4 minute read

Ambasadóirí thar cheann Chríost Seán Mac Cumhaill

An t-Ath Seán Mac Cumhaill AMBASADÓIRÍ THAR CEANN CHRÍOST IN A MBEATHA AGUS INA MBÁS

Rugadh Pilar Tilos i Hinoba-an, an baile is faide ó dheas i gcúige Negros Occidental, Negros, oileán ins Na Filipíní atá beagnach ar chomh-achar le Tuisceart Éireann, ar 12 Deireadh Fómhair 1941. Chaith Pilar na blianta ina múinteoir i Hinoba-an. Ag an am céanna bhí sí anghnóthach ina paróiste.

Ach sa bhliain 1989 d’éirigh Pilar as a cuid oibre chun bheith ina misinéir tuatach leis na Colmbánaigh. Tar éis ullmhú a lean naoi míosa chuaigh sí go dtí An Phacastáin in éineacht le beirt eile, Gloria Canama, muinteoir ó Mindanao, agus Emma Pabera, príomh-oide ó Negros Occidental.

Nuair a rugadh Pilar, Emma agus Gloria ní raibh aithne acu ar shagairt Filipíneacha. Ba mhisinéirí eachtrannacha formhór na sagart sa tír. Ní raibh aon misinéirí tuatacha ann ar chor ar bith.

Toisc gur mná iad Pilar, Gloria agus Emma bhí orthu a gcuid ama a chaitheamh le mná sa Phacastáin. Cé go raibh bean, Benzir Bhutto, ina príomhaire sa tír sin agus an triúr go fóill ann, is beag tábhacht a bhí ag mná. Agus ba mheasa fós an áit a bhí ag mná a bhí ina gCríostaithe sa tír sin in a bhfuil 97 faoin gcéad den daonra ina Muslamaigh. Agus is beag oideachais a bhíonn ag cailíní.

Chuir sé ionadh an domhain ar na daoine a mbíodh an triúr Filipíneach i dteagmháil leo gur éirigh siad as a bpostanna mar mhúinteoirí chun bheith in éineacht leo, mná a bhí bocht, idir Críostaithe agus Muslamaigh. Bhí anmheas ag na daoine ar an dtriúr toisc go raibh orthu Punjabi a fh oghlaim. Scríobh Pilar faoina frustrachas ag an am: “Bhí amannta ann nuair ba mhaith liom an leabhar a chaitheamh ag an múinteoir. Ach thug na daoine bochta seo sa chathair dóchas dom agus shocraigh mé leanúint ar aghaidh ag foghlaim a dteanga.”

Ba chuid dá bhfi aniase mar mhisinéiri Críostaithe an t-ómós a thug siad do chultúr na Pacastáine, do chreideamh na ndaoine idir Muslamaigh agus Críostaithe. Mar Chríostaithe Caitliceacha bhí siad ag tabhairt ómóis Chríost féin do na daoine lena raibh siad anois ina gcónaí.

Tar éis don triúr trí bliana a chaitheamh sa Phacastáin tugadh cuireadh dóibh trí bliana eile a chaitheamh ann tar éis saoire ins Na Filipíní. Ghlac siad go fonnmhar leis an gcuireadh seo, rud a thug gliondar dá gcáirde sa Phacastáin.

Faraoir, d’éag Pilar go tobann agus í ina gcodladh ar 4 Eanáir 1996. Ní raibh a muintir in ann dul go dtí an tsocraid, ceal víseanna. Dúradh liom nach bhfuil

Gloria, Emma & Pilar le cairde sa Phacastáin

Bhí anmheas ag na daoine ar an dtriúr toisc go raibh orthu Punjabi a fhoghlaim.

sé de nós ag mná sa Phacastáin dul go dtí socraid ach ghlac alán, Muslaimaigh ina measc, páirt i socraid Pilar toisc an grá agus meas a bhí acu di agus toisc a gcumha. Bhí Pilar fós ina misinér ag a socraid féin. B’fh éidir gur cheart a rá go raibh sí in a misinéir go háirithe ar an ócáid sin.

Múinteoir eile a bhí ina misinéir, go háirithe tar éis a báis, ab ea Lim Yean Sin, Elizabeth, a d’éag i bhFidsí ar 4 Samhain 1994 de heipitíteas agus gan ach 23 bliain slánaithe aici. Baisteadh í agus í san ollscoil ina tír dúchais, An Chóiré.

Chuaigh sí go dtí Fidsí mar mhisinéir tuatach Colmbánach sa bhlian 1994 in éineacht le beirt bean Cóiréach eile, Bok Ja agus Yean Han, agus bhí sí fós ag staidéar Hiondúis, príomh-theanga an 38 faoin gcéad den daonra de shliocht Indiach sa tír, nuair a bhuail an tinneas í. Chuaigh a tuismitheoirí, nach raibh ina gCríostaithe, chun Fidsí agus é ar intinn acu a cuid luaithrigh a thógaint thar nais go dtí An Chóiré. Ach nuair a chonaic siad an meas, grá agus brón i measc na bhFidsíoch dá n-iníon bhí siad sásta go gcuirfí í san áit ina bhfuair sí bás agus dúirt, “Tá sí sa bhaile anois i bhFidsí.” Bliain tar éis bháis Yean Sin baisteadh a tuismitheoirí sa Chóiré agus tamall ina dhiaidh sin deirfi úr léi.

Ghlaoigh Comhairle Vatacáineach II ar an Eaglais i ngach tír misinéirí a chur go dtí tíortha eile, glacadh le misinéirí ó thíortha eile agus ghlaoigh ar thuataigh páirt iomlán a ghlacadh sa mhisean a thug Íosa Críost don Eaglais.

Ba dhaoine le “díograis mhisinéireactha” iad Pilar agus Lim Yean Sin. Ghlaoigh Dia ar Philar Tilos éirí as a post mar mhúinteoir agus a stádas ina pobal féin a íobairt ar son an tSoiscéil agus dul go dtí An Phacastáin mar “ambasadóir thar ceann Chríost” (2 Cor 5:21) ar son mná bochta sa tír sin, Muslamaigh agus Críostaithe nach raibh stádas ar bith acu in a bpobail féin .

Agus ghlaoigh Dia ar Chríostaí nua sa Chóiré, Lim Yean Sin, dul go Fidsí, ní mar mhisinéir don lucht Indiach ansin, mar a shíl sí, ach mar “ambasadóir thar ceann Chríost” dá muintir féin sa Chóiré.

Ina mbeatha agus ina mbás d’fh ógair Pilar agus Yean Sin, mar bhaill dá bpobail Chríostaí Áiseacha ins Na Filipíní agus sa Chóiré, an Soiscéal dóibh siúd a bhí ag feitheamh leis.

Is sagart Colmbánach ins Na Filipíní é an t-údar.

Foclóirín: gliondar = áthas mór; eachtrannach = a thagann ó thaobh amuigh den tír; Fidsí = Fiji

This article is from: