8
Eoghan Mac Cormaic Bainisteoir Forbartha, Glór na nGael
Comórtais Ghlór na nGael le Leathchéad Bliain Anuas Ar leathanaigh eile san eagrán seo den Timire tá alt ó choiste áitiúil Ghlór na nGael i Lios Tuathail, Co. Chiarraí, ina léirítear na saghasanna gníomhaíochtaí a bhíonn idir lámha ag an choiste (agus coistí eile dá réir) i rith na bliana. Is fiú mar sin san alt seo comhthéacs a dhéanamh do chomórtas Ghlór na nGael i saol an phobail Ghaeilge sa lá a bhí inné ann agus sa lá atá inniu ann. Is iomaí athrú atá tagtha ar shochaí na tíre seo ó bunaíodh an comórtas breis agus caoga cúig bliain ó shin. Ní raibh ach glúin imithe ó bhí Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad ann, nó fiú leathghlúin ann ón Dara Cogadh Domhanda. Bhí feachtas buamála in aghaidh staisiúin custaim ar an teorann – a Dhia ach bhí teorainn chrua ann sna laethanta sin – agus aontachtóirí ag tacú leis an teorainn... Ní raibh ré na heacnamaíochta domhanda fiú i mbrionglóidí lucht an rachmais in Éirinn, agus ní raibh spéirlíne aon bhaile in Éirinn briste le tada seachas spuaiceanna eaglaisí (nó an corrcholún iar-impireach mar a bhíodh Nelson tráth i mBaile Átha Cliath). Crainn thógála ní raibh ann. Bhí tramanna ar sráideanna na hardchathrach (go minic ag leanúint na mbealaí céanna agus a leanfadh an LUAS
Timire Spring 2018.indd 8
blianta fada ina ndiaidh), traenacha ag stopadh sna céadta bailte beaga ar fud na tíre, gach duine ag éisteacht le ‘Baile Átha Luain’ ar an raidió agus ‘teilifís’ mar ráfla ó na colcheathracha i Meiriceá… bheadh 90% agus níos mó de ghnó an ghnáthdhuine á dhéanamh laistigh de dheich míle ón bhaile, sna siopaí, oifig an phoist, an banc (ó am go ham) nó ag íoc táillí ceadúnas éigin i staisiún an Gharda áitiúil nó beairic áitiúil an RUC ó thuaidh b’fhéidir. Sna laethanta sin, b’é an nuacht is déanaí an ‘stop press’ sna nuachtáin tráthnóna; sreangscéal a thógfadh an scéal sa bhealach is tapúla ón bhaile, seachas litir sa phost (le seachadadh sé lá in aghaidh na seachtaine!) agus bhí boscaí guthán le cnaipe A&B i ngach sráidbhaile, cé nach raibh guthán tí ag mórán daoine. Agus labhair an pobal Béarla, ach labhair go leor leor acu, ó gach aois, Gaeilge chomh maith. Ach, níos mó ná aon rud suntasach faoi, is tír aonchine – fiú murach aonphobal de – a bhí in Éirinn. Ba sa tsochaí seo, cineál Éireann dár mbrionglóidí séimhe na laethanta seo, a chuir an tAthair Ó Fiaich agus an tAthair Ó Fiannachta tús le comórtas nua, le
02/02/2018 15:59