6
Tony Mac Cárthaigh Gníomhaí Pobail
An Misneach i measc an Phobail Tá mé gafa le cúrsaí pobail le fada an lá. Tá sé soiléir go mbíonn na daoine agus na hoibrithe – atá ag obair ‘ar an dtalamh’ leo siúd atá ag streachailt go trom le bochtanas agus éadóchas agus fadhbanna éagsúla bainteach le handúil, easpa dídine, easpa airgid, iargúltacht, fadhbanna le meabhairshláinte, deacrachtaí clainne agus na héagóra difriúla atá mar dhlúthchuid den ‘chóras’ – go mór i ndainséar go mbeadh a spiorad agus a bhfuinneamh ‘ídithe, dóite’ agus in ísle brí. Tá baint agam le fiche cúig bliain anuas le ceiliúradh cuimhneacháin, ‘Friends Remembering Friends’, a bhíonn ar siúl gach Samhain in Ionad Pobail N. Aindriú, Rialto i lár chathair Átha Cliath. Ag an ócáid seo lastar coinnle agus léitear amach ainmneacha na ndaoine ón cheantar a fuair bás go tragóideach ó thinnis a bhíonn ceangailte le SEIF agus le handúil. Daoine óga a bhformhór acu. Tá a lán clanna a chaill triúr, ceathrar nó fiú cúigear ball. Té sé de nós againn cuireadh a thabhairt d’aoichainteoir chun muid a spreagadh agus dóchas a chothú ionainn. Thug Richard Carsan ón charanacht ACET IRELAND inchur iontach inspioráideach dúinn ag an tseirbhís chuimneacháin
Timire Spring 2018.indd 6
dheireanach a tionóladh in Rialto mí na Samhna seo caite. Agus seo a leanas cuid den chaint a thug sé dúinn: ‘In anallód bhí dream daoine fostaithe chun an rud atá ar siúl againne inniu a dhéanamh – daoine a chaoineadh, na mairbh a chuimhneamh agus trácht thar fhulaingt na ndaoine. Is amhlaidh go dtéadh lucht ceannais na gcathracha ó smacht ó am go ham. Chuaigh an chumhacht ina gceann dóibh, agus d’fhonn greim a choinneáil ar an gcumhacht sin deiridís le muintir na cathrach go raibh gach ní i gceart. Níorbh ann don éagóir, níor ghá na mairbh a chuimhneamh, níorbh ann don fhulaingt ná ní raibh riamh. Ba ar an gcaoi sin a choinníodh siad muintir na cathrach faoina mbois. Ba ar an lucht caointe a thit sé éirí amach agus fírinne an scéil a insint. Dhiúltaigh siad gur faoi lipéid ar nós ‘andúileach’ nó ‘faighteoir leasa shóisialaigh’, nó lipéad víorais, agus ar an gcaoi sin amháin, a chuimhneofaí na mairbh. Fáithe a tugadh ar na caointeoirí. Fáithe falsa a tugadh ar na ceannairí sin a mhaíodh nach raibh aon éigeandáil ann. Is mó atá i gceist le caointeoireacht ná gníomh cuimhneacháin amháin, an dtuigeann tú. Is forógra fáidhiúil í in
02/02/2018 15:59