2 minute read

Leathanach na Litreacha

A Eagarthóir,

Léigh mé an t-alt san eagrán deireanach de An Timire, a scríobh G. D. de Barra. Aithne an-mhaith agam ar an scríbhneoir ceart go leor, ach ní gá a rá gur chuir sé suáilcí Naomh Pio i gcuimhne dúinn go fíormhaith. Faraor sa bhliain 1975, deimhníodh go raibh scléaróis iolrach ar mo mháthair, agus í ag aois 27, agus tharla go raibh an galar fíochmhar, neamhthrócaireach ina taobh. Laistigh de bhliain, fágadh í i gcóma sé seachtaine san Ospidéal Richmond (mar a bhí) i mBaile Átha Cliath agus i mbaol báis, gan néal dóchais ag m’athair go dtiocfadh sí slán. Sasanach agus ball d’Eaglais na hÉireann ba ea mo mháthair ach bhí na Proinsiasaigh Chaipisíneacha i Sráid na Cille an-tógtha léi. Beannaíodh í le taise Phadré Pio an uair sin sa bhliain 1976; tháinig sí amach as an gcóma an lá dar gcionn. D’fh eabhsaigh sí de réir a chéile le go mbíodh leagan níos leanúnaí den ghalar aici, a bhí ina chuid dá coimhlint leighis uaidh sin i leith (go dtí gur bhásaigh sí ocht mbliana is fi che níos déanaí). Rugadh mise féin tamall de bhlianta ina dhiaidh sin, naoi mí tar éis do m’athair mo mháthair a thabhairt ar Oilithreacht na bProinsiasach Caipisíneach chuig San Giovanni, in ainneoin na dtuartha ó dhochtúirí agus d’éirigh léi aire mhaith a thabhairt dom sna blianta luatha de mo shaol. Ní bheinn ann murach í, ná Naomh Pio.

Le dea-ghuí, Liam Mac Amhlaigh, Baile Átha Cliath

A Athair, a chara,

Is mó uair a chuala mé trácht ar Naomh Padre Pio ach is beag a bhí ar eolas agam faoin a bheatha go dtí gur léigh mé an t-alt a foilsíodh in eagrán an Gheimhridh don Timire. Im’ thaobhsa féin bím ag impí ar Naomh Antaine mo rudaí “caillte” a fh áil dom ach tar éis dom an t-alt seo a léamh beidh Padre Pio ar mo phaidrín as seo amach.

Scríobh an Bráthair de Barra cúntas anspéisiúil agus táim cíocrach anois breis eolais a fh áil faoi Naomh Pio Pietrelcina agus faoin áit in ar chónaigh sé i San Giovanni Rotundo.

Ba bhreá liom breis eolais nó míniú a fh áil ar an stigmata agus freisin cén tinneas a bhí ar an mBráthair de Barra agus conas mar a leigheasadh é trí eadarghuí Padre Pio.

Deirtear go bhfuil breis is naoi míle duine ag obair san ospidéal a bhunaigh Padre Pio san áit. N’fh eadar ar chóir dár n-Aire Sláinte, Simon Harris T. D. do dhul ann agus foghlaim conas ospideál a eagrú, fi ú d’fh éadfadh sé guí ann.

Cinnte is iontach an tionchar a bhí ag an gCaipuisíneach umhal seo ar an tsráid bhaile bheag, San Giovanni Rotunda, sa mhéid is go mbeidh spéis ní hamháin ag oilithirigh ach ag an turasóir creideamhach ar leagan amach agus ar fh ás na háite agus ar an ailtearacht is an ealaín atá le feiscint san áit de réir an ailt atá sa Timire.

Le cúnamh Dé, rachaidh mé go San Giovanni Rotundo lá éigin amach anseo.

Is mise le meas, Elaine Ní Mhaoláin

This article is from: