4 minute read

Deiseanna don Óige Louise Farrell

Louise Farrell DEISEANNA DON ÓIGE

INTINN UILECHOITEANN AN PHÁPA DO MHÍ MHEÁN FÓMHAIR 2015 Go dté i líonmhaireacht na deiseanna oideachais agus fostaíochta atá ar fáil do dhaoine óga

Nuair a smaoiním féin ar dheiseanna oideachais agus fostaíochta atá ar fáil do dhaoine óga anois, tagann focal amháin chugam – an t-idirlíon. Thug mé faoi deara anuraidh, agus mé i mbliain na céime, agus tugaim faoi deara anois mar mhúinteoir Gaeilge go bhfuil ról ollmhór ag an idirlíon sa seomra ranga, sa halla léachtóra agus sa domhan oibre . An cheist shíoraí ná an bhfuil an t-idirlíon ag cur feabhais ar na deiseanna oideachais agus fostaíochta atá ar fáil do dhaoine óga nó an bhfuil an ollphéist mhór seo ag laghdú na ndeiseanna seo?

An deis oideachais is mó atá ar fáil do dhaoine óga ar ollscoil anois ná foghlaim neamhspleách ar an idirlíon, dar liom féin. Tá an t-idirlíon ag tógáil freagracht ón léachtóir agus á tabhairt ar ais don mhac léinn. San am atá caite, b’fh oinse an eolais é an léachtóir. Anois, is é ról an leáchtóra ná chun éascaíocht a dhéanamh do na mic léinn agus iad ar a mbóthar taighde féin. Tá i bhfad níos mó modúl ar fáil ar líne anois, le físeáin de léachtóirí ag míniú na nótaí. Tá fáil ag mic léinn anois ar fh íseáin de na léachtóirí is fearr agus ar an eolas is cruinne sa domhan. Tá saol na hollscoile ag athrú, is dóigh liom. I ndeich mbliana, beidh leagan pártaimseartha ar líne ar fáil de gach cúrsa ollscoile agus beidh mic léinn in ann céim iomlán a fh áil sa mbaile, ina n-am féin, gan chostas breise lóistín agus taistil. Mar a dúirt mé cheana, tá an chumhacht ag athrú lámh – ó na hollscoileanna go dtí an mac léinn féin. Ciallaíonn sé seo go bhfuil na teorainneacha traidisiúnta a bhaineann le foghlaim sa halla léachtóra ag athrú. Níl ach feabhas le teacht ar na méid eolais agus caighdeán an eolais sin atá ar fáil do mhic léinn ar líne. Tá feabhas ag teacht ar na deiseanna oideachais atá ar fáil dúinn, gan amhras ar bith.

Deirtear go minic go bhfuil an t-idirlíon ag déanamh dochair d’fh ostaíocht timpeall an domhain. Deich mbliana ó shin, bhí daoine ag teastáil chun seirbhísí a chur ar fáil, ach anois tá na seirbhísí seo ar fáil ar líne. Féach ar bhaincéireacht idirlín – ní gá dom cuairt a thabhairt ar an mbainc agus déileáil le duine ar chor ar bith feasta. É sin ráite, tá sé éasca dearmad a dhéanamh ar an méid postanna atá an t-idirlíon ag cruthú faoi láthair.

Má théann tú ar aon suíomh fostaíochta inniu, feicfidh tú go bhfuil éileamh ollmhór ar chéimithe le scileanna mhargaíocht dhigiteach agus scileanna códúcháin. Tá duine amháin sa bhreis ar a laghad ag teastáil anois ag beagnach gach uile chomhlacht sa tír chun cothabháil a dhéanamh ar shuíomh idirlín an chomhlachta. Is deis suntasach í seo do dhaoine óga agus iad compordach le teicneolaíocht ó aois an-óg. Tá tacar sainscileanna acu nach bhfuil ag fostaithe

Ní féidir liom aontú le daoine a deir go bhfuil an t-idirlíon ag déanamh dochair d’fhostaíochta agus d’oideachas.

níos sine atá an-luachmhar d’fh ostóir ar bith. Anuas ar sin, tá na daltaí scoile anois níos oilte arís ná na céimithe. Sa scoil ina bhfuil mé ag múineadh, bíonn ceardlann chódúcháin ar siúl do dhaoine óga gach Satharn agus tá éileamh mór uirthi. Léigh mé alt suimiúil le déanaí ina ndúirt Mark Zuckerberg, bunaitheoir Facebook, an méid seo: “In fi fteen years we’ll be teaching programming just like reading and writing. We’ll be looking back and wondering why we didn’t do it sooner”. Measaim go bhfuil an ceart aige. Tá deis iontach ann do dhaoine óga chun buntáiste a bhaint as na scileanna teicneolaíochta atá acu agus iad in iomaíocht le fostaithe níos sine a bhfuil níos mó taithí acu. Is am corraitheach é do chéimithe óga mar gheall ar seo, dar liom.

Ní féidir liom aontú le daoine a deir go bhfuil an t-idirlíon ag déanamh dochair d’fh ostaíocht agus d’oideachas. Don duine fi osrach atá ag iarraidh eolas agus scileanna nua a fh oghlaim, tá deiseanna oideachais agus fostaíochta ag méadú mar gheall ar fh ás an idirlín. Go dté i líonmhaireacht na deiseanna seo.

Is múinteoir meánscoile i mBaile Átha Cliath í Louise Farrell

Foclóirín: tacar = bailiúchán; sainscileanna = scileanna speisialta; códúchán = cur i gcatalóg

This article is from: