair, le roinnt coinníollacha. Níl muid cinnte go fóill cé na coinníollacha a bheidh ann ach is cinnte go mbeidh saol daoine i soláthar díreach ag athrú i mbealach mór leis an dlí nua seo. Tá sé tábhachtach dúinn sa JRS nach mbeidh na coinníollacha á n-úsáid ag fostóirí mar dheis leas a bhaint as iarrthóirí tearmainn. Beidh orainn cinntiú go bhfuil iarrthóirí tearmainn in ann an taitneamh céanna le muintir na hÉireann a bhaint as a gcearta oibre. FEABHSUITHE SNA hIONAID SOLÁTHAIR DHÍREACH Moltar roinnt feabhsúchán i dtuarascáil
McMahon ar nós áiseanna cócaireachta d’áitritheoirí nó spás le haghaidh páistí chun bheith ag spraoi. Dhá bhliain amach ón tuarascáil tá fós difríocht mhór idir na hionaid uile. Chomh maith leis sin moladh sa tuarascáil go mba chóir go mbeadh níos mó airgid á thabhairt amach sa liúntas seachtaine. Tá beagáinín níos mó á fhail anois ná in 2015, faoi láthair is €21.60 an duine atá á thabhairt. Seo fós i bhfad níos lú ná a mhol tuarascáil McMahon. Tá JRS Éireann i gcónaí ag argóint le haghaidh feabhsúcháin sa chóras soláthair dhíreach. Go háirithe, tugann tuarascáil McMahon treoirphlean maith dúinn conas gur féidir linn saol daoine sa chóras soláthair dhíreach a fheabhsú. Tá deis thábhachtach againn le soláthar díreach, mar náisiún agus mar phobal, dlúthpháirtíocht a thaispeáint agus ár gcuid comhbhá a léiriú. Ba chóir dúinn an deis a ghlacadh.
Foclóirín: tearmann = an chosaint a thugann náisiún do dhaoine a d’fhág a dtír dhúchais mar dhídeanaithe polaitiúla; saincheist = issue; soláthar díreach = an córas stáit chun cóiríocht a thabhairt d’iarrthóirí tearmainn; cosaint fochuideachta = ceadúnas a thugann an stát do dhaoine nach dídeanaithe iad ach go bhfuil baol fíor ann go ndéanfaí dochar tromchúiseach dóibh ina dtíortha féin.
Timire Spring 2018.indd 25
02/02/2018 16:02
26
Dathanna C M S
D
G
L
A
S
R
L
G
T
C
H W
I
O H
G
R
I
A
C
R
O
C
T W
O N
Í
C
I
P
O A
N
L
A
A
M R
W N
B
G
A
D Ú
G O U
E
C
D
E
A
K
I
V
C
R
R
E
R
H
T
B
O
F
D
T
F
L
T
W A
A
C
A
S
B
N
C M N
S
A
É
B
M
I
R
E
I
G
N U
B W Á O
E
S
S
X
A W Á
D U Ó H
D
R
T
X
N
S
F
K W W F
Q
T
Y
P J
Q
K
D O O
E
B W P
U
K
N
V
T
U
V
B W C
Z
D
I
W F
G
B
R
B M
C
U M H
Y
R
D
K
C
G
P
X
É
C
A
B
R
R
F
S
G
A O
W M C
Z
O M E
Q
R
U
S
A
E
B
Q Q
B
P
T
I
I
A
D M B
T
I
O
Y
U
Z
D
A
E
G
R
I
E
D
T
O
S
AIRGEAD BÁN BÁN DEARG BÉAS BUÍ CORCAIRGHORM CORCRA
Timire Spring 2018.indd 26
A
CRÉ-UMHA DEARG DONN DUBH DUBHGORM GLAS GORM
H
INDEAGÓ LIATH MARÚN ORÁISTE TURCAID
02/02/2018 16:02
Timire Spring 2018.indd 27
02/02/2018 16:02
28
Frainc Mac Brádaigh SJ
Ag Déanamh Comhcheoil Cén bhrí atá le hAspalacht na hUrnaí nó le ‘Líonra Domhanda Urnaí an Phápa’ mar a thugtar anois uirthi? Cén bhrí atá leis go bhfuil an Pápa ag iarraidh ormsa is ortsa a bheith ag guí ar son mhórdhúshláin an lae inniu? Cén chaoi is ceart é a dhéanamh? Fadó iarradh ar dhaoine ofráil na maidine a rá, deichniúr den phaidrín a ofráil is Comaoineach a ghlacadh uair sa mhí ag guí ar son Intinn an Phápa. Cén bhrí atá le cleachtas mar sin inniu? An bhféadfadh baint a bheith aige le ceol? Le bheith i dtiúin? Le bheith i dtiúin le Réir Dé? Cuir mar seo é, má tá mé i dtiúin le Réir Dé beidh brí len a bhfuil mé ag tabhairt ar ais do Dhia ón lá seo a thugann Dia dom. Beidh brí leis is beatha ann! Sin rud a d’fhágfadh mé beagán i dtiúin le dúil an Phápa go dtabharfadh muide, Críostaithe, aghaidh ar dhúshláin mhóra an tsaoil. B’fhusa do Dhia éisteacht lem’ urnaí ansin is a thuiscint go raibh mé dáiríre. An raibh mé i dtiúin inniu? Ag breathnú siar ar an lá seo bhí áthas orm nuair a d’éirigh mé go raibh an ghlúin a bhí leonta agam oíche Déardaoin ag cneasú, buíochas le Dia. Shín mé i ndabhach folcadh an-te, agus féach gur smaoinigh mé uisce fuar a dhóirteadh ón gcith
Timire Spring 2018.indd 28
ar an nglúin, is rinne í a thumadh arís san uisce te, sin cupla uair. Maith an smaoineamh! Tá Dia go maith. Ansin síos liom ag réiteach don dinnéar, glasraí is fataí a lomadh ar dtús. Níor ghearr mé aon mhéar liom an babhta seo. Moladh le Dia! Iad a chur san oigheann le luibheanna, salann is piobar is íle orthu. Alan, easpag, a bhí sa jab seo romham, ag léamh aifreann ar RnaG. Ceol álainn, caint ghonta is pointe léi, dul amach ó ionad do chompoird le freastal ar an gcomharsa. Searmanas le brí. Agus bhí am agam alt gearr a léamh sul má chuir an sicín san oigheann. Bhí an dinnéar ar an mbord ag an am a bhí socraithe againn. Béile blasta go leor le chéile, is comhluadar deas ag bord. Briseadh beag i ndiaidh an bhéile, dreas codlata is aghaidh a thabhairt ar chártaí Nollag. (Tá sé aisteach alt a scríobh seachtain roimh Nollaig do Thimire na Cásca!) Bhraith mé leisciúil is ní raibh fonn orm tabhairt faoi na cártaí. Leisciúil is leithleasach! Shín sa dabhach arís. Leis an chos a leigheas, dar ndóigh! Shín ar an leaba is thit codladh orm. Dúisithe i lár néil ag glaoch fón a chaill mé. ‘Mallacht’. Dhéanfadh tamall eile maith dom. Mo thrua mé. Bhí mé compordach i mo chodladh. Na diabhail
02/02/2018 16:02
29
cártaí arís. Níl slacht ar bith ar leabhar seo na seoltaí is ní thig liom teacht ar sheoltaí cairde is lucht gaoil ar mo chompord. Stop ansin le leabhar ar an Phaidrín a réiteach le tabhairt amach go hOileán an Ghuail. ‘Ó, rud a ithe is pianmhúcháin a glacadh’, cé nach raibh aon phian sa ghlúin ó mhaidin. Mícheál ag glanadh urlár an cistine, ‘Nach breá gur ag an bpointe seo a dhéanfadh sé é is mise ag iarraidh ceapaire a dhéanamh dom féin?’ Isteach liom ar chuma ar bith, is amach go gasta go dtí an carr, le mo cheapaire. In Oileán an Ghuail róluath, shín siar, ag glacadh sos eile is smaoinigh ar an alt seo a scríobh. Amharc ar rudaí mar a tharla, gan iomarca féinbhreithiúnais, féachaint mar a raibh mé i dtiúin le réir Dé, is na hamanta a raibh mé as tiúin, as tiúin leis an duine eile, as tiúin liom féin. Féach gur fusa in amanna a thabhairt faoi deara
Timire Spring 2018.indd 29
mé bheith as tiúin ná i dtiúin, gur fusa locht a fháil orm féin, go féinlárnach, ná a thabhairt faoi deara mar a bhfuil Dia liom is mise airdeallach ar ghníomhíocht Dé i mo shaol, airdeallach ar an duine eile. Luíonn cleachtadh mar seo le ciall má tá mórán le bheith agam le hofráil do Dhia ar son a bhfuil ag déanamh tinnis, ní hamháin don Phápa ach do phobal na Cruinne chomh maith. ÓLACHÁN IN ÉIRINN Básaíonn triúr gach bliain in Éirinn de bharr drochthionchar alcóil ar a sláinte. Sa tír seo tá 150,000 duine spleách ar alcól agus ólann 1.35 milliún duine alcól ar bhealach a dhéanann dochar dá sláinte féin agus dá dteaghlach. (Alcohol Action Ireland). Agus deir siad nach bhfuil eilifint i dteaghlach na hÉireann.
02/02/2018 16:02
Timire Spring 2018.indd 30
02/02/2018 16:02
31
Im Leabharlann Dom Léirmheasanna le: Seán de Fréine
Duanaire Daonscoile Annraoi de Paor Coiscéim 44 lch Praghas €7.50
Amhráin is mó atá in Duanaire Daonscoile móide dornán dánta. Déiseach is ea Annraoi de Paor, fear scríofa na n-amhrán. Bhí sé ina Ollamh le hInnealtóireacht Rialúcháin thall i Sasana, agus ina dhiaidh sin ina Ollamh le hInnealtóireacht Leictreach abhus in Éirinn. Taighdeoir i gcúrsaí eolaíochta é i
Timire Spring 2018.indd 31
gconaí. Roinnt leabhar Gaeilge foilsithe aige cheana. Ach tá dlútbhaint aige le fada fada le Daonscoil chlúiteach na Mumhan ina chontae dúchais, é ina bhall dílis agus ansin ina chathaoirleach ar an institiúid oirirc seo. Mar a deir sé féin, ‘Tá áit lárnach ag Daonscoil na Mumhan i mo shaol le dhá scór bliain anuas. Is geall le seachtain i dTír na nÓg seachtain na Daonscoile i gceantar fíorálainn Gaeltachta Rinn Ó gCuanach.’ Éinne a dhein freastal ar an Daonscoil nó a bhfuil spéis acu inti, bainfidh siad taitneamh speisialta as na hamhráin mar léiriú ar spraoi na scoile. Cuid acu, baineann siad le daoine nó imeachtaí faoi leith de chuid na scoile, agus spreagfaidh siad seanchuimhní do dhaoine a bhíodh ann. Ach an chuid is mó díobh, d’fhoirfeadh siad go seoigh do chóisir amhránaíochta ar bith, agus don tslua-amhránaíocht go háirithe, mar tá na focail ceangailte le foinn sheanaitheanta. Tá aistriúcháin ón Bhéarla déanta ag an údar ar roinnt amhrán atá ar eolas cách, amhail ‘Nóra’ le Seán O’Casey, agus amhráin le Stephen Foster agus Robbie Burns – gan trácht ar an ‘Irish Rover’, amhráin as ceoldrámaí, agus iomann Gaelach ón ochtú céad! Tá na haistriúcháin uile le moladh, iad d’ardrchaighdeán oilte snoite. Ar na cinn is deise díobh, tá an leagan den ‘Lark in the Clear Air’.
02/02/2018 16:03
32
Oíche Nollag na mBan sa bhFásach Colette Nic Aodha Coiscéim 40 lch Praghas €7.50
Tamall maith de bhlianta ó shin (roimh aimsir na ndineasár, measaim), rith sé le foireann An Gúm nár mhiste iris nua a bhunú ina mbeadh ábhar éagsúil – idir litríocht, smaointeoireacht, fhealsamh, chúrsaí idirnáisiúnta, agus a leithéidí d’ardchaighdeán – d’fhonn féachaint le ganntanas in ábhar na Gaeilge a líonadh. Cuspóir ardaidhmeanach a bhí ann. Líonfadh sé bearna i saothrú na teanga. Le séideadh stoic agus mórphoiblíocht, tháinig an chéad eagrán den iris, An Treallán, ar an saol. Ar ndóigh, ní raibh sé gan locht, ach ní raibh sé gan fiúntas ach oiread. Pé scéal é, thug an t-údar cáiliúil Máirtín Ó Cadhain fogha faoi ar go leor cúiseanna; cháin sé é go géar agus ní gan ábhar i gcónaí. Ach tríd síos, feannadh a thug sé don iarracht. Cén toradh a bhí air seo? Eagrán a dó feabhsaithe go mór? Níorbh ea. Níor tháinig an dara heagrán riamh. Scaipeadh agus beaguchtach a
Timire Spring 2018.indd 32
cuireadh ar an iris bheag nua. Ba bhoichtede litríocht na Gaeilge de dheasca na heachtra sin. Na daoine a théann i mbun na Gaeilge, de chineál ar bith, is laochra liteartha iad. Is pribhléid freastal orthu. Is cóir cuidiú leo. Is féidir leo ionadh agus pléisiúr a chur ort ar bhealaí nach mbeifeá ag súil leis. Is féidir foghlaim uathu. Tá buíochas ag dul dóibh. Rith na smaointe seo liom, agus mé ag féachaint ar an bheart leabhar filíochta is déanaí a casadh im threo. Bím ag tnúth le péarlaí, agus is annamh nach bhfaighim seoidíní ar a laghad. Sin mar atá an tráth seo chomh maith. File fadbhunaithe í Colette Nic Aodha agus is fiú go mór an leabhar seo is déanaí uaithi, Oíche Nollag na mBan. Is é a locht a laghad. Tá téamaí éagsúla fite fuaite tríd na leathanaigh: dílseacht dá dúchas i gContae Mhaigh Eo; an dúlra; imeachtaí a tharla ar saoire thar lear; eachtraí a ceirde mar mhúinteoir; laochra na Féinne amhail Fionn agus Oisín (ach iad á gcur inár láthair i gcomhthéacs na linne seo). Is féidir leis an fhile seo mianach a bhaint as réimse leathan d’eispéiris éagsúla. Tá féith an ghrinn go tréan aici, agus baineann sí meangadh gáire asat go minic. Tig léi bheith gonta géar chomh maith, agus mórán a rá i mbeagán focal, mar atá in ‘Teicneolaíocht’: ‘Sáite i scamaill ríomhaireachta braithim titim Impireacht na Gréige is teacht na Rómhánach.’ An dán is mó a thaitin liom ná ‘Fionn’. Tá maoithneachas agus greann ann, agus oidhreacht liteartha de dhá mhíle bliain cuimsithe aici i ndán de chúig líne déag.
02/02/2018 16:03
33
Nótaí ón gCaifé: Dánta agus Prósdánta Siobhán Ní Shíthigh Coiscéim 56 lch Praghas €7.50
Cad is prósdán ann? Is annamh a chastar an cineál seo d’earra liteartha ar dhuine, agus ní nach ionadh. Níl sé éasca a leithéid a chumadh, d’ainneoin an dealraimh shimplí atá air. Ní dán prósdán, mar is cur síos i bprós é, agus ní prós é, mar is é is bun dó ná friotal fileata, agus bíonn rithimí na filíochta ag bíogadh ina chuislí. Is ar fheabhas mar a dhéanann Siobhán Ní Shíthigh an dá thrá a fhreastal. Tosaíonn a leabhar, Nótaí ón gCaifé: Dánta agus Prósdánta le prósdán iontach ocht leathanach déag, ‘Lá dem shaol agus gach uile lá ann’ ina bhfeicimid an saol trí shúile úra leathana girsí i gCorca Dhuibhne. Ropann an ghirseach ar aghaidh lena cur síos ar imeachtaí a lae gan stad gan staonadh, gan anáil a tharraingt ach í ag leanúint léi ag insint a scéil dúinn faoi iontaisí an tsaoil bhithnua seo na hóige. Cuimhní cinn an fhile agus í san chaifé ag smaoineamh siar ar na laetha soineanta a bhí agus í lena mórlaoch, a hAintín Maerí. Agus an rud go léir i nGaolainn bhreá shothuigthe na Mumhan. Agus rithimí
Timire Spring 2018.indd 33
na filíochta fite tríd: ‘an taoide gan tost gan sos ag éamh mar phaidir ag guí sna failltreacha corcra.’ Is tour de force an prósdán seo ar gach bealach. Ta neart dán cumasach sa leabhar seo chomh maith. Frithbhuaic an-mhaith leis an dán, ‘An Capall Buí’. Baineann cuid de na dánta le comhráití agus le teagmhálacha idir dhaoine thar lear, ar deoraíocht. Dánta a chuaigh i bhfeidhm orm ná ‘San Ísiltír’, ‘Cén mhaitheas focail?’ agus uaigneas an fhir oibre ‘I mBanc na hÉireann’: ‘Smúit bhán trom ar do bhróga Bileog páighe id láimh Tarraingíonn tú grianghraf Ó phóca uachair do ghearrchasóige, Chím bean is triúr leanbh Is cuid den spéir Os cionn Vilnias, Shóifia, Iostanbúl?’
Oilithreacht Saoil Dónall Ó Conaill Glór na nGael, Ráth Chairn, Co. na Mí. 62 lch Ní luaitear praghas Ní foláir nó is file ó dhúchas é Dónall Ó Conaill, a chuireann Oilithreacht Saoil inár láthair: agus é ag déanamh
02/02/2018 16:03
34 na hArdteiste, scríobh sé a chéad dán riamh mar fhreagra ar cheann de na ceisteanna! Tá breis is caoga ceann eile aige sa chnuasach seo. Dánta díreacha ó chroí ionraic iad a léiríonn smaointe, mothucháin, agus ócáidí a tharla i rith a shaoil. Mar sin, cuimsíonn a shaothar anchuid réimsí: cuimhní, creideamh, clann, luacha saoil, ceisteanna reatha an lae, ócáidí ar leith, agus san áireamh leo sin, breith, grá, beatha, agus bás. Míníonn sé cad a spreagann é ina réamhrá gonta soiléir, a chuidíonn go mór lenár dtuiscint don údar agus dá scéal, agus lenár gcumas brí na ndánta a bhlaiseadh. B’fhiú go mór é do fhilí eile aithris a dhéanamh air sa mhéid seo. Is duine mothaitheach
mothálach é, agus baineann soiléire atá thar a bheith glé lena chuid dánta. Saigheada iad ar uaire a théann go smior: ‘Labhair me leis an mbás i gcorp m’athar ... go docht righin ina bhuanchodladh ... Ach labhair cuimhní liom is thaistil mé siar leo trí iarthar Chiarraí ... Chuir me préamha dúchais ann is blaisim a dtionchar de shíor.’ Ní hionann creideamh agus filíocht, ar ndóigh. Ach nuair a thagann an dá rud le chéile go fónta, tig leo a chéile a mhaisiú. Tá an dá rud le chéile anseo: is inspioráid iad don lagchroíoch.
€8 Ar fáil anois: www.timire.ie Timire Spring 2018.indd 34
02/02/2018 16:03
Timire Spring 2018.indd 35
02/02/2018 16:03
36
Dermot McEvoy Údar The 13th Apostle: A Novel of Michael Collins and the Irish Uprising (Skyhorse Publishing)
Micheál Ó Mealláin agus 1916: Fírinne a Cuireadh as Riocht Cuid II
AN DÓIGH INA RAIBH PÁIRT AG ARM NA BREATAINE SAN IND SA SCÉAL Tá an-chuid den chosaint a dhéanann an tAthair Ó Mealláin ar a athair nasctha le dhá ní: 1. an chlaontacht agus an náimhdeas a bhraith na Briotanaigh i leith Mhichíl Uí Mhealláin – iarshaighdiúir de chuid Arm na Breataine; agus 2. iarrachtaí na mBriotanach a raibh i ndán don Mheallánach a nascadh le Markievicz, a raibh na Briotanaigh ar a míle dicheall ag iarraidh í a chur chun báis. Faoi mar a deir an tAthair Ó Mealláin ina thráchtas, ‘Ba mhian leis an nGinearál Maxwell go léireofaí i dtaifead armchúirte Uí Mhealláin gurbh í an Chuntaois Markievicz a bhí i gceannas, agus dá bhithin sin tacú leis an rún dearfa a bhí aige an Chuntaois a chur chun báis.’ Thug Maconchy agus an Meallánach seirbhís in éineacht le chéile san Ind. Chaith Maconchy a réim gairme iomlán san Ind, agus ball eile den chúirt, an Leifteanant Coirnéal A.M. Bent, thug sé ar a laghad fiche cúig bliain dá ghairm mhíleata san Ind. Ní gá a rá ach gur cinnte go mbeidís ag cur ar son leasmhaireacht Arm na Breataine; ag cur ar son chuspóirí dearfa a n-oifigeach
Timire Spring 2018.indd 36
ceannais, an Ginearál Maxwell; agus dá réir sin a ngairm mhíleata féin. Ní mór a neamhchlaontacht a cheistiú. NA POINTÍ TÁBHACHTACHA ATÁ LAISTIAR D’ARGÓINTÍ AN ATHAR UÍ MHEALLÁIN Achoimre ar an gcás atá á shuíomh ag an Athair Ó Mealláin: 1. Ní thig muinín a chur as tras-scríbhinní na trialach mar ba é an Ginearál Maconchy amháin a scríobh iad, agus chuir sé in iúl gan scáth gan náire: ‘in an-chuid cásanna dhiúltaigh mé a ndúirt siad a chur síos mar ní raibh ann ach go ndearna siad níos measa a gcás.’ 2. D’oibrigh cúlra an Mheallánaigh in Arm Shasana ina choinne ar a thriail. Deir an tAthair Ó Mealláin: ‘ … luíonn sé le réasún a chreidiúint go measfadh Maconchy gur iarshaighdiúir a bhí ciontach as tréas é, gur tharraing sé náire ar arm na Breataine agus nár leor ann féin é a lámhach.’ 3. Bhí dlúthbhaint idir cinniúint an Mheallánigh agus Mharkievicz: ‘ … an taifead ar armchúirt m’athar, iarracht d’aonghnó a bhí ann ag lucht míleata na Breataine fianaise a sholáthar don Ghinearál Maxwell, an tArdcheannasaí in Éirinn, mar thaca lena chuspóir
02/02/2018 16:03
37
‘Ní mór neamhchlaontacht na n-oifigeach Briotanach a cheistiú.’
Faiche Stiabhna circa 1916
dearfa an Chuntaois Markievicz a chur chun báis dá bhfaighfí ciontach í.’ AN EILIMINT A LIGEADH I nDEARMAD – ARM CATHARTHA NA hÉIREANN An dóigh ar díríodh ar an Meallánach agus Markievicz, sílim gur dócha gur bhain sé go mór le iad a bheith ina mbaill d’Arm Cathartha na hÉireann. D’fhág ciréibeanna na n-oibrithe i 1913 a séala ní amháin ar lucht oibre na hÉireann, ach ar bhunaíocht na Breataine chomh maith
Timire Spring 2018.indd 37
céanna. Ag an am a bhris na ciréibeanna amach, bhí an bhochtaineacht tagtha go buaic ní amháin in Éirinn ach ar fud na Breataine. Ní raibh ach £1 in aghaidh na seachtaine á shaothrú ag fir oibre, agus níos lú ná sin fós, 12 scilling, á shaothrú ag mná. Is beag aird a tharraing an Meallánach air féin thart faoi Bhaile Átha Cliath, ach ba dhuine í an Chuntaois a labhair amach agus a bhí taibhseach, ar dhóigh an aisteora a bhí inti tráth. Bhí sí ina
02/02/2018 16:03
38 crann taca ag an lucht oibre bíodh go mba de bhunadh aicme rialaithe na nAnglaÉireannach í. Chomh maith leis an scéiméireacht go léir a d’aithris an tAthair Ó Mealláin ina thuairisc, an dtig a rá le barainn gurbh fhógra d’Arm Cathartha na hÉireann agus do lucht leanta Shéamais Uí Lorcáin an bású agus an bású ar dhóbair dó, nach gceadófaí dóibh a bheith ag cothú náimhdis ag an tráth seo agus an Cogadh Mór ar bun? I ndeireadh báire, cé gur theastaigh ón nGinearál Maxwell Markievicz a chur chun báis, bhí tús áite ag a hinscne agus
sparáileadh í. I súile na mBriotanach, bhí a lán cionta ar an Meallánach: ba iarshaighdiúir in arm na Breataine é; ba é ceannfort ceannais Fhaiche Stiabhna é; dhiúltaigh sé filleadh ar an arm don Chogadh Mór – ach tharlódh gurbh é an peaca ba mheasa ar fad ar deireadh thiar gur bhain sé le hArm Cathartha na hÉireann, agus tráth a raibh an cogadh meargánta agus dochreidte sin ar bun ba é sin an peaca ba mheasa ar fad d’aicme an lucht oibre. Le caoinchead ó irishcentral.com agus le mórbhuíochas le hÉanna Mac Cába, a d’aistrigh.
Foclóirín: taifead armchúirte = military court record; bunaíocht = establishment; meargánta = reckless.
Tomhas an Timire: 191
1
2
3
4
5
6
Leid: DAOINE MACÁNTA, DÍLSE. Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil FREAGRA, SÍOLTA, ROGHA, BRÉAG, INTINN, NÓTA. DUAIS: Dearbhán €20 nó ceithre leabhar a roghnú as catalóg FS ar Timire.ie (ach nóta a chur chugainn le d’iontráil). Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, Foclóirín: xxx = xxx; agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus seoladh chuig An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 14 Márta, 2018 Tomhais 190: Freagra: ASSISI Buaiteoir: Patsaí Uí Chatháin, Cill Choca, Co. Chill Dara
Timire Spring 2018.indd 38
02/02/2018 16:03
Timire Spring 2018.indd 39
02/02/2018 16:03
40
Matt Ó Maonaigh
Glór na nGael Lios Tuathail: Ag Smaoineamh Siar
Bhí Glór na nGael daichead bliain ar an bhfód i Lios Tuathail anuraidh. Bunaíodh an chéad chraobh san Óstán Listowel Arms sa bhliain 1977. Bhí mórphearsantachtaí na Gaeilge chomh maith le cosmhuintir an bhaile i láthair ag an gcéad chruinniú. Ina measc bhí an tAthair Diarmuid Ó Suilleabháin a bhí ina phríomhoide ar Choláiste Mhichíl an t-am sin agus a bhí ina Easpag ar Chiarraí níos déanaí. Bhí Colm Ó Tórna, a bhí ina thimire an t-am sin, ag cabhrú liom mar chathaoirleach i dtús báire chun an chraobh a cur ar a bonnaibh. An bhliain dár gcionn thosaíomar ar Pharáid (nach raibh ann sa mbaile le fada an lá) a eagrú chun Lá ’le Pádraig a chéiliúradh. D’éirigh go maith linn agus ó shin i leith tá sí ag dul ó neart go neart. Táimid i lár an aonaigh leis an nGaeilge ar an lá mór sin mar ón tús thugamar gach spreagadh do na grúpaí a ghlacann páirt ann Gaeilge a úsáid. Tá Duais na Gaeilge (corn) ar fáil don dream a bhaineann an úsáid is fearr aisti. D’éirigh linn le himeacht aimsire dul i ngleic leis an ngnó a bhí le déanamh againn, is é sin an baile mór a chur ar an leárscáil maidir le labhairt na teangan.
Timire Spring 2018.indd 40
‘Labhair Gaeilge Linn’ an nod a bhí againn ar na comharthaí bóthair ar gach taobh den bhaile. D’oscail an t-údar Dónall Mac Amhlaigh Seachtain na Scríbhneoirí bliain amháin agus dúirt sé ins na páipéir go raibh níos mó Gaeilge le cloisteáil aige ar shráideanna Lios Tuathail ná mar a chuala sé in aon áit eile. Bhí Brian Mac Mathúna, John B. Keane, Bernárd Ó Lúing, Louis Ó Murchú, timpeall na laethanta sin. Bhí comórtas nua líofachta cainte darbh ainm An Béal Beo i gcomhar le Seachtain na Scríbhneoirí ar siúl againn i rith na seachtaine sin. Bhíodh sé ar siúl againn ins an Teach Siamsa i bhFionnúig. Sa Teach céanna bhíodh oícheanta móra ceoil agus rince againn agus mar gheall ar ár rúnaí ag an am, Áine Ní Chinnéide, a bheith sáite sa ghluaiseacht PhanCheilteach bhídís linn mar aíonna nuair a bhíodh an Fhéile Phan-Cheilteach ar siúl i gCill Airne. Bhímis sáite san obair a bhain le ceithre Fhleadh Cheoil déag na hÉireann a reáchtáil i Lios Tuathail. Ár ngnó ab ea imeachtaí agus seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil an tseachtain roimh ré in Ionad na Gaeilge. Bhíodh aíonna speisialta againn cosúil le Liam Ó Maonlaí agus Breandán
02/02/2018 16:03
41
'Bhí níos mó Gaeilge le cloisteáil le linn Sheachtain na Scríbhneoirí ná in aon áit eile.’
Coiste Lios Tuathail
Ó Beaglaoich Chorca Dhuibhne agus na Caipíní chomh maith le drámaí á stiúradh ag Bosca Ó Conchubhair. Ag caint ar dhrámaí, bhí Drámaíocht na Gaeilge i measc na n-imeachtaí a bhíodh ar siúl againn tráth. I measc na ndrámaí a léiríomar bhí ‘Faoiseamh’ le John B Keane agus ‘Thíos Seal Thuas Seal’ leis an Athair Seán Ó Súilleabháin ó Bhrosnach a bhí ag cabhrú sa pharóiste an t-am sin. Is í Seachtain na Gaeilge príomhsheachtain na bliana dúinn ar an bhféilire gach bliain. Bíonn Aifreann na Féile Pádraig as Gaeilge againn le ceol is iomainn is rince (ar uairibh) in onóir Naomh Pádraig. Tá sé de nós againn ceolchoirm bhríomhar le Billy Keane mar MC a bheith ar an ardán roimh an Pharáid gach bliain. Bhí comóradh speisialta ar Éirí Amach na Cásca 1916 againn anuraidh. Bíonn comhairleoirí is polaiteoirí áitiúla agus aíonna speisialta ar an ardán céanna fhad is a bhíonn an
Timire Spring 2018.indd 41
pharáid ar siúl. Molaim an ghlúin óg atá réidh anois teacht isteach sa chraobh chun Glór na nGael, a tháinig ar an bhfód breis is daichead bliain ó shin, a thabhairt céim eile chun tosaigh. Feicimid chomh díograiseach is atáid i mbun na n-imeachtaí nua atá faoi lán seoil acu sa mbaile mór le tamall anuas: An Ciorcal Cainte agus An Pop-up Gaeltacht. Ina measc siúd atá i mbun na hoibre sin tá Eibhlís Ní Shúilleabháin, Seán Ó Conaill agus Tadhg Ó Buachalla. Beimid taobh thiar díobh á ngríosadh chun troda ar son na cúise. Admhaímid anseo go bhfuilimid faoi chomaoin ag Roibeard Ó hEartáin Oifigeach Forbartha Gaeilge Chomhairle Contae Chiarraí agus Cabríní de Barra ó Ghlór na nGael as muid a spreagadh i Lios Tuathail leanúint ar aghaidh ag cur barr feabhais ar an obair a thosaíomar i bhfad siar sa bhliain 1977.
02/02/2018 16:03
42
Dónall Ó Cnáimhsí
Gairdíní sa Bhíobla ‘Chuir an Tiarna Dia ag fás aníos as an talamh gach uile chineál crainn is geal leis an tsúil agus is maith le hithe, crann na beatha mar an gcéanna i lár an ghairdín agus crann fhios na maitheasa agus an oilc.’ – Geineasas 9 Tá gairdíní luaite go minic tríd an Bhíobla Naofa, ní amháin Éidin Geitséamainí, Golgatá agus Parthas, ach gairdíní mar ghairdín Acháb agus na gairdíní ríoga i Súsá, gairdín Iósaf ó Aramatáia agus Gairdín an Rí ag Siolóm. Baintear úsáid as an téarma ‘gairdín’ chomh maith dar ndóigh mar mheafar tríd an bhíobla: ‘Cuirfidh sé smior i do chnámha agus beidh tú mar ghairdín a fuair riar uisce, ar nós tobar nach dtéann a chuid uiscí i ndísc.’ – Íseáia 58:11. I dteanga na hEabhraise, ciallaíonn gairdín spás nó garrán ar bith ina ndearnadh crainn nó plandaí a chur seachas an fiántas lasmuigh. Is cinnte mar sin go raibh curaíocht mar pháirt lárnach de shaol na ndaoine sa Mheánoirthear sa tréimhse sin.‘Tógaigí tithe, déanaigí cónaí iontu; cuirigí garraithe agus ithigí a dtorthaí.’ – Irimia 29:5 Rinneadh crainn a chur chun faoiseamh
Timire Spring 2018.indd 42
a fháil ón ghrian nó chun torthaí a fhás. D’fhástaí glasraí agus bláthanna chomh maith, go háirithe rósanna agus lilí. Bhíodh fionghoirt coitianta agus is minic iad luaite: Cuirfidh mé bail ar mo phobal Iosrael athuair; tógfaidh siad na cathracha scriosta agus cónóidh siad iontu; cuirfidh siad fíniúna agus ólfaidh siad a bhfíon; saothróidh siad gairdíní agus íosfaidh siad dá dtorthaí.– Amós 9:14 Rinneadh gairdíní a fhorbairt in aice le habhainn nó tobair nó dhéantaí taiscumar chun uisce a sholáthar san áit nach mbíodh uisce le fáil. ‘...mar ar chuir tú do shíol agus a rinne tú é a uisciú le do chois dála garraí luibheanna.’ – Deotranamaí 11:10. Bhíodh na gairdíní fálaithe go minic ag toranna deilgneacha chun ainmhithe fánacha nó gadaithe bradacha a choinneáil amuigh. Uaireanta is toranna rósanna, nó ballaí cloiche nó ballaí clabair a d’úsáidaidís. Uaireanta thógtaí bóthán beag ina lár a bhfanadh caomhadóir ann lá agus oíche le súil a choinneáil ar an táirge nuair a bheadh sé ag teacht gar d’am a bhainte. ‘Rinne an rí
02/02/2018 16:03
43
‘Bhíodh na gairdíní fálaithe go minic ag toranna deilgneacha chun ainmhithe fánacha nó gadaithe bradacha a choinneáil amuigh.’ fleá dá raibh ag cur fúthu i ndúnfort Shúsa, idir uasal agus íseal, ar feadh seacht lá i ngáirdín phálás an rí.’ – Eistir 1:5. Bhaintí úsáid as gairdíní mar láthair do chóisir nó féasta nó mar áit tearmainn chun machnamh a dhéanamh nó chun urnaí a dhéanamh. Bhíodh tuambaí teaghlaigh suite i ngairdíní chomh maith, mar a bhí ag clann Iósaif ó Aramatáia i nGolgatá. Tá gairdíní forbartha ar fud an domhain inniu, bunaithe ar ghairdíní atá luaite sa Bhíobla, agus plandaí a bheadh coitianta i ngairdíní an Mhéanoirthir sa tréimhse sin ag fás iontu. Tá roinnt gairdíní clúiteacha ann a bhfuil plandaí an Bhíobla mar théama acu, ina measc tá gairdín Ollscoil Seinan Gakuin sa tSeapáin, Gairdín na Lus in Missouri agus Gairdín na Lus in San Francisco i Stáit Aontaithe Mheiriceá, Gairdín Ardeaglais na hEilginne in Albain agus Gairdín na Lus in Iarúsailéim. Bhuail mé le loscadh gaoithe agus le bruth teasa sibh, bhánaigh mé bhur ngairdíní agus bhur
bhfíonghoirt, mhill na lócaistí bhur gcrainn fígí agus bhur n-ológa; ach níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.–Amós 4:9 I ngairdín mar seo bheifeá ag súil le crainn ológ agus figí a fheiceáil le cois crann céadair. Bheadh bláthanna mar an rós, an labhandar agus an lile. Bheadh luibheanna mar lus na coire, an cuimín, mentha, an mustard agus artemisia ann chomh maith, agus glasraí mar an t-oiniún, an chainneann, an ghairleog, an pónaire agus an lintile. Spíosraí mar an cainéal, an miortal agus an chaisia. Is as plandaí a fhaightear an túis agus an miorr chomh maith, is as an chrann bheag Boswellia sacra a bhaintí an roisín bán ar a dtugtaí an túis agus dhéantaí é a dhó i searmanais, agus as an tor dheilgneach Commiphora myrrha a bhaintí an roisín dearg ar a dtugtaí an miorr agus dhéantaí é a mheascadh le hola ansin agus a úsáid mar ungadh. Tá gach eolas ar phlandaí atá luaite sa Bhíobla le fáil ag biblicalgardens.com
Foclóirín: curaíocht = saothrú na talún; taiscumar = áit a mbailítear agus a gcoinnítear uisce; clabar = cré; clúiteach = cáiliúil; túis = an dara bronntanas a thug na Saoithe d’Íosa.
Timire Spring 2018.indd 43
02/02/2018 16:04
Saor gach Céadaoin leis an LE FÁIL I MÍR NA GLUAISTEÁNAÍOCHTA (MOTOR SECTION)
Timire Spring 2018.indd 44
02/02/2018 16:04
45
Filíocht Dán le hEibhlís Carcione Miontúir Aleppo
Tá miontúir Aleppo leagtha, Gasúir tarraingthe beo As an bhfothrach, grian an áir ag splancarnach ar na sráideanna liath. Táim ag siúl liom fhéin i gcúlráid go moch ar maidin i gcathair anaithnid, ag lorg an tsaoil a bhí agam tráth. Tá deoch uaim elixir ón Ind, uisce na ndraoithe ó Theamhrach, cóta cluthair den bhréidín is fíneáilte ó laoch uasal. Luífidh mé ar an tolg ríoga Sa ghrianán.
Timire Spring 2018.indd 45
Tá an cath thart, mé spíonta amach, meirg ar mo chlaíomh is ar mo sciath cosanta. Tá go leor fulangtha agam i dtíortha an áir, an iomarca créacht ar mo cholainn, cloigne namhaid i lÍne deargfhuilteach ar an gclaí, sramaí fola ar sileadh ar mo leathanach, i gcruth féileacáin a d’eitil le linn an chogaidh is a d’éalaigh.
02/02/2018 16:04
46 1
6
2
3
4
5
7 8
9
10 11
12
14
15
crosfhocal TRASNA 1. tugann sí uibheacha dúinn [5] 3. tír cheilteach [6] 6. bean chéile an rí [7] 8. scéal úr [6] 9. dhá sheachtain [6] 11. glór, torann [7] 14. uirlis le éadach a ghearradh [6] 15. aistear [5]
13
Duais €20 le buachaint
ANUAS 1. cos bó nó capaill [4] 2. sconsa nó díog [4] 3. go dtí an taobh thall [5] 4. salach nó bréan [7] 5. cumhacht, láidreacht [5] 7. saibhreas [7] 9. coinníonn sé suas do bhrístí [5] 10. liathróid chruinn [5] 12. deatach [4] 13. urraim, cion [4]
FREAGRAÍ CHROSFHOCAL AN GHEIMHRIDH: TRASNA 1. casóg 3. altóir 6. cladach 8. meacan 9. piobar 11. ionraic 14. gustal 15. copóg ANUAS 1. cosc 2. guta 3. aidhm 4. trálaer 5. roinn 7. dúbailt 9. putóg 10. riail 12. nasc 13. cúng
Scríobh ‘Crosfhocal’ ar chlúdach do litreach, agus seol freagraí, mar aon le d’ainm agus seoladh chuig: An Timire, 37 Sráid Líosain, Baile Átha Cliath 2, Roimh 20 Márta, 2018 BUAITEOIR AN CHOMÓRTAIS DHEIREANAIGH: Éamonn Turraoin, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
Timire Spring 2018.indd 46
02/02/2018 16:05
47
Macarón Cáise Síle Ní Chearbhaill
Tá an mhias seo áisiúil nuair atá béile uait go tapa, agus níl mórán comhábhair ag teastáil. Is féidir é a athrú go héasca ag brath ar na comhábhair atá agat – cuir sicín, brocaillí nó glasraí eile leis chun béile difriúil a dhéanamh. COMHÁBHAIR: 300g pasta 5 shlísín bagúin 40g im 1 oinniún 1 ionga gairleoige 40g plúr 600ml bainne 75g cáis chéadair, grátáilte ½ tsp mustard ½ tsp noitmig mionaithe Salann agus piobar MODH: 1. Réamhthéigh oigheann go 200c/ gasmharc 6. 2. Cócaráil an pasta de réir na dtreoracha ar an bpacáiste. 3. Mionghearr an t-oinniún, an ghairleog agus gearr na slísíní bagúin i bpíosaí. 4. Leáigh an t-im agus frioch an
Timire Spring 2018.indd 47
t-oinniún, an ghairleog agus an bagún ann go dtí go bhfuil an t-oinniún bog agus an bagún cócaráilte. 5. Measc an plúr leis chun roux a dhéanamh. Cócaráil go dtí go bhfuil sé donn agus gainmheach. 6. Bain ón teas é agus cuir an bainne leis de réir a chéile, ag meascadh go leanúnach le lumpaí a sheachaint. 7. Cuir ar ais ar an teas agus suanbhruith ar feadh 5 nóiméad. 8. Cuir 50g den cháis, an mustard agus noitmig leis an anlann. Cuir salann agus piobar leis. 9. Bain an t-uisce ón bpasta. Cuir i mias oigheanndhíonach é. Clúdaigh leis an anlann. Cuir an cháis ar barr. 10. Bácáil san oigheann ar feadh 15 nóiméad nó go dtí go bhfuil an cháis donn, órga.
02/02/2018 16:05
An Ofráil Laethúil A Athair ró-ghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofrálaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach thíos) ... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.
MÁRTA
Soiscéalaíoch: Go mba mhór ag an Eaglais an phráinn atá le foirmiú i dtuiscint spioradálta, ar bhonn pearsanta nó ar bhonn pobail.
AIBREÁN
Uilíoch: Go mbeadh sé de mhisneadh ag eacnamaithe diúltú do gheilleagar ar bith a fhágann daoine ar lár agus go mbeadh a fhios acu conas bealaí nua a oscailt.
BEALTAINE
Soiscéalaíoch: Na fíréin ar tuataí iad, go gcomhlíonfaidís a misean ar leith trí fheagairt go cruthaitheach do na dúshláin atá roimh shaol an lae inniu.
Timire an Chroí Ró-naofa
Timire Spring 2018.indd 48
02/02/2018 16:05