4 minute read

An Sionad Pan-Cheartchreidmheach An tAth. Godfrey O’Donnell

Next Article
Mol na hÓige

Mol na hÓige

An tAthair Godfrey O’Donnell Sagart de chuid Eaglais Cheartchreidmheach na Róimhe in Éirinn

AN SIONAD PAN-CHEARTCHREIDMHEACH AGUS A IARMHAIRT

Beagnach míle bliain i ndiaidh an chéad chruinniú dá shórt agus in ainneoin chinneadh cheithre Eaglais gan páirt a ghlacadh ann (Antíoch, An Bhulgáir, an tSeoirsia agus Moscó), tionóladh an Sionad Pan-Cheartchreidmheach nó Oll-Chomhairle Naofa na Ceartchreidmheachta ón 19-27 Meitheamh 2016 den chéad uair in Acadamh Ceartchreidmheach na Créite. Bhí deichniúr Patrarcaí i láthair, san áireamh bhí Patrarc Éacúméineach Parthalán Chathair Chonstaintín chomh maith le Patrarcaí ó Chathair Alastair agus an Afraic ar fad, Iarúsailéim, an Rómáin, an tSeirbia agus Ardeaspaig ón gCipir, an Aithin agus an Ghréig ar fad, Tiorána agus an Albáin ar fad, críocha na Seice agus na Slóvaice agus Petrarc Chathair Vársá agus na Polainne ar fad. Labhraíonn an deichniúr Patrarcaí (chomh maith leis an gceathrar nach raibh i láthair) ar son thart ar 250 milliún creidmheach Ceartchreidmheach i gcomparáid le níos mó ná billiún Caitliceach ar fud an domhain.

Thóg sé beagnach céad bliain an Sionad a ghairm, cuireadh an chéad síol sa bhliain 1923 le cruinniú neamhfh oirmeálta i gCathair Chonstaintín (Iostanbúl sa lá atá inniu ann). Bhí an cur chuige cosúil le Comhairle Vatacánach II – easpaig ag teacht le chéile le comhairleoirí diagachta agus tugadh cuireadh do bhreathnóirí ó Eaglaisí eile (gan cearta vótála). Ag iarraidh dul i ngleic le seandúshláin agus dushláin nua i saol Críostaí na linne seo a bhí siad ach ar scála i bhfad níos lú. Bhí cead ag gach Eaglais Cheartchreidmheach fh éinrialaitheach le Patrarc nó lena hArdeaspag Cathrach féin agus Sionad Náisiúnta acu suas le cúigear easpag is fi che agus seisear comhairleoirí a thabhairt chuig an gComhairle. I measc na 290 ionadaithe ag an gcruinniú, tuairiscíonn foinsí na Comhairle go raibh naonúr ban san áireamh don chéad uair.

Sa cháipéis Caidrimh leis an gCuid Eile den Saol Críostaí, luaigh an Chomhairle gur ‘ghlac na hEaglaisí Ceartchreidmheacha páirt sa ghluaiseacht éacuiméineach ón tús’, ag féachaint air seo mar ‘cuir in iúl leanúnach de chreideamh agus traidisiún na nAspal i gcuinsí staire nua.’ Chomh maith leis sin, in ainneoin ghéarchéim na gluaiseachta éacúiméiní, luadh go raibh an chuid is mó díobh gníomhach ag leibhéil náisiúnta, réigiúnda agus idirnáisiúnta agus i gComhairle Dhomhanda na nEaglaisí. Iarradh ar gach Eaglais daoine eile a choinneáil ar an eolas faoina gníomhaíochtaí chun ‘dlúthpháirtíocht agus aontacht a chur in iúl’.

D’ardaigh an cháipéis Misean na hEaglaise Ceartchreidmhí i Saol an Lae In-

‘Tá bunús spioradálta agus morálta leis an ngéarchéim éiceolaíochta agus tá baint aige le saint, le cíocras agus le féinspéiseachas.’

niu ceisteanna a bhaineann le saoirse reiligiúin, éiceolaíocht, an gá atá le tuilleadh dialóige idir-reiligiúnach agus buntáistí agus dualgais na heolaíochta. Ina Teachtaireacht dheireanach, deir an Eaglais ‘gur buncheart daonna atá ann saoirse reiligiúin a chosaint – saoirse choinsiasa, chreidimh agus reiligiúin. San áireamh leis sin tá – saoirse adhradh a dhéanamh go haonaránach agus i gcomhluadar, go príobháideach agus go poiblí agus gur ceart do phobail reiligiúnacha oideachas reiligiúnach a fh áil agus a ndualgas reiligiúnacha a chleachtadh gan cur isteach díreach nó indíreach ón stát.’

Tá ‘bunús spioradálta agus morálta’ leis an ngéarchéim éiceolaíochta agus ‘tá baint aige le saint, le cíocras agus le féinspéiseachas’. Is é an freagra Críostaí is fearr air sin ná ‘aithreachas a dhéanamh do na mí-úsáidí agus aigne aiséiteach a chothú mar fh rithnimh ar ró-ídiú.’ Chuir an Chomhairle go láidir i gcoinne aidhm ann féin a dhéanamh as an ngeilleagar agus rud atá beag beann ar fh reastail ar bhun-riachtanais dhaonna a dhéanamh as.

Chomh maith leis sin, dúirt an Chomhairle gurb é atá i ‘bpléascacha den bhunchreidmheachas’ i reiligiúin ná ‘cráifeachas galrach á chur in iúl. Cuidíonn comhráiti stuama idirchreidmheacha le comhmhuinín, síocháin agus athmhuintearas a chothú’ agus d’iarr an Chomhairle ar rialtais an Mheánoirthir níos mó a dhéanamh chun pobail Chríostaithe atá i mbaol, agus ar gach saoránach, Críostaithe Ceartchreidmheahca san áireamh, cuidiú le teifi gh ‘go teorainn a n-acmhainní nó níos faide.’

I measc na gcinntí a tógadh ag an gComhairle faoi mhisean na hEaglaise i sochaí an lae inniu, glacadh leis an gcáipéis a faomhadh i Chambésy i mí Eanáir le cúpla mionathrú. Tá an cháipéis seo sínithe ag 14 ionadaithe Eaglasta. ‘Tá an téacs féin an-suimiúil mar cumadh é le hionchur ó smaointeoirí éagsúla neamhchléiriúla Ceartchreidmheacha.’ Maidir le neamhspleáchas a thabhairt d’Eaglais taobh istigh de thraidisiún tír Cheartchreidmheach, ag seasamh le prionsabail thraidisiúnta Cheartchreidmheacha, luífi dh an t-údarás le hEaglais na tíre sin. Tá an troscadh ina chnámh spairne idir coimeádaigh agus forchéimnithe le fada. Tá na coimeádaigh go mór faoi thionchar thraidisiún manachúil agus tá forchéimnithe ag feidhmiú faoi réir thaithí thréadach. Bhí an lá ag an gcur chuige traidisiúnta Ceartchreidmheach ach ligfi dh an cur chuige seo d’ economia (dispeansáid ag brath ar bhreithiúnas ar riachtanais duine faoi leith) d’easpaig i gcuinsí áirithe cásanna faoi leith a mheas agus díolúintí a cheadú. Beidh an riail chéanna i bhfeidhm maidir le póstaí go háirithe do shagairt gur baintreacha fi r iad.

Admhaítear go raibh an Chomhairle ró-ghearr agus faoi bhrú ón dtaobh amuigh ach sheas sí an fód le cuidiú ón Spiorad Naomh (agus go leor misnigh) agus cuireadh tús le ré nua. Rinne an comhfh reagraí ó AsiaNews cur síos uirthi mar seo: ‘cuideoidh sí le teacht timpeall ar thuairimí diongbháilte atá bunaithe ar smaointe mí-aimsearthacha. Tá tús curtha le leá leac oighir 1,000 bliain.’

Foclóirín: forchéimniú = progression; frithnimh = antidote; díolúintí = eisceachtaí ceadaithe.

This article is from: