4 minute read

Teachtairí Dé inár Measc Declan Quinn

Declan Quinn, Stiúrthóir Náisiúnta, Aid to the Church in Need (Éire)

TEACHTAIRÍ DÉ INÁR MEASC

Tá sé ríléir muna bhfuil sagairt ann, ní bheidh teacht againn ar na sacraimintí agus muna bhfuil na sacraimintí ann, ní bheidh Eaglais ann.

Rud nach bhfuil chomh soiléir áfach ach atá fíor chomh maith, is é sin, muna bhfuil micléinn shagartóireachta againn, ní bheidh sagairt againn agus is ansin atá todhchaí na hEaglaise leagtha amach romhainn agus an gá do Aid to the Church in Need (ANC) a bheith gníomhach agus páirteach ag tacú leis na hábhair shagairt mórthimpeall an domhain agus iad a mhaoiniú.

Sa lá inniu tá ábhar sagairt amháin as gach deichniúr mórthimpeall an domhain ag fáil tacaíochta ó ACN. Tá a bhfurmhór ag staidéar san Afraic, Meiriceá Laidineach, agus Oirthear na hEorpa.

I dteachtaireacht bheannachta do na hiarrtóirí a bhí i láthair ag Cliarscoil Idirdheoiseach Benedict XVI, i Kendoumayah, Guinea-Conarky, scríobh an Pápa Emeritus Benedict, mar chomhartha ómóis do choisreacan an tséipéil chliarscoile nua-oscailte, an méid seo leanas: In December 1944, when I was called up for military service, the company commander asked each new recruit what his chosen profession would be.

I replied that I wanted to become a Catholic priest. The recruiting sergeant told me I’d better choose a diff erent profession, since in the new Germany there would be no need for priests any more. But I knew even then that this new Germany was fi nished and that after the terrible devastation it would need priests more than ever before.

Admittedly, the situation today is altogether diff erent, but there are still many people who believe we no longer need priests; that it is a calling without a future. What an error! The priest is not a manager of the community, he is

God’s messenger among us.

Is é seo an dearcadh a spreagann chun urnaí agus staidéir na 73 ábhar sagairt atá ag fáil oiliúna i láthair na huaire i Kendoumayah. Tá na chéad oirnithe de dheagánaigh tar éis tarlú cheana féin agus cuireadh na chéad daoine amach i mbliana ó Kendoumayah ag tabhairt fi anaise ar Ghrá Dé do phobal Dé.

Tá an teachtaireacht seo de dhíth ar an domhan seo inniu. D’fh éadfadh i bhfad níos mó teachtairí a bheith ann don obair seo ach níl go leor spáis sa chliarscoil i láthair na huaire; tá suanlios amháin nach bhfuil tógtha go hiomlán go fóill agus dá dheasca sin caithfi dh cuid de na hábhair shagairt codladh i gceann de na

‘Foghlaimímid conas freastal ar dhaoine agus mianta an duine atá ag lorg Dé a shásamh.’

rangsheomraí. Is gá teacht ar réiteach na faidhbe seo gan mhoill.

Tá geallúint tugtha ag ACN cabhrú i dtreo go gcríochnófaí an obair i dtreo go mbeidh níos mó sagart Caitliceach againn.

Ar an gcaoi chéanna tá ACN ag cabhrú go mór ar fud an domhain: n 17 ábhar sagairt i Nua-Ghuine Phapua n Tá 40 ábhar sagairt i gcliarscoil

San Pedro in Ard-deoise Portoviejo san Eacuadór n 34 i gcliarscoil Naomh Pius X in

Istmina, an Cholóim n 105 i gcliarscoil Fenoarivo i

Madagascar, agus n 49 ábhar sagairt d’Aithreacha

Brasaíleacha san Úcráin – gan ach beagán a lua.

Tá todhchaí na hEaglaise ag brath go mór ar an tacaíocht seo d’ábhair shagairt ón ACN.

Tá cliarscoil Mhuire Mháthar Guadalupe in Altiplano (nó ‘ardchlár ard’) i gCúige Chucuito agus tá 48 ábhar sagairt ag dul le sagartacht i láthair na huaire. San oiliúint a fh aigheann siad tá siad ag déanamh staidéir, diagacht agus fealsúnacht san áireamh, mar ag an deireadh seachtaine téann siad amach go dtí na sráidbhailte ag múineadh teagaisc creidimh, ag tabhairt cuairteanna ar na heasláin agus na daoine uaigneacha agus ag freastal ar an aos óg.

“Foghlaimímid conas freastal ar dhaoine,” a duirt Wilber Sucapuca Jaila “agus ag iarraidh mianta an duine atá ag lorg Dé a shásamh.”

Agus labhraíonn Richard Pari Chambi thar ceann an triúir agus thar ceann ábhar sagairt eile chomh maith, nuair a deir sé: “Tá mé chomh sona sin sa ghairm a bhronn Dia orm. Mothaím an mian seo ionaim bheith ina shagart amach anseo.”

Scríobhann Denys Lerma Parillo, atá naoi mbliana déag d’aois: “Is é an rud is tábhachtaí agus is bunúsaí dúinne ná an urnaí agus an tAifreann Naofa.”

Tá cás na n-ábhar sagart seo go léir an-difriúil óna chéile mórthimpeall an domhain ach tá an bhunchúis chéanna lena ngairm chun Dé, is é sin ‘Caritas Christi’.

Dar ndóigh, ba chóir do gach duine againn, mar Chríostaithe, ligean do Ghrá Chríost sinn a spreagadh mar tá an ghairm chun naofachta uilíoch a bhaineann le gach uile dhuine againn ‘i gcónaí agus i ngach áit’.

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ NA MÁRTA, 2017 Cabhraímis le Críostaithe atá faoi ghéarleanúint. Go dtuga an Eaglais ar fad tacaíocht ár bpaidreacha agus ár gcabhair ábhartha do Chríostaithe atá faoi ghéarleanúint.

Foclóirín: deagánaigh = deacons; suanlios = dormitory

This article is from: