3 minute read

Máire Nic an tSaoir-Bean Rialta faoi agallamh Katie Mc Greal

Timire Croí na hÓige

BEAN RIALTA: MÁIRE NIC AN TSAOIR

Katie McGreal

Tháinig an tSiúr Máire Nic an tSaoir go dtí clochar Shiúracha an Adhartha ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste beagnach dhá bhliain ó shin. Bhí saol níos ciúine agus níos moille á lorg aici agus fuair sí é sin.

Tá seisear eile sa chlochar. Is í Máire an duine is óige díobh agus tá nócha bliain bainte amach ag an duine is sine. Tá séipéal beag sa chlochar agus bíonn Aifreann acu ann gach lá. Tá cead ag an bpobal dul isteach sa séipéal uair ar bith. Tá bácús acu freisin ina ndéanann siad an t-arán do na haifrinn ar fad sa deoise.

Saol ciúin a bhíonn ag na mná rialta: ní labhraíonn siad le chéile ach amháin nuair a bhíonn gá acu leis. Mar sin cuireann Máire fáilte roimh chuairteoirí i gcónaí.

‘Tugann siad deis cainte dom,’ a deir sí.

Is breá léi an pobal a fh eiceáil ag teacht. Tugann siad misneach di agus léiríonn go bhfuil pobal na heaglaise beo beathach.

‘Deir neart daoine go bhfuil an eaglais marbh, ach níl. Seo í an eaglais bheo,’ a deir sí faoi na daoine a thagann isteach chucu.

Is minic a chasann Máire leis an bpobal amuigh ar an tsráid agus í ag siúl. Iarrann siad uirthi minic go leor paidir a rá ar son an duine seo nó an duine siúd.

Roimhe seo chaith Máire ocht mbliana i gclochar i Nua Eabhrac. D’oibrigh sí in ionad anraith le haghaidh daoine gan dídean formhór an ama a bhí sí ann. Bhain sí an-sásamh as an obair sin agus as an saol thall freisin. Ach i ndiaidh ocht mbliana mhothaigh sí rud éigin ina croí ag iarraidh uirthi dul ar ais go hÉirinn.

Bhí a fh ios ag Máire go raibh sí le bheith ina bean rialta ó bhí sí cúig bliana d’aois.

‘D’fh iafraigh an múinteoir díom céard ba mhaith liom a dhéanamh nuair a bheinn níos sine,’ a deir sí. ‘A bheith i mo bhean rialta,’ a d’fhreagair sí.

Tar éis do mhná spéis a léiriú sa saol rialta, bíonn orthu roinnt blianta a chaitheamh i gclochar le deimhin a dhéanamh de gurb é sin dáiríre atá siad ag iarraidh a dhéanamh. Ina dhiaidh sin tugann siad trí mhóid: bochtanas, umhlaíocht agus geanmnaíocht.

‘D’fh iafraigh roinnt daoine díom cén fáth go dtabharfadh duine móid umhlaíochta. Ach má tá post agat caithfi dh tú a bheith umhal don duine atá i gceannas ort.’

Ní chiallaíonn an mhóid bhochtanais nach bhfuil rud ar bith ag mná rialta.

Máire is a Comhluadar, Clochar an Adhartha, Br na bhFál Ciallaíonn sé go roinneann siad gach a bhfuil acu. Cibé rud atá sa chlochar nó ag an gclochar is le gach duine é.

‘Airgead ar bith a shaothraímid as an arán a dhéanaimid, téann sé ar ais isteach sa chlochar nó isteach sa bhácús féin,’ a deir sí. ‘Ní ar mhaithe le brabús a dhéanaimid é.’

Níl fón póca ná ríomhaire glúine ag aon duine de Shiúracha an Adhartha, ach bíonn teacht acu ar fhón tí agus bíonn cead acu an t-idirlíon agus ríomhaire a úsáid uaireanta.

‘Tá cead againn dul ar an idirlíon ar an Domhnach, ach fiú an méid sin féin ní dhéanaim go minic é,’ a deir Máire.

Rud tábhachtach faoi bheith ina bean rialta do Mháire is ea go mbaineann sé leis na rudaí ar fad a rinne Dia sa domhan seo. Níl sí ag iarraidh a bheith gafa leis an teicneolaíocht. Ach tá sí ag iarraidh buíochas a ghabháil as gach rud atá inár dtimpeall anois díreach.

This article is from: