5 minute read
An tAthmhuintearas san Afraic Máirtín Mac Comhraí
Máirtín Ó Comhraí, SJ
AN tATHMHUINTEARAS SAN AFRAIC
Tuairim is sé bliana ó shin, nuair a bhí mé ag tabhairt cuairt ar thograí Íosánacha a bhí ar siúl sa tSúdáin Theas, bhuail mé isteach ar mheánscoil a bunaíodh le deireannaí ag siúracha Éireannacha Loreto gar do chathair Rumbek. Scoil bheomhar, lán d’fh uinneamh a bhí inti. Agus gach cailín ann ar labhair mé léi, bhi aisling mhór aici faoin saol agus an obair a bhí os a comhair amach. Duine amháin acu, bheadh sí ina múinteoir, duine eile ina dlíodóir, duine eile fi ú, bhí sí chun bheith mar uachtarán ar an dtír nua a bunaíodh cúpla mí roimhe sin. Bhíodar an-dóchasach ar fad faoin saol a bhí rompu.
Ag an am sin, bhí tríocha trí cailíní ag staidéar sa scoil. Ach dúradh liom go raibh beagnach seachtó cailín ann ag tús na bliana. Diaidh ar ndiaidh, d’imigh siad faoi ordú a gcuid dtuismitheoirí chun pósadh mar bhí gach cailín tar éis teacht chun sleachta agus bhí a clann ag súil leis an spré a ghnóthódh sí óna fear céile. Bhí na siúracha Loreto ag iarraidh an nós seo a athrú ionas go mbeadh seans ag na cailíní oideachas maith a fh áil agus seans acu freisin slite beatha difriúla a leanúint. Agus tá ag éirí leo. Creidim go bhfuil níos mó ná trí chéad cailíní sa scoil anois. Ar an gcaoi sin, bhíodar ag tabhairt fi anaise fh áidhiúil bunaithe ar chothrom na Féinne do mhuintir na háite agus do na cailíní go léir. Ach ní ghlacfar leis an athrú seo ar an seanchultúr go héasca. Leis na blianta anuas, an nós san áit sin ná go bpósfadh na cailíní mar dhéagóirí óga. Agus ón spré a fuair an t-athair ón bpósadh sin, bhí sé in ann na daoine a chabhraigh leis féin an spré a chur le chéile dá phósadh féin a íoc ar ais. Bhí deacrachtaí ag baint le haon athrú sna nósanna pósta a bhí á gcleachtadh ag na daoine le fada. Mar sin féin, ar son oideachas agus shlí bheatha na gcailíní, bhí tréaniarracht á déanamh iad a choinneáil ar scoil agus an pósadh a chur ar athló. Tógfaidh sé i bhfad áfach chun go nglacfar le cothrom na Féinne do na cailíní go hiomlán. Nach cuimhin linn an tuarascáil a foilsíodh i mí na Samhna seo caite faoi na difríochtaí pá atá i bhfeidhm idir fi r agus mná anseo in Eirinn! Níl cothrom na Féinne anseo againne go fóill, gan bacadh leis an tSúdáin Theas!
Agus tá tríoblóidí níos mó sa tSúdáin Theas freisin. I mí Mheitheamh 2011, d’éirigh an tSúdáin Theas neamhspleách ón tSúdáin tar éis fi che cúig bliana cogaíochta. Agus bhí an-áthas agus dóchas sa tír ar fad. Ach taobh istigh de dhá bhliain eile, bhí cogadh cathartha ar siúl idir an
dá threabh is mó sa tír, an treabh Dinka agus an treabh Nuer. Troid fh íochmhar a bhí ar siúl ar fud na tíre, agus maraíodh an-chuid daoine. An tUachtarán agus an Leas-Uachtarán a bhí i gceannas ar an dá thaobh, agus cé go bhfuil go leor socruithe síochána déanta acu, níl an tsíocháin ann fós. Tá an-chuid athmhuintearais le déanamh sula mbeidh síocháin ar fud na tíre go léir.
Tá sé an-éasca dúinne atá i bhfad ón dtroid a bheith ag caint faoi shíocháin agus athmhuintearas, agus a bheith dóchasach go dtabharfadh na Críostaithe ansin fi anaise fh áidhiúil in aithris ar Íosa Críost. Ach is é intinn an Pápa don mhí seo, go ndéanfadh muid guí láidir chun go mbeadh na daoine ansin in ann an fh ianaise sin a thabhairt do gach éinne ina dtimpeallacht. Dá dheacra atá sé dóibh, déanadh muidne tréaniarracht an ghuí sin a sheoladh chuig an Tiarna.
INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ NA BEALTAINE, 2017 Go ndéana Críostaithe san Afraic aithris ar Íosa Críost, agus fi anaise fh áidhiúil a thabhairt leis an athmhuintearas, le cothrom na Féinne, agus leis an tsíocháin.
20
SAN ZÚ ATÁ EILIFINT IN ÉIRINN!
Nó an dineasáir ar fad muid nach bhfeiceann thart orainn iad?
In Éirinn 88 duine a fh aigheann bás in aghaidh na míosa de thoradh alcóil. I measc daoine idir 18-35 a fh aigheann bás, duine as gach ceathrar, is de thoradh alcóil a mbás. Faigheann dhá oiread daoine bás de thoradh alcóil is a fh aigheann bás de thoradh na ndrugaí go léir eile le chéile. 900 duine a fh aigheann diagnóis ailse gach bliain a bhfuil ceangal aici le halcól …..
Ba mhaith leis an Timire cuidiú leis an caochspota seo a bhaint d’amharc ár muintire. Le teacht sa chéad eagrán eile.
F MacB
ALT A SCRÍOBH DON TIMIRE
Bímid buíoch i gcónaí ábhar a fh áil don Timire. Iarraimid ar údair cloí leis na treoracha seo a leanas:
n Gan dul thar 850 focal n Teideal a thabhairt ar an alt, d’ainm (agus do theideal, má oireann) a bheith leis n Pictiúr díot féin a sheoladh n Foclóirín (3 -5 théarma) agus athfh riotal roghnaithe (‘pullquote’) a phiocadh
Seo sampla d’alt giorraithe atá san fh ormáid a theastaíonn:
Frainc Mac Brádaigh SJ Eagarfh ocal
ÍOSA FAOI NOLLAIG – ÚDAR DÓCHAIS?
Tá cuntasóirí ag an aos gustail le cabhrú leo a laghad cánach agus is féidir a íoc. Ní mór a chinntiú gur fi ú do chonraitheoir brabach ceart a dhéanamh sul más féidir a bheith ag súil go rachadh sé sa bhfi ontar. Tá fochonraitheoirí is fi r oibre le híoc! Daoine a bhfuil talamh dímhaoin acu ní féidir a bheith ag súil go scaolfaidis uatu é faoi bhun a luach! Sin an córas agus creidimid ann. Nach é a thabharfaidh slán sinn?
Nó i bhfírinne, an iad na daoine is lú acmhainní cairde cléibh Íosa? Síomón ag iompar a chrois ar mo shonsa? An cros a leagann m’eagla roimh éiginnteachtaí na beatha orthu siúd is lú acmhainní ná mé. Más amhlaigh atá an gcuirfi dh siad fáilte romham i bhFlaitheas Dé? An dtuigfi dh siad dom? An leor mo dhéirce bheag faoi Nollaig?
Foclóirín: brocamas =salachar; aos gustail = an dream saibhir; sa bhfi ontar = dul sa seans