An Timire - Earrach 2018

Page 14

14

An Br. G.D. De Barra

Naomh Proinsias agus Assisi Cuid II

Tá tionchar, spiorad, blas agus spioradáltacht San Proinsias le sonrú a luaithe is a shroicheann duine Assisi. Tar éis don oilithreacht Baisleach San Proinsias in Assisi gona fhreascónna a fhágáil, tagann sí go dtí San Chiara agus Clochar na gCláiríní. Chomhairligh agus chabhraigh Proinsias le San Clár cur fúithi san áit seo. Saolaíodh Clár sa bhliain 1194 A.D. Tógadh í ag clann mhaith. Chuir sí spéis i slí mhaireachtála Phroinsias agus thiomnaigh sí a saol go hiomlán do bheith ag urnaí agus do na bochtáin. Thóg sí aibíd na bProinsiasach chuici féin sa bhliain 1212 A.D. san Porziuncola agus rinne sí ullmhúcháin don bheatha rialta leis na Beinidictigh in Umbria. Rinne a hathair a sheacht ndícheall í a mhealladh abhaile go dtí an saol só agus ina ionad, mhair sí le grúpa ban eile i Séipéal San Damiano faoin teideal, na Cláiríní. Chaith siad a saol ag guí is ag cabhrú leis na bochtáin. Chuir sí an ruaig ar na Saraistíní, a bhí ag bánú na hIodáile, nuair a rinne siad iarracht San Damiano a chreachadh. D’éag sí sa bhliain 1253 A.D. agus tá sí curtha i Santa Chiara. Is sa dúiche seo a thiontaigh Proinsias ó shaol saibhir go dtí saol an Poverello, a

Timire Spring 2018.indd 14

labhair an Chros-chéasta leis. Mhair Clár sa cheantar céanna agus is anseo a chum Proinsias an phaidir ‘Laoi an Chruthaithe’. Ós rud é go bhfuil Assisi ar thaobh cnoic, d’fhás baile mór cúig chiliméadar uaidh, agus ar láthair leibhéalta tógadh an Bhaisleach, Santa Maria degli Angeli sa bhliain 1569 mórthimpeall an Porziuncola, d’fhonn an séipéal beag seo a chaomhnú ó shíon-ídiú. Bhí an Porziuncola mar áit chruinnithe ag na Proinsiasaigh ó 1215 A.D. Is mó míorúilt a tharla ann agus is mó aithríoch a tháinig ann ag lorg maithiúnais Dé. De réir fhorógra an Phápa Honorius III bhí lánloghadh le fáil ag éinne a ghuigh ann. Séipéal gleoite é a choimeádann an dreach agus an chuma beag bídeach ón lá a tógadh é ag na Beinidictigh. Feictear freascónna ar na ballaí agus tugtar aird ar leith ar an mballa cúil mar a bhfuil ‘An Pardún’ dá bhronnadh agus faoi sin tá freascó do ‘Theachtaireacht an Aingil’. Díreach in aice an Porziuncola tá an seomra ‘Trasna’, seomra beag ina bhfuair San Proinsias bás agus é faoi chúram San Clár is na Cláiríní. Tá na ballaí inmheánacha maisithe le ‘Cóir Ainglí ag Iompar Proinsias ar Neamh’. Tá Gairdín

02/02/2018 16:00


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.