4 minute read

Ómós do Shéamus Mac Géidigh Loinnir Ní Dhonnghaile

Loinnir Ní Dhonnghaile Mac Léinn Cumarsáide, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua

ÓMÓS DO SHÉAMUS MAC GÉIDIGH

Fán am seo anuraidh bhí mé go fóill ar thaithí oibre faoi stiúir Shéamuis Mhic Géidigh. Ach nach mór is nach aisteach an t-athrú agus an difear a dhéanann bliain ghairid amháin. Tá mise ar ais san Acadamh anois ag críochnú mo chéime agus Séamus cóir, níl sé linn a thuilleadh.

Is minic a chuala mé guth meidhreach Shéamuis Mhic Géidigh ach is beag a shíl mé riamh le linn m’óige go gcuirfi nn aithne air. Fuair mé an deis sin nuair a chuaigh mé ar thaithí oibre le RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga.

Is cuimhin liom mo chéad lá leis an raidió. Thug Séamus thart ar an stáisiún mé, do mo chur in aithne d’achan duine. Is duine cinéalta cairdiúil a bhí i Séamus agus ba léir dom ón chéad chúpla lá sin ina measc go raibh meas mór ag an fh oireann air.

Ba dhuine thar a bheith tuisceanach é fosta. Laistigh den chéad choicís mhol sé dom gan a theacht isteach go dtí níos moille maidin Luain, ionas go dtiocfadh liom breis ama a chaitheamh sa bhaile ag an deireadh seachtaine. Fear mór teaghlaigh ab ea Séamus agus grá mór aige ar a bhean Dolores agus a dtriúr clainne, Póilín, Éadaoin agus Dónal agus ba mhinic é ag trácht orthu.

Ní raibh mé i bhfad ag cur aithne ar Shéamus de bharr na hiarrachta a rinne seisean. Chaith sé am liom, bhí suim aige ionam, agus is rud annamh é sin i saol gnóthach na meán, go mbeadh ceannaire chomh lách fi al sin lena chuid ama.

Is ag craoltaí seachtracha is mó a d’aithin mé cé chomh fi al fl aithiúil is a bhí sé. Níor lig sé d’aon duine díol as deochanna go raibh cupla ceann ceannaithe aige féin ar dtús agus b’amhlaidh a bhí sé ag cóisir na Nollag fosta, ina chroí na féile i gcónaí.

Bhí Séamus iontach tiomanta dár dteanga dhúchais agus cultúr. Bhí an Ghaeilge go smior ann agus ba mhinic muid ag plé foclaíochta ag am lóin. Bhíodh neart díospóireachtaí againn leis agus muid ag ithe sa chistin bheag sin i nGaoth Dobhair agus seisear againn brúite thart ar sheantábla. Ba níos mó ná bainisteoir é Séamus, is dlúthchara a bhí ann, nár thaobhaigh riamh níos mó le duine amháin seachas duine eile nó bhí achan duine ar comhchéim, dar leis.

Bhí a chuid dóigheanna beaga aige fosta. Is cuimhin liom é ag déanamh cúirtéise amach ar an fh uinneog leis na snaga breaca agus an dóigh nach rachadh sé síos chuig an tsiopa in am ar bith. B’fh earr leis suí thuas ag an Raidió agus tóstaí tuinnín le cáis leáite a bheith aige, sin nó chuireadh

‘Níl an fheadóg séidte, beidh sí beo go deo. Tá an glór ina thost ach mair dh an glór go deo na ndeor.’

Séamus, Loinnir agus Damien Ó Dónaill

Séamus agus an criú Séamus agus a chomhghleacaithe i Raidió na Gaeltachta

sé duine againne amach le rud inteacht a cheannacht. Níor thuig mé riamh cén fáth nár thaitin sé leis a bheith amuigh i measc an phobail ag am lóin, ach ag smaoineamh air anois, rith sé liom cé chomh humhal is a bhí sé. Ní bhíodh sé ag iarraidh aird a tharraingt air féin fá Ghaoth Dobhair ina cháil mar cheannaire raidió.

Sa tráchtaireacht dheireanach a rinne Séamus ag cluiche leathcheannais Chraobh Uladh, i bPáirc Bhréifne agus an lámh in uachtar ag Dún na nGall ar Mhuineachán le cúilín amháin. Dúirt Mac Géidigh “tá an fh eadóg dheireanach séidte agus a leithéid de chluiche.” Chríochnaigh an tAthair Seán Ó Gallchóir seanmóir an tórraimh “Níl an fh eadóg séidte, beidh sí beo go deo, sin an creideamh a bhí aige. Tá an glór ina thost ach mairfi dh an glór go deo na ndeor.”

An uair dheireanach a labhair mise le Séamus, dúirt mé leis, an chéad uair eile go bhfeicfeadh sé mé, go mbeinn ag lorg poist agus go raibh súil agam go dtabharfadh sé dom é. Is ansin a chuir sé an aoibh bheag sin air agus thosaigh a gháire. Thug mé croí isteach dó agus b’in an uair dheireanach dá bhfaca mé Séamus Mac Géidigh. Ní shamhlóinn choíche gur sin an deireadh a bheadh leis. Bhí súil agam i gcónaí i rith mo thaithí oibre ansin go bhfaighinn an deis bheith ag obair faoina stiúir amach anseo agus níos mó dá shaineolas agus dá threoir a fh áil.

Nár mhéanar dom a chaith trí ráithe ina chuideachta, ba sheoid é! Is cinnte nach mbeidh a léithéid arís ann.

Ar dheis Dé go raibh tú, a Shéamuis, a chara dhil, agus is é mo ghuí gur ag coinneáil cuideachta le seanlaochra gaelacha na bhFlaitheas a bheas tú feasta.

Foclóirín: craoltaí seachtracha = craoltaí a dhéantar ó láthair ar shiúl ón ghnáthstiúideo; tuinnín = tuna.

This article is from: