1 minute read

Oró na Circíní Gabriel Rosenstock

19 Timire Croí na hÓige

ÓRÓ NA CIRCÍNÍ

Bhí buachaill óg sa Nigéir uair amháin. Ólú ab ainm dó. Bhí peata circe aige, cearc bhán. Bhí siad an-mhór lena chéile. Ní fheicfeá Ólú go deo gan an chearc bhán ag rith ina dhiaidh. Ní fheicfeá an chearc bhán go deo gan Ólú ina cuideachta.

Thaitin sé le hÓlú a bheith ag breathnú uirthi agus í ag scríobadh na talún: ‘Scríob leat! Scríob leat!’

Lá amháin d’imigh an chearc agus bhí Ólú bocht trína chéile. Chaoin sé agus chaoin sé. Chuaigh sé á lorg agus gach aon ‘Tsiuc-tsiuc’ aige ach ní raibh radharc uirthi aon áit.

Trí seachtaine ina dhiaidh sin, tháinig an chearc bhán ar ais agus seacht sicíní beaga bána aici! Bhí áthas an domhain ar Ólú. Thug an mháthair togha na haire do na circíní sin agus chum Ólú amhrán dóibh:

Óró na circíní, circíní-ní-ní bána Óró na circíní is iad ’dul síos an lána!

Amach sa séasúr tirim, las buachaillí na háite tine mhór chiorclach agus sheas gach duine lasmuigh den chiorcal, ar imeall an tsráidbhaile. Scaip an tine ansin i dtreo lár an chiorcail. An chúis a bhí leis an tine ná ainmhithe beaga ar nós coiníní a chur ag rith ón tine agus bheadh na buachaillí réidh ansin lena miodóga fiaigh chun iad a mharú.

Nuair a bhí deireadh leis an marú chuaigh Ólú agus na buachaillí eile ar ais go dtí an sráidbhaile. Thug Ólú carn cleití dóite faoi deara. Éan éigin nár éalaigh in am ón tine?

Is ansin a thuig Ólú cad a bhí ann – an chearc bhán agus í dóite ar fad. Marbh.

Ansin chuala sé, ‘Síp-Síp!’ Na sicíní! Bhí an mháthair tar éis iad ar fad a chlúdach faoin dá sciathán aici. Bhí siad beo beathach. Cailleadh an chearc bhán agus a hál a cosaint aici.

‘Mise an Chearc Bhán anois,’ arsa Ólú, ‘mise a bheidh mar mháthair agaibh!’ Agus chan sé amhrán, an t-amhrán speisialta a bhí cumtha aige dóibh:

Óró na circíní, circíní-ní-ní bána Óró na circíní, is iad ’dul síos an lána!

Óró, na Circíní, athinsint ar scéalta traidisiúnta ón Afraic, le foilsiú amach anseo ag An Gúm

This article is from: