4 minute read

An Saol Nua Edward De Búrca

Edward de Búrca

AN SAOL NUA

I 2003 thosaigh mé ag obair do chomhlacht mór Meiriceánach ag plé le cúrsaí margaíchta ar an idirlíon. Ag an am sin, nior thuig mé go baileach céard ba chiall leis an gcineál geilleagair nua sin i gcomhthéacs áitiuil nó idirnáisiúnta. Anois tá an saol ar fad athraithe go mór. Caithfi dh tú gabháil go dtí an t-idirlíon chun rud ar bith a dhéanamh: más ag ceannacht rudaí don teaghlach nó ag gabháil ar do shaoire atá tú. Tá an teicneolaíocht ag athrú chuile ruda. Agus tá meáin chumarsáide nua á bhforbairt as an teicneolaíocht seo, meáin atá úsáideach go leor chun tuiscint agus comhghrá a thógáil idir daoine agus ciní eagsúla, rud narbh fhéidir roimhe seo.

Ach cé go bhuil cuma iontach ar an suíomh nua seo, cuirim i gcónaí an cheist orm féin: cé chomh buan an bhfuil an fl aitheas nua seo? Agus an mairfi dh an saol nua tuiscuineach seo idir gach géag de chrann an chine dhaonna? Ó 2003 tá an sciar de jabannaí nua atá á gcruthú ag comhlachtaí idirnáisiúnta (cuid mhór díobh san earnáil teicneolaíocht faisnéise) in Éirinn tar éis a fh ás go heaspónantúil. Agus lena chois sin, tá sochaí nua á cruthú laisitigh de na comhlachtaí sin chomh maith. Tá daoine ó chaon choirnéal den domhan ag bogadh go hÉirinn mar gheall ar an obair atá le fáil de bharr na n-athruithe thuasluaite. Agus is suimúil an rud é, feiceáil an chaoi go n-oibríonn na sochaithe nua sin ó lá go lá le chéile. Feiceann tú daoine as tíortha a bhfuil easaontais mhóra eatarthu agus iad ag obair anseo faoi mar nach raibh fadhb ar bith riamh ann. Suíomh íontach, d’fh eadfá a rá.

Bhuel, má fh éachaim ar an gcomhlacht ina bhfuil mé ag obair anois, tá foirne as gach áit ag obair in éineacht liom, as an Meán-Oirthear ina measc, as an Liobáin agus as Iosrael. Agus tá scéal beagáinín difriúil le braith maidir leo siúd. Tá síocháin ann, is dóithe, eatarthu, agus os rud é gur as an réigiún céanna dóibh, mórán, bíonn siad ag obair sa mhórfh oireann chéanna … cineál. Bíonn siad ag castáil le chéile sa gceaintín, ag obair le chéile nuair atá rud áisiúil le foghlaim óna chéile. Ach má amharcann tú go beacht orthu, tógfaidh tú rudaí giota beag neamhchoitianta eile faoi deara. Mar shampla, caithfi dh siad a bheith ina suí in áiteachaí difriúla ar an urlár céanna. Suíonn siad in áiteachaí nach mbuaileann a chéile. Cé nach mbíonn focal diúltach le cloisteáil eatarthu, dá mbeadh ar dhuine den bhfoireann MENA (Meán-Oirthear, Tuaisceart na hAfraice) an

‘An mair dh an saol nua tuisceannach seo idir gach géag de chrann an chine dhaonna?’

bratach Iosraelach a fh eiceáil ag crochadh ar an mballa in aice leis (díreach mar atá brataigh tíortha eile le feiceáil ag gach foireann, dála an scéil), céim rófh ada a bheadh ansin dhóibh. Mar sin, suíonn siad scartha ó chéile.

Agus, díreach mar a d’fh eicfeadh duine sa Tír Bheannaithe, cé go raibh Araibis mar phríomhtheanga ag sciar mór den bpobal Eabhraise sula dtáinig siad go hIosrael (+50% de na hIosraeiligh le fréimh i dtíortha labhartha Araibise) ní chloisfi dh tú á labhairt acu ariamh. Is Iosraeiligh iad tríd is tríd, agus tá na cianta a thug a muintir san Iaráic nó i dTuaisceart na hAfraice dearmadta mar an gcéanna. Is amhail scéal san oifi g. Ní labhraíonn na hIosraeiligh agus lucht labhartha Araibise ach Béarla amháin agus is iad forsáilte chun caint le chéile.

Sin an Meán-Oirthear. Ach céard faoi áiteachaí eile sa domhan? Má fh éachaimid ar dhaoine as an Afraic, ta scéal eile ann. Ach ní fh ágann sé sin gur scéal níos fearr leo siúd atá i gceist. Níl an fh adhb chéanna acusan maidir le brataigh. Tá brataigh chuile thíre Afracaigh ag crochadh ar na ballaí. Ach san Afraic tá deacrachtaí eile le braith. Tá fadhbannaí sa gheilleagar Afracach ó thaobh airgeadais de, mar is meirligh chríochnaithe a gcuid príomhairí agus uachtarán. Céard é toradh an mheirleachais sin? Bhuel ní fi ú an Naira, an t-aonad airgeadais Nigéarach, ach 0.003 dollar. Agus ós é an dollar an t-aonad airgeadais atá á úsáid ag comhlachtaí móra idirnáisiúnta fágann sé sin nach féidir le Nigéaraigh gnó a dhéanamh (nó airgead a dhéanamh) le tíortha eile, gnó margaíochta san áireamh. Mar sin, cé go bhfuil siad ag obair, ag sclábhaíocht (más maith leat frása stairiúil a úsáid) chomh crua agus is feidir laistigh de chóras trádála iarEorpach/ Meiriceánach, ní féidir leo a gcloigne a choinneáil os cionn uisce. Tá na daoine atá ag obair in Éirinn i ndea-chaoi. Ach dá gcuid comhghuallaithe san Afraic … bhuel tá staid na rudaí beagáinín difriúil dóibh siúd, agus níos deacra.

Ach céard is toradh air seo uilig? Deirtear go minic go n-ardaíonn taoide ard gach bád, ach feictear domsa, muna n-aimsítear leigheas ar fh adhbannaí áitiúla, gur cuma cé chomh mór an méid airgid a chaitear orthu, nó cé chomh compordach saol saoránaigh tíre áirithe, ní thiocfaidh réiteach orthu. Agus níos mó ná sin, ní thiocfaidh muid ar réiteach ar gach trioblóid an chine dhaonna tríd an teicneolaíocht amháin. Tá muid, an cine daonna, níos casta ná sin.

De réir dealraimh, tá rudaí ann nach féidir leis an bpróiseas domhandaithe a athrú. Tá fréimh dhoimhne ag an duine, fréimh atá níos láidre agus níos sine ná an Dollar no an Diram … nó fi u amháin an Naira.

This article is from: