4 minute read

Tá an teanga slán i Minnesota Clár Johnson

Timire Croí na hÓige

TÁ AN TEANGA SLÁN…IN MINNESOTA

Clár Johnson

Suite in Aerfort Halifax, Nova Scotia, atá mé i láthair na huaire ar theacht abhaile dom ó Minnesota na Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ní fh éadfainn a leithéid de rud a shamhlú riamh, ach, anseo atá mé agus súil á caitheamh siar agam ar bhliain iontach éachtach mar Chúntóir Teagaisc Gaeilge de chuid chlár Fulbright.

Ní aon ionadh é gurbh gá dom neart taighde a dhéanamh ar Minnesota i ndiaidh dom dámhachtain Fulbright a bhaint amach i mí Bealtaine na bliana seo caite. Ní raibh cur amach dá laghad agam ar chuid sin na Stáit Aontaithe ach amháin go mbeinn scanraithe ag an ngeimhreadh dian fada a thiteann amach gach bliain – rud a bhí feicthe agam sa scannáin ‘Fargo’ agus is cinnte nach dtugtar dealéargas den áit sa léiriúchán áirithe sin. Is eol dom anois áfach go bhfuil clú agus cáil ar thírdhreach eisceachtúil álainn Minnesota, ceantar ina bhfuil breis agus 10,000 loch ann agus anuas air sin, rugadh Bob Dylan AGUS Prince ann, nach iontach na fi ricí siúd!

Thuig mé go maith go raibh éileamh ar áiseanna Gaeilge ar fud na Stáit Aontaithe agus ar an oirchósta go mórmhórach ní raibh mé ag súil go mbeadh suíomh chomh beomhar ag fanacht orm thall.

Naonúr tosaitheoirí a bhí sa rang Gaeilge agam in Ollscoil Naomh Thomáis, St. Paul, nó UST mar a thugann na daoine áitiúla uirthi. Ag cúnamh le hÁth Cliathach eile a bhí mé agus muid beirt ag plé le pearsantachtaí móra an mheániarthair – nach í an Ghaeilge a mhaireann na carachtair? Bhí daoine ag glachadh páirte sa rang ar chúiseanna éagsúla idir chúrsaí oidhreachta agus chúrsaí teangeolaíochta. De réir scéala, tharla sé sna blianta caite go raibh mic léinn ann ag súil gurbh é Béarla na hÉireann a bhí i gceist le ‘Irish Gaelic’ agus baineadh geit ollmhór astu ar an chéad lá sa rang – níl mórán a chuireann ionadh orm ina dhiaidh sin a chloisteáil.

Bhí mé ag obair sa phobal ó am go chéile freisin leis an ngrúpa áitiúil, Gaeltacht Minnesota. Is iad Meiriceánaigh atá mar mhúinteoirí ag an ngrúpa seachtainiúil a reáchtáltar sa mheánscoil áitiúil mar chuid den chlár oideachais do dhaoine fásta. Tá daoine ann le hos cionn deich mbliana agus ghlac ochtar déag páirt sa seimeastar nua do ghlantosaitheoirí le déanaí. Chonaic mé an rath céanna ar an teanga in Dallas agus i gCathair Kansas nuair a bhí mé ag múineadh ag ceardlainne deireadh seachtaine le linn na bliana. Bheadh sé deacair a leithéid a bhaint amach áit ar bith in Éirinn ach tá sé ag tarlú go rialta ar fud Mheiriceá.

‘Tír na Gaeilge reoite’ is ea sluán Ghaeltacht Minnesota agus is féidir liom a dhearbhú anois nach ag déanamh áibhéile a bhíonn daoine. Thosaigh an sneachta i lár mhí na Samhna agus mhair sé go dtí deireadh mhí Aibreáin –geimhreadh chomh fada ní fh eicfi dh mé go deo arís táim ag súil. Dúradh liom go dtiocfaidh an fh uacht go sciobtha ach níorbh fh éadfainn mé féin a ullmhú don teocht de -32 a bhuail linn i mí Eanáir. Ní chreideann mo mháthair go bféadfadh sé tarlú ach téann tú i dtaithí ar an aeráid mar gheall go leanann an gnáthshaol ar aghaidh in ainneoin crá croí na haimsire. É sin ráite, níor éirigh liom na cosáin reoite a smachtú le linn an deich mí agus tá ballbhrúnna fós orm mar choilm Catha Minnesota.

Ba dheas an faoiseamh é Minnesota

Clár, Azzurra (ón Íodáil) & Lara ( ón nGearmáin) ar bharr Túr Willis, Chicago

Tír na Gaeilge reoite’ is ea sluán Ghaeltacht Minnesota.

a fhágáil um Nollaig agus neart taistil a dhéanamh ar fud na Stáit Aontaithe. Thug mé féin agus beirt chúntoírí teagaisc eile (bhí breis agus 400 againn ar fud na tíre) faoi thuras bóthair eisceachtúil trí dheisceart na tíre agus d’éirigh liom cuid mhór den tír a fheiceáil le linn an dara seimeastar leis. Sa deireadh, chaith mé oíche codlata in 18 stáit agus chonaic mé iontais mhóra na tíre amhail an Grand Canyon, Túr Sears in Chicago, Times Square um Nollag agus Biorán Spáis Seattle. Ní raibh mé ar thóir eachtraíochta anuraidh nuair a chuir mé isteach ar an gclár, níor thuig mé céard a bhí uaim, ach eachtraíocht den scoth a fuair mé sa bhliain deiridh idir chultúir, chairde nua, theangacha éagsúla, thaithí oibre agus pearsanta dár ndóigh. Beidh sé ina bhuaicphointe saoil go deo na ndeor.

Foclóir: Dámachtain = scoláireacht; sluán = mana

COMÓRTAS

Cuirfear cóip den leabhar An Tiomna Nua & Leabhar na Salm

go dtí an chéad duine a fhreagróidh an cheist seo: Ainmnigh údar ceann de na soiscéil?

Freagra ar charta poist go dtí An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha cliath 2 Buaiteoir an chomórtais deireanaigh:

Máire Mhic Ghearailt, Mayfield, Bóthar Cnoc an Scioból, Deilginis, Co. Bhaile Átha Cliath Freagra: An Spáinn. Cóipeanna de Conair na Fraince agus Srapnal buaite aici

This article is from: