An Timire - Earrach 2017

Page 38

38

Loinnir NĂ­ Dhonnghaile Mac LĂ©inn CumarsĂĄide, Acadamh na hOllscolaĂ­ochta Gaeilge, An CheathrĂș Rua

ÓMÓS DO SHÉAMUS MAC GÉIDIGH FĂĄn am seo anuraidh bhĂ­ mĂ© go fĂłill ar thaithĂ­ oibre faoi stiĂșir ShĂ©amuis Mhic GĂ©idigh. Ach nach mĂłr is nach aisteach an t-athrĂș agus an difear a dhĂ©anann bliain ghairid amhĂĄin. TĂĄ mise ar ais san Acadamh anois ag crĂ­ochnĂș mo chĂ©ime agus SĂ©amus cĂłir, nĂ­l sĂ© linn a thuilleadh. Is minic a chuala mĂ© guth meidhreach ShĂ©amuis Mhic GĂ©idigh ach is beag a shĂ­l mĂ© riamh le linn m’óige go gcuirfinn aithne air. Fuair mĂ© an deis sin nuair a chuaigh mĂ© ar thaithĂ­ oibre le RTÉ RaidiĂł na Gaeltachta i nDoirĂ­ Beaga. Is cuimhin liom mo chĂ©ad lĂĄ leis an raidiĂł. Thug SĂ©amus thart ar an stĂĄisiĂșn mĂ©, do mo chur in aithne d’achan duine. Is duine cinĂ©alta cairdiĂșil a bhĂ­ i SĂ©amus agus ba lĂ©ir dom Ăłn chĂ©ad chĂșpla lĂĄ sin ina measc go raibh meas mĂłr ag an fhoireann air. Ba dhuine thar a bheith tuisceanach Ă© fosta. Laistigh den chĂ©ad choicĂ­s mhol sĂ© dom gan a theacht isteach go dtĂ­ nĂ­os moille maidin Luain, ionas go dtiocfadh liom breis ama a chaitheamh sa bhaile ag an deireadh seachtaine. Fear mĂłr teaghlaigh ab ea SĂ©amus agus grĂĄ mĂłr aige ar a bhean Dolores agus a dtriĂșr clainne, PĂłilĂ­n, Éadaoin agus DĂłnal agus ba mhinic Ă© ag trĂĄcht orthu. NĂ­ raibh mĂ© i bhfad ag cur aithne ar

Timire Spring 2017.indd 38

ShĂ©amus de bharr na hiarrachta a rinne seisean. Chaith sĂ© am liom, bhĂ­ suim aige ionam, agus is rud annamh Ă© sin i saol gnĂłthach na meĂĄn, go mbeadh ceannaire chomh lĂĄch fial sin lena chuid ama. Is ag craoltaĂ­ seachtracha is mĂł a d’aithin mĂ© cĂ© chomh fial ïŹ‚aithiĂșil is a bhĂ­ sĂ©. NĂ­or lig sĂ© d’aon duine dĂ­ol as deochanna go raibh cupla ceann ceannaithe aige fĂ©in ar dtĂșs agus b’amhlaidh a bhĂ­ sĂ© ag cĂłisir na Nollag fosta, ina chroĂ­ na fĂ©ile i gcĂłnaĂ­. BhĂ­ SĂ©amus iontach tiomanta dĂĄr dteanga dhĂșchais agus cultĂșr. BhĂ­ an Ghaeilge go smior ann agus ba mhinic muid ag plĂ© foclaĂ­ochta ag am lĂłin. BhĂ­odh neart dĂ­ospĂłireachtaĂ­ againn leis agus muid ag ithe sa chistin bheag sin i nGaoth Dobhair agus seisear againn brĂșite thart ar sheantĂĄbla. Ba nĂ­os mĂł nĂĄ bainisteoir Ă© SĂ©amus, is dlĂșthchara a bhĂ­ ann, nĂĄr thaobhaigh riamh nĂ­os mĂł le duine amhĂĄin seachas duine eile nĂł bhĂ­ achan duine ar comhchĂ©im, dar leis. BhĂ­ a chuid dĂłigheanna beaga aige fosta. Is cuimhin liom Ă© ag dĂ©anamh cĂșirtĂ©ise amach ar an fhuinneog leis na snaga breaca agus an dĂłigh nach rachadh sĂ© sĂ­os chuig an tsiopa in am ar bith. B’fhearr leis suĂ­ thuas ag an RaidiĂł agus tĂłstaĂ­ tuinnĂ­n le cĂĄis leĂĄite a bheith aige, sin nĂł chuireadh

06/02/2017 12:07


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.