34
An tAth Briain Ó Fearraigh
AIBHLEOGA AN DÓCHAIS AGUS AN GHRÁ
Amhrán mór grá de chuid na Gaeilge, a tháinig anuas mar oidhreacht luachmhar againn ó ghlúin go glúin agus a cheoltar go binn, glórach fá na dúichí seo, amhrán den teideal, Tá mé i mo shuí ó d’éirigh an ghealach aréir. Mar ruball ar cheathrú de chuid an amhráin seo, tá na focla: “Nuair a théid sé fán chroí, cha scaoiltear as é go bráth.” Ar ndóighe, tá seo ag déanamh tagairte don ghrá agus an greim a fhaigheann an grá, nuair a théann sé go croí i nduine. Mar aoirí na hEaglaise, chan dochar ar bith dúinn ligint d’intinn Shoiscéalaíochta an Phápa, atá leagtha os ár gcomhair mar shlat tomhais do mhí na Samhna, greim croí a fháil orainn inár ministreacht laethúil. Is focla iad, atá ag cur thar maoil le splancacha céille agus a bhfuil doimhneacht dúshlánach diagachta ag sileadh astu, d’aoirí uilig na hEaglaise dár dual leo iad a thuigbheáil. Is cinnte go leagann an Pápa béim faoi leith ar theachtaireacht agus ar thábhacht an ghrá ina chuid teachtaireachtaí agus teagaisc fhónta, mar atá déanta aige san intinn Shoiscéalaíochta áirithe seo. Grá domhain dílis, láidir do phobal Dé agus don uile dhuine a chastar orainn agus a bhfuil sé de phribhléid againn a bheith ag freastal orthu fríd ár ministreacht sa tSagartóireacht, seo an tslat tomhais a leagann sé romhainn. Is fíor go mbaineann coimpléasc
Timire AUTUMN 2015.indd 34
bunúsach le Proinsias mar dhuine, ach maidir leis an treoir a thugann sé agus ó thaobh sampla a shaoil féin de, níl éiginnteacht de shórt ar bith i gceist don té a chaitheann cóta Chríost. Ó shuigh Proinsias i gcathaoir Pheadair, creidim go bhfuil snáithe choitianta amháin a bhíonn fite fuaite go minic ina chuid cainte le haoirí na hEaglaise, is é sin, go gcaithfidh aibhleoga an dóchais, chomh maith le bláire an ghrá a bheith láidir inár gcroí istigh agus muid i measc na ndaoine. Bheireann sé treoir dúinn, amharc chun tosaigh, dóchas láidir inár gcroí ár dtiomáint ar aghaidh go muiníneach i gcónaí. Anuas air seo, leagann sé béim faoi leith ar a bheith, ag gríosú agus ag misniú phobal naofa Dé atá faoinár gcúram, chan amháin le briathra ár mbéil ach le bearta fiúntacha ár saoil chomh maith. Dúshlánach ‘s uile mar atá an méid seo, bíodh sé de mhisneach againn i dtólamh, tabhairt faoi shaol an Chríostaí a chastar orainn inár bpobal a dhíriú ar bheatha Chríost féin. Mar bhunchloch ar an obair mhór seo, tá meas agus urraim an uile dhuine, idir leanbh is liath fíorthábhachtach. Caithfidh muid cuidiú agus tacú lenár bpobal a bpointeáil iomlán a aimsiú, chomh maith lena mbeatha spioradálta a chothú, seo uilig a thabhairt chun críche i gcomhthéacs mhian Chríost dúinn.
30/07/2015 12:51