3 minute read

Bláthanna an Earraigh Dónall Ó Cnáimhsí

Dónall Ó Cnáimhsí

LUS AN CHROMCHINN, LILE AN EARRAIGH, LUS AN AISIG NÓ AN DAFFODIL

Is cuma cén t-ainm a thugann muid air, mar níl aon amhras go dtógann an bláth seo croí gach aon duine nuair a thig sé i mbláth i dtús an earraigh. Fógraíonn sé dúinn go bhfuil cruas agus doineann an gheimhridh críochnaithe agus go mbeidh na laetha as seo amach ag síneadh agus ag feabhsú agus nach fada uainn laetha breátha an tsamhraidh. Comhartha dóchais i ndiaidh dhochras an gheimhridh. Is foirfe an tsiombail é do chumainn ailse ar fud na cruinne. Ón tsean-am anall tá an lus seo ina shiombail ar an athbhreithniú agus an athnuachan a thig le séasúr an earraigh. Ní haon iontas mar sin go bhfuil sé ceangailte d’fh éile bheannaithe na Cásca chomh maith agus go dtugtar ‘Lile na Cásca’ air fosta.

Narcissus an t-ainm atá ag na luibheolaithe air dar ndóigh agus tig seo ó scéal cháiliúil i miotaseolaíocht na Gréige. Rinne na déithe dóighiúlacht agus síor-óige a bhronnadh ar an ghlas-stócach Narcissus ar choinníoll nach mbreathnódh sé ar a scáile féin choíche. Bhí sióg sa choill darbh ainm Échó a bhí go mór i ngrá leis an bhuachaill ach bhí seisean róthógtha le postúlacht agus mórtas le aird ar bith a thabhairt uirthise. Bhris seo a croí agus níor fagadh di ach a guth. Chuir seo fearg ar an an bhandia Nemesis agus le díoltas a bhaint amach mheall sí an buachaill chuig lochán shléibhe agus nuair a chonaic sé a scáile féin san uisce bhí sé faoi gheasa ag a áilleacht féin. D’fh an sé ansin ag stánadh ar an íomhá san uisce agus ag iarraidh a lámh a leagan ar. Mheas na déithe go bhfaigheadh sé bás; mar sin rinne siad é a iompú ina bhláth aoibhinn a raibh a cheann crom le brón.

Mar sin is siombail den ghrá leatromach, de bhaois agus den iomarca mórtais agus postúlachta an lus céanna sin. Deirtear gurb iad na Rómhánaigh a thug leo chun na Breataine é agus gurb as sin a tháinig sé go hÉirinn.

Tá suas le trí scór cineál daff odil le fáil go nádúrtha ar fud na hEorpa, na hAfraice agus na hÁise, ach tá thar 13,000 cineál cruthaithe ag plandeolaithe trí roghnú agus trasnú, le dhá chéad bliain anuas agus tá cinn nua á gcruthú gach uile bhliain. Is cinnte go bhfuil daff odil ann do gach cineál gairdín, beag nó mór, foirmeálta nó neamhfh oirmeálta.

Ba chóir na bleibíní a phlandáil luath san fh ómhar, ina ngrúpaí cúigir ar a laghad i ndoimhne 8”. Ní miste leo faoin chinéal ithreach ina bhfuil siad, ach ní maith leo barraíocht fl iche. Ba chóir iad a thógáil

‘Is siombail den ghrá leatromach, de

bhaois agus den iomarca mórtais agus postúlachta an lus céanna sin.’

agus a scaradh gach cúpla bliain mar go bplúchann siad a chéile agus nach mbíonn a mbláthú chomh maith sin. Tá siad nimhiúil agus mar sin ní bhainfi dh ainmhithe dhíofa agus mar sin níor chóir na gasanna a mheascadh le bláthanna eile in vása ach oiread.

Níor chóir na gasanna a ghearradh i ndiaidh a mblathaithe, ach ligint dóibh feo go nádúrtha.

Spreagann an bláth aoibhinn seo síordhóchas ionainn agus muid ag tabhairt ár n-aghaidh ar an bhliain atá amach romhainn. Curimid fáilte rompu le háthas.

Foclóirín: laetha = laethanta; dochras = dochracht, anró, míchompord; glas-stócach = buachaill óg; postúlacht = mór is fi ú; mórtas = maíteacht; faoi gheasa ag = faoi dhraíocht ag; baois = amaidí, díth céile; plúch = tacht; dhíofa = díobh

This article is from: