An Timire - Earrach 2018

Page 12

12

+Éamon Ó Máirtín Ardeaspag Ard Mhacha

Cruinniú Domhanda na dTeaghlach: Nasc le ‘Soiscéal an Teaghlaigh – Lúcháir don Domhan’ Tá Cruinniú Domhanda na dTeaghlach i mBaile Átha Cliath ag druidim linn. Tá deoisí agus paróistí ar fud na tíre ag pleanáil imeachtaí agus gníomhachtaí chun cabhrú linn ‘nascadh’ leis an téama ‘Soiscéal an Teaghlaigh – Lúcháir don Domhan’. Táimid ag maireachtáil i saol atá ‘nascaithe’ ina bhfuil béim ar ghréasánú agus ar ghaolmhaireacht, ach ar uairibh ní thugaimid aitheantas don teaghlach – an gréasán is nádúrtha agus is cumhachtaí ar domhan – ná ní dhéanaimid é a cheiliúradh. Ba mhór an trua é, dar liomsa, nach mbeadh i gCruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018 ach ócáid spraíúil ar nós ollcheolchoirm nó craobhchluice spóirt. Is é mo ghuí go dtabharfaidh an cruinniú seo in Éirinn deis do theaghlaigh ‘nascadh’ nó ‘athnascadh’ a dhéanamh ar leibhéil éagsúla – eatarthu féin agus le ‘teaghlach na dteaghlach’, an Eaglais. ‘Nascadh’ is bunbhrí agus is cuspóir an teaghlaigh. Nascann an teaghlach sinn leis an mbaile, lenár muintir féin, ár ngaolta fola féin. Nascann sé sinn le pobal, le paróiste, le contae, agus le gréasán de dhaoine agus d’áiteanna a bhíonn ag síorfhairsingiú. Nascann an

Timire Spring 2018.indd 12

teaghlach sinn le stair agus le cultúr, le teanga agus le traidisiún, lenár ‘DNA’, lenár bhfréamhacha, leis an am atá thart, leis an am i láthair agus leis an todhchaí. Nascann an teaghlach sinn le creideamh, le luachanna, leis an mbaiste agus le pobal na gcreidmheach. Sa tréadlitir Amoris Laetitia scríobhann an Pápa Proinsias: ‘Ní thagann aon teaghlach anuas ós na flaithis reamhdhéanta, foirfe; ní foláir do theaghlaigh bheith ag forbairt agus ag feabhsú na slite ina gcleachtann siad grá. Bristear na nascanna teaghlaigh ar uairibh de bharr na baill a bheith scartha óna chéile, de bharr easaontais, nó de bharr luas agus mire an tsaoil san aonú aois is fiche. Ar uairibh bíonn teaghlaigh chomh gnóthach sin go n-imíonn siad ó chaidreamh ceal ama comhluadair. Is iad na mionrudaí ar nós béile a chaitheamh le chéile, iarracht a dhéanamh bheith i gcomhluadar a chéile ag roinnt cuimhní cinn agus imeachtaí ina saol féin, agus ar ndóigh guí le chéile, fiú ar feadh cúpla nóiméad – sin iad na nithe a chothaíonn gaolmhaireacht agus a nascann agus a athnascann teaghlaigh lena chéile. Molann an Pápa Proinsias dúinn guí sa teaghlach agus ar son an teaghlaigh

02/02/2018 16:00


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.