An Timire - Fómhar 2015

Page 1

F���������� Í������� F����� 2015 €3.75/Stg£3.25

Uisce ■ Rúndiamhair na hÁilleachta

Im Leabharlann Dom ■ Deiseanna don Óige

Dán ■ Crosfh ocal

Timire

www.timire.ie

an Chroí Ró-naofa

Timire AUTUMN 2015.indd 1

30/07/2015 12:50


Eagarfh ocal

GLACADH LE DEIS IS DÚSHLÁN

A

Chairde Gaeil, Tá cupla údar gáirdis ag Muintir an Timire an Fómhair seo. Tá uimhir ár léitheoirí imithe i bhfad thar 1000 agus os cionn 1000 cóip de Timire an Earraigh 2015 díolta. Ní fíos cé mhéid daoine a léann gach cóip ach go hiondúil áirítear go léann níos mó ná duine amháin aon chóip crua a cheannaítear. Sa bhreis air sin tá altanna ón Timire le léamh ar shuíomh idirlíon, tearmann.com; suíomh deoise Ard Mhacha; tré shuíomh na n-Íosánach: www.jesuit.ie agus ar ár suíomh féin www.timire.ie. Nuair a d’iarr muid Síntiús Tacaíochta ar ár léitheoirí, tráth ar bhain Foras na Gaeilge an deontas beag dínn bhí sibhse ár léitheoírí dílse fial flaithiúil thar na bearta leis an iris. Tá muid a bhuíoch díbh, agus thar a bheith buíoch do Dhia. Mairfaimid tamall eile! CAINT FAOIN RÓIMH Is beag trácht a fheicim i nuachtáin ar pháipéar nó ar líne in Éirinn faoin a bhfuil ag tárlú de bharr ghníomhartha is caint ár bPápa Proinsias, ná faoi rudaí eile san Eaglais Chaitliceach ná in aon Eaglais eile, seachas alt fánach anseo is ansiúd sna nuacháin Bhéarla. Is trua sin. Tá diospóreachtaí bhríomhara dúisithe ag Proinsias. Tá uaidh go mbeidh an tuathphobal agus údaráis na hEaglaise Chaitlicí ag caint is ag éisteacht le chéile faoin teaghlach. Pléifidh Easpaig an domhain an cheist arís sa bhFómhair. Tá baol ann go bhfágfar pobal na hÉireann dall ar phlé na ceiste go dtí go mbeidh sé geall le bheith thart, mura dtosaíonn

meáin na Gaeilge ag tabhairt áird ar a bhfuil ag tarlú. Is cosúil ag an bpoinnte seo gur fearr leis na meáin Gaeilge is Bhéarla muid a fhágail sa dorchadas. SLIOCHT SLEACHTA AR SHLIOCHT BHUR SLEACHTA! Sin beannacht a bhíodh againn ar scoil agus ba mhinic muid ag déanamh grinn faoi. Ach an mbeidh cuma ná caoi ar an domhain seo againne nuair a saolaítear garpháistí na ngarpháistí mura n-aithrimid béasa? Tá ón bPápa go mbeidh muid ag caint is ag gníomhú faoin ábhar seo. Tá díospóireacht bríomhar múscailte aige leis an imlitir nua aige ‘Laudato Si’. Aris tá baol ann go bhfágfar muintir an hÉireann sa dorchadas toisc nach gceapann ár n-iriseoiri gur spéis linn cúrsaí eaglasta ná cúrsaí creidimh níos mó. Is comhartha é an fás i ndíolachán agus i léitheoirí an Timire nach bhfuil seo fíor. Nuair a chuirtear ábhar spéisiúil os comhair phobail na Gaeilge ar bhealach tarraingteach ceannaítear is léitear na haltanna. Ní thig leis an Timire freastal ar an deis seo ach ar bhealach antearannta. An seans é seo do na hirisí míosúla agus don nuachtán ar líne pobal na Gaeilge a choinneáil ar an eolas ar a bhfuil ag tárlú? Nó an é go bhfuil eagla orainn, má dhéanaimid amhlaidh go ndéarfar fúinn nach bhfuil muid ‘cool’, ach seanfhaiseanta, is faoi smacht na hEaglaise? Beannachtaí ó chroí, Frainc Mac Brádaigh SJ

Nod don eolach: www.vaticaninsider agus www.nationalcatholicreporter

Timire AUTUMN 2015.indd 2

30/07/2015 12:50


TIMIRE AN CHROÍ RÓ-NAOFA

Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh

4 Uisce Éamonn Mac Lochlainn 6 Deiseanna don Óige Louise Farrell 8 Caiticiostaí Éamonn Ó Murchú 10 Manresa, Teach Mistéireach Aileen Mhic Cionna 14 Sclábhaíocht an Lae Inniu Gráinne O’ Toole 16 Ambasadóirí thar cheann Chríost Seán Mac Cumhaill Timire Croí na hÓige 19 Oró na Circíní Gabriel Rosenstock 20 Crosfhocal 22 Tá an teanga slán i Minnesota Clár Johnson 24 Máire Nic an tSaoir-Bean Rialta faoi agallamh Katie Mc Greal 26 Rúndiamhar na hÁilleachta Úna Ultach 28 Im Leabharlann Dom An Tiomna Nua & Leabhar na Salm Seán de Fréine A Grammar of Modern Irish Tomás Ó Ceallaigh Ar Scáth a Chéile Rachael Nic Pháidín Rogha Scéalta Tomás Ó Ceallaigh 32 Dialóg Pádraig Standún 34 Aibhleoga an Dóchais is an Ghrá Brian Ó Fearraigh 36 Dán: Beirt Bhan Bríd Dáibhís Laudato Si Éamonn Mac Lochlainn 39 Oideas: Glóthach Fia-úll Síle Ní Chearbhall Ar dheis Dé: Proinsias de Priondargast 2015; Cáit Uí Threasaigh 2014; Nuala Uí Annracháin; Cathal Ó Féinnéidhe; Liam Ó Murchú

Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí síad sa tsíocháin. Grianghraf ar an gclúdach: Bríde de Róiste & an Br. Seán Ó Dúgáin ag glacadh le Gradam an Phiarsaigh,in éineacht le Mícheál Ó Muircheartaigh Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Eagarthóir Frainc Mac Brádaigh SJ Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Mhic an Phríora Tomás Ó Ceallaigh Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas

Timire AUTUMN 2015.indd 3

B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 461 ISSN: 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Iúil 2015 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E3.75 / Stg£3.25 Go ceann bliana: E15 / Stg£13

Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig: An Timire f/c Dónall Ó Conaill 92 Bóthar Seannaigh Ráth Eanaigh Baile Átha Cliath 5 Guthán: 087 2359198 r-phost: donall.oconaill@gmail.com Dearadh: Messenger Publications Design Department Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624

30/07/2015 12:50


4

Éamonn Mac Lochlainn

UISCE

Bhí cónaí orm ar feadh tamall de bhlianta sa Ghambia, tírín bheag in iarthar na hAfraice. Tá an aeráid ansin an-éagsúil leis an aeráid atá againn in Éirinn – dhá shéasúr atá ann, séasúr fada tirim agus séasúr gearr fliuch. Is maith is cuimhin liom deireadh an tséasúir thirim, an t-am is teo sa bhliain – am trom, marbhánta, meirbh, plúchta le dusta. Am gránna. Bhí trí chéim le tabhairt faoi deara le teacht na báistí... scamaill sa spéir, gaoth láidir (is fíorannamh a bhíonn níos mó ná leoithne éadrom gaoithe sa tír sin) agus ansin cith le clagarnach millteach báistí. Le cúpla seachtain roimh ré d’fheicimis scamall ag dorchú , stoirm ghaoithe ag éirí... ach geallúint in aisce a bhíodh ann. Ansin faoi dheireadh thiar thall thagadh scamaill, gaoth, agus – buíochas le Dia – báisteach bhreá throm! Chaitheadh na buachaillí óga a gcuid éadaí díobh agus siúd amach leo ag béicíl, ag léim agus ag rince ag fáiltiú roimh an uisce, meangadh mór bánfhiaclach ar a n-aghaidheanna beaga dubha. Chuireadh na daoine fásta buicéid aon áit a bhféadfaí an t-uisce luachmhar a bhailiú. Ní leanadh an bháisteach ach b’fhéidir leath uair an chloig, agus gach seans nach bhfaighimis cith eile go ceann seachtaine nó níos mó, ach ba leor an méid sin. An mhaidin dar gcionn bhíodh feithidí beaga cró-dhearga nach bhfacthas

Timire AUTUMN 2015.indd 4

le bliain ar fud na ngarraithe, agus laistigh de chúpla lá bhíodh glaise féir ag éirí áit nach raibh le feiceáil le míonna ach créafóg nocht ghainmheach… Níl dóthain measa againne in Éirinn ar an mbáisteach, ná ar an bhflúirse uisce atá againn. Leacht dochreidte luachmhar is ea an t-uisce. Míníonn eolaithe dúinn go bhfuil cuma faoi leith ar mhóilín uisce – móilín pólach atá ann – agus dá bharr sin gur féidir go leor substaintí éagsúla a thuaslagadh in uisce... sin an fáth, mar shampla, gur féidir le plandaí na mianraí is riachtanach dóibh a iompar aníos ón gcré, agus go bhfuil an fhuil in ann ábhar bia agus ocsaigin a iompar ar fud ár gcolainn. Timpeall 60% den chorp daonna, uisce atá ann. Bhí mé in éineacht le heolaí tráth nuair a chonaiceamar sagart ag coisreacan uisce, agus dúirt an t-eolaí liom, “Is é an t-uisce atá ag beannú an tsagairt, ní a mhalairt!” Cé go bhfuil timpeall is 70% de dhromchla an domhain clúdaithe le huisce – na farraigí – agus 97% de uisce an domhain iontu, ní féidir an t-uisce sin a ól toisc an tsalainn atá ann. Den 3% fíoruisce ar domhan tá 69% de ina oighear agus 30% faoi thalamh. Fágann sin 1% os cionn talún, agus níl ach timpeall trian de sin i locha agus in aibhneacha ionas

30/07/2015 12:50


5

Leacht dochreidte luachmhar is ea an t-uisce agus draíocht ag baint leis.

go bhfuil teacht againn air le húsáid le hól, nó le haghaidh cúrsaí cócaireachta agus glanta. Cheapfadh duine, mar sin, go dtabharfaimis an-aire don fhíoruisce seo, ach faraor, ní hamhlaidh atá. Tá anchuid den fhíoruisce sin á lot againne, an cine daonna, agus gach sórt truaillithe á dhoirteadh isteach sna haibhneacha agus sna locha ó mhonarchana agus ó fheirmeacha, gan trácht ar thruailliú ‘nua-aimseartha’ an uisce faoi thalamh le leithéidí fraiceála. Dá dheasca sin tá timpeall 2.5 billiún daoine, sin duine as gach triúr beo nó mar sin, gan teacht acu ar fhíoruisce glan. Deirtear go bhfaigheann páiste bás gach 20 soicind de dheasca uisce truaillithe. Nuair a bhí tú ar scoil b’fhéidir gur fhoghlaim tú cuid de ghnéithe iontacha an uisce – an bealach a gcosnaíonn an t-uisce reoite, (an t-oighear), na héisc sa gheimhreadh; siúl na bhfeithidí ar a dhromchla; an sainteas ard atá aige a thugann seasmhacht do theocht an domhain, agus míle rud eile; ach mura bhfuil fonn eolaíochta ort táim cinnte go gcuireann gleoiteacht na gcalóga sneachta agus áilleacht an bhogha ceatha

gliondar ar do chroí. Tá draíocht ag baint le huisce. Meallann sé muid. Cois locha nó cois abhann nó cois farraige a théann daoine ar saoire. Áiteanna mar sin a phioc Críostaithe le mainistreacha a thógáil – ní gá dom ach Cluain Mhic Nóis nó Gleann Dá Locha nó Sceilg Mhichíl a lua. Tá tarraingt ag uisce ar anam an duine. Rugadh an Eaglais nuair a shil fuil agus uisce as cliathán Chríost ar an gcros dó ar Chalvaire. Le huisce an Bhaiste a thosaíonn saol duine mar Chríostaí. Tá sé breis agus 10 mbliana anois ó dúirt ráiteas ón Vatacáin: “Is iomaí duine atá beo, bocht, go háirithe sna tíortha atá ag forbairt ar fud an domhain, atá ag saothrú an tsaoil ó lá go lá, mar gheall nach bhfuil a ndóthain uisce acu, nó mar gheall nach bhfuil an t-uisce sin sábháilte le hól. Is iad na mná is mó a bhíonn ag fulaingt. Dóibh siúd a bhíonn ag sracadh leis an nganntan, is é an t-uisce an chloch is mó ar a bpaidrín, níl déanamh á uireasa. Is ceann de bhunriachtanais agus de bhunchearta an tsaoil é”. Is mithid dúinn an méid sin a ghlacadh chun croí. Is Bráthair Críostaí an t-údar.

Foclóirín: dromchla = barr ruda; tuaslaig = leacht a dhéanamh de ábhar; ag coisreacan = ag beannú; ganntan = easpa ruda; oighear = uisce reoite; sainteas = teas áirithe / faoi leith; dá dheasca sin = dá bharr sin Nod don eolach: www.Stfrancis_pledges

Timire AUTUMN 2015.indd 5

30/07/2015 12:50


6

Louise Farrell

DEISEANNA DON ÓIGE INTINN UILECHOITEANN AN PHÁPA DO MHÍ MHEÁN FÓMHAIR 2015 Go dté i líonmhaireacht na deiseanna oideachais agus fostaíochta atá ar fáil do dhaoine óga

Nuair a smaoiním féin ar dheiseanna oideachais agus fostaíochta atá ar fáil do dhaoine óga anois, tagann focal amháin chugam – an t-idirlíon. Thug mé faoi deara anuraidh, agus mé i mbliain na céime, agus tugaim faoi deara anois mar mhúinteoir Gaeilge go bhfuil ról ollmhór ag an idirlíon sa seomra ranga, sa halla léachtóra agus sa domhan oibre . An cheist shíoraí ná an bhfuil an t-idirlíon ag cur feabhais ar na deiseanna oideachais agus fostaíochta atá ar fáil do dhaoine óga nó an bhfuil an ollphéist mhór seo ag laghdú na ndeiseanna seo? An deis oideachais is mó atá ar fáil do dhaoine óga ar ollscoil anois ná foghlaim neamhspleách ar an idirlíon, dar liom féin. Tá an t-idirlíon ag tógáil freagracht ón léachtóir agus á tabhairt ar ais don mhac léinn. San am atá caite, b’fhoinse an eolais é an léachtóir. Anois, is é ról an leáchtóra ná chun éascaíocht a dhéanamh do na mic léinn agus iad ar a mbóthar taighde féin. Tá i bhfad níos mó modúl ar fáil ar líne anois, le físeáin de léachtóirí ag míniú na nótaí. Tá fáil ag mic léinn anois ar fhíseáin de na léachtóirí is fearr agus ar an eolas is cruinne sa domhan. Tá saol na hollscoile ag athrú, is dóigh liom. I ndeich mbliana, beidh leagan pártaimseartha ar líne ar fáil de gach cúrsa ollscoile agus beidh mic léinn in ann céim iomlán a fháil sa mbaile, ina n-am féin, gan chostas

Timire AUTUMN 2015.indd 6

breise lóistín agus taistil. Mar a dúirt mé cheana, tá an chumhacht ag athrú lámh – ó na hollscoileanna go dtí an mac léinn féin. Ciallaíonn sé seo go bhfuil na teorainneacha traidisiúnta a bhaineann le foghlaim sa halla léachtóra ag athrú. Níl ach feabhas le teacht ar na méid eolais agus caighdeán an eolais sin atá ar fáil do mhic léinn ar líne. Tá feabhas ag teacht ar na deiseanna oideachais atá ar fáil dúinn, gan amhras ar bith. Deirtear go minic go bhfuil an t-idirlíon ag déanamh dochair d’fhostaíocht timpeall an domhain. Deich mbliana ó shin, bhí daoine ag teastáil chun seirbhísí a chur ar fáil, ach anois tá na seirbhísí seo ar fáil ar líne. Féach ar bhaincéireacht idirlín – ní gá dom cuairt a thabhairt ar an mbainc agus déileáil le duine ar chor ar bith feasta. É sin ráite, tá sé éasca dearmad a dhéanamh ar an méid postanna atá an t-idirlíon ag cruthú faoi láthair. Má théann tú ar aon suíomh fostaíochta inniu, feicfidh tú go bhfuil éileamh ollmhór ar chéimithe le scileanna mhargaíocht dhigiteach agus scileanna códúcháin. Tá duine amháin sa bhreis ar a laghad ag teastáil anois ag beagnach gach uile chomhlacht sa tír chun cothabháil a dhéanamh ar shuíomh idirlín an chomhlachta. Is deis suntasach í seo do dhaoine óga agus iad compordach le teicneolaíocht ó aois an-óg. Tá tacar sainscileanna acu nach bhfuil ag fostaithe

30/07/2015 12:50


7

Ní féidir liom aontú le daoine a deir go bhfuil an t-idirlíon ag déanamh dochair d’fhostaíochta agus d’oideachas. níos sine atá an-luachmhar d’fhostóir ar bith. Anuas ar sin, tá na daltaí scoile anois níos oilte arís ná na céimithe. Sa scoil ina bhfuil mé ag múineadh, bíonn ceardlann chódúcháin ar siúl do dhaoine óga gach Satharn agus tá éileamh mór uirthi. Léigh mé alt suimiúil le déanaí ina ndúirt Mark Zuckerberg, bunaitheoir Facebook, an méid seo: “In fifteen years we’ll be teaching programming just like reading and writing. We’ll be looking back and wondering why we didn’t do it sooner”. Measaim go bhfuil an ceart aige. Tá deis iontach ann do dhaoine óga chun buntáiste a bhaint as na scileanna teicneolaíochta atá acu agus iad in iomaíocht le fostaithe níos sine a bhfuil níos mó taithí acu. Is am corraitheach é do chéimithe óga mar gheall ar seo, dar liom. Ní féidir liom aontú le daoine a deir go bhfuil an t-idirlíon ag déanamh dochair d’fhostaíocht agus d’oideachas. Don duine fiosrach atá ag iarraidh eolas agus scileanna nua a fhoghlaim, tá deiseanna oideachais agus fostaíochta ag méadú mar gheall ar fhás an idirlín. Go dté i líonmhaireacht na deiseanna seo. Is múinteoir meánscoile i mBaile Átha Cliath í Louise Farrell Foclóirín: tacar = bailiúchán; sainscileanna = scileanna speisialta; códúchán = cur i gcatalóg

Timire AUTUMN 2015.indd 7

30/07/2015 12:50


8

Éamonn Ó Murchú

AGUS MÉ I MO STÓCACH ÓG

Agus mé i mo stócach sa bhunscoil, leabhar beag tanaí, lán de cheisteanna agus de fhreagraí le cur de ghlanmheabhair, a bhí mar chaiticeasma againn. Ós mo chomhair anois tá an Irish Catholic Catechism for Adults – leabhar toirtiúil le beagnach seacht gcéad leathanach! Ach is é an dá mar a chéile an dá chaiticeasma seo – ráitisí údarásacha de mhúineadh na heaglaise –leabhair a thugann eolas, iospioráid agus sólás don chroí , don anam agus don intinn. Gluaiseacht idirnáisiúnta, fior-spéisiuil is ea “Charter for Compassion” – “Cairt Truachroíoch”. curtha ar an bhfód i 2009 ag Karen Armstrong, Caitliceach Rómhánach de bhunadh Éireannach, iar-bhean rialta. Tá an Chairt bunaithe ar “An Riail Órdha” atá i ngach ceann de na trí mhór-reiligiúin Abrahamach – Giúdachas, Caitliceachas, Ioslamachas: “ná déan le daoine eile rudai nár mhaith leat go ndéanfai leat-sa”, agus sin an comh-cheangal mór idir na reiligiúin. Is ar an Riail seo is cóir duínn bheith ag díriú. Leagtar an-bhéim ar “compassion” (comhbhá), ní ar thrua – bheith ag fulaingt lenár gcomahsana, pé áit domhain a bhfuil siad. Déanadh forbairt ar an gCairt le cabhair ó smaointeoirí inspioráideacha mar Ard-Easbag Desmond Tutu, Imam Feisal Rauf,

Timire AUTUMN 2015.indd 8

Banríon Noor ón Iordáin, an Dalai Lama, agus Paul Simon. Tá dhá chéim déag leis an gCairt seo a chur le chéile agus tugann Karen an-léargas ar an gcurchuige seo ina leabhar “Twelve Steps to a Compassionate Life” Tagann an focal caiticeasma ó’n Ghréigis, agus ciallaíonn sé macalla nó athlua. Sular clóbhuailedh leabhair san 15ú aois, is trí mhúineadh ó bhéal a rinneadh teagasc agus foghlaim. Le leabhair athraíodh an módh múinte go ceist, freagra agus athrá. An cuspóir a bhí agus atá leis an gcaiticeasma ná cabhrú i gcaitheamh ár saoil le iompú (conversion) go glaoch an Athar chun naofacht na beatha síoraí. Iarrtar ar Chríostaithe bheith mar fhinnéithe do Chríost agus don Eaglais chun Ríocht Dé a chur chun cinn le grá, síocháin agus trócaire. Nuair a bhí mé sa bhunscoil bhí an saol níos simplí. Bhí creideamh agus reiligiún bunaithe cuid mhaith ar rialacha agus fiú ar “eagla an Tiarna”. Bhí an cultúr agus an timpeallacht ina raibh muid lonnaithe seasta go maith freisin. Inniú tá ilghnéitheacht de chuile shórt ag roinnt leis an saol, an iliomad tuairimí á gcraobhscaoileadh trí na meáin chumarsáide agus síor-díospóireacht ar siúl. Ceann des na mór-chúiseanna go bhfuil caiticeasmú chomh dúshlánach

30/07/2015 12:50


9

inniu nach lia duine ná tuairim. Tá sé ráite is athráite gurb é an dushlán is mó atá romhainn ná an t-aos óg a mhealladh ar ais chun na hEaglaise. Dúirt Ard-Easbag Diarmaid Martin, tar-éis an reifrinn deireannaigh nach mór don Eaglais scrúdu a dhéanamh faoi chonas atá sí ag frestal ar an óige. Ná faighimis locht ar an aos óg. Tá ionrachas, macántacht, carthannacht, féin-mhuinín, gliondar, trócaire agus tuiscint ag roinnt leo – agus iad ag lorg treorach. Siad Scrioptúr agus Traidisiún an dá bhun-chloch agus ár gcreideamh á sheachadadh againn ó ghlúin go glúin. Caithfidh gach éinne, go háirithe an óige, bheith rann-pháirteach sa bhfeachtas agus an dá bhun-phrionsabal Chríost - grá Dé agus grá don chomharsa chun tosaigh i gcónaí. Tá dea-shampla an Pápa Francis ag taisbeáint treo nua duinn, treo atá oscailte, fáilteach, ceiliúrach, in áit a bheith rúnda, dorcha, píonósasch. Is baill muid uilig de Pobal Dé, tré bhreith spioradálta de thoradh ár gcreideamh i gCríost agus an Baisteadh.

Sa phobal seo tá pápai, easpaig, fir agus mná in oird reiligiuin, agus tuataí Tá a bhfreagrachtaí féin ag gach aicme agus dualgaisí orainn go léir comhoibriú le chéile dá réir. Cuireann seo focal “meitheal” chun chuimhne. Caithfidh meitheal na heaglaise i ngach ceanntar obair as lámha a chéile chun ár gceann scríbe – Riocht Dé –agus deimhin a dhéanamh go mbaileofar sinn go léir isteach in iothlainn Dé. Bealach iontach le daoine óga a chur ag caint agus ag éisteacht is ea an “Cairt Truachroíoch.” Sa reifreann deireannach – cumá má aontaítear nó muna n-aontaítear leis an toradh - thaispeáin an t-aos óg go bhfuil an-chomhbhá acu le daoine eile a shamhláitear a bheith deifriúil agus a bhíonn go minic ar an imeall, dá dheasca. Nárbh iontach tús a chur le gluaiseacht chun an chairt seo a chur ag feidhmiú i ngach eaglais, mosc agus sionagóg ar fuaid an domhain, agus seans a thabhairt do dhaoine féachaint ar a dtraidisiún féinig, é a athghlacadh chuchu féin, agus sa chaoi seo deimhin a dhéanamh de go bhfuil reiligiún mar fhoinse síochána sa domhan seachas cúis easaontais agus argóna. Seo bealach le bheith i gcomhpháirtíocht leis an ilghnéitheacht thart orainn sa bhaile agus i gcéin, bealach le cuireadh a thabhairt don óige bheith rann-pháirteach i ngníomhaiocht atá dearfach agus bunaithe ar ghrá Dé agus ar ghrá Dé do na comharsana. Tagann focal an Ríordánaigh chun cuimhne: Níl cuil, níl leamhan, níl beach Dar chruthaigh Dia, níl fear, Nach dualgas dúinn a leas, Níl bean; ní ceadmhach neamhshuim A dhéanamh dá n-imní;

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA MHEÁN FÓMHAIR: CAITICIOSTAÍ Go dtuga caiticiostaí fi anaise trína mbeatha a chaitheamh de réir an chreidimh a fh ógraíonn siad. Foclóirín: stócach = buachaill óg; toirtiúil = mór; seachadadh = cur ar aghaidh, ó ghlúin go glúin; i gcomhpháirtíocht = i bpáirt le chéile; ilghnéitheacht = go leor taobhanna éagsúla de rud Nod don eolach: www.charterforcompassion.org

Timire AUTUMN 2015.indd 9

30/07/2015 12:50


10

Aileen Mhic Cionna

MANRESA

Tráthnóna grianmhar samhraidh sa bhliain 1984 a bhí ann agus mé ag luascadh ar shean bhonn rotha ag crochadh le rópa ó chrann. Bhí mé i gcúl gháirdín chara scoile a bhí ina cónaí ar an gcósta i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. As fiosrachas chuir mé ceist uirthi faoin sean teach ar a thalamh féin ar an taobh eile de na sceacha. Mhínigh sí dom gurb áit spioradálta a bhí ann darbh ainm Manresa. “Cad ina thaobh? Cén saghas ainm é sin?” Bhí an radharc níos fearr ó bharr an chrainn ar an bpáirc féir a bhí ag leathadh síos ón doras. Fiú ag an aois óg sin bhí samhlaíocht Naoimh Iognáid ag feidhmiú ionam faoin saol sa chaisleán ina pháirc shíochánta féin! Tríocha bliain eile ag fás sular imigh mé isteach tríd gheataí Manresa don chéad uair. Bhí an tiománaí tacsaí antógtha leis an suíomh agus d’aontaigh mé leis go raibh sé mar a bheith faoin tuath cé go rabhamar fós sa chathair. Bhí an t-am tagtha i mo shaol go raibh níos mó ná Aifreann an Domhnaigh uaim agus bhí mé ag lorg cothú spioradálta dom féin. Bhí mé chomh tógtha leis an suíomh idirlín de Manresa gur chláraigh mé le haghaidh Lá Ósaise /Oasis Day) a eagraíonn an fhoireann spioradálta uair sa mhí. Tháinig gliondar ar mo chroí nuair a bhuail mé le daoine eile de gach

Timire AUTUMN 2015.indd 10

aoisghrúpa sa seomra - ó na ficheadaí ar aghaidh, agus d’imigh na sciatháin a bhí ag eitilt i mo bholg. Ar an lá sin bhlais mé spioradálacht Iognáide tríd chleachtadh suaimhnis, macnamh agus guí faoi threoir na fóirne. Bhí an lón níos blasta arís! (Ní go minic a fhaighim an deis suí chun béile gan aon réiteach le déanamh!) Tar éis na milseoige, bhuail mé le duine ón bhfoireann threoir spioradálta ar feadh leathuair a chloig. Thug an taithí sin ancabhair dom díriú i gceart ar conas a bhí an Spiorad Naofa á mo threorú. Chaith mé an tráthnóna i gcomhluadar Dé ag déanamh macnaimh ar théama an lae a tháinig ón Soiscéal. Amach liom ag siúl chun an áit an iniúchadh, ag léamh sa leabharlann agus ag suí i seomra guí Evie Hone. Ní dhéanfaidh mé riamh dearmad ar héifeacht na gréine ag spailpeadh tríd an ngloine dhaite! Chríochnaigh lá fiúnta leis an Aifreann sa Séipéal Arrupe. D’imigh mé abhaile liom agus mo chroí lán le dóchas agus grá Dé. Is ar an lá sin gur fhoghlaim mé gur ainmníodh Manresa i gcuimhneachán ar an áit ina leag Naomh Íognáid na Cleachtaí Spioradálta nua-aimsire amach. Mí ina dhiaidh an lá spioradálta sin, tháinig mé tríd na geataí céanna arís (le mo chás an uair seo) chun trí lá a chaitheamh i Manresa don chúrsa

30/07/2015 12:50


11

Bhí an t-am tagtha i mo shaol go raibh níos mó ná Aifreann an Domhnaigh uaim.

samhraidh. Bhí an t-adh linn go raibh an scéalaí Megan Mc Kenna ar an láthair, a thug saibhreas an tSoiscéil dúinn, chomh maith le hábhair macnaimh a thagann chun cinn go minic i mo shaol ó shin. Bhí an fhoirgneamh agus na háiseanna ar fad ar fáil dúinn a chuir go mór leis an atmaisféar síochánta. Ar chúrsa deireadh seachtaine na hAidbhinte rinneamar plé ar an bhFáidh Íseáia, Eoin Baiste agus an Mhaighdeán Mhuire mar trí threoraí sa saol. Oíche amháin d’fhéachamar ar an scannán “UP” agus phléamar cúrsaí an tsaoil spioradálta tríd an scéal. Ní gá

Timire AUTUMN 2015.indd 11

páiste a bheith leat mar léithscéal chun suí agus taitneamh a bhaint as an gclár beochana seo! I rith deireadh seachtaine eile san Earrach, chuireamar fáilte roimh an dúlra sna gáirdíní ag bhí ag dúisiú tar éis an aimsir fuar. Dóchas agus creideamh a sheas amach mar théamaí an chúrsa. Bliain níos déanaí mothaím rannpháirteach sa phobal a thagann go rialta go Manresa ar chúrsaí laethúla nó do dheireadh seachtaine ciúine. Táim i ndiaidh aithne níos fearr a chur ar an bhfoireann spioradálta, idir na bainisteoirí

30/07/2015 12:50


12

Piaras Jackson (SJ) agus an tSr. Avril (RLR), na hÍosagánaigh atá lonnaithe ann, chomh maith leis na treoraithe tuathacha atá i bhfeighil ar himeachtaí éagsúla a eagrú, ar nós scannaíocht, damhsa spioradálta, plé ar bhrionglóidí, agus níos mó. Nuair a d’fhreastal mé ar chúpla oíche guí i rith an Charghais mar ullmhúcháin don Aiséirí, thaithin sé liom go raibh atmaisféar ann ina raibh daoine sásta labhairt amach agus smaointí a roinnt i módh spioradálta. Ag deireadh na hoíche bhí deis ag gach duine an choinneal lasta a thógáil agus guí léi roimh í a thabhairt don chéad duine eile. Tá módh an-speisialta ag an bhfoireann, agus an-tuiscint acu conas na mion-sonraí a eagrú a chuireann leis an ócáid. Don Nollaig d’eagraigh mé bronntanas pearsanta dom féin i bhfoirm Treoir Spioradálta míosúil. A bhuíochas do mo threoraí Íosagánach, tá mo chosa ag

Timire AUTUMN 2015.indd 12

teacht ar ‘terra ferma’. Níor mhothaigh mé riamh chomh gar do Dhia. Cén fáth? Mar pé áit a bhfuilim féin, tá Dia liom! Don chéad uair riamh, táim go hiomlán gníomhnach i mo chuid paidreacha agus aithním an treo ina bhfuil an Spiorad Naoimh ag bogadh ionam. Tá tuiscint ag fás ionam faoi cad tá ag tárlúint agus mé ag guí. Tá mo shúile agus mo chluasa oscailte don chéad uair, agus an toradh is tabhachtaí: athnaím go bhfuil an Spiorad ag iarraidh an obair inmheánach a roinnt liom! Táim ag foghlaim conas suí go ciúin, éisteacht agus glacadh ‘leis an bhféachaint grámhar Dé’ orm. Bím ag dúil go mór leis an am a chaithim le Dia san ‘Examen laethúil’, a d’úsáid Iognáid é fhéin mar mhódh macnaimh ar a lá. Ní hé sin le rá go mbíonn sé i gcónaí éasca ná go gcuirim fáilte roimh chuimhniúcháin ná mothúcháin a árdaíonn ionam. Le cabhair ón Treoir Spioradálta áfach,

30/07/2015 12:50


13 ar feadh tamaill. Ar mo chuid siúlóidí ann féachaim suas ar ghéagacha an crinn béal dorais. Cé go bhfuil an rópa gorm fós ann, níl an bonn rotha ag crochadh uaidh a thuilleadh. In a áit tá cuimhneacháin ó na sean laethanta ann, a chuir crut ar an duine a fheicim sa scáthán anois! Gabhaim buíochas le Dia gur threoraigh sé ar ais go Manresa mé - agus go dtí an taobh ceart den chlaí an uair seo!

athnaím go bhfuil Plean mór ann ina bhfuilim féin páirteach. Tógann sé fuinneamh, misneach agus muinín - agus is fiú go mór é, chun suí le mo chara Íosa agus a bheith chomh fíreánta leis agus is féidir liom... Chomh luath is a shiúlaim tríd an doras i Manresa, tógaim análú mór agus deirim: “Sea, táim ar ais agus tá ocras agus tart orm le haghaidh an spioradáltacht Iognáide”. Súann na ballaí na paidreacha isteach agus tá leoithne chaoin ghaoithe Dé le mothú agus É ag féachaint go grámhar orainn. Sa tsíochán tá meabhrúchán séimh ann- chun dul go bog orainn féin agus dearmad a dhéanamh ar bhrú an tsaoil

Cé hí Aileen Mhic Cionna? Bean chéile, máthair do bheirt aingeal: Eoin (14 bl. le Down Syndróm) agus Muireann (9 mbliana), iníon, cara, múinteoir meánscoile (Fraincis, Gearmáinis, Iodálais).

Foclóirín: a iniúchadh = féachaint thart ar áit; meabhrúchán = rud a chuireann faoi deara dúinn

TEARMANN

Ar bhain tú triail as go fóill? www.tearmann.com

Abair le duine éigin eile go bhfuil sé ann Tomhas an Timire: 181

1

2

3

4

5

6

Leid: Rud a fhágann tú le h-uacht ag duine. Tá liosta focal thíos. Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil.

TIMIRE, AINM, CRÍOST, MAC, BRONNTANAS, DIA

Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus seoladh, chuig: An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha cliath 2, roimh 30 Mean Fómhair 2015 Tomhas 180: Freagra: Comharsa Buaiteoir: P Mac Amhlaoibh, 82 Páirc Norwood, Cobh, Co. Chorcaí

Timire AUTUMN 2015.indd 13

30/07/2015 12:50


14

Grainne O’Toole

SCLÁBHAÍOCHT AN LAE INNIU

Thart timpeall an domhain inniu, tá thart fá 21 milliún duine ina n-íospartaigh de dheasca oibre éigeantais - 11.4 milliún ban is cailíní agus 9.5 milliún fear is buachaillí. Tarlaíonn obair éigeantais go mór mór sa tionscal talmhaíochta, in obair tí, sa tionscal miondíola, i gcúrsaí loingseoireachta agus sa tionscal siamsaíochta. Tá oibrithe imirceacha go mór i mbaol. Brabús a dhéanamh an phríomhchúis leis an tionscal seo agus gintear US$ 150 billiún go mí-dhleathach ar an mbealach seo in aghaidh na bliana. (Foinse: International Labour Organisation). In Éirinn tá diandlíthe ann chun obair éigeantais a ionchúiseamh ach tá ag teip orainn íospartaigh den choireacht ghráinniúil seo a aithint is a chosaint. Sa bhliain 2006 d’aithin Lárionad um Chearta Imirceach Éire (MRCI - Migrant Rights Centre Ireland) fadhb na hoibre éigeantais nó sclábhaíocht i gcúrsaí obair tí, tógála, miondíola, cúraim, talmhaíochta, iascaigh agus bialainne. Tharla go raibh oibrithe coinnithe san ionad oibre ag maireachtáil faoi choinníollacha uafásacha, pá dóibh diúltaithe, an ceart dá gcuid doiciméad aitheantais bainte díobh agus bagairtí orthu. Bhí eagla an domhain ar go leor acu roimh a bhfostóirí. D’inis bean amháin do MRCI gurbh fhearr léi an

Timire AUTUMN 2015.indd 14

bás ná lá eile a chaitheamh in dteach a fostóra. Chabhraigh MCRI le 220 imirceach a d’fhulaing tríd an obair éigeantais le seacht mbliana anuas, éalú óna bhfulaingt agus bogadh ar aghaidh lena saol. Is turas fada dian do na híospartaigh seo a mbealach a bhaint amach arís sa saol. Cé go bhfuil ag éirí leis an MRCI go pointe áirithe faire amach do na hinimircigh atá in Éirinn faoi láthair, tá bóthar sách fada le taisteal fós chun a chinntiú go bhfuil éifeacht ag dul leis na bearta i gcoinne na hoibre éigeantais. Níl aon scéim éifeachtach ann a bhfuil sé mar bhua aici coimirce shásúil a chur ar fáil do na híospartaigh sa gcomhthéacs seo. Go fíormhinic, níl na Gardaí in ann a rá cé hiad na daoine atá thíos leis an obair éigeantais agus dá bharr seo níl na hoibrithe iad féin in ann rochtain a fháil ar na seirbhísí cuí, ar nós tithíochta, stádas inimircigh agus cúnamh ó chomhairleoirí profisiúnta.Tá chuile rud níos measa toisc go bhfuil cor nua sa scéal, is é sin an gáinneáil atá á déanamh ag buíonta coiriúla. Tá an MRCI théis a fháil amach go bhfuil obair éigeantais ann maidir le táirgeadh an channabais in Éirinn. Déantar inimircigh a earcú chun plandaí cannabais a fhás. Cuid acu tá siad faoi ghlas i staid suarach taobh istigh de thithe speisialta a bhfuil sé mar aidhm

30/07/2015 12:50


15

Thart timpeall an domhain inniu, tá thart fá 21 milliún duine ina n-íospartaigh de dheasca oibre éigeantais. Daoine ag ceiliúardh a saoirse ó obair éagantais

acu na plandaí a fhás. Nuair a théann na Gardaí isteach sna tithe seo, déantar na hoibrithe ann a ghabháil agus cuirtear coireanna ina leith agus go minic gabhtar téarmaí príosúnachta orthu. Chun a dhul i ngleic leis an gcor nua seo, tá an MRCI ag tabhairt cúnamh do na híospartaigh sa gcaoi gur féidir leo an obair éigeantais a lua mar chosaint, ina trialacha coiriúla. Sa gcomthéacs seo i mí an Mhárta, 2015 éigiontaíodh beirt fhear a luaigh an obair éigeantais mar chosaint ina dtrialacha. I mí Aibreáin, 2015, rinne Ardchúirt na hÉireann breithiúnas an-tábhachtach go deo nuair a rialaigh sé go raibh teipthe ag an stát bearta a chur i gcrích chun daoine a bhí thíos leis an obair éigeantais a chaomhnú, go háirithe i gcásanna go raibh gáinneáil choiriúil i gceist. Ba é an ní a rialaíodh ná go raibh rialtas na hÉireann ag sárú dlíthe na hEorpa. Ní mór dul i ngleic leis an bhfadhb seo láithreach bonn agus ba chóir córas a chur ar an

bhfód chun cabhrú le daoine ar mian leo éalú ó phríosún na hoibre éigeantais. Sa gcaoi seo is féidir leis na daoine seo a gcearta daonna agus a ndínit a fháil ar ais. Amach anseo beidh an MRCI ag stocaireacht le daoine atá buailte síos ag an obair éigeantais chun a chinntiú go mbeidh córas cuimsitheach ann chun coimirce a chur ar fáil do gach éinne a bhfuil sé ag teastáil uaidh. Ina theannta seo, beidh an rialtas ag obair ar Phlean Náisiúnta Gníomhaíochta chun a dhul i ngleic leis an ngáinneáil. Is deis fíorthábhachtach í seo chun na hathruithe is gá a dhéanamh. Má tá tuilleadh eolais ag teastáil uait ar an ábhar seo, déan teagmháil le do thoil le Gráinne O, Toole, MRCI; ríomhphost: info@mrci.ie Is oibrí í an t-údar le Lárionad um Chearta Imirceach Éire (MRCI - Migrant Rights Centre Ireland)

INTINN UILECHOITEANN DO MHÍ DHEIREADH FÓMHAIR, 2015 Gáinneáil ar dhaoine: Go gcuirtear deireadh le gáinneáil ar dhaoine, sclábhaíocht an lae inniu. Foclóirín: gáinneáil = an cleachtas atá ann daoine a thabhairt isteach go tír áirithe ar bhealach coiriúil; imirceach = duine a imíonn óna thír dhúchais féin; inimirceach: = duine a thagann isteach go tír áirithe óna thír dhúchais; obair éigeantais =obair a gcuirtear iallach ar dhuine a dhéanamh; ionchúiseamh = dlí a chur ar; íospairt = mí úsáid; coimirce = cosaint

Timire AUTUMN 2015.indd 15

30/07/2015 12:50


16

An t-Ath Seán Mac Cumhaill

AMBASADÓIRÍ THAR CEANN CHRÍOST IN A MBEATHA AGUS INA MBÁS Rugadh Pilar Tilos i Hinoba-an, an baile is faide ó dheas i gcúige Negros Occidental, Negros, oileán ins Na Filipíní atá beagnach ar chomh-achar le Tuisceart Éireann, ar 12 Deireadh Fómhair 1941. Chaith Pilar na blianta ina múinteoir i Hinoba-an. Ag an am céanna bhí sí anghnóthach ina paróiste. Ach sa bhliain 1989 d’éirigh Pilar as a cuid oibre chun bheith ina misinéir tuatach leis na Colmbánaigh. Tar éis ullmhú a lean naoi míosa chuaigh sí go dtí An Phacastáin in éineacht le beirt eile, Gloria Canama, muinteoir ó Mindanao, agus Emma Pabera, príomh-oide ó Negros Occidental. Nuair a rugadh Pilar, Emma agus Gloria ní raibh aithne acu ar shagairt Filipíneacha. Ba mhisinéirí eachtrannacha formhór na sagart sa tír. Ní raibh aon misinéirí tuatacha ann ar chor ar bith. Toisc gur mná iad Pilar, Gloria agus Emma bhí orthu a gcuid ama a chaitheamh le mná sa Phacastáin. Cé go raibh bean, Benzir Bhutto, ina príomhaire sa tír sin agus an triúr go fóill ann, is beag tábhacht a bhí ag mná. Agus ba mheasa fós an áit a bhí ag mná a bhí ina gCríostaithe sa tír sin in a bhfuil 97 faoin gcéad den daonra ina Muslamaigh. Agus is beag oideachais a bhíonn ag cailíní. Chuir sé ionadh an domhain ar na

Timire AUTUMN 2015.indd 16

daoine a mbíodh an triúr Filipíneach i dteagmháil leo gur éirigh siad as a bpostanna mar mhúinteoirí chun bheith in éineacht leo, mná a bhí bocht, idir Críostaithe agus Muslamaigh. Bhí anmheas ag na daoine ar an dtriúr toisc go raibh orthu Punjabi a fhoghlaim. Scríobh Pilar faoina frustrachas ag an am: “Bhí amannta ann nuair ba mhaith liom an leabhar a chaitheamh ag an múinteoir. Ach thug na daoine bochta seo sa chathair dóchas dom agus shocraigh mé leanúint ar aghaidh ag foghlaim a dteanga.” Ba chuid dá bhfianiase mar mhisinéiri Críostaithe an t-ómós a thug siad do chultúr na Pacastáine, do chreideamh na ndaoine idir Muslamaigh agus Críostaithe. Mar Chríostaithe Caitliceacha bhí siad ag tabhairt ómóis Chríost féin do na daoine lena raibh siad anois ina gcónaí. Tar éis don triúr trí bliana a chaitheamh sa Phacastáin tugadh cuireadh dóibh trí bliana eile a chaitheamh ann tar éis saoire ins Na Filipíní. Ghlac siad go fonnmhar leis an gcuireadh seo, rud a thug gliondar dá gcáirde sa Phacastáin. Faraoir, d’éag Pilar go tobann agus í ina gcodladh ar 4 Eanáir 1996. Ní raibh a muintir in ann dul go dtí an tsocraid, ceal víseanna. Dúradh liom nach bhfuil

30/07/2015 12:50


Bhí anmheas ag na daoine ar an dtriúr toisc go raibh orthu Punjabi a fhoghlaim. Gloria, Emma & Pilar le cairde sa Phacastáin

sé de nós ag mná sa Phacastáin dul go dtí socraid ach ghlac alán, Muslaimaigh ina measc, páirt i socraid Pilar toisc an grá agus meas a bhí acu di agus toisc a gcumha. Bhí Pilar fós ina misinér ag a socraid féin. B’fhéidir gur cheart a rá go raibh sí in a misinéir go háirithe ar an ócáid sin. Múinteoir eile a bhí ina misinéir, go háirithe tar éis a báis, ab ea Lim Yean Sin, Elizabeth, a d’éag i bhFidsí ar 4 Samhain 1994 de heipitíteas agus gan ach 23 bliain slánaithe aici. Baisteadh í agus í san ollscoil ina tír dúchais, An Chóiré. Chuaigh sí go dtí Fidsí mar mhisinéir tuatach Colmbánach sa bhlian 1994 in éineacht le beirt bean Cóiréach eile, Bok Ja agus Yean Han, agus bhí sí fós ag staidéar Hiondúis, príomh-theanga an 38 faoin gcéad den daonra de shliocht Indiach sa tír, nuair a bhuail an tinneas í. Chuaigh a tuismitheoirí, nach raibh ina gCríostaithe, chun Fidsí agus é ar intinn acu a cuid luaithrigh a thógaint thar nais go dtí An Chóiré. Ach nuair a chonaic siad an meas, grá agus brón i measc na bhFidsíoch dá n-iníon bhí siad sásta go gcuirfí í san áit ina bhfuair sí bás agus dúirt, “Tá sí sa bhaile anois i bhFidsí.” Bliain tar éis bháis Yean Sin baisteadh a

tuismitheoirí sa Chóiré agus tamall ina dhiaidh sin deirfiúr léi. Ghlaoigh Comhairle Vatacáineach II ar an Eaglais i ngach tír misinéirí a chur go dtí tíortha eile, glacadh le misinéirí ó thíortha eile agus ghlaoigh ar thuataigh páirt iomlán a ghlacadh sa mhisean a thug Íosa Críost don Eaglais. Ba dhaoine le “díograis mhisinéireactha” iad Pilar agus Lim Yean Sin. Ghlaoigh Dia ar Philar Tilos éirí as a post mar mhúinteoir agus a stádas ina pobal féin a íobairt ar son an tSoiscéil agus dul go dtí An Phacastáin mar “ambasadóir thar ceann Chríost” (2 Cor 5:21) ar son mná bochta sa tír sin, Muslamaigh agus Críostaithe nach raibh stádas ar bith acu in a bpobail féin . Agus ghlaoigh Dia ar Chríostaí nua sa Chóiré, Lim Yean Sin, dul go Fidsí, ní mar mhisinéir don lucht Indiach ansin, mar a shíl sí, ach mar “ambasadóir thar ceann Chríost” dá muintir féin sa Chóiré. Ina mbeatha agus ina mbás d’fhógair Pilar agus Yean Sin, mar bhaill dá bpobail Chríostaí Áiseacha ins Na Filipíní agus sa Chóiré, an Soiscéal dóibh siúd a bhí ag feitheamh leis. Is sagart Colmbánach ins Na Filipíní é an t-údar.

Foclóirín: gliondar = áthas mór; eachtrannach = a thagann ó thaobh amuigh den tír; Fidsí = Fiji

Timire AUTUMN 2015.indd 17

30/07/2015 12:50


Timire AUTUMN 2015.indd 18

30/07/2015 12:50


19

Timire Croí na hÓige

ÓRÓ NA CIRCÍNÍ Bhí buachaill óg sa Nigéir uair amháin. Ólú ab ainm dó. Bhí peata circe aige, cearc bhán. Bhí siad an-mhór lena chéile. Ní fheicfeá Ólú go deo gan an chearc bhán ag rith ina dhiaidh. Ní fheicfeá an chearc bhán go deo gan Ólú ina cuideachta. Thaitin sé le hÓlú a bheith ag breathnú uirthi agus í ag scríobadh na talún: ‘Scríob leat! Scríob leat!’ Lá amháin d’imigh an chearc agus bhí Ólú bocht trína chéile. Chaoin sé agus chaoin sé. Chuaigh sé á lorg agus gach aon ‘Tsiuc-tsiuc’ aige ach ní raibh radharc uirthi aon áit. Trí seachtaine ina dhiaidh sin, tháinig an chearc bhán ar ais agus seacht sicíní beaga bána aici! Bhí áthas an domhain ar Ólú. Thug an mháthair togha na haire do na circíní sin agus chum Ólú amhrán dóibh: Óró na circíní, circíní-ní-ní bána Óró na circíní is iad ’dul síos an lána! Amach sa séasúr tirim, las buachaillí na háite tine mhór chiorclach agus sheas

Timire AUTUMN 2015.indd 19

gach duine lasmuigh den chiorcal, ar imeall an tsráidbhaile. Scaip an tine ansin i dtreo lár an chiorcail. An chúis a bhí leis an tine ná ainmhithe beaga ar nós coiníní a chur ag rith ón tine agus bheadh na buachaillí réidh ansin lena miodóga fiaigh chun iad a mharú. Nuair a bhí deireadh leis an marú chuaigh Ólú agus na buachaillí eile ar ais go dtí an sráidbhaile. Thug Ólú carn cleití dóite faoi deara. Éan éigin nár éalaigh in am ón tine? Is ansin a thuig Ólú cad a bhí ann – an chearc bhán agus í dóite ar fad. Marbh. Ansin chuala sé, ‘Síp-Síp!’ Na sicíní! Bhí an mháthair tar éis iad ar fad a chlúdach faoin dá sciathán aici. Bhí siad beo beathach. Cailleadh an chearc bhán agus a hál a cosaint aici. ‘Mise an Chearc Bhán anois,’ arsa Ólú, ‘mise a bheidh mar mháthair agaibh!’ Agus chan sé amhrán, an t-amhrán speisialta a bhí cumtha aige dóibh: Óró na circíní, circíní-ní-ní bána Óró na circíní, is iad ’dul síos an lána! Óró, na Circíní, athinsint ar scéalta traidisiúnta ón Afraic, le foilsiú amach anseo ag An Gúm

30/07/2015 12:50


20

crosfhocal

TRASNA 1. fiáin [5] 3. ar féar a mhaireann sé [6] 6. gusta, puth gaoithe [7] 8. timpiste [6] 9. sprioc nó teorainn [6] 11. sceach dheilgneach na mbláth buí [7] 14. rince [6] 15. os comhair nó sula [5]

Duais €30 le buachaint

ANUAS 1. an méid blianta ag duine [4] 2. cúram [4] 3. urlabhra, comhrá [5] 4. duine tugtha don ól [7] 5. caitear le carbhat é [5] 7. mar atá obair gan phá [7] 9. slí marachtála [5] 10. seomra ollmhór [5] 12. faisnéis [4] 13. leagan cainte [4]

Scríobh CROSFHOCAL ar chlúdach do litreach, agus seol freagraí, mar aon le d’ainm agus seoladh, chuig: An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 31 Meitheamh 2015 Buaiteoir an chomórtais deireanaigh: Risteard Ó Ceallaigh, Teach Éamainn Rís, 1 Sráid Risteamain Thuaidh, Baile Átha Cliath 1

Timire AUTUMN 2015.indd 20

30/07/2015 12:50


Timire AUTUMN 2015.indd 21

30/07/2015 12:50


22

Timire Croí na hÓige

TÁ AN TEANGA SLÁN…IN MINNESOTA Clár Johnson Suite in Aerfort Halifax, Nova Scotia, atá mé i láthair na huaire ar theacht abhaile dom ó Minnesota na Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ní fhéadfainn a leithéid de rud a shamhlú riamh, ach, anseo atá mé agus súil á caitheamh siar agam ar bhliain iontach éachtach mar Chúntóir Teagaisc Gaeilge de chuid chlár Fulbright. Ní aon ionadh é gurbh gá dom neart taighde a dhéanamh ar Minnesota i ndiaidh dom dámhachtain Fulbright a bhaint amach i mí Bealtaine na bliana seo caite. Ní raibh cur amach dá laghad agam ar chuid sin na Stáit Aontaithe ach amháin go mbeinn scanraithe ag an ngeimhreadh dian fada a thiteann amach gach bliain – rud a bhí feicthe agam sa scannáin ‘Fargo’ agus is cinnte nach dtugtar dealéargas den áit sa léiriúchán áirithe sin. Is eol dom anois áfach go bhfuil clú agus cáil ar thírdhreach eisceachtúil álainn Minnesota, ceantar ina bhfuil breis agus 10,000 loch ann agus anuas air sin, rugadh Bob Dylan AGUS Prince ann, nach iontach na firicí siúd! Thuig mé go maith go raibh éileamh ar áiseanna Gaeilge ar fud na Stáit Aontaithe agus ar an oirchósta go mórmhórach ní raibh mé ag súil go mbeadh suíomh chomh beomhar ag fanacht orm thall. Naonúr tosaitheoirí a bhí sa rang Gaeilge agam in Ollscoil Naomh Thomáis, St. Paul, nó UST mar a thugann na daoine áitiúla uirthi. Ag cúnamh le hÁth Cliathach eile a bhí mé agus muid beirt ag plé le pearsantachtaí móra an mheániarthair – nach í an Ghaeilge a mhaireann na carachtair? Bhí daoine ag glachadh páirte sa rang ar chúiseanna éagsúla idir chúrsaí oidhreachta agus chúrsaí teangeolaíochta. De réir scéala, tharla sé

Timire AUTUMN 2015.indd 22

sna blianta caite go raibh mic léinn ann ag súil gurbh é Béarla na hÉireann a bhí i gceist le ‘Irish Gaelic’ agus baineadh geit ollmhór astu ar an chéad lá sa rang – níl mórán a chuireann ionadh orm ina dhiaidh sin a chloisteáil. Bhí mé ag obair sa phobal ó am go chéile freisin leis an ngrúpa áitiúil, Gaeltacht Minnesota. Is iad Meiriceánaigh atá mar mhúinteoirí ag an ngrúpa seachtainiúil a reáchtáltar sa mheánscoil áitiúil mar chuid den chlár oideachais do dhaoine fásta. Tá daoine ann le hos cionn deich mbliana agus ghlac ochtar déag páirt sa seimeastar nua do ghlantosaitheoirí le déanaí. Chonaic mé an rath céanna ar an teanga in Dallas agus i gCathair Kansas nuair a bhí mé ag múineadh ag ceardlainne deireadh seachtaine le linn na bliana. Bheadh sé deacair a leithéid a bhaint amach áit ar bith in Éirinn ach tá sé ag tarlú go rialta ar fud Mheiriceá. ‘Tír na Gaeilge reoite’ is ea sluán Ghaeltacht Minnesota agus is féidir liom a dhearbhú anois nach ag déanamh áibhéile a bhíonn daoine. Thosaigh an sneachta i lár mhí na Samhna agus mhair sé go dtí deireadh mhí Aibreáin –geimhreadh chomh fada ní fheicfidh mé go deo arís táim ag súil. Dúradh liom go dtiocfaidh an fhuacht go sciobtha ach níorbh fhéadfainn mé féin a ullmhú don teocht de -32 a bhuail linn i mí Eanáir. Ní chreideann mo mháthair go bféadfadh sé tarlú ach téann tú i dtaithí ar an aeráid mar gheall go leanann an gnáthshaol ar aghaidh in ainneoin crá croí na haimsire. É sin ráite, níor éirigh liom na cosáin reoite a smachtú le linn an deich mí agus tá ballbhrúnna fós orm mar choilm Catha Minnesota. Ba dheas an faoiseamh é Minnesota

30/07/2015 12:50


23

Clár, Azzurra (ón Íodáil) & Lara ( ón nGearmáin) ar bharr Túr Willis, Chicago

a fhágáil um Nollaig agus neart taistil a dhéanamh ar fud na Stáit Aontaithe. Thug mé féin agus beirt chúntoírí teagaisc eile (bhí breis agus 400 againn ar fud na tíre) faoi thuras bóthair eisceachtúil trí dheisceart na tíre agus d’éirigh liom cuid mhór den tír a fheiceáil le linn an dara seimeastar leis. Sa deireadh, chaith mé oíche codlata in 18 stáit agus chonaic mé iontais mhóra na tíre amhail an Grand

Tír na Gaeilge reoite’ is ea sluán Ghaeltacht Minnesota.

Canyon, Túr Sears in Chicago, Times Square um Nollag agus Biorán Spáis Seattle. Ní raibh mé ar thóir eachtraíochta anuraidh nuair a chuir mé isteach ar an gclár, níor thuig mé céard a bhí uaim, ach eachtraíocht den scoth a fuair mé sa bhliain deiridh idir chultúir, chairde nua, theangacha éagsúla, thaithí oibre agus pearsanta dár ndóigh. Beidh sé ina bhuaicphointe saoil go deo na ndeor.

Foclóir: Dámachtain = scoláireacht; sluán = mana

COMÓRTAS Cuirfear cóip den leabhar

An Tiomna Nua & Leabhar na Salm

go dtí an chéad duine a fhreagróidh an cheist seo: Ainmnigh údar ceann de na soiscéil? Freagra ar charta poist go dtí An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha cliath 2 Buaiteoir an chomórtais deireanaigh: Máire Mhic Ghearailt, Mayfield, Bóthar Cnoc an Scioból, Deilginis, Co. Bhaile Átha Cliath

Freagra: An Spáinn. Cóipeanna de Conair na Fraince agus Srapnal buaite aici

Timire AUTUMN 2015.indd 23

30/07/2015 12:50


24

Timire Croí na hÓige BEAN RIALTA: MÁIRE NIC AN TSAOIR

Katie McGreal

Tháinig an tSiúr Máire Nic an tSaoir go dtí clochar Shiúracha an Adhartha ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste beagnach dhá bhliain ó shin. Bhí saol níos ciúine agus níos moille á lorg aici agus fuair sí é sin. Tá seisear eile sa chlochar. Is í Máire an duine is óige díobh agus tá nócha bliain bainte amach ag an duine is sine. Tá séipéal beag sa chlochar agus bíonn Aifreann acu ann gach lá. Tá cead ag an bpobal dul isteach sa séipéal uair ar bith. Tá bácús acu freisin ina ndéanann siad an t-arán do na haifrinn ar fad sa deoise. Saol ciúin a bhíonn ag na mná rialta: ní labhraíonn siad le chéile ach amháin nuair a bhíonn gá acu leis. Mar sin cuireann Máire fáilte roimh chuairteoirí i gcónaí. ‘Tugann siad deis cainte dom,’ a deir sí. Is breá léi an pobal a fheiceáil ag teacht. Tugann siad misneach di agus léiríonn go bhfuil pobal na heaglaise beo beathach. ‘Deir neart daoine go bhfuil an eaglais marbh, ach níl. Seo í an eaglais bheo,’ a deir sí faoi na daoine a thagann isteach chucu. Is minic a chasann Máire leis an bpobal amuigh ar an tsráid agus í ag siúl. Iarrann siad uirthi minic go leor paidir a rá ar son

Timire AUTUMN 2015.indd 24

an duine seo nó an duine siúd. Roimhe seo chaith Máire ocht mbliana i gclochar i Nua Eabhrac. D’oibrigh sí in ionad anraith le haghaidh daoine gan dídean formhór an ama a bhí sí ann. Bhain sí an-sásamh as an obair sin agus as an saol thall freisin. Ach i ndiaidh ocht mbliana mhothaigh sí rud éigin ina croí ag iarraidh uirthi dul ar ais go hÉirinn. Bhí a fhios ag Máire go raibh sí le bheith ina bean rialta ó bhí sí cúig bliana d’aois. ‘D’fhiafraigh an múinteoir díom céard ba mhaith liom a dhéanamh nuair a bheinn níos sine,’ a deir sí. ‘A bheith i mo bhean rialta,’ a d’fhreagair sí. Tar éis do mhná spéis a léiriú sa saol rialta, bíonn orthu roinnt blianta a chaitheamh i gclochar le deimhin a dhéanamh de gurb é sin dáiríre atá siad ag iarraidh a dhéanamh. Ina dhiaidh sin tugann siad trí mhóid: bochtanas, umhlaíocht agus geanmnaíocht. ‘D’fhiafraigh roinnt daoine díom cén fáth go dtabharfadh duine móid umhlaíochta. Ach má tá post agat caithfidh tú a bheith umhal don duine atá i gceannas ort.’ Ní chiallaíonn an mhóid bhochtanais nach bhfuil rud ar bith ag mná rialta.

30/07/2015 12:50


Máire is a Comhluadar, Clochar an Adhartha, Br na bhFál

Timire AUTUMN 2015.indd 25

25

Ciallaíonn sé go roinneann siad gach a bhfuil acu. Cibé rud atá sa chlochar nó ag an gclochar is le gach duine é. ‘Airgead ar bith a shaothraímid as an arán a dhéanaimid, téann sé ar ais isteach sa chlochar nó isteach sa bhácús féin,’ a deir sí. ‘Ní ar mhaithe le brabús a dhéanaimid é.’ Níl fón póca ná ríomhaire glúine ag aon duine de Shiúracha an Adhartha, ach bíonn teacht acu ar fhón tí agus bíonn cead acu an t-idirlíon agus ríomhaire a úsáid uaireanta. ‘Tá cead againn dul ar an idirlíon ar an Domhnach, ach fiú an méid sin féin ní dhéanaim go minic é,’ a deir Máire. Rud tábhachtach faoi bheith ina bean rialta do Mháire is ea go mbaineann sé leis na rudaí ar fad a rinne Dia sa domhan seo. Níl sí ag iarraidh a bheith gafa leis an teicneolaíocht. Ach tá sí ag iarraidh buíochas a ghabháil as gach rud atá inár dtimpeall anois díreach.

30/07/2015 12:50


26

Timire Croí na hÓige RÚNDIAMHAIR NA hÁILLEACHTA Úna Ultach

Ní cheannaím irisí ‘áilleachta’. Fuair mé amach go measartha luath i mo shaol nach mothaím riamh gránna ach amháin nuair a léim iad. Bím ag siúl, ag preabadh, ag damhsa trí mo shaol go saonta, ag smaoineamh faoi rudaí suimiúla, fiúntacha – an pholaitíocht, an obair, an grá. Ansin, mar a tharla dom inniu agus mé i seomra feithimh an dochtúra, thóg mé iris áilleachta i mo lámh. Anois, go tobann, tá an méid mhícheart ag mo thóin, tá an cruth contráilte ag mo mhalaí agus níl mo chraiceann mín go leor. D’imigh mé amach ón dochtúir le mo chloigeann cromtha – leis an mhothú ghruama go raibh ag teip orm go bunúsach mar bhean. (Nuair a smaoiníonn tú air, tá sé cineál cruálach na hirisí seo a bheith i seomra feithimh an dochtúra – áit a mbíonn daoine faoi ualach tinnis agus buairimh, áit nach bhfuil brú breise gan chiall de dhíth orthu faoi stíleanna gruaige nó mascára). Bhí alt san iris faoi ‘áilleacht nádúrtha’. Léigh mé sin, ar dtús, ag smaoineamh go mbeadh sé fóirsteanach do bhean neamhoilte ar chúrsaí gleoiteachta cosúil liomsa. Ní thaitníonn sé liom nuair atá smideadh chomh tiubh le masc ar aghaidh mná, ná gruaig ag seasamh chomh crua le cloch. Áilleacht nádúrtha – gan amhras, is tarraingteach an smaoineamh é. Ach, b’fhéidir gur thomhais tú cheana féin, agus mé ag léamh iris áilleachta, nach raibh an t-alt áirithe seo ag insint dom go raibh mé go breá an dóigh a raibh mé. Go bhfuil áilleacht in achan duine agus gurb iad sult sa tsaol, gáire teolaí agus sonas ionat féin na rudaí is áille le feiceáil in aghaidh ar bith. Gur chóir dom gan bheith chomh neamhchinnte díom féin agus go bhfuil sé in am dom an clábar smididh uilig

Timire AUTUMN 2015.indd 26

a chaitheamh sa bhosca bruscair. Ní raibh sé faoi áilleacht intleachtúil, phearsantachta ná chruthaitheach. Níor luaigh sé an tarraingt a mhothaíonn tú nuair a fheiceann tú solas an chineáltais i súile duine eile, nó splanc an spraoi ag lasadh iontu. Níor phléigh sé an áilleacht is féidir a chur in iúl le do chuid focal, nó cad é mar a thraenáiltear do shúil chun áilleacht a aithint sa ghnáthshaol thart ort. Há há há. Ná bí amaideach. Nach tú atá soineanta! Nár dhúirt mé leat gur in iris ‘áilleachta’ a léigh mé é. Iris bunaithe ar thionscal na gcosmaidí, ar fiú £17 billiún sa bhliain é sa Ríocht Aontaithe amháin. Mar sin, bhí treoracha ann le cuidiú liom áilleacht nádúrtha a bhaint amach. Miontreoracha casta. Cad é mar a chaitear na huaireanta ar do chuid gruaige le hamharc mar a bheifeá i ndiaidh léim amach as an leaba mar sin. Cad é mar a phioctar na malaí go leor go mbíonn siad néata – ach chan barraíocht go mbeidh a fhios ag daoine go ndearna tú é. Agus do chraiceann. Is bunchloch na háilleachta nádúrtha é an craiceann mín, bog, gan teimheal. Agus de réir an ailt seo, bheadh ar mo chraiceann bheith mar an t-aon chaitheamh aimsire a bheadh agam chun an ‘chuma nádúrtha’ a bhaint amach. Tá tiomantas as cuimse de dhíth don ghlanadh is don ghalú, do na maisc, an tonóir agus an t-uachtar. (Ní thuigim an téarmaíocht go fiú – cad é an difear idir lóis, balsam agus séiream?). Caithfidh mé éirí as an bhia mhí-fholláin agus an fíon, ar ndóigh. Beidh orm codladh na hoíche a fháil i gcónaí (ach chan ar éadaí leaba déanta as cadás mar tabharfaidh sin roic dom!). Níl mórán

30/07/2015 12:50


27

Mothaíonn an ‘áilleacht nádúrtha’ seo uilig cosúil le cur i gcéill millteanach. nádúrtha faoi do shaol a rialú thart ar do chraiceann. Is dóigh é go dtugann an chaint agus an gáire roic dom fosta. B’fhéidir go bhfuil an áilleacht mhínádúrtha níos nádúrtha? An duine a smearann giota smididh uirthi féin taobh istigh de chúig bhomaite ar maidin in áit bheith dúghafa ag a gcuid pór agus roic. B’fhéidir go bhfuil ionracas san aghaidh bhréagach. Mothaíonn an ‘áilleacht nádúrtha’ seo uilig cosúil le cur i gcéill millteanach, an dóigh a bpléitear leis sna hirisí, ar scor ar bith. Ar ndóigh, is ann don áilleacht. Ní rud amháin atá inti ach míle agus milliún rud difriúil. Tá daoine ann le craiceann gleoite,

le súile mealltacha, le gruaig shuntasach. Cinnte, tá. Ní gá dóibh carn mór buidéal a cheannach chun a gcuid áilleachta a bhaint amach ach oiread. Ach taobh amuigh de sin, ní dóigh liom go bhfuil cosmaid chomh héifeachtach ar domhan ná bean agus í ag baint sult as an tsaol agus í sásta, muiníneach inti féin – a mhalairt den rud a bhfaighidh sí ó na hirisí seo. Mar sin, is é mo ghealltanas inniu, os comhair na léitheoirí agus phobal mór na Gaeilge, nach léifidh mé oiread is leathanach de nimh na n-irisí gránnachta seo arís i mo shaol. Is colúnaí rialta í at t-údar leis An tUltach.

Foclóirín: gan teimheal = gan smál; tiomantas = a bheith a thiomáint ag dúil i rud

Foilsíodh an t-alt seo in Eagrán mí Bealtaine, ‘15 den t-Ultach’

Timire AUTUMN 2015.indd 27

30/07/2015 12:50


28

IM LEABHARLANN DOM

le Seán de Fréine An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 37 Sráid Líosain Íocht., BÁC 2, 2012. 606 lch; Praghas €15 Tuairim is bliain ó shin agus é ar intinn agam cúpla leabhar áirithe a cheannach, tháinig mé ar an tseod seo agus, ar ala na huaire, chinn mé ar í a chur le mo bheart. Go príomha, ba ar mhaithe le bheith in ann na sailm a léamh i bhfoirm áisiúil a dhéan me amhlaidh. Is díolaim chlasaiceach de fhilíocht dhiaga na seanEabhraise atá sna sailm – 150 ceann díobh san iomlán, a chantaí le ceol i bhfad siar, in aimsir na bhfear. Is líonmhar na sleachtanna a bhfuil eolas againn orthu cheana, nó atá ar bhreaceolas againn, rud a chuireann le taitneamh agus le tuiscint an léitheora. Féach salm 19, a bhaineann le Dia Dúileamh, cruthaitheoir an dúlra: ‘Fógraíonn na spéartha glóir Dé agus foilsíonn an fhirmimint saothar a lámh. Insíonn na laethanta an scéal dá chéile, agus tugann na hoícheanta an t-eolas dá chéile.’ Agus ar ndóigh,salm iomráiteach eile is ea salm 23: ‘Is é an Tiarna m’aoire; ní bheidh aon ní de dhíth orm. Cuireann sé féin i mo luí mé i móinéar féir ghlais. Seolann sé ar imeall an uisce mé mar a bhfaighim suaimhneas.’ I Salm 39 tá cur síos cáíliúil ar ghiorracht an tsaoil seo: ‘Nocht dom líon mo laethanta, ionas gurb eol dom neamhbhuaine an tsaoil. Is gairid an seal a thug tú dom, is neamhní ré mo shaoil id

Timire AUTUMN 2015.indd 28

fhianaise. Níl i neach dá maireann ach puth anála, agus gabhann an duine thart mar scáil. Gal gaoithe a shaibhreas go léir.’ Tá an téama céanna á reacaireacht i sliocht aitheanta eile i Salm 90: ‘Óir níl míle bliain id fhianaise ach mar an lá a d’imigh tharainn inné, nó mar a bheadh faire na hoíche. Sciobann tú chun siúil iad amhail aisling, nó mar fhéar úrghlas na maidine.’ Aithrisítear téama na deoraíochta go sárchumasach i Salm 137, ‘Cois Sruthanna na Baibleoine’. Mar shamhchruit chaoin ag caoineadh Gael, caoineann an salmaire: ‘Cois sruthanna na Bablóine a shuíomar ag sileadh deor, ag cuimhneamh dúinn ar Shíon. Ar shaileoga na tíre sin chrochamar ár gcruiteanna. Óir an drong a rinne bránna dínn, d’iarr siad lúcháir orainn: “Scaoiligi chugainn,” a deiridís, “amhrán d’amhráin Shíon.” Conas a chanfaimis amhrán an Tiarna i dtír na gcoimhthíoch?’ Agus ansin buaicphointe corraitheach iomráiteach an tsailm: ‘Má dhéanaim dearmad ort, a Iarúsailéim, go gcrapa mo dheaslámh! Go gceanglai mo theanga de mo charball, mura gcuimhním ort, mura gcuire me Iarúsailéim mar bharr m’aoibhnis uile.’ Bí ag caint ar bhánchnoic Éireann ó! Tá na samplaí seo ar fheabhas. Mar aonad agus tríd síos, tá na haistriúcháin chomh maith le rud ar bith atá againn san nua-Ghaeilge. Is mór an buíochas is dlite don lucht aistriúcháin go léir, agus go háirithe don Mhoinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta, a bhí ina eagarthóir ginearálta ar an ollbheart aistrithe ar fad. Tá brollach breá ag dul le Leabhar na Salm, ina bpléann Pádraig ó Fiannachta gnéithe éagsúla de scéal na salm. Orthu sin tá: na Gaeil agus na Sailm; conas mar a d’fhás an cnuasach (an tSaltair, mar a thugtar air); ról Dháiví Rí; filíocht na hEabhraise (píosa an-chuiditheach spéisiúil); agus na sailm mar urnaí shíoraí, thar thréimhse 2,500 bliain anois. Mura raibh fiúntas ag gabháil leo, ní mhairfidís thar an oiread sin de ghlúna. Ar ndóigh, ní féidir a rá go mbeidh tairbhe

30/07/2015 12:50


29

Fógraíonn na spéartha glóir Dé. spioradálta le baint ag gach léitheoir astu, nó go mbeidh a leithéid de leas á lorg ag cách a thugann fúthu. Ach geallaimse seo duit, má chuireann tú aithne orthu, cuirfidh siad feabhas ar do chuid Gaeilge, agus ar do thuiscint ar cad tá i gceist ag lucht creidimh nuair a labhraíonn siad faoi bhuanghrá Dé. (Foilsíodh an chéad cuid den aiste seo ar na Sailm in Eagrán an Earraigh den Timire.) Foclóirín: bhreaceolas = eolas measartha; reacaireacht = (dán) a rá os ard; coimhthíoch = eachtranach; charball = barr crua an bhéil; cách = gach duine

Tá muintir an Timire thar a bheith buíoch d’ár Léitheoirí ar fad.

Go raibh mile maith agatsa De bharr fhlaithiulacht ár léitheoirí, nuair a d’iarr muid Tacaiocht Eisceachtúi, tá muid in ann a dheimhniú go mairfidh an Timire tamall eile! Ní bheidh orainn praghas na hirise a athrú, bíodh nach bhfuil deontas stáit á fháil againn. Bímis cinnte go gcuirfidh Dia a bheannacht orainn ar fad de bharr a bhfuil déanta agaibhse, ár léitheoirí, chun go naomhthar a Ainm Naofa. an Chroí Ró-naofa Cuimhneoimid ar a chéile in ár bpaidreacht agus ag an Aifreann Naofa.

Timire Timire AUTUMN 2015.indd 29

30/07/2015 12:50


30

IM LEABHARLANN DOM Tomás Ó Ceallaigh A Grammar of Modern Irish Pól Ó Murchú Le fáil ó: teangaleagan.com 394 lch; Praghas €22.50 Níl amhras ar bith ach gurb é seo an leabhar gramadaí Gaeilge is cuimsithí dá bhfuil ann don ghnáth-léitheoir. Dá chastacht an pointe gramadaí atá do do chrá, gheobhaidh tú cur síos iomlán agus údarásach ina leith anseo. Leabhar Béarla atá ann ar ndóigh agus maítear sa mbrollach go n-eascraíonn gach uile rud ann ón nGraiméar Gaeilge iomráiteach a d’fhoilsigh na Bráithre Críostaí in 1960. Deirtear sa mbrollach leis, gurb é sprioc an tsaothair seo ná míniú éasca a chur ar fáil ar na rialacha gramadaí atá curtha os ár gcomhair i mbun-shaothar na mBráithre. Níl drogall ar bith ar an scríbhneoir seo a rá go n-éiríonn go

Timire AUTUMN 2015.indd 30

breá leis an saothar seo ar an iomlán, ach a Mhaighdean, ní mór don léitheoir a bheith foighneach agus díograiseach agus é i mbun a léite. Tá go leor den téarmaíocht scanrúil amach agus amach. Níl cur i gcéill ar bith ann maidir le húsáid an fhocail ‘scanrúil’. Seo a leanas cuid de na téarmaí a chaithtear timpeall go liobrálach sa téacs: apodosis, proleptic function agus optative subjunctive. Níl nóisean ar bith ag an scríbhneoir seo céard tá i gceist leis na téarmaí thuas agus níl sé soiléir ar chor ar bith go bhfuil gá le téarmaí den sórt seo a chuirfeadh alltacht ar ghnáth-léitheoir. Bíonn bealach sothuigthe ann i gcónaí chun pointí gramadaí a mhíniú ach é a chuardach. Ná bíodh an cáineadh beag seo áfach, ina chúis ag éinne an leabhar seo a sheachaint ar bealach ar bith. Mar a dúradh ag an tosach is saothar údarásach é amach is amach – tá gach uile rud ann agus mar leabhar tagartha ar ghramadach na Gaeilge níl a shárú ann.

30/07/2015 12:50


Rogha Scéalta Pádraic Breathnach Cló Iar-Chonnacht 2014 388 leathanach; Praghas €15 Is éard atá sa leabhar seo ná bailiúchán de scéalta ó pheann Phádraic Breathnach thar tréimhse daichead bliain. Tá boladh láidir ó Éirinn na linne seo le braistint ar beagnach gach leathanach. Seo os ár gcomhair amach go lom, díreach, feiceann muid an tír úrnua atá cruthaithe againn uilig a bhfuil cosúlacht an-mhór aici le Meiriceá. Na carachtair atá ann, ní chuirfeadh sé ionadh ar bith ort dá bhfeicfeá iad i saothar éigin ó Paul Auster nó Raymond Carver. Na daoine a chuirtear ina mbeatha i leathanaigh an leabhair seo, tá siad á gcrá ag an saol ach le teann díongbháilteachta éigin, faigheann siad an spiorad agus an fuinneamh chun leanúint ar aghaidh. Ar ndóigh dá dhonacht é an saol, níl an dara rogha ann ach coinneáil ar aghaidh. Sna scéalta atá faoi chaibidil anseo againn buaileann muid leis an bhfear tuaithe atá míshocair, faireach agus é ar cuairt chuig cathair mhór Bhaile Átha Cliath, faigheann muid léargas ar intinn na mná singil atá théis bualadh le fear nua agus í gliondrach agus lán de dhóchas dá bharr agus seo chugainn freisin fear páirte na filíochta atá scantraithe as a mheabhair nuair a dhéanann sé iarrracht labhairt os comhair an tslua ag ocáid mhór litríochta. Sea, a mhic ó, seo é an staid daonna mar a fheictear do Phádraic Breathnach é, lán d’ eagla, d’uaigneas agus de scanradh. Is fánach atá aon nóta ceiliúradh sna leathanaigh seo ach is féidir an méid

Timire AUTUMN 2015.indd 31

seo a rá faoi na carachtair uilig – táid uilig ag stracadh leis an saol agus ní dhéanann siad aon teitheadh uaidh. Prós gonta, soléite atá ann tríd síos agus blas Connachtach go smior ann. Is é an scoláire Brian Ó Conchubhair a roghnaigh na scéalta agus tá réamhrá breá scríte aige a thugann comhthéacs dúinn d’obair uilig an Bhreathnaigh. Má tá saothar cruthaitheach ag teastáil uait a théann i ngleic le hÉire na linne seo, níl a shárú ann.

Rachael Nic Pháidín Ar Scáth a Chéile Dánta agus Gníomhaíochtaí don Bhunscoil maraon le dhá dhlúthdhiosca Úna Uí Rócháin 47 lch; Praghas €20.00 Chaith mé seal ag léamh ‘Ar Scáth a Chéile’ agus ag breathnú ar na smaointe atá ann. Thaitin sé go mór liom. Roghnaigh mé an dán ‘Lá Spóirt’ agus chaith mé seachtain air sa rang mar cheap mé gur dán oiriúnach a bhí ann don rang (Rang 2) agus don am don bhliain. Tá neart éagsúlacht sa leabhar agus is cinnte go bhfuil rud éigin spreagúil ann do gach rang sa bhunscoil. Is áiseanna iontacha iad na gníomhaíochtaí a thagann le chuile dán. Tá éagsúlacht arís ann sna gníomhaíochtaí seo gur féidir leis an múinteoir an cheacht a mhúineadh ag braith ar chumas an ranga. Bhain na páistí an-sult as an dáin agus bhí fiúntas ag baint le na gníomhaíochtaí a rinneamar leis.

30/07/2015 12:50


32

Pádraig Standún

DIALÓG Plé le daoine ar mhalairt tuairme leat

Is dóigh go bhfuil an Eaglais Chaitliceach ar cheann de na heagraíochtaí is mó ar domhan atá i mbun dialóg den uile chineál. Bíonn dialóg idireaglasta nó eiciúméineach ar siúl go rialta, dialóg idirchreidimh leis na reiligiúin mhóra, dialóg le tíortha an domhain ar chúrsaí síochána agus bochtanais, gan trácht ar shaoirse creidimh. Taobh istigh de na deoisí agus paróistí bíonn i bhfad níos mó dialóg ná mar a bhíodh, toisc go bhfuil daoine seachas an chléir ag glacadh páirt níos iomláine i gcúrsaí creidimh. Deirtear go meileann muillte Dé go mall, agus is minic gur cúrsai dialóg is cúis leis, ach is maith sin mar go dtugann sé daonlathas éicint d’Eaglais atá hiararcach ar an gcuid is mó de. Ní inniu ná inné a thosaigh mise ar cheisteanna móra a phlé le daoine ar mhalairt tuairime. Bhí mé i láthair in Óstán an Dóilín ar an gCeathrú Rua ar an 24ú lá de Mheitheamh 1987 nuair a seoladh an leagan Gaeilge de “Clár na Comhsheilbhe”, Forógra pháirtí na gCumannach le Karl Marx agus Friedrich Engels. Tá mo chóipse sínithe ag Micheál Ó Ríordáin, uachtarán na gCumannach in Éirinn ag an am sin, agus bhí comhrá agam leis an Dr. Nollaig de Brún an oiche chéanna, fear a bhí lonnaithe i Ros a’

Timire AUTUMN 2015.indd 32

Mhíl ag an am. Ní hé go raibh mo chuid airgid ar chapall an Chumannachais, agus is maith nach raibh, mar go raibh Balla Bherlin le titim cúpla bliain ina dhiaidh sin. Ach ní raibh mé ró-thógtha le lucht caipitil ach an oiread. Cúig bliana fichead níos deireanaí fuair mé cuireadh an chéad leabhar a ndearnadh cinsireacht air in Éirinn a athsheoladh, “The House of Gold” leis an Árainneach, Liam O’Flaherty ó Ghort na gCapall. Bhí meascán de Chumannaigh agus de Chaitlicigh i láthair, agus daoine eile a raibh an dá rud measctha ina gcroíthe istigh. Ach bhí mé bródúil as an gcuireadh a fháil agus an cor is cúiteamh a d’éirigh dá bharr, an dialóg, meas agus ómós idir daoine nach réitíonn a gcreideamh lena chéile. Ba mhaith liom dialóg agus caidreamh níos mó a fheiceáil sa tír seo, ó thuaidh agus ó dheas, idir Cumann N. Uinsean de Pól, mar shampla, agus páirtithe beaga na heite clé agus neamhspleáigh i nDáil Éireann, abair, faoi chúrsaí bochtanais. Is cosúil go bhfuil bearna mhór, faoi láthair, idir tuairimíocht na ndaoine seo agus fealsúnacht an Phápa Proinsias i leith na mbocht, cé go bhfuil na cuspóirí céanna ag chaon dream faoin gceist. Tá an chéad dréacht d’úrscéal scríofa

30/07/2015 12:51


33

Ní hé go raibh mo chuid airgid ar chapall an Chumannachais.

agam ina bhfuil cúrsai creidimh agus ainchreidimh á bplé. Teastaíonn uaim dearcadh agus tuairimí an dá thaobh a thuiscint, agus gan mo chreideamh féin a chailleadh, ar ndóigh. “Mac Dé, Cé hÉ?” an teideal atá ar an leabhar, agus baineann sé le lucht scannánaíochta ag teacht chuig

an nGaeltacht le Dráma na Páise a thaifeadadh. Is aindiachaí é an léiritheoir, agus níl cuid de na daoine a bhí ag súil le “Ryan’s Daughter” eile, ar mhaithe leis an turasóireacht, róshásta. Dialóg istigh i m’intinn féin atá i gceist, le mantra Chríost maidir lena pharabail intuigthe: “Éist, má tá cluasa agat.”

INTINN UILECHOITEANN: DIALÓG: Go raibh fonn orainn teagmháil phearsanta agus dialóg a dhéanamh le cách, fi ú le daoine nach réitíonn a gcreideamh lenár gcreideamh féin. Foclóirín: hiararcach = structúir ina bhfuil an cliarfhlathas ar a bharr; ar mhalairt tuairime = a bhfuil smaointe nó dearcadh eile ar fad acu; lonnaithe = ina chónaí; bródúil = mórálach; dréacht = leagan; aindiachaí = duine gan creideamh i nDia

LITREACHA BUÍOCHAIS DO CHROÍ RO-NAOFA ÍOSA Nuair a bhíonn fonn ort gníomh buíochais a ofráil do Dhia, an gcuirfeá nóta beag gairid chugainn le cur sa Timire. Chabhródh sin le léitheoirí eile.

Timire AUTUMN 2015.indd 33

30/07/2015 12:51


34

An tAth Briain Ó Fearraigh

AIBHLEOGA AN DÓCHAIS AGUS AN GHRÁ

Amhrán mór grá de chuid na Gaeilge, a tháinig anuas mar oidhreacht luachmhar againn ó ghlúin go glúin agus a cheoltar go binn, glórach fá na dúichí seo, amhrán den teideal, Tá mé i mo shuí ó d’éirigh an ghealach aréir. Mar ruball ar cheathrú de chuid an amhráin seo, tá na focla: “Nuair a théid sé fán chroí, cha scaoiltear as é go bráth.” Ar ndóighe, tá seo ag déanamh tagairte don ghrá agus an greim a fhaigheann an grá, nuair a théann sé go croí i nduine. Mar aoirí na hEaglaise, chan dochar ar bith dúinn ligint d’intinn Shoiscéalaíochta an Phápa, atá leagtha os ár gcomhair mar shlat tomhais do mhí na Samhna, greim croí a fháil orainn inár ministreacht laethúil. Is focla iad, atá ag cur thar maoil le splancacha céille agus a bhfuil doimhneacht dúshlánach diagachta ag sileadh astu, d’aoirí uilig na hEaglaise dár dual leo iad a thuigbheáil. Is cinnte go leagann an Pápa béim faoi leith ar theachtaireacht agus ar thábhacht an ghrá ina chuid teachtaireachtaí agus teagaisc fhónta, mar atá déanta aige san intinn Shoiscéalaíochta áirithe seo. Grá domhain dílis, láidir do phobal Dé agus don uile dhuine a chastar orainn agus a bhfuil sé de phribhléid againn a bheith ag freastal orthu fríd ár ministreacht sa tSagartóireacht, seo an tslat tomhais a leagann sé romhainn. Is fíor go mbaineann coimpléasc

Timire AUTUMN 2015.indd 34

bunúsach le Proinsias mar dhuine, ach maidir leis an treoir a thugann sé agus ó thaobh sampla a shaoil féin de, níl éiginnteacht de shórt ar bith i gceist don té a chaitheann cóta Chríost. Ó shuigh Proinsias i gcathaoir Pheadair, creidim go bhfuil snáithe choitianta amháin a bhíonn fite fuaite go minic ina chuid cainte le haoirí na hEaglaise, is é sin, go gcaithfidh aibhleoga an dóchais, chomh maith le bláire an ghrá a bheith láidir inár gcroí istigh agus muid i measc na ndaoine. Bheireann sé treoir dúinn, amharc chun tosaigh, dóchas láidir inár gcroí ár dtiomáint ar aghaidh go muiníneach i gcónaí. Anuas air seo, leagann sé béim faoi leith ar a bheith, ag gríosú agus ag misniú phobal naofa Dé atá faoinár gcúram, chan amháin le briathra ár mbéil ach le bearta fiúntacha ár saoil chomh maith. Dúshlánach ‘s uile mar atá an méid seo, bíodh sé de mhisneach againn i dtólamh, tabhairt faoi shaol an Chríostaí a chastar orainn inár bpobal a dhíriú ar bheatha Chríost féin. Mar bhunchloch ar an obair mhór seo, tá meas agus urraim an uile dhuine, idir leanbh is liath fíorthábhachtach. Caithfidh muid cuidiú agus tacú lenár bpobal a bpointeáil iomlán a aimsiú, chomh maith lena mbeatha spioradálta a chothú, seo uilig a thabhairt chun críche i gcomhthéacs mhian Chríost dúinn.

30/07/2015 12:51


35

Tá seo ag tagairt don ghreim a fhaigheann an grá, nuair a théann sé go croí i nduine. Mar chrann taca ar an mhinistreacht luachmhar seo, bíodh a fhios againn go bhfuil an t-aoire maith, Íosa Críost É féin linn i rith an ama agus muid ag treabhadh i bhfíonghort s’aige, go díreach mar a bhí sé leis na deisceabail ina dtráth. Tá Críost taobh linne a chuid aoirí, le tacaíocht ‘s treoir, le sólás ‘s faoiseamh a thabhairt, go háirithe nuair a bhíos an obair trom tuirsiúil. Cha dtig linn leisce nó eagla de shórt ar bith orainn tiompú chuige ar bhonn rialta, chan amháin lenár gcloigeann a shíneadh ar a ghualainn, ach fosta le hól go domhain as tobar an tsíorghrá atá aige dúinn. Tá tábhacht faoi leith leis an cheangal phearsanta seo le Críost inár saol laethúil, is é sin, go mbeadh ceangal láidir grá idir croí Íosa, croí an tsagairt agus croí an Chríostaí a mbíonn muid ag freastal orthu. Tá an chinnteacht tugtha dúinn go soiléir, is é sin, nach bhfuil muid linn féin nuair a bhíos obair an Tiarna idir lámha againn, ach go bhfuil Tiarna na hoibre dár gcoinneáil idir A dhá lámh féin chomh maith agus Eisean ár stiúradh ar aghaidh, ar an ábhar sin chan miste dúinn a rá go muiníneach: “Is é an Tiarna a thugann

cuidiú dom.” (Eabhraigh 13:6) Mar aoirí de chuid na hEaglaise, chan miondheachtóirí muid a bhfuil pobal faoi leith faoinár gceannas le slat an tíoránaigh inár lámh againn. Creidim go bhfuil taithí ag go leor ar an dochar agus an damáiste a rinne a leithéid de mhúnla mhinistreachta i gclapsholas na staire. A mhalairt de mhinistreacht atá i gceist ag Proinsias dúinn, múnla atá ar maos agus ar cur thar maoil le; trua croí, cineáltas, uirísle, ceansacht agus foighne, (Colosaigh 3:12), leis an ghrá mar bhun agus barr agus fite fuaite fríd ar an iomlán. Bíodh an méid seo bunaithe ar a bhfuil ráite ag Críost É féin linn sa Scrioptúr beannaithe: “Tá aithne úr á thabhairt agam daoibh; go dtabharfadh sibh grá dá chéile; mar a thug mé grá daoibhse.” (Eoin 13:34) Nuair a bhíonn grá againn dá chéile, bíonn grá againn do Dhia agus a mhalairt. Chan amháin gur dhúirt sé an méid seo linn ach dúirt sé fosta, i dtaca leis an ghrá: “As sin a beidh fhios ag cách gur deisceabail liomsa sibh.” (Eoin 13:35) Is sagart de chuid deoise Ráth Bhoth é Brian Ó Fearraigh

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA MHÍ NA SAMHNA: AOIRÍ Go ndéana aoirí na hEaglaise a dtréada a thionlacan le grá domhain agus iad a bheoú lena ndóchas Foclóirín: chan = ní; aibhleoga = píosaí móna nó guail atá fós dearg, ar lasadh; amharc = féachaint; i dtólamh = i gcónaí; miondheachtóirí = deachtóirí beaga

Timire AUTUMN 2015.indd 35

30/07/2015 12:51


36

DÁN

BEIRT BHAN

BRÍD DÁIBHÍS

Ar bhruach na Níle in aoibhneas na maidine, Chonac uaim í ón mbus bean Núbach. ar asailín bán; A feisteas dubh suntasach i measc na ndathanna Glé maguaird. Cos dheas léi sínte le muin an bheithígh, Á ghreadadh go héadrom; A cabhail chaol cromtha ar aghaidh. Mheasas go raibh fuadar fúithi. Cén beart a bhí roimpi an mhaidin seo? Gnáthscéal nó dea-scéal a ligean? Pér bith é ba mheidhreach a healaín Ag bogadaíl le rithim an tsodair. Thug sí chun cuimhne bean eile Ag marcaíocht go meidhreach Tríd na sléibhte go hAin Kairim, Agus seoid na séad á iompar aici. Bhí a croí ag pléascadh inti Go neosfadh sí rún na n-aoiseanna Dá col ceathrair Éilís agus Go gcloisfeadh sí a scéal-sa siúd

Timire AUTUMN 2015.indd 36

30/07/2015 12:51


37

Éamonn Mac Lochlainn

LAUDATO SI Nóta faoi LAUDATO SI, imlitir an Phápa Proinsias faoi chúram ár mbaile coiteann, an Domhan

Chuala mé easpag Phort Láirge á rá le déanaí gurb é seo an imlitir is tabhachtaí a tháinig ón Róimh ó am Rerum Novarum, an imlitir cáiliúil a scríobh an Pápa Leo XIII sa bhliain 1891. Ní dóigh liom go raibh an ceart ag an easpag, áfach, mar cé go raibh an imlitir sin antabhachtach bhí sé ag plé leis an ngaol ba cheart a bheith idir daoine san ionad oibre; tá an ceann seo níos tabhachtaí mar go ndéanann sé plé le fíricí a bhaineann ní amháin le gach gné dár saol daonna ach le chuile créatúir beo a mhaireann ar domhan chomh maith. Seo an chéad uair riamh i stair na hEaglaise, go bhfios dom, ar ghlac an Eaglais le tuairimí na n-eolaithe faoi chúrsaí tabhachtacha faid agus bhí na h-eolaithe féin beo – cuimhním ar leithéidí Galileo agus Darwin ar ghlac an Eaglais lena raibh a rá acu bhlianta fada tar éís a mbáis. Más mall is mithid. Amhail imlitreacha eile a thagann ón Vatacáin ó am go h-am tá an imlitir seo fada agus trom le léamh, agus mar sin níl sé ar aigne agam é a phlé go mion – tá súil ag an Timire plé leis de réir a chéile le h-imeacht ama – ach tá sé fúm mar shórt blaiseadh, b’fhéidir, aire ár léitheoirí a dhíriú ar an méid a rinne an Papa ar Twitter ag an am céanna. Mar is eol daoibh ní féídir ach beagáinín a scríobh

i ‘tweet’ ar bith, agus mar sin ní mór bheith gonta sa mhéid a scríobhann tú. Le lá go leith nó mar sin ón lá ar foilsíodh LAUDATO SI scríobh an Pápa ‘tweet’ gach 20 nó 30 nóiméad nó mar sin – 63 cinn ar fad, agus tugann siad tuairim dúinn ar an méid a bhí san imlitir. Phioc mé na cinn seo leanas... 1. Tugaim cuireadh don uile dhuine domhainmhachnamh a dhéanamh ar an dúshlán atá romhainn aire a thabhairt don bhaile seo atá againn i gcoitinne. 2. Athrú san aeráid ceann de na dúshláin is mó atá romhainn inniu. 3. Fadhb an-mhór amháin atá le réiteach is ea nach bhfuil uisce folláin ar fáil do na bochta. 4. Ní mór dúinn éisteacht le caoineadh na Cruinne agus le caoineadh na mbochtán. 5. Tá sé de dhualgas ar gach comhluadar an domhan a chosaint agus a chinntiú go mbeidh sé torthúil do na glúine atá le teacht. 6. Tugann Dia a áit féin sa Chruinne don uile chréatúr mar go bhfuil cion aige orthu. 7. Os ar scáth a chéile a mhairimid, ní mór dúinn smaoineamh ar phlean amháin don domhan ar fad.

Nod don eolach: www.Stfrancis_pledges

Timire AUTUMN 2015.indd 37

30/07/2015 12:51


Ag Cur Do Thuairisce…

Timire AUTUMN 2015.indd 38

30/07/2015 12:51


39

GLÓTHACH FIA-ÚLL Le Síle Ní Chearbhaill Chuala mé, agus mé ag fás aníos, scéalta faoin dtrioblóid a bhaineann le glóthach fiaúll a dhéanamh. Níor thuig mé go díreach cad a bhí ann- subh de chineál éigin- ach bheartaigh mé nach dtabharfainn faoi choíche! D’insíodh mo mháthair scéalta dom faoina hóige, scéalta faoi fhómhair i dteach plódaithe le málaí de ghlóthach fia-úll, scéalta faoin ullmhúchán roimh ré agus faoin nghlanadh suas ina dhiaidh. Anuraidh thainig mé trasna ar mhargadh feirmeoirí agus cheannaigh mé próca de ghlóthach fia-úll do mo sheanmháthair. Thaitin sé go mór léi agus bheartaíomar ár nglóthach féin a dhéanamh. Bhí imní orm ach fuair mé amach go raibh an obair níos éasca agus níos glaine ná mar a chuala mé le linn m’óige. COMHÁBHAIR: 6lbs (2.7kg) Fia-úlla ( is féidir úlla cócaireachta a úsáid) 4 ½ pionta (2.9L) uisce Sú agus forchraiceann 2 líomóid Siúcra 6 Chlóbh MODH: . Nigh na húlla agus gearr gach ceann i gceithre phíosa. Ná bhain an craiceann nó an croí ach bain aon bhallbhrú de na húlla. Cuir i sáspan iad leis an uisce, an sú agus forchraiceann líomóide agus na clóibh. Suanbhruith ar feadh thart ar 40 nóiméad nó go mbíonn an meascán ina laíon. 2. Cas an laíon isteach i mála glóthaí (is féidir é seo a cheannach nó is féidir ceann a dhéanamh as chlúdach piliúir nó muislín) agus croch thar bhabhla é. Bhailigh an sú a thagann den laíon. Fág

Timire AUTUMN 2015.indd 39

thar oíche é chun an sú ar fad a bhailiú. 3. Tomhais an sú agus tomhais 1lb (450g) siúcra le haghaidh gach pionta (475ml) den sú. Téigh an siúcra in oigheann ag teocht íseal. 4. Nigh prócaí in uisce te le gallúnach. Triomaigh agus cuir bunoscionn in oigheann iad ag 180c. 5. Fiuch an sú i sáspan mór agus cuir an siúcra leis. Tuaslaig an siúcra sa mheascán ag suaitheadh an t-am ar fad. Fiuch ar feadh 10 nóiméad gan é a shuaitheadh. Bearr an cúr bán de le spúnóg. Tástáil é (cuir ar phláta fuar é, brúig le do mhéar é, má rocann sé tá sé réidh). Cuir sna phrócaí ullmhaithe é. Clúdaigh agus lipéadaigh.

30/07/2015 12:51


Aspalacht na hUrnaí Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin; An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna; Deichniúr den phaidrín a rá gach lá ar intinní an Phápa don mhí.

MEÁN FÓMHAIR Deiseanna don óige Go dté i líonmhaireacht na deiseanna oideachais agus fostaíochta ata ar fáil do dhaoine óga.

DEIREADH FÓMHAIR Gáinneáil ar dhaoine Go gcuirtear deireadh le gáinneáil ar dhaoine, sclábhaíocht an lae inniu.

SAMHAIN Dialóg Go raibh an fonn orainn teagmháil phearsanta agus dialóg a dhéanamh le cách, fi ú le daoine nach réitíonn a gcreideamh lenár gcreideamh féin.

NOLLAIG Trócaire Dé a mhothú Go mothaí an uile dhuine trócaire Dé, ós Dia é nach dtagann tuirse air maithiúnas a thabhairt.

Timire an Chroí Ró-naofa

Timire AUTUMN 2015.indd 40

30/07/2015 12:51


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.