4 minute read

Caiticiostaí Éamonn Ó Murchú

Éamonn Ó Murchú AGUS MÉ I MO STÓCACH ÓG

Agus mé i mo stócach sa bhunscoil, leabhar beag tanaí, lán de cheisteanna agus de fh reagraí le cur de ghlanmheabhair, a bhí mar chaiticeasma againn. Ós mo chomhair anois tá an Irish Catholic Catechism for Adults – leabhar toirtiúil le beagnach seacht gcéad leathanach! Ach is é an dá mar a chéile an dá chaiticeasma seo – ráitisí údarásacha de mhúineadh na heaglaise –leabhair a thugann eolas, iospioráid agus sólás don chroí , don anam agus don intinn.

Gluaiseacht idirnáisiúnta, fi or-spéisiuil is ea “Charter for Compassion” – “Cairt Truachroíoch”. curtha ar an bhfód i 2009 ag Karen Armstrong, Caitliceach Rómhánach de bhunadh Éireannach, iar-bhean rialta. Tá an Chairt bunaithe ar “An Riail Órdha” atá i ngach ceann de na trí mhór-reiligiúin Abrahamach – Giúdachas, Caitliceachas, Ioslamachas: “ná déan le daoine eile rudai nár mhaith leat go ndéanfai leat-sa”, agus sin an comh-cheangal mór idir na reiligiúin. Is ar an Riail seo is cóir duínn bheith ag díriú. Leagtar an-bhéim ar “compassion” (comhbhá), ní ar thrua – bheith ag fulaingt lenár gcomahsana, pé áit domhain a bhfuil siad. Déanadh forbairt ar an gCairt le cabhair ó smaointeoirí inspioráideacha mar Ard-Easbag Desmond Tutu, Imam Feisal Rauf, Banríon Noor ón Iordáin, an Dalai Lama, agus Paul Simon. Tá dhá chéim déag leis an gCairt seo a chur le chéile agus tugann Karen an-léargas ar an gcurchuige seo ina leabhar “Twelve Steps to a Compassionate Life”

Tagann an focal caiticeasma ó’n Ghréigis, agus ciallaíonn sé macalla nó athlua. Sular clóbhuailedh leabhair san 15ú aois, is trí mhúineadh ó bhéal a rinneadh teagasc agus foghlaim. Le leabhair athraíodh an módh múinte go ceist, freagra agus athrá. An cuspóir a bhí agus atá leis an gcaiticeasma ná cabhrú i gcaitheamh ár saoil le iompú (conversion) go glaoch an Athar chun naofacht na beatha síoraí. Iarrtar ar Chríostaithe bheith mar fh innéithe do Chríost agus don Eaglais chun Ríocht Dé a chur chun cinn le grá, síocháin agus trócaire.

Nuair a bhí mé sa bhunscoil bhí an saol níos simplí. Bhí creideamh agus reiligiún bunaithe cuid mhaith ar rialacha agus fi ú ar “eagla an Tiarna”. Bhí an cultúr agus an timpeallacht ina raibh muid lonnaithe seasta go maith freisin.

Inniú tá ilghnéitheacht de chuile shórt ag roinnt leis an saol, an iliomad tuairimí á gcraobhscaoileadh trí na meáin chumarsáide agus síor-díospóireacht ar siúl. Ceann des na mór-chúiseanna go bhfuil caiticeasmú chomh dúshlánach

inniu nach lia duine ná tuairim.

Tá sé ráite is athráite gurb é an dushlán is mó atá romhainn ná an t-aos óg a mhealladh ar ais chun na hEaglaise. Dúirt Ard-Easbag Diarmaid Martin, tar-éis an reifrinn deireannaigh nach mór don Eaglais scrúdu a dhéanamh faoi chonas atá sí ag frestal ar an óige. Ná faighimis locht ar an aos óg. Tá ionrachas, macántacht, carthannacht, féin-mhuinín, gliondar, trócaire agus tuiscint ag roinnt leo – agus iad ag lorg treorach.

Siad Scrioptúr agus Traidisiún an dá bhun-chloch agus ár gcreideamh á sheachadadh againn ó ghlúin go glúin. Caithfi dh gach éinne, go háirithe an óige, bheith rann-pháirteach sa bhfeachtas agus an dá bhun-phrionsabal Chríost - grá Dé agus grá don chomharsa chun tosaigh i gcónaí. Tá dea-shampla an Pápa Francis ag taisbeáint treo nua duinn, treo atá oscailte, fáilteach, ceiliúrach, in áit a bheith rúnda, dorcha, píonósasch.

Is baill muid uilig de Pobal Dé, tré bhreith spioradálta de thoradh ár gcreideamh i gCríost agus an Baisteadh. Sa phobal seo tá pápai, easpaig, fi r agus mná in oird reiligiuin, agus tuataí Tá a bhfreagrachtaí féin ag gach aicme agus dualgaisí orainn go léir comhoibriú le chéile dá réir. Cuireann seo focal “meitheal” chun chuimhne. Caithfi dh meitheal na heaglaise i ngach ceanntar obair as lámha a chéile chun ár gceann scríbe – Riocht Dé –agus deimhin a dhéanamh go mbaileofar sinn go léir isteach in iothlainn Dé.

Bealach iontach le daoine óga a chur ag caint agus ag éisteacht is ea an “Cairt Truachroíoch.” Sa reifreann deireannach – cumá má aontaítear nó muna n-aontaítear leis an toradh - thaispeáin an t-aos óg go bhfuil an-chomhbhá acu le daoine eile a shamhláitear a bheith deifriúil agus a bhíonn go minic ar an imeall, dá dheasca.

Nárbh iontach tús a chur le gluaiseacht chun an chairt seo a chur ag feidhmiú i ngach eaglais, mosc agus sionagóg ar fuaid an domhain, agus seans a thabhairt do dhaoine féachaint ar a dtraidisiún féinig, é a athghlacadh chuchu féin, agus sa chaoi seo deimhin a dhéanamh de go bhfuil reiligiún mar fh oinse síochána sa domhan seachas cúis easaontais agus argóna. Seo bealach le bheith i gcomhpháirtíocht leis an ilghnéitheacht thart orainn sa bhaile agus i gcéin, bealach le cuireadh a thabhairt don óige bheith rann-pháirteach i ngníomhaiocht atá dearfach agus bunaithe ar ghrá Dé agus ar ghrá Dé do na comharsana.

Tagann focal an Ríordánaigh chun cuimhne: Níl cuil, níl leamhan, níl beach Dar chruthaigh Dia, níl fear, Nach dualgas dúinn a leas, Níl bean; ní ceadmhach neamhshuim A dhéanamh dá n-imní;

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA MHEÁN FÓMHAIR: CAITICIOSTAÍ Go dtuga caiticiostaí fi anaise trína mbeatha a chaitheamh de réir an chreidimh a fh ógraíonn siad.

Foclóirín: stócach = buachaill óg; toirtiúil = mór; seachadadh = cur ar aghaidh, ó ghlúin go glúin; i gcomhpháirtíocht = i bpáirt le chéile; ilghnéitheacht = go leor taobhanna éagsúla de rud Nod don eolach: www.charterforcompassion.org

This article is from: