4 minute read

Uisce Éamonn Mac Lochlainn

Éamonn Mac Lochlainn

UISCE

Bhí cónaí orm ar feadh tamall de bhlianta sa Ghambia, tírín bheag in iarthar na hAfraice. Tá an aeráid ansin an-éagsúil leis an aeráid atá againn in Éirinn – dhá shéasúr atá ann, séasúr fada tirim agus séasúr gearr fl iuch. Is maith is cuimhin liom deireadh an tséasúir thirim, an t-am is teo sa bhliain – am trom, marbhánta, meirbh, plúchta le dusta. Am gránna. Bhí trí chéim le tabhairt faoi deara le teacht na báistí... scamaill sa spéir, gaoth láidir (is fíorannamh a bhíonn níos mó ná leoithne éadrom gaoithe sa tír sin) agus ansin cith le clagarnach millteach báistí. Le cúpla seachtain roimh ré d’fh eicimis scamall ag dorchú , stoirm ghaoithe ag éirí... ach geallúint in aisce a bhíodh ann. Ansin faoi dheireadh thiar thall thagadh scamaill, gaoth, agus – buíochas le Dia – báisteach bhreá throm! Chaitheadh na buachaillí óga a gcuid éadaí díobh agus siúd amach leo ag béicíl, ag léim agus ag rince ag fáiltiú roimh an uisce, meangadh mór bánfh iaclach ar a n-aghaidheanna beaga dubha. Chuireadh na daoine fásta buicéid aon áit a bhféadfaí an t-uisce luachmhar a bhailiú. Ní leanadh an bháisteach ach b’fh éidir leath uair an chloig, agus gach seans nach bhfaighimis cith eile go ceann seachtaine nó níos mó, ach ba leor an méid sin. An mhaidin dar gcionn bhíodh feithidí beaga cró-dhearga nach bhfacthas le bliain ar fud na ngarraithe, agus laistigh de chúpla lá bhíodh glaise féir ag éirí áit nach raibh le feiceáil le míonna ach créafóg nocht ghainmheach…

Níl dóthain measa againne in Éirinn ar an mbáisteach, ná ar an bhfl úirse uisce atá againn.

Leacht dochreidte luachmhar is ea an t-uisce. Míníonn eolaithe dúinn go bhfuil cuma faoi leith ar mhóilín uisce – móilín pólach atá ann – agus dá bharr sin gur féidir go leor substaintí éagsúla a thuaslagadh in uisce... sin an fáth, mar shampla, gur féidir le plandaí na mianraí is riachtanach dóibh a iompar aníos ón gcré, agus go bhfuil an fh uil in ann ábhar bia agus ocsaigin a iompar ar fud ár gcolainn. Timpeall 60% den chorp daonna, uisce atá ann. Bhí mé in éineacht le heolaí tráth nuair a chonaiceamar sagart ag coisreacan uisce, agus dúirt an t-eolaí liom, “Is é an t-uisce atá ag beannú an tsagairt, ní a mhalairt!”

Cé go bhfuil timpeall is 70% de dhromchla an domhain clúdaithe le huisce – na farraigí – agus 97% de uisce an domhain iontu, ní féidir an t-uisce sin a ól toisc an tsalainn atá ann. Den 3% fíoruisce ar domhan tá 69% de ina oighear agus 30% faoi thalamh. Fágann sin 1% os cionn talún, agus níl ach timpeall trian de sin i locha agus in aibhneacha ionas

Leacht dochreidte luachmhar is ea an t-uisce agus draíocht ag baint leis.

go bhfuil teacht againn air le húsáid le hól, nó le haghaidh cúrsaí cócaireachta agus glanta. Cheapfadh duine, mar sin, go dtabharfaimis an-aire don fh íoruisce seo, ach faraor, ní hamhlaidh atá. Tá anchuid den fh íoruisce sin á lot againne, an cine daonna, agus gach sórt truaillithe á dhoirteadh isteach sna haibhneacha agus sna locha ó mhonarchana agus ó fh eirmeacha, gan trácht ar thruailliú ‘nua-aimseartha’ an uisce faoi thalamh le leithéidí fraiceála. Dá dheasca sin tá timpeall 2.5 billiún daoine, sin duine as gach triúr beo nó mar sin, gan teacht acu ar fh íoruisce glan. Deirtear go bhfaigheann páiste bás gach 20 soicind de dheasca uisce truaillithe.

Nuair a bhí tú ar scoil b’fh éidir gur fh oghlaim tú cuid de ghnéithe iontacha an uisce – an bealach a gcosnaíonn an t-uisce reoite, (an t-oighear), na héisc sa gheimhreadh; siúl na bhfeithidí ar a dhromchla; an sainteas ard atá aige a thugann seasmhacht do theocht an domhain, agus míle rud eile; ach mura bhfuil fonn eolaíochta ort táim cinnte go gcuireann gleoiteacht na gcalóga sneachta agus áilleacht an bhogha ceatha gliondar ar do chroí.

Tá draíocht ag baint le huisce. Meallann sé muid. Cois locha nó cois abhann nó cois farraige a théann daoine ar saoire. Áiteanna mar sin a phioc Críostaithe le mainistreacha a thógáil – ní gá dom ach Cluain Mhic Nóis nó Gleann Dá Locha nó Sceilg Mhichíl a lua. Tá tarraingt ag uisce ar anam an duine. Rugadh an Eaglais nuair a shil fuil agus uisce as cliathán Chríost ar an gcros dó ar Chalvaire. Le huisce an Bhaiste a thosaíonn saol duine mar Chríostaí. Tá sé breis agus 10 mbliana anois ó dúirt ráiteas ón Vatacáin: “Is iomaí duine atá beo, bocht, go háirithe sna tíortha atá ag forbairt ar fud an domhain, atá ag saothrú an tsaoil ó lá go lá, mar gheall nach bhfuil a ndóthain uisce acu, nó mar gheall nach bhfuil an t-uisce sin sábháilte le hól. Is iad na mná is mó a bhíonn ag fulaingt. Dóibh siúd a bhíonn ag sracadh leis an nganntan, is é an t-uisce an chloch is mó ar a bpaidrín, níl déanamh á uireasa. Is ceann de bhunriachtanais agus de bhunchearta an tsaoil é”. Is mithid dúinn an méid sin a ghlacadh chun croí.

Is Bráthair Críostaí an t-údar.

Foclóirín: dromchla = barr ruda; tuaslaig = leacht a dhéanamh de ábhar; ag coisreacan = ag beannú; ganntan = easpa ruda; oighear = uisce reoite; sainteas = teas áirithe / faoi leith; dá dheasca sin = dá bharr sin Nod don eolach: www.Stfrancis_pledges

This article is from: