3 minute read

Soiscéal an Teaghlaigh, Lúcháir don Domhan An tArdeaspag Éamon Ó Máirtín

+Éamon Ó Máirtí n Ardeaspag Ard Mhacha

Cruinniú Domhanda na dTeaghlach:

Nasc le ‘Soiscéal an Teaghlaigh – Lúcháir don Domhan’

Tá Cruinniú Domhanda na dTeaghlach i mBaile Átha Cliath ag druidim linn. Tá deoisí agus paróistí ar fud na tíre ag pleanáil imeachtaí agus gníomhachtaí chun cabhrú linn ‘nascadh’ leis an téama ‘Soiscéal an Teaghlaigh – Lúcháir don Domhan’.

Táimid ag maireachtáil i saol atá ‘nascaithe’ ina bhfuil béim ar ghréasánú agus ar ghaolmhaireacht, ach ar uairibh ní thugaimid aitheantas don teaghlach – an gréasán is nádúrtha agus is cumhachtaí ar domhan – ná ní dhéanaimid é a cheiliúradh. Ba mhór an trua é, dar liomsa, nach mbeadh i gCruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018 ach ócáid spraíúil ar nós ollcheolchoirm nó craobhchluice spóirt. Is é mo ghuí go dtabharfaidh an cruinniú seo in Éirinn deis do theaghlaigh ‘nascadh’ nó ‘athnascadh’ a dhéanamh ar leibhéil éagsúla – eatarthu féin agus le ‘teaghlach na dteaghlach’, an Eaglais.

‘Nascadh’ is bunbhrí agus is cuspóir an teaghlaigh. Nascann an teaghlach sinn leis an mbaile, lenár muintir féin, ár ngaolta fola féin. Nascann sé sinn le pobal, le paróiste, le contae, agus le gréasán de dhaoine agus d’áiteanna a bhíonn ag síorfh airsingiú. Nascann an teaghlach sinn le stair agus le cultúr, le teanga agus le traidisiún, lenár ‘DNA’, lenár bhfréamhacha, leis an am atá thart, leis an am i láthair agus leis an todhchaí. Nascann an teaghlach sinn le creideamh, le luachanna, leis an mbaiste agus le pobal na gcreidmheach.

Sa tréadlitir Amoris Laetitia scríobhann an Pápa Proinsias: ‘Ní thagann aon teaghlach anuas ós na fl aithis reamhdhéanta, foirfe; ní foláir do theaghlaigh bheith ag forbairt agus ag feabhsú na slite ina gcleachtann siad grá. Bristear na nascanna teaghlaigh ar uairibh de bharr na baill a bheith scartha óna chéile, de bharr easaontais, nó de bharr luas agus mire an tsaoil san aonú aois is fi che. Ar uairibh bíonn teaghlaigh chomh gnóthach sin go n-imíonn siad ó chaidreamh ceal ama comhluadair. Is iad na mionrudaí ar nós béile a chaitheamh le chéile, iarracht a dhéanamh bheith i gcomhluadar a chéile ag roinnt cuimhní cinn agus imeachtaí ina saol féin, agus ar ndóigh guí le chéile, fi ú ar feadh cúpla nóiméad – sin iad na nithe a chothaíonn gaolmhaireacht agus a nascann agus a athnascann teaghlaigh lena chéile. Molann an Pápa Proinsias dúinn guí sa teaghlach agus ar son an teaghlaigh

‘Is dúshlán dúinn nascadh leo siúd a cheapann nach bhfuil aon rud le rá ag an Eaglais lena gcás.’

agus nascadh spioradálta a chothú le teaghlaigh ar fud an domhain.

Bhí sé de phribhléid agam freastal ar an Sionad Urghnách sa Róimh sa bhliain 2015. Bhraith mé ag an gcruinniú sin go raibh cíocras chun nasctha le teaghlaigh uile ar fad, go speisialta le teaghlaigh a d’fh ulaing tragóid nó foréigean agus le teaghlaigh ina raibh an ghaolmhaireacht scriosta ar chúis ar bith agus a d’fh éadfadh a cheapadh go raibh siad eisiata ón Eaglais. Threisigh an Sionad go raibh gá bheith aireach i leith na ndaoine a bhí i ngaolmhaireacht nua agus slite macánta a lorg chun fáilte a chur rompu agus iad a chur san áireamh i saol agus in adhradh phobal na hEaglaise.

In Amoris Laetitia molann an Pápa Proinsias dúinn grinneas tréadach agus tionlacan a chleachtadh i leith cásanna atá deacair, san áireamh seirbhís chúraim do theaghlaigh le ball aerach nó dóibh siúd go bhfuil an ghaolmhaireacht phósta scriosta. Ní mór a bheith aireach i gcónaí gur i gCríost atá foinse na fírinne agus na trócaire. Is dúshlán dúinn agus sinn ag ullmhú do Chruinniú Domhanda na dTeaghlach, nascadh leo siúd a cheapann, ar chúis éigin, nach bhfuil aon rud le rá ag an Eaglais lena gcás.

Seo spreagadh ón Sionad:

‘Táimídne, lucht na hEaglaise réalaíoch maidir le teaghlaigh an lae inniu. Táid go léir i dteideal trócaire, ag tosú leo siúd is mó a d’fh ulaing.’ (Relatio Synodi, 55)

Tugann Cruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018 deis dúinn nascadh leis an bhfís álainn fh áidhiúil atá i bplean Dé don phósadh agus don teaghlach. An tsochaí a dhéanann faillí ar an teaghlach, tá tionchar ar an todhchaí caillte aici. San ullmhúchán le haghaidh an chruinnithe seo beidh deis againn síolta a chur a eascróidh sa todhchaí agus a rachaidh chun sochair dár muintir, dár dtír agus don domhan.

Foclóirín: gaolmhaireacht = relatedness; adhradh = adoration; tréadach = pastoral.

This article is from: