An Timire - Earrach 2018

Page 40

40

Matt Ó Maonaigh

Glór na nGael Lios Tuathail: Ag Smaoineamh Siar

Bhí Glór na nGael daichead bliain ar an bhfód i Lios Tuathail anuraidh. Bunaíodh an chéad chraobh san Óstán Listowel Arms sa bhliain 1977. Bhí mórphearsantachtaí na Gaeilge chomh maith le cosmhuintir an bhaile i láthair ag an gcéad chruinniú. Ina measc bhí an tAthair Diarmuid Ó Suilleabháin a bhí ina phríomhoide ar Choláiste Mhichíl an t-am sin agus a bhí ina Easpag ar Chiarraí níos déanaí. Bhí Colm Ó Tórna, a bhí ina thimire an t-am sin, ag cabhrú liom mar chathaoirleach i dtús báire chun an chraobh a cur ar a bonnaibh. An bhliain dár gcionn thosaíomar ar Pharáid (nach raibh ann sa mbaile le fada an lá) a eagrú chun Lá ’le Pádraig a chéiliúradh. D’éirigh go maith linn agus ó shin i leith tá sí ag dul ó neart go neart. Táimid i lár an aonaigh leis an nGaeilge ar an lá mór sin mar ón tús thugamar gach spreagadh do na grúpaí a ghlacann páirt ann Gaeilge a úsáid. Tá Duais na Gaeilge (corn) ar fáil don dream a bhaineann an úsáid is fearr aisti. D’éirigh linn le himeacht aimsire dul i ngleic leis an ngnó a bhí le déanamh againn, is é sin an baile mór a chur ar an leárscáil maidir le labhairt na teangan.

Timire Spring 2018.indd 40

‘Labhair Gaeilge Linn’ an nod a bhí againn ar na comharthaí bóthair ar gach taobh den bhaile. D’oscail an t-údar Dónall Mac Amhlaigh Seachtain na Scríbhneoirí bliain amháin agus dúirt sé ins na páipéir go raibh níos mó Gaeilge le cloisteáil aige ar shráideanna Lios Tuathail ná mar a chuala sé in aon áit eile. Bhí Brian Mac Mathúna, John B. Keane, Bernárd Ó Lúing, Louis Ó Murchú, timpeall na laethanta sin. Bhí comórtas nua líofachta cainte darbh ainm An Béal Beo i gcomhar le Seachtain na Scríbhneoirí ar siúl againn i rith na seachtaine sin. Bhíodh sé ar siúl againn ins an Teach Siamsa i bhFionnúig. Sa Teach céanna bhíodh oícheanta móra ceoil agus rince againn agus mar gheall ar ár rúnaí ag an am, Áine Ní Chinnéide, a bheith sáite sa ghluaiseacht PhanCheilteach bhídís linn mar aíonna nuair a bhíodh an Fhéile Phan-Cheilteach ar siúl i gCill Airne. Bhímis sáite san obair a bhain le ceithre Fhleadh Cheoil déag na hÉireann a reáchtáil i Lios Tuathail. Ár ngnó ab ea imeachtaí agus seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil an tseachtain roimh ré in Ionad na Gaeilge. Bhíodh aíonna speisialta againn cosúil le Liam Ó Maonlaí agus Breandán

02/02/2018 16:03


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.