![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094324-5fef62f935328ccfca716fb1999b00d4/v1/b243300f233820c55f5db0efd8b52fb1.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
2 minute read
Mol na hÓige
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094324-5fef62f935328ccfca716fb1999b00d4/v1/419b3c1dcfcc518fff08e1a76fca017f.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094324-5fef62f935328ccfca716fb1999b00d4/v1/d7e25af8554ba528f1fe09d97266b3ea.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094324-5fef62f935328ccfca716fb1999b00d4/v1/7d6f0f6689079268e55f254a5a48ea69.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094324-5fef62f935328ccfca716fb1999b00d4/v1/ea277417e00d5b6ee955f4efd4684c77.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094324-5fef62f935328ccfca716fb1999b00d4/v1/b2453a764769020adb3263b36d33ec79.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094324-5fef62f935328ccfca716fb1999b00d4/v1/fe2e8da1f8dd36df9101dd61c4582ba6.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094324-5fef62f935328ccfca716fb1999b00d4/v1/8a36a1db7fd295b5aff581e14f64075c.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
CAD IS CEARTAS SÓISIALTA ANN?
An Mháthair Treasa
Dátaí: 26/08/1910 – 05/09/1997 Láthair: Rugadh i Macadóin an lae inniu ach ba ghníomhaí í i gKolkata, India. Creideamh: Caitliceach Rómhánach Is mó a thuilleann cáil di: Ag obair gan staonadh le agus ar son daoine gan dídean, le bochtáin agus lobhair i slumanna Kolkata na hIndia. An ráiteas is suntasaí: ‘Leath an t-áthas gach áit a dtéann tú. Ná tagadh éinne chugat nach bhfágfaidh agus iad níos sona ina dhiaidh.’
Martin Luther King Jr.
Dátaí: 15/01/1929 – 04/04/1968 (feallmharaíodh) Láthair: Stáit Aontaithe Mheiriceá Creideamh: Baisteach Is mó a thuilleann cáil dó: Ceannaire sa ngluaiseacht Mheiriceánach Afracach cearta sibhialta; ministir Baisteach; agus as a óraid ‘Tá fís agam’. An ráiteas is suntasaí: ‘Níl an dorchadas in ann an dochadas a ruaigeadh. Níl an fuath in ann an fuath a ruaigeadh; ní féidir ach leis an ngrá é sin a dhéanamh.’
Malala Yousafzai
Dátaí: 12/07/1997 – Inniu Láthair: An Phacastáin (i Sasana, RA, faoi láthair) Creideamh: Ioslam Is mó a thuilleann cáil di: Gníomhaí ar son oideachas na mban; chaith an Taliban í; is í an buaiteoir Dhuais Nobel is óige í. An ráiteas is suntasaí: ‘Tig le leanbh amháin, múinteoir amháin, peann amháin an domhan a athrú.’
Nelson Mandela
Dátaí: 18/07/1918 – 05/12/2013 Láthair: An Afraic Theas Creideamh: Meitidisteach Is mó a thuilleann cáil dó: Réabhlóidí frith-apartheid; i bpríosún ar feadh 27 bliain; céad uachtarán gorm san Afraic Theas. An ráiteas is suntasaí: ‘Is é an t-oideachas an t-arm is láidre is féidir a úsáid chun an domhan a athrú.’
Aung San Suu Ki
Dátaí: 19/06/1945 – Inniu Láthair: Maenmar (Burma) Creideamh: Búdachas Theravada Is mó a thuilleann cáil di: A coimhlint shíochánta ar son an daonlathais agus cearta daonna; chaith beagnach cúig bliana déag faoi choinneáil tí; toghadh ina Comhairleoir Stáit (Taoiseach) ar Mhaenmar í. An ráiteas is suntasaí: ‘Is í an eagla an t-aon phríosún i ndáiríre, agus is é an t-aon saoirse i ndáiríre ná a bheith saor ón eagla.’