4 minute read
Rúndiamhar na hÁilleachta Úna Ultach
Timire Croí na hÓige
RÚNDIAMHAIR NA hÁILLEACHTA
Úna Ultach
Ní cheannaím irisí ‘áilleachta’. Fuair mé amach go measartha luath i mo shaol nach mothaím riamh gránna ach amháin nuair a léim iad. Bím ag siúl, ag preabadh, ag damhsa trí mo shaol go saonta, ag smaoineamh faoi rudaí suimiúla, fi úntacha – an pholaitíocht, an obair, an grá.
Ansin, mar a tharla dom inniu agus mé i seomra feithimh an dochtúra, thóg mé iris áilleachta i mo lámh. Anois, go tobann, tá an méid mhícheart ag mo thóin, tá an cruth contráilte ag mo mhalaí agus níl mo chraiceann mín go leor.
D’imigh mé amach ón dochtúir le mo chloigeann cromtha – leis an mhothú ghruama go raibh ag teip orm go bunúsach mar bhean. (Nuair a smaoiníonn tú air, tá sé cineál cruálach na hirisí seo a bheith i seomra feithimh an dochtúra – áit a mbíonn daoine faoi ualach tinnis agus buairimh, áit nach bhfuil brú breise gan chiall de dhíth orthu faoi stíleanna gruaige nó mascára).
Bhí alt san iris faoi ‘áilleacht nádúrtha’. Léigh mé sin, ar dtús, ag smaoineamh go mbeadh sé fóirsteanach do bhean neamhoilte ar chúrsaí gleoiteachta cosúil liomsa. Ní thaitníonn sé liom nuair atá smideadh chomh tiubh le masc ar aghaidh mná, ná gruaig ag seasamh chomh crua le cloch.
Áilleacht nádúrtha – gan amhras, is tarraingteach an smaoineamh é. Ach, b’fh éidir gur thomhais tú cheana féin, agus mé ag léamh iris áilleachta, nach raibh an t-alt áirithe seo ag insint dom go raibh mé go breá an dóigh a raibh mé.
Go bhfuil áilleacht in achan duine agus gurb iad sult sa tsaol, gáire teolaí agus sonas ionat féin na rudaí is áille le feiceáil in aghaidh ar bith. Gur chóir dom gan bheith chomh neamhchinnte díom féin agus go bhfuil sé in am dom an clábar smididh uilig a chaitheamh sa bhosca bruscair.
Ní raibh sé faoi áilleacht intleachtúil, phearsantachta ná chruthaitheach. Níor luaigh sé an tarraingt a mhothaíonn tú nuair a fh eiceann tú solas an chineáltais i súile duine eile, nó splanc an spraoi ag lasadh iontu. Níor phléigh sé an áilleacht is féidir a chur in iúl le do chuid focal, nó cad é mar a thraenáiltear do shúil chun áilleacht a aithint sa ghnáthshaol thart ort.
Há há há. Ná bí amaideach. Nach tú atá soineanta! Nár dhúirt mé leat gur in iris ‘áilleachta’ a léigh mé é. Iris bunaithe ar thionscal na gcosmaidí, ar fi ú £17 billiún sa bhliain é sa Ríocht Aontaithe amháin. Mar sin, bhí treoracha ann le cuidiú liom áilleacht nádúrtha a bhaint amach. Miontreoracha casta.
Cad é mar a chaitear na huaireanta ar do chuid gruaige le hamharc mar a bheifeá i ndiaidh léim amach as an leaba mar sin. Cad é mar a phioctar na malaí go leor go mbíonn siad néata – ach chan barraíocht go mbeidh a fh ios ag daoine go ndearna tú é.
Agus do chraiceann. Is bunchloch na háilleachta nádúrtha é an craiceann mín, bog, gan teimheal. Agus de réir an ailt seo, bheadh ar mo chraiceann bheith mar an t-aon chaitheamh aimsire a bheadh agam chun an ‘chuma nádúrtha’ a bhaint amach.
Tá tiomantas as cuimse de dhíth don ghlanadh is don ghalú, do na maisc, an tonóir agus an t-uachtar. (Ní thuigim an téarmaíocht go fi ú – cad é an difear idir lóis, balsam agus séiream?).
Caithfi dh mé éirí as an bhia mhí-fh olláin agus an fíon, ar ndóigh. Beidh orm codladh na hoíche a fh áil i gcónaí (ach chan ar éadaí leaba déanta as cadás mar tabharfaidh sin roic dom!). Níl mórán
nádúrtha faoi do shaol a rialú thart ar do chraiceann.
Is dóigh é go dtugann an chaint agus an gáire roic dom fosta.
B’fhéidir go bhfuil an áilleacht mhínádúrtha níos nádúrtha? An duine a smearann giota smididh uirthi féin taobh istigh de chúig bhomaite ar maidin in áit bheith dúghafa ag a gcuid pór agus roic. B’fhéidir go bhfuil ionracas san aghaidh bhréagach. Mothaíonn an ‘áilleacht nádúrtha’ seo uilig cosúil le cur i gcéill millteanach, an dóigh a bpléitear leis sna hirisí, ar scor ar bith.
Ar ndóigh, is ann don áilleacht. Ní rud amháin atá inti ach míle agus milliún rud difriúil. Tá daoine ann le craiceann gleoite, le súile mealltacha, le gruaig shuntasach. Cinnte, tá. Ní gá dóibh carn mór buidéal a cheannach chun a gcuid áilleachta a bhaint amach ach oiread.
Ach taobh amuigh de sin, ní dóigh liom go bhfuil cosmaid chomh héifeachtach ar domhan ná bean agus í ag baint sult as an tsaol agus í sásta, muiníneach inti féin – a mhalairt den rud a bhfaighidh sí ó na hirisí seo. Mar sin, is é mo ghealltanas inniu, os comhair na léitheoirí agus phobal mór na Gaeilge, nach léifidh mé oiread is leathanach de nimh na n-irisí gránnachta seo arís i mo shaol.
Is colúnaí rialta í at t-údar leis An tUltach.
Foclóirín: gan teimheal = gan smál; tiomantas = a bheith a thiomáint ag dúil i rud
Foilsíodh an t-alt seo in Eagrán mí Bealtaine, ‘15 den t-Ultach’