4 minute read

Silence Aileen Mhic Cionna

Scannáin

SILENCE

Stiúrthóir: Martin Scorsese (160 nóiméad, 2016) Léirmheas: Aileen Mhic Cionna

Thóg sé beagnach fi che bliain ar Scorsese an scannán ‘Silence’ a dhéanamh. Bóthar fada a bhí ann inar lorg sé grásta Dé chun é a fh orbairt. Is ón úrscéal ‘Silence’ le Shasuku Endo a thagann an scannán doimhin corraitheach seo a mheallann muid chun machnamh a dhéanamh ar an gcreideamh agus ar conas a ghlacaimid le grásta Dé inár saol. Tá an scéal faoi dhaoine a thug a n-anam ar son na cúise sa tSeapáin sa seachtú haois déag. Bhí an tAth. Ferreira SJ (Liam Neeson) gafa ag fear darbh ainm an Cúistiúnaí mar bhí an sagart ag iarraidh an creideamh a scaipeadh tríd an tSeapáin. Ó Éirí Amach an Shimabaa bhí cosc iomlán ar gach reiligiún.

Tagann Rodrigues (Andrew Garfi eld) agus Garupe (Adam Driver), beirt Íosánach óga chun na Seapáine agus iad sa tóir ar a gcomhairleoir Ferreira. Dar le meoin cheartaiseacha na beirte, ní shíleann siad gur féidir le Ferreira a dhroim a chasadh le Dia. Tá an scannán seo níos mó faoi dhúshlán an chreidimh ná faoi thuras chun teacht ar fh ear. Faigheann an bheirt sagart tacaíocht ó threoraí darb ainm Kichijiro. Cráitear an bheirt acu chomh maith nuair a fh aigheann an Cúistiúnaí amach go bhfuil siad sa tír. Feicimid Rodrigues agus Garupe ag stracadh lena gcreideamh a shéanadh nuair atá muintir na háite ag fulaingt faoi láimh an Chúistiúnaigh.

Is carachtar suimiúil tarraingteach é Kichijiro a léiríonn an taobh cráite d’Íosa. Is iomaí uair go mbíonn Kichijiro á ligint féin síos agus á ghortú féin, agus daoine eile. Ba chóir faire amach sa scannán do na radharcanna ina mbíonn Kichijiro de shíor ag lorg faoistine. Lá amháin agus é sa phríosún, casann Rodrigues air, á rá: “ An dtuigeann tú fi ú cad is aspalóid (absolution) ann?” An freagra a thugann Kichijiro ar ais dó ná: “Nach dtuigeann tú cad tá á rá agam? Caithfi dh mé faoistin a dhéanamh. Tuigim gurb iad na peacaí céanna atá i gceist, ach caithfi dh mé iad a rá, agus caithfi dh tú éisteacht liom.” Taispeánann Kichijiro anseo go dtuigeann sé tábhacht na sacraimintí agus é ag iarraidh fanacht gar do Dhia. Tríd an scéal feictear Rodrigues ag dul i ngleic le féin-tábhacht agus mórchúis ina ról ag scaipeadh an chreidimh. Sa radharc seo cloisimid é go hinmheánach ag tabhairt breithiúnais ar Kichijiro –“Conas is féidir le hÍosa grá a bheith aige d’ainniseoir mar seo?” ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’ Matha 25:40

Sa deireadh thiar thall, cé a bhíonn ann

taobh le Rodrigues ? Kichijiro, dar ndóigh. Is í an trócaire príomhthéama an scannáin.

Is fiú faire amach freisin don radharc ina bhfuil muintir na háite curtha chun báis ar son a gcreidimh. Féach orthu ar an gcrois san fharraige agus mothóidh tú an áilleacht agus an spioradáltacht de cad tá léirithe tríd an scannán – radharc truamhéalach, brónach agus atá grástúil ag an am céanna.

Tá an chuma ann in úrscéal Endo gur chaill an tAth. Ferreira a chreideamh go hiomlán. B’fhéidir nach raibh sé in ann deighleáil leis an náire a bhrath sé i ndiaidh dó a chreideamh a shéanadh, cé gur éirigh leis saoil daoine eile a shábháil. Ar an taobh eile, más é gur shéan Rodrigues a chreideamh... agus is tríd sin go bhfuair sé ar ais arís é. Sin an fhrithchosúlacht. I bhfocail eile, cloiseann Rodrigues Íosa ag caint leis, rud nach gcloiseann Ferreira. Más fíor sin, tá Críost ag iarraidh go séanfaidís a gcreideamh chun daoine eile a shlánú, toisc gurb é sin an fáth gur tháinig Sé ar an domhan... Is i láimh Rodrigues atá an toradh agus rogha an dá dhíogha aige.

D’fhéadfaí a bheith corraithe ag féachaint ar chruáltacht an tsaoil sa tSeapáin, ach ná déanaimis dearmad go raibh na Péindlíthe faoi lán tseoil in Éirinn ag an am céanna agus Críostaithe ag fulaingt ar son a gcreidimh chomh maith. Níor athraíodh mórán ó shin agus géarleanúint fós á déanamh ar Chríostaithe ar fud na cruinne. An cheist atá fós ann inniu ná – cad é gnáththaithí an duine ar an gcreideamh? Sa chomhthéacs Éireannach, tá dúshlán ag an duine nua-aoiseach machnamh a dhéanamh ar a fhiúntas nó neamhfhiúntas féin ó thaobh na trócaire de. Ní ionann gan dul ar Aifreann agus easpa creidimh, mar shampla.

Ní scannán é “Silence” a oireann do gach duine. Is é cad a tharlaíonn i gcroí gach carachtar a thugann ciall don scannán. Mar sin, caithfimid féachaint thar na sonraí agus isteach in intinn an duine, ach ná déanaimis dearmad gur féidir fiú ciall iomlán eile a bhaint as i gcónaí! An príomhrud ná aithint go bhfuil an taobh spioradálta ann i gcónaí. Léirítear sa scannán dá mhéad an tábhacht a bhaineann le ráite agus gníomhartha Íosa, go bhfuil tost sa saol seo chomh tábhachtach céanna.

Vocatus atque non vocatus deus aderit (Called or not called, Jesus will always come.) Erasmus

Foclóirín: cúistiúnaí = inquisitor; ceartaiseach = self-righteous; aspalóid = absolution

This article is from: