3 minute read

Dán: Beirt Bhan Bríd Dáibhís Laudato Si Éamonn Mac Lochlainn

36 DÁN

BEIRT BHAN BRÍD DÁIBHÍS

Ar bhruach na Níle in aoibhneas na maidine, Chonac uaim í ón mbus bean Núbach. ar asailín bán; A feisteas dubh suntasach i measc na ndathanna Glé maguaird.

Cos dheas léi sínte le muin an bheithígh, Á ghreadadh go héadrom; A cabhail chaol cromtha ar aghaidh. Mheasas go raibh fuadar fúithi.

Cén beart a bhí roimpi an mhaidin seo? Gnáthscéal nó dea-scéal a ligean? Pér bith é ba mheidhreach a healaín Ag bogadaíl le rithim an tsodair.

Thug sí chun cuimhne bean eile Ag marcaíocht go meidhreach Tríd na sléibhte go hAin Kairim, Agus seoid na séad á iompar aici.

Bhí a croí ag pléascadh inti Go neosfadh sí rún na n-aoiseanna Dá col ceathrair Éilís agus Go gcloisfeadh sí a scéal-sa siúd

Éamonn Mac Lochlainn

LAUDATO SI

Nóta faoi LAUDATO SI, imlitir an Phápa Proinsias faoi chúram ár mbaile coiteann, an Domhan

Chuala mé easpag Phort Láirge á rá le déanaí gurb é seo an imlitir is tabhachtaí a tháinig ón Róimh ó am Rerum Novarum, an imlitir cáiliúil a scríobh an Pápa Leo XIII sa bhliain 1891. Ní dóigh liom go raibh an ceart ag an easpag, áfach, mar cé go raibh an imlitir sin antabhachtach bhí sé ag plé leis an ngaol ba cheart a bheith idir daoine san ionad oibre; tá an ceann seo níos tabhachtaí mar go ndéanann sé plé le fíricí a bhaineann ní amháin le gach gné dár saol daonna ach le chuile créatúir beo a mhaireann ar domhan chomh maith.

Seo an chéad uair riamh i stair na hEaglaise, go bhfi os dom, ar ghlac an Eaglais le tuairimí na n-eolaithe faoi chúrsaí tabhachtacha faid agus bhí na h-eolaithe féin beo – cuimhním ar leithéidí Galileo agus Darwin ar ghlac an Eaglais lena raibh a rá acu bhlianta fada tar éís a mbáis. Más mall is mithid.

Amhail imlitreacha eile a thagann ón Vatacáin ó am go h-am tá an imlitir seo fada agus trom le léamh, agus mar sin níl sé ar aigne agam é a phlé go mion – tá súil ag an Timire plé leis de réir a chéile le h-imeacht ama – ach tá sé fúm mar shórt blaiseadh, b’fh éidir, aire ár léitheoirí a dhíriú ar an méid a rinne an Papa ar Twitter ag an am céanna. Mar is eol daoibh ní féídir ach beagáinín a scríobh i ‘tweet’ ar bith, agus mar sin ní mór bheith gonta sa mhéid a scríobhann tú. Le lá go leith nó mar sin ón lá ar foilsíodh LAUDATO SI scríobh an Pápa ‘tweet’ gach 20 nó 30 nóiméad nó mar sin – 63 cinn ar fad, agus tugann siad tuairim dúinn ar an méid a bhí san imlitir. Phioc mé na cinn seo leanas...

1. Tugaim cuireadh don uile dhuine domhainmhachnamh a dhéanamh ar an dúshlán atá romhainn aire a thabhairt don bhaile seo atá againn i gcoitinne. 2. Athrú san aeráid ceann de na dúshláin is mó atá romhainn inniu. 3. Fadhb an-mhór amháin atá le réiteach is ea nach bhfuil uisce folláin ar fáil do na bochta. 4. Ní mór dúinn éisteacht le caoineadh na Cruinne agus le caoineadh na mbochtán. 5. Tá sé de dhualgas ar gach comhluadar an domhan a chosaint agus a chinntiú go mbeidh sé torthúil do na glúine atá le teacht. 6. Tugann Dia a áit féin sa Chruinne don uile chréatúr mar go bhfuil cion aige orthu. 7. Os ar scáth a chéile a mhairimid, ní mór dúinn smaoineamh ar phlean amháin don domhan ar fad.

Nod don eolach: www.Stfrancis_pledges

This article is from: