8 minute read

Im Leabharlann Dom An Tiomna Nua & Leabhar na Salm Seán de Fréine A Grammar of Modern Irish Tomás Ó Ceallaigh Ar Scáth a Chéile Rachael Nic Pháidín Rogha Scéalta Tomás Ó Ceallaigh

28

IM LEABHARLANN DOM

le Seán de Fréine

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm

Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 37 Sráid Líosain Íocht., BÁC 2, 2012.

606 lch; Praghas €15

Tuairim is bliain ó shin agus é ar intinn agam cúpla leabhar áirithe a cheannach, tháinig mé ar an tseod seo agus, ar ala na huaire, chinn mé ar í a chur le mo bheart. Go príomha, ba ar mhaithe le bheith in ann na sailm a léamh i bhfoirm áisiúil a dhéan me amhlaidh. Is díolaim chlasaiceach de fh ilíocht dhiaga na seanEabhraise atá sna sailm – 150 ceann díobh san iomlán, a chantaí le ceol i bhfad siar, in aimsir na bhfear.

Is líonmhar na sleachtanna a bhfuil eolas againn orthu cheana, nó atá ar bhreaceolas againn, rud a chuireann le taitneamh agus le tuiscint an léitheora. Féach salm 19, a bhaineann le Dia Dúileamh, cruthaitheoir an dúlra: ‘Fógraíonn na spéartha glóir Dé agus foilsíonn an fh irmimint saothar a lámh. Insíonn na laethanta an scéal dá chéile, agus tugann na hoícheanta an t-eolas dá chéile.’ Agus ar ndóigh,salm iomráiteach eile is ea salm 23: ‘Is é an Tiarna m’aoire; ní bheidh aon ní de dhíth orm. Cuireann sé féin i mo luí mé i móinéar féir ghlais. Seolann sé ar imeall an uisce mé mar a bhfaighim suaimhneas.’

I Salm 39 tá cur síos cáíliúil ar ghiorracht an tsaoil seo: ‘Nocht dom líon mo laethanta, ionas gurb eol dom neamhbhuaine an tsaoil. Is gairid an seal a thug tú dom, is neamhní ré mo shaoil id fh ianaise. Níl i neach dá maireann ach puth anála, agus gabhann an duine thart mar scáil. Gal gaoithe a shaibhreas go léir.’ Tá an téama céanna á reacaireacht i sliocht aitheanta eile i Salm 90: ‘Óir níl míle bliain id fh ianaise ach mar an lá a d’imigh tharainn inné, nó mar a bheadh faire na hoíche. Sciobann tú chun siúil iad amhail aisling, nó mar fh éar úrghlas na maidine.’

Aithrisítear téama na deoraíochta go sárchumasach i Salm 137, ‘Cois Sruthanna na Baibleoine’. Mar shamhchruit chaoin ag caoineadh Gael, caoineann an salmaire: ‘Cois sruthanna na Bablóine a shuíomar ag sileadh deor, ag cuimhneamh dúinn ar Shíon. Ar shaileoga na tíre sin chrochamar ár gcruiteanna. Óir an drong a rinne bránna dínn, d’iarr siad lúcháir orainn: “Scaoiligi chugainn,” a deiridís, “amhrán d’amhráin Shíon.” Conas a chanfaimis amhrán an Tiarna i dtír na gcoimhthíoch?’ Agus ansin buaicphointe corraitheach iomráiteach an tsailm: ‘Má dhéanaim dearmad ort, a Iarúsailéim, go gcrapa mo dheaslámh! Go gceanglai mo theanga de mo charball, mura gcuimhním ort, mura gcuire me Iarúsailéim mar bharr m’aoibhnis uile.’ Bí ag caint ar bhánchnoic Éireann ó!

Tá na samplaí seo ar fh eabhas. Mar aonad agus tríd síos, tá na haistriúcháin chomh maith le rud ar bith atá againn san nua-Ghaeilge. Is mór an buíochas is dlite don lucht aistriúcháin go léir, agus go háirithe don Mhoinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta, a bhí ina eagarthóir ginearálta ar an ollbheart aistrithe ar fad. Tá brollach breá ag dul le Leabhar na Salm, ina bpléann Pádraig ó Fiannachta gnéithe éagsúla de scéal na salm. Orthu sin tá: na Gaeil agus na Sailm; conas mar a d’fh ás an cnuasach (an tSaltair, mar a thugtar air); ról Dháiví Rí; fi líocht na hEabhraise (píosa an-chuiditheach spéisiúil); agus na sailm mar urnaí shíoraí, thar thréimhse 2,500 bliain anois. Mura raibh fi úntas ag gabháil leo, ní mhairfi dís thar an oiread sin de ghlúna. Ar ndóigh, ní féidir a rá go mbeidh tairbhe

Fógraíonn na spéartha glóir Dé.

spioradálta le baint ag gach léitheoir astu, nó go mbeidh a leithéid de leas á lorg ag cách a thugann fúthu. Ach geallaimse seo duit, má chuireann tú aithne orthu, cuirfi dh siad feabhas ar do chuid Gaeilge, agus ar do thuiscint ar cad tá i gceist ag lucht creidimh nuair a labhraíonn siad faoi bhuanghrá Dé. (Foilsíodh an chéad cuid den aiste seo ar na Sailm in Eagrán an Earraigh den Timire.)

Foclóirín: bhreaceolas = eolas measartha; reacaireacht = (dán) a rá os ard; coimhthíoch = eachtranach; charball = barr crua an bhéil; cách = gach duine

Tá muintir an Timire thar a bheith buíoch d’ár Léitheoirí ar fad. Go raibh mile maith agatsa

De bharr fh laithiulacht ár léitheoirí, nuair a d’iarr muid Tacaiocht

Eisceachtúi, tá muid in ann a dheimhniú go mairfi dh an Timire tamall eile! Ní bheidh orainn praghas na hirise a athrú, bíodh nach bhfuil deontas stáit á fh áil againn. Bímis cinnte go gcuirfi dh Dia a bheannacht orainn ar fad de bharr a bhfuil déanta agaibhse, ár léitheoirí, chun go naomhthar a Ainm Naofa. Cuimhneoimid ar a chéile in ár bpaidreacht agus ag an Aifreann Naofa. an Chroí Ró-naofa Cuimhneoimid ar a chéile in ár bpaidreacht agus ag an Aifreann Naofa.Timire

30

IM LEABHARLANN DOM

Tomás Ó Ceallaigh

A Grammar of Modern Irish

Pól Ó Murchú Le fáil ó: teangaleagan.com

394 lch; Praghas €22.50

Níl amhras ar bith ach gurb é seo an leabhar gramadaí Gaeilge is cuimsithí dá bhfuil ann don ghnáth-léitheoir. Dá chastacht an pointe gramadaí atá do do chrá, gheobhaidh tú cur síos iomlán agus údarásach ina leith anseo. Leabhar Béarla atá ann ar ndóigh agus maítear sa mbrollach go n-eascraíonn gach uile rud ann ón nGraiméar Gaeilge iomráiteach a d’fh oilsigh na Bráithre Críostaí in 1960. Deirtear sa mbrollach leis, gurb é sprioc an tsaothair seo ná míniú éasca a chur ar fáil ar na rialacha gramadaí atá curtha os ár gcomhair i mbun-shaothar na mBráithre. Níl drogall ar bith ar an scríbhneoir seo a rá go n-éiríonn go breá leis an saothar seo ar an iomlán, ach a Mhaighdean, ní mór don léitheoir a bheith foighneach agus díograiseach agus é i mbun a léite. Tá go leor den téarmaíocht scanrúil amach agus amach. Níl cur i gcéill ar bith ann maidir le húsáid an fh ocail ‘scanrúil’. Seo a leanas cuid de na téarmaí a chaithtear timpeall go liobrálach sa téacs: apodosis, proleptic function agus optative subjunctive. Níl nóisean ar bith ag an scríbhneoir seo céard tá i gceist leis na téarmaí thuas agus níl sé soiléir ar chor ar bith go bhfuil gá le téarmaí den sórt seo a chuirfeadh alltacht ar ghnáth-léitheoir. Bíonn bealach sothuigthe ann i gcónaí chun pointí gramadaí a mhíniú ach é a chuardach. Ná bíodh an cáineadh beag seo áfach, ina chúis ag éinne an leabhar seo a sheachaint ar bealach ar bith. Mar a dúradh ag an tosach is saothar údarásach é amach is amach – tá gach uile rud ann agus mar leabhar tagartha ar ghramadach na Gaeilge níl a shárú ann.

Rogha Scéalta

Pádraic Breathnach Cló Iar-Chonnacht 2014 388 leathanach; Praghas €15

Is éard atá sa leabhar seo ná bailiúchán de scéalta ó pheann Phádraic Breathnach thar tréimhse daichead bliain. Tá boladh láidir ó Éirinn na linne seo le braistint ar beagnach gach leathanach. Seo os ár gcomhair amach go lom, díreach, feiceann muid an tír úrnua atá cruthaithe againn uilig a bhfuil cosúlacht an-mhór aici le Meiriceá. Na carachtair atá ann, ní chuirfeadh sé ionadh ar bith ort dá bhfeicfeá iad i saothar éigin ó Paul Auster nó Raymond Carver. Na daoine a chuirtear ina mbeatha i leathanaigh an leabhair seo, tá siad á gcrá ag an saol ach le teann díongbháilteachta éigin, faigheann siad an spiorad agus an fuinneamh chun leanúint ar aghaidh. Ar ndóigh dá dhonacht é an saol, níl an dara rogha ann ach coinneáil ar aghaidh. Sna scéalta atá faoi chaibidil anseo againn buaileann muid leis an bhfear tuaithe atá míshocair, faireach agus é ar cuairt chuig cathair mhór Bhaile Átha Cliath, faigheann muid léargas ar intinn na mná singil atá théis bualadh le fear nua agus í gliondrach agus lán de dhóchas dá bharr agus seo chugainn freisin fear páirte na filíochta atá scantraithe as a mheabhair nuair a dhéanann sé iarrracht labhairt os comhair an tslua ag ocáid mhór litríochta. Sea, a mhic ó, seo é an staid daonna mar a fheictear do Phádraic Breathnach é, lán d’ eagla, d’uaigneas agus de scanradh. Is fánach atá aon nóta ceiliúradh sna leathanaigh seo ach is féidir an méid seo a rá faoi na carachtair uilig – táid uilig ag stracadh leis an saol agus ní dhéanann siad aon teitheadh uaidh. Prós gonta, soléite atá ann tríd síos agus blas Connachtach go smior ann. Is é an scoláire Brian Ó Conchubhair a roghnaigh na scéalta agus tá réamhrá breá scríte aige a thugann comhthéacs dúinn d’obair uilig an Bhreathnaigh. Má tá saothar cruthaitheach ag teastáil uait a théann i ngleic le hÉire na linne seo, níl a shárú ann.

Rachael Nic Pháidín

Ar Scáth a Chéile

Dánta agus Gníomhaíochtaí don Bhunscoil maraon le dhá dhlúthdhiosca Úna Uí Rócháin

47 lch; Praghas €20.00

Chaith mé seal ag léamh ‘Ar Scáth a Chéile’ agus ag breathnú ar na smaointe atá ann. Thaitin sé go mór liom. Roghnaigh mé an dán ‘Lá Spóirt’ agus chaith mé seachtain air sa rang mar cheap mé gur dán oiriúnach a bhí ann don rang (Rang 2) agus don am don bhliain. Tá neart éagsúlacht sa leabhar agus is cinnte go bhfuil rud éigin spreagúil ann do gach rang sa bhunscoil. Is áiseanna iontacha iad na gníomhaíochtaí a thagann le chuile dán. Tá éagsúlacht arís ann sna gníomhaíochtaí seo gur féidir leis an múinteoir an cheacht a mhúineadh ag braith ar chumas an ranga. Bhain na páistí an-sult as an dáin agus bhí fiúntas ag baint le na gníomhaíochtaí a rinneamar leis.

This article is from: