4 minute read

Naomh Proinsias agus Assisi An Br. G. D. De Barra

An Br. G.D. De Barra

Naomh Proinsias agus Assisi

Cuid II

Tá tionchar, spiorad, blas agus spioradáltacht San Proinsias le sonrú a luaithe is a shroicheann duine Assisi. Tar éis don oilithreacht Baisleach San Proinsias in Assisi gona fh reascónna a fh ágáil, tagann sí go dtí San Chiara agus Clochar na gCláiríní. Chomhairligh agus chabhraigh Proinsias le San Clár cur fúithi san áit seo. Saolaíodh Clár sa bhliain 1194 A.D. Tógadh í ag clann mhaith. Chuir sí spéis i slí mhaireachtála Phroinsias agus thiomnaigh sí a saol go hiomlán do bheith ag urnaí agus do na bochtáin. Thóg sí aibíd na bProinsiasach chuici féin sa bhliain 1212 A.D. san Porziuncola agus rinne sí ullmhúcháin don bheatha rialta leis na Beinidictigh in Umbria. Rinne a hathair a sheacht ndícheall í a mhealladh abhaile go dtí an saol só agus ina ionad, mhair sí le grúpa ban eile i Séipéal San Damiano faoin teideal, na Cláiríní. Chaith siad a saol ag guí is ag cabhrú leis na bochtáin. Chuir sí an ruaig ar na Saraistíní, a bhí ag bánú na hIodáile, nuair a rinne siad iarracht San Damiano a chreachadh. D’éag sí sa bhliain 1253 A.D. agus tá sí curtha i Santa Chiara.

Is sa dúiche seo a thiontaigh Proinsias ó shaol saibhir go dtí saol an Poverello, a labhair an Chros-chéasta leis. Mhair Clár sa cheantar céanna agus is anseo a chum Proinsias an phaidir ‘Laoi an Chruthaithe’. Ós rud é go bhfuil Assisi ar thaobh cnoic, d’fh ás baile mór cúig chiliméadar uaidh, agus ar láthair leibhéalta tógadh an Bhaisleach, Santa Maria degli Angeli sa bhliain 1569 mórthimpeall an Porziuncola, d’fh onn an séipéal beag seo a chaomhnú ó shíon-ídiú. Bhí an Porziuncola mar áit chruinnithe ag na Proinsiasaigh ó 1215 A.D. Is mó míorúilt a tharla ann agus is mó aithríoch a tháinig ann ag lorg maithiúnais Dé. De réir fh orógra an Phápa Honorius III bhí lánloghadh le fáil ag éinne a ghuigh ann.

Séipéal gleoite é a choimeádann an dreach agus an chuma beag bídeach ón lá a tógadh é ag na Beinidictigh. Feictear freascónna ar na ballaí agus tugtar aird ar leith ar an mballa cúil mar a bhfuil ‘An Pardún’ dá bhronnadh agus faoi sin tá freascó do ‘Theachtaireacht an Aingil’.

Díreach in aice an Porziuncola tá an seomra ‘Trasna’, seomra beag ina bhfuair San Proinsias bás agus é faoi chúram San Clár is na Cláiríní. Tá na ballaí inmheánacha maisithe le ‘Cóir Ainglí ag Iompar Proinsias ar Neamh’. Tá Gairdín

15 ‘Meabhraíonn a shaolré dúinn gur oilithrigh muid ar aistear trí ghleann seo na ndeor.’

na Rósanna le feiceáil. Meabhraítear dúinn gur chaith Proinsias é féin ar na dealga anseo d’fh onn cathú an diabhail a chloí agus d’fh ás rósanna gan dealga san áit. Go dtí an lá inniu níl dealg ar bith ar ghéag na rósanna a fh ásann ann. In aice an ghairdín feictear na colúir bheaga bhána ag eitilt ó ghéag go géag os comhair ‘dealbh’ San Proinsias.

I rith na hoilithreachta, chaitheamar am ag urnaí, agus ag plé shaolré San Proinsias. Bhí sé soiléir gur teachtaire na síochána agus trócaire Dé é. Ba mhian leis i gcónaí a léiriú go raibh maithiúnas Dé le fáil ach é a iarraidh go macánta. Téann daoine láithreach go dtí an Porziuncola d’fh onn an ‘Pardún’ a fh áil. Faigheann daoine ann síocháin aigne, leigheas spioradálta agus misneach tabhairt faoin saol arís. Cloiseann chuile oilithreach an glaoch, ‘téigh agus deisigh m’Eaglais’ – is é sin, cas do shaol go hiomlán chun Dé.

Thug sé fi anaise dúinn gur chóir meas agus dínit a thabhairt dóibh siúd atá ag fulaingt de dheasca tinnis, bochtanais agus uaignis. Fiú tá sé fós ag impí orainn ár maoin agus saibhreas a roinnt lena leithéid, teifi gh, daoine gan dídean, agus éisteacht le mór-achainí ár bPápa Proinsias i leith na síochána agus daoine dearóile.

Meabhraíonn a shaolré dúinn gur oilithrigh muid ar aistear trí ghleann seo na ndeor agus gur ar scáth a chéile a mhairimid. Go leanaimis é le dóchas, misneach agus creideamh san Aiséirí. Is dúshlán an-mhór dúinn a shaol, mar sin bímis ag guí agus le grásta Dé agus cúnamh Mhuire éireoidh linn dul cuid den tslí. Tugaimis freisin meas ar ainmhithe, éanlaithe agus an dúlra.

Ar aghaidh libh go dtí Assisi, súigí isteach an t-atmaisféar. Guímis a phaidir:

Déan meán chun síochána díom id’ láimh, a Thiarna

San áit a bhfuil fuath go gcuire mé an grá … san áit a bhfuil ciontacht go gcuire mé pardún … san áit a bhfuil amhras go gcuire mé creideamh … in ait an éadóchais go gcuire mé an dóchas … in áit an dorchadais go gcuire mé solas … san áit a bhfuil brón go gcuire mé lúcháir.

Foclóirín: Laoi an Chruthaithe = Canticle of Creation; aithríoch = penitent; lánloghadh = pardún iomlán.

This article is from: