3 minute read

Dialóg Pádraig Standún

Pádraig Standún DIALÓG

Plé le daoine ar mhalairt tuairme leat

Is dóigh go bhfuil an Eaglais Chaitliceach ar cheann de na heagraíochtaí is mó ar domhan atá i mbun dialóg den uile chineál. Bíonn dialóg idireaglasta nó eiciúméineach ar siúl go rialta, dialóg idirchreidimh leis na reiligiúin mhóra, dialóg le tíortha an domhain ar chúrsaí síochána agus bochtanais, gan trácht ar shaoirse creidimh. Taobh istigh de na deoisí agus paróistí bíonn i bhfad níos mó dialóg ná mar a bhíodh, toisc go bhfuil daoine seachas an chléir ag glacadh páirt níos iomláine i gcúrsaí creidimh.

Deirtear go meileann muillte Dé go mall, agus is minic gur cúrsai dialóg is cúis leis, ach is maith sin mar go dtugann sé daonlathas éicint d’Eaglais atá hiararcach ar an gcuid is mó de.

Ní inniu ná inné a thosaigh mise ar cheisteanna móra a phlé le daoine ar mhalairt tuairime. Bhí mé i láthair in Óstán an Dóilín ar an gCeathrú Rua ar an 24ú lá de Mheitheamh 1987 nuair a seoladh an leagan Gaeilge de “Clár na Comhsheilbhe”, Forógra pháirtí na gCumannach le Karl Marx agus Friedrich Engels. Tá mo chóipse sínithe ag Micheál Ó Ríordáin, uachtarán na gCumannach in Éirinn ag an am sin, agus bhí comhrá agam leis an Dr. Nollaig de Brún an oiche chéanna, fear a bhí lonnaithe i Ros a’ Mhíl ag an am. Ní hé go raibh mo chuid airgid ar chapall an Chumannachais, agus is maith nach raibh, mar go raibh Balla Bherlin le titim cúpla bliain ina dhiaidh sin. Ach ní raibh mé ró-thógtha le lucht caipitil ach an oiread.

Cúig bliana fi chead níos deireanaí fuair mé cuireadh an chéad leabhar a ndearnadh cinsireacht air in Éirinn a athsheoladh, “The House of Gold” leis an Árainneach, Liam O’Flaherty ó Ghort na gCapall. Bhí meascán de Chumannaigh agus de Chaitlicigh i láthair, agus daoine eile a raibh an dá rud measctha ina gcroíthe istigh. Ach bhí mé bródúil as an gcuireadh a fh áil agus an cor is cúiteamh a d’éirigh dá bharr, an dialóg, meas agus ómós idir daoine nach réitíonn a gcreideamh lena chéile.

Ba mhaith liom dialóg agus caidreamh níos mó a fh eiceáil sa tír seo, ó thuaidh agus ó dheas, idir Cumann N. Uinsean de Pól, mar shampla, agus páirtithe beaga na heite clé agus neamhspleáigh i nDáil Éireann, abair, faoi chúrsaí bochtanais. Is cosúil go bhfuil bearna mhór, faoi láthair, idir tuairimíocht na ndaoine seo agus fealsúnacht an Phápa Proinsias i leith na mbocht, cé go bhfuil na cuspóirí céanna ag chaon dream faoin gceist.

Tá an chéad dréacht d’úrscéal scríofa

Ní hé go raibh mo chuid airgid ar chapall an Chumannachais.

agam ina bhfuil cúrsai creidimh agus ainchreidimh á bplé. Teastaíonn uaim dearcadh agus tuairimí an dá thaobh a thuiscint, agus gan mo chreideamh féin a chailleadh, ar ndóigh.

“Mac Dé, Cé hÉ?” an teideal atá ar an leabhar, agus baineann sé le lucht scannánaíochta ag teacht chuig an nGaeltacht le Dráma na Páise a thaifeadadh. Is aindiachaí é an léiritheoir, agus níl cuid de na daoine a bhí ag súil le “Ryan’s Daughter” eile, ar mhaithe leis an turasóireacht, róshásta. Dialóg istigh i m’intinn féin atá i gceist, le mantra Chríost maidir lena pharabail intuigthe: “Éist, má tá cluasa agat.”

INTINN UILECHOITEANN: DIALÓG: Go raibh fonn orainn teagmháil phearsanta agus dialóg a dhéanamh le cách, fi ú le daoine nach réitíonn a gcreideamh lenár gcreideamh féin.

Foclóirín: hiararcach = structúir ina bhfuil an cliarfh lathas ar a bharr; ar mhalairt tuairime = a bhfuil smaointe nó dearcadh eile ar fad acu; lonnaithe = ina chónaí; bródúil = mórálach; dréacht = leagan; aindiachaí = duine gan creideamh i nDia

LITREACHA BUÍOCHAIS DO CHROÍ RO-NAOFA ÍOSA

Nuair a bhíonn fonn ort gníomh buíochais a ofráil do Dhia, an gcuirfeá nóta beag gairid chugainn le cur sa Timire. Chabhródh sin le léitheoirí eile.

This article is from: