4 minute read

Aibhleoga an Dóchais is an Ghrá Brian Ó Fearraigh

An tAth Briain Ó Fearraigh AIBHLEOGA AN DÓCHAIS AGUS AN GHRÁ

Amhrán mór grá de chuid na Gaeilge, a tháinig anuas mar oidhreacht luachmhar againn ó ghlúin go glúin agus a cheoltar go binn, glórach fá na dúichí seo, amhrán den teideal, Tá mé i mo shuí ó d’éirigh an ghealach aréir. Mar ruball ar cheathrú de chuid an amhráin seo, tá na focla: “Nuair a théid sé fán chroí, cha scaoiltear as é go bráth.” Ar ndóighe, tá seo ag déanamh tagairte don ghrá agus an greim a fh aigheann an grá, nuair a théann sé go croí i nduine. Mar aoirí na hEaglaise, chan dochar ar bith dúinn ligint d’intinn Shoiscéalaíochta an Phápa, atá leagtha os ár gcomhair mar shlat tomhais do mhí na Samhna, greim croí a fh áil orainn inár ministreacht laethúil. Is focla iad, atá ag cur thar maoil le splancacha céille agus a bhfuil doimhneacht dúshlánach diagachta ag sileadh astu, d’aoirí uilig na hEaglaise dár dual leo iad a thuigbheáil.

Is cinnte go leagann an Pápa béim faoi leith ar theachtaireacht agus ar thábhacht an ghrá ina chuid teachtaireachtaí agus teagaisc fh ónta, mar atá déanta aige san intinn Shoiscéalaíochta áirithe seo. Grá domhain dílis, láidir do phobal Dé agus don uile dhuine a chastar orainn agus a bhfuil sé de phribhléid againn a bheith ag freastal orthu fríd ár ministreacht sa tSagartóireacht, seo an tslat tomhais a leagann sé romhainn.

Is fíor go mbaineann coimpléasc bunúsach le Proinsias mar dhuine, ach maidir leis an treoir a thugann sé agus ó thaobh sampla a shaoil féin de, níl éiginnteacht de shórt ar bith i gceist don té a chaitheann cóta Chríost. Ó shuigh Proinsias i gcathaoir Pheadair, creidim go bhfuil snáithe choitianta amháin a bhíonn fi te fuaite go minic ina chuid cainte le haoirí na hEaglaise, is é sin, go gcaithfi dh aibhleoga an dóchais, chomh maith le bláire an ghrá a bheith láidir inár gcroí istigh agus muid i measc na ndaoine. Bheireann sé treoir dúinn, amharc chun tosaigh, dóchas láidir inár gcroí ár dtiomáint ar aghaidh go muiníneach i gcónaí. Anuas air seo, leagann sé béim faoi leith ar a bheith, ag gríosú agus ag misniú phobal naofa Dé atá faoinár gcúram, chan amháin le briathra ár mbéil ach le bearta fi úntacha ár saoil chomh maith.

Dúshlánach ‘s uile mar atá an méid seo, bíodh sé de mhisneach againn i dtólamh, tabhairt faoi shaol an Chríostaí a chastar orainn inár bpobal a dhíriú ar bheatha Chríost féin. Mar bhunchloch ar an obair mhór seo, tá meas agus urraim an uile dhuine, idir leanbh is liath fíorthábhachtach. Caithfi dh muid cuidiú agus tacú lenár bpobal a bpointeáil iomlán a aimsiú, chomh maith lena mbeatha spioradálta a chothú, seo uilig a thabhairt chun críche i gcomhthéacs mhian Chríost dúinn.

Tá seo ag tagairt don ghreim a fhaigheann an grá, nuair a théann sé go croí i nduine.

Mar chrann taca ar an mhinistreacht luachmhar seo, bíodh a fh ios againn go bhfuil an t-aoire maith, Íosa Críost É féin linn i rith an ama agus muid ag treabhadh i bhfíonghort s’aige, go díreach mar a bhí sé leis na deisceabail ina dtráth. Tá Críost taobh linne a chuid aoirí, le tacaíocht ‘s treoir, le sólás ‘s faoiseamh a thabhairt, go háirithe nuair a bhíos an obair trom tuirsiúil. Cha dtig linn leisce nó eagla de shórt ar bith orainn tiompú chuige ar bhonn rialta, chan amháin lenár gcloigeann a shíneadh ar a ghualainn, ach fosta le hól go domhain as tobar an tsíorghrá atá aige dúinn. Tá tábhacht faoi leith leis an cheangal phearsanta seo le Críost inár saol laethúil, is é sin, go mbeadh ceangal láidir grá idir croí Íosa, croí an tsagairt agus croí an Chríostaí a mbíonn muid ag freastal orthu. Tá an chinnteacht tugtha dúinn go soiléir, is é sin, nach bhfuil muid linn féin nuair a bhíos obair an Tiarna idir lámha againn, ach go bhfuil Tiarna na hoibre dár gcoinneáil idir A dhá lámh féin chomh maith agus Eisean ár stiúradh ar aghaidh, ar an ábhar sin chan miste dúinn a rá go muiníneach: “Is é an Tiarna a thugann cuidiú dom.” (Eabhraigh 13:6)

Mar aoirí de chuid na hEaglaise, chan miondheachtóirí muid a bhfuil pobal faoi leith faoinár gceannas le slat an tíoránaigh inár lámh againn. Creidim go bhfuil taithí ag go leor ar an dochar agus an damáiste a rinne a leithéid de mhúnla mhinistreachta i gclapsholas na staire. A mhalairt de mhinistreacht atá i gceist ag Proinsias dúinn, múnla atá ar maos agus ar cur thar maoil le; trua croí, cineáltas, uirísle, ceansacht agus foighne, (Colosaigh 3:12), leis an ghrá mar bhun agus barr agus fi te fuaite fríd ar an iomlán. Bíodh an méid seo bunaithe ar a bhfuil ráite ag Críost É féin linn sa Scrioptúr beannaithe: “Tá aithne úr á thabhairt agam daoibh; go dtabharfadh sibh grá dá chéile; mar a thug mé grá daoibhse.” (Eoin 13:34) Nuair a bhíonn grá againn dá chéile, bíonn grá againn do Dhia agus a mhalairt. Chan amháin gur dhúirt sé an méid seo linn ach dúirt sé fosta, i dtaca leis an ghrá: “As sin a beidh fh ios ag cách gur deisceabail liomsa sibh.” (Eoin 13:35)

Is sagart de chuid deoise Ráth Bhoth é Brian Ó Fearraigh INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA MHÍ NA SAMHNA: AOIRÍ Go ndéana aoirí na hEaglaise a dtréada a thionlacan le grá domhain agus iad a bheoú lena ndóchas

Foclóirín: chan = ní; aibhleoga = píosaí móna nó guail atá fós dearg, ar lasadh; amharc = féachaint; i dtólamh = i gcónaí; miondheachtóirí = deachtóirí beaga

This article is from: