4 minute read

Máire Treasa Ní Cheallaigh faoi Agallamh Katie Mc Greal

Katie McGreal

Is féidir leis na r botúin a dhéanamh i gcúrsaí spóirt ach má dhéanann bean botún, deirtear: “Is bean í. Céard a bheadh ar eolas aici ar aon nós?”

AGALLAMH LE MÁIRE TREASA NÍ CHEALLAIGH, CRAOLTÓIR

Tá Máire Treasa Ní Cheallaigh díreach i ndiaidh máistreacht a chríochnú in Ollscoil Luimnigh. Máistreacht sa tsíceolaíocht agus spórt atá ann. Chaith sí bliain ag tabhairt faoin máistreacht seo agus d’oibrigh sí go lánaimseartha do RTÉ le linn na bliana sin.

‘Bhí spéis agam i gcónaí i gcúrsaí síceolaíochta agus i gcúrsaí spóirt,’ a deir sí. ‘Agus nuair a tháinig an cúrsa seo chun tosaigh bheartaigh mé an dá rud a mheascadh.’

Bhí an t-airgead ón obair ag teastáil uaithi don bhliain agus tá Nuacht RTÉ gann ó thaobh foirne de cheana féin agus mar sin níor bhac sí le hiarraidh orthu sos gairme a thabhairt di. Deir sí nach raibh ag teastáil ach go raibh uirthi a bheith eagraithe.

‘Bhí roinnt maidineacha ann ina raibh mé suas ag 5rn le staidéar a dhéanamh sula ndeachaigh mé isteach san obair,’ a deir sí.

Bhí sí ag obair ar chlár faisnéise raidió a bhí go hiomlán faoi rún leis an mbainisteoir agus iarimreoir iománaíochta, Davy Fitz le linn an tsamhraidh freisin agus chuir sin tuilleadh brú uirthi.

‘Ní raibh mé in ann a insint do dhaoine cá raibh mé ag dul agus mé ag bualadh leis agus bhí sin deacair,’ a deir sí, ‘Ach bhí sé feiliúnach dom bualadh leis agus é thíos i gcúige Mumhan agus mé ag freastal ar Ollscoil Luimnigh.’

D’fh iosraigh sí an brú atá ar imreoirí Chumann Lúthchleas Gael don tráchtas a chríochnaigh sí ag tús mhí na Nollag. Labhair sí le himreoirí contae, imreoirí óga, iar-imreoirí agus tuilleadh faoin mbrú síceolaíoch a bhíonn orthu agus iad ag imirt i gcomhair séasúir fh ada.

‘Labhair mé leo faoin mbrú a thagann ón traenáil agus an imirt agus iad ag iarraidh dul amach le cairde nó post a dhéanamh nó tá cuid acu ar an ollscoil chomh maith,’ a deir sí. ‘Foilseoidh siad é an bhliain seo chugainn.’

Go dtí seo ní raibh aon eolas eolaíochta ann ar an ábhar sin.

Is fostaí de chuid RTÉ ó 2013 í Máire Treasa ach cuireann RTÉ seirbhís nuachta ar fáil do TG4 agus mar sin bíonn sí le feiceáil go minic ar Nuacht TG4.

Déanann sí rudaí eile nuair atá sí in ann freisin. Bhí sí thíos i gCorcaigh ag déanamh eagarthóireachta ar phíosa do Nationwide an lá roimh an agallamh seo.

Le linn an tsamhraidh bíonn sí ag obair ar chúrsaí spóirt freisin.

‘Bím ag déanamh an spóirt ag na deireadh seachtaine agus ar an Luan agus bím ar ais ar an nuacht don chuid eile den tseachtain,’ a deir sí.

Don chuid is mó tagann sí aníos lena scéalta féin don nuacht. Bíonn níos mó saoirse aici leis an spórt. Is maith léi a bheith ag déanamh an dá rud.

Leis an spórt síleann sí go gcaithfi dh sí a bheith níos fearr agus níos cruinne ná na fi r.

‘Sílim gur féidir leis na fi r botúin a dhéanamh i gcúrsaí spóirt ach nach dtabharfar an méid céanna aird orthu,’ a deir sí. ‘Ach má dhéanann bean botún: “Is bean í. Céard a bheadh ar eolas aici ar aon nós?” a smaoiníonn siad.’

Bhí spéis i gcónaí aici i gcúrsaí reatha. Síleann sí go bhfuil spéis ag Éireannaigh go ginearálta i gcúrsaí reatha toisc gur daoine fi osracha muid.

‘Breathnaíonn an-chuid daoine ar leithéidí Primetime, Six One News agus sin ar fad,’ a deir sí. ‘Ní bhíonn fi giúirí mar sin thall i Sasana. Sílim mar Éireannaigh go mbíonn muid ag iarraidh fi os a bheith againn céard atá ag tarlú thart orainn.’

D’oibrigh sí i gcúrsaí nuachta le RTÉ Raidió na Gaeltachta ar feadh dhá bhliain sular chuir sí isteach ar phost buan a bhí ag dul in TG4. ‘Bhí mé ar chonarthaí sealadacha le Raidió na Gaeltachta agus nuair a chonaic mé an post buan ag dul no brainer a bhí ann dom.’ Taitníonn an teilifís agus an raidió léi i mbealaí difriúla. Is maith léi an raidió beo agus go dtarlaíonn an raidió níos tapúla ná an teilifís ach is maith léi a bheith cruthaíoch le híomhánna don teilifís. Rugadh agus tógadh Máire Treasa ar an gCeathrú Rua i gConamara. Tógadh le Gaeilge í agus rinne sí a cuid staidéar i nGaillimh i ndiaidh na scoile. Bhog sí go Baile Átha Cliath i 2014. Ar feadh bliana roimhe sin bhí sí ag obair i nGaillimh le TG4 agus ag obair i mBaile Átha Cliath le RTÉ ag an am céanna, ag taisteal idir an dá áit.

‘Bhí sé craiceáilte,’ a deir sí. Anois agus níos mó ama saor aici taitníonn sé léi a bheith ag dul amach le cairde i gcomhair caife nó lóin. Is maith léi a bheith ag léamh agus ag siúl. Bhíodh sí ag imirt peile leis an bhfoireann Na Gaeil Óga ach d’éirigh sí as de bharr glúin thinn.

MUIRE NA mBARD

Móradh na Maighdine Michelle Ní Ríordáin

a thiomsaigh

This article is from: