3 minute read
Oideas: Glóthach Fia-úll Síle Ní Chearbhall
GLÓTHACH FIA-ÚLL Le Síle Ní Chearbhaill
Chuala mé, agus mé ag fás aníos, scéalta faoin dtrioblóid a bhaineann le glóthach fi aúll a dhéanamh. Níor thuig mé go díreach cad a bhí ann- subh de chineál éigin- ach bheartaigh mé nach dtabharfainn faoi choíche!
D’insíodh mo mháthair scéalta dom faoina hóige, scéalta faoi fh ómhair i dteach plódaithe le málaí de ghlóthach fi a-úll, scéalta faoin ullmhúchán roimh ré agus faoin nghlanadh suas ina dhiaidh. Anuraidh thainig mé trasna ar mhargadh feirmeoirí agus cheannaigh mé próca de ghlóthach fi a-úll do mo sheanmháthair. Thaitin sé go mór léi agus bheartaíomar ár nglóthach féin a dhéanamh. Bhí imní orm ach fuair mé amach go raibh an obair níos éasca agus níos glaine ná mar a chuala mé le linn m’óige.
COMHÁBHAIR:
6lbs (2.7kg) Fia-úlla ( is féidir úlla cócaireachta a úsáid) 4 ½ pionta (2.9L) uisce Sú agus forchraiceann 2 líomóid Siúcra 6 Chlóbh
MODH:
. Nigh na húlla agus gearr gach ceann i gceithre phíosa. Ná bhain an craiceann nó an croí ach bain aon bhallbhrú de na húlla. Cuir i sáspan iad leis an uisce, an sú agus forchraiceann líomóide agus na clóibh. Suanbhruith ar feadh thart ar 40 nóiméad nó go mbíonn an meascán ina laíon. 2. Cas an laíon isteach i mála glóthaí 2. Cas an laíon isteach i mála glóthaí (is féidir é seo a cheannach nó is féidir (is féidir é seo a cheannach nó is féidir ceann a dhéanamh as chlúdach piliúir ceann a dhéanamh as chlúdach piliúir nó muislín) agus croch thar bhabhla é. nó muislín) agus croch thar bhabhla é. Bhailigh an sú a thagann den laíon. Fág Bhailigh an sú a thagann den laíon. Fág thar oíche é chun an sú ar fad a bhailiú. 3. Tomhais an sú agus tomhais 1lb (450g) siúcra le haghaidh gach pionta (475ml) den sú. Téigh an siúcra in oigheann ag teocht íseal. 4. Nigh prócaí in uisce te le gallúnach. Triomaigh agus cuir bunoscionn in oigheann iad ag 180c. 5. Fiuch an sú i sáspan mór agus cuir an siúcra leis. Tuaslaig an siúcra sa mheascán ag suaitheadh an t-am ar fad. Fiuch ar feadh 10 nóiméad gan é a shuaitheadh. Bearr an cúr bán de le spúnóg. Tástáil é (cuir ar phláta fuar é, brúig le do mhéar é, má rocann sé tá sé réidh). Cuir sna phrócaí ullmhaithe é. Clúdaigh agus lipéadaigh. lipéadaigh.