3 minute read

An Misneach i measc an Phobail Tony Mac Cárthaigh

Tony Mac Cárthaigh Gníomhaí Pobail

An Misneach i measc an Phobail

Tá mé gafa le cúrsaí pobail le fada an lá. Tá sé soiléir go mbíonn na daoine agus na hoibrithe – atá ag obair ‘ar an dtalamh’ leo siúd atá ag streachailt go trom le bochtanas agus éadóchas agus fadhbanna éagsúla bainteach le handúil, easpa dídine, easpa airgid, iargúltacht, fadhbanna le meabhairshláinte, deacrachtaí clainne agus na héagóra difriúla atá mar dhlúthchuid den ‘chóras’ – go mór i ndainséar go mbeadh a spiorad agus a bhfuinneamh ‘ídithe, dóite’ agus in ísle brí. Tá baint agam le fi che cúig bliain anuas le ceiliúradh cuimhneacháin, ‘Friends Remembering Friends’, a bhíonn ar siúl gach Samhain in Ionad Pobail N. Aindriú, Rialto i lár chathair Átha Cliath. Ag an ócáid seo lastar coinnle agus léitear amach ainmneacha na ndaoine ón cheantar a fuair bás go tragóideach ó thinnis a bhíonn ceangailte le SEIF agus le handúil. Daoine óga a bhformhór acu. Tá a lán clanna a chaill triúr, ceathrar nó fi ú cúigear ball. Té sé de nós againn cuireadh a thabhairt d’aoichainteoir chun muid a spreagadh agus dóchas a chothú ionainn. Thug Richard Carsan ón charanacht ACET IRELAND inchur iontach inspioráideach dúinn ag an tseirbhís chuimneacháin dheireanach a tionóladh in Rialto mí na Samhna seo caite. Agus seo a leanas cuid den chaint a thug sé dúinn:

‘In anallód bhí dream daoine fostaithe chun an rud atá ar siúl againne inniu a dhéanamh – daoine a chaoineadh, na mairbh a chuimhneamh agus trácht thar fh ulaingt na ndaoine. Is amhlaidh go dtéadh lucht ceannais na gcathracha ó smacht ó am go ham. Chuaigh an chumhacht ina gceann dóibh, agus d’fh onn greim a choinneáil ar an gcumhacht sin deiridís le muintir na cathrach go raibh gach ní i gceart. Níorbh ann don éagóir, níor ghá na mairbh a chuimhneamh, níorbh ann don fh ulaingt ná ní raibh riamh. Ba ar an gcaoi sin a choinníodh siad muintir na cathrach faoina mbois. Ba ar an lucht caointe a thit sé éirí amach agus fírinne an scéil a insint. Dhiúltaigh siad gur faoi lipéid ar nós ‘andúileach’ nó ‘faighteoir leasa shóisialaigh’, nó lipéad víorais, agus ar an gcaoi sin amháin, a chuimhneofaí na mairbh. Fáithe a tugadh ar na caointeoirí. Fáithe falsa a tugadh ar na ceannairí sin a mhaíodh nach raibh aon éigeandáil ann. Is mó atá i gceist le caointeoireacht ná gníomh cuimhneacháin amháin, an dtuigeann tú. Is forógra fáidhiúil í in

‘Nuair a bhíonn misneach againn agus nuair a thugaimid na hainmneacha is dual dóibh ar nithe, gealann an dóchas.’

aghaidh an lucht ceannais. Is é atá inti, an fh írinne, á hardú ag an dobrón, os cionn an tséanta.

‘Ag tús an tsearmanais mheabhraigh Tony dúinn cén bhrí a bhí leis na coinnle a bhí lasta againn. Ar son na crógachta a lasadh ceann acu. Anois, féach gur teanga an-teoranta é an Béarla. Is saibhre go mór í an Ghaeilge nó is iomaí brí agus athbhrí a bhíonn ag focail inti, agus baineann na bríonna sin le cúrsaí an tsaoil, leis an gcolainn a bhíonn umainn agus na pobail dár díbh sinn. Is é ‘misneach’ an focal Gaeilge ar ‘courage’. Deirtear freisin ‘misneach a ghlacadh’, nó ‘to take heart’. Tá doimhneacht ag an bhfocal a thugann an bhrí eile atá leis le tuiscint – leas, dóchas.

‘Nuair a bhíonn misneach againn agus nuair a thugaimid na hainmneacha is dual dóibh ar nithe, tarlaíonn rud éigin. Gealann an dóchas. D’fh éadfaí gur coinneal bheag gheal ag lonrú sa dorchadas, nó leanbh leochaileach nuabheirthe a bheadh mar shiombal ar an dóchas sin.

B’fh éidir nach mbeadh de dhóchas agat ach an dá íomhá sin i d’aigne agat agus tú ag siúl amach as an áit seo inniu, agus tú faoi bhrón. Ach múscail do mhisneach, glac misneach. Soilsíonn an solas sa dorchadas agus níor mhúch sé fós é.’

Chuir focail Richard in iúl dom go mór cé chomh tábhachtach is atá sé, ár bhfi s, ár luachanna agus ár spiorad a chaomhnú agus a athghiniúint go minic agus go rialta. ‘San áit nach mbíonn fís, caitheann an pobal díobh gach srian.’ (Seanfh ocail 29:18)

Foclóirín: inchur = input; duine a chaoineadh = to lament someone; na mairbh a chuimhneamh = to remember the dead; andúileach = addict; dobrón = grief.

This article is from: