4 minute read

Stairsheanchas na bProtastúnach Críostóir Mac Cárthaigh

An Dr Críostóir Mac Cárthaigh, Stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann

STAIRSHEANCHAS NA bPROTASTÚNACH

Cé go raibh cuid mhaith de Phrotastúnaigh na hÉireann i measc luathbhailitheoirí béaloidis na tíre – Dúbhglas de hÍde, an chéad uachtarán ar an gCumann le Béaloideas Éireann in 1926, mar shampla – níl an ionadaíocht chéanna ag stair chultúrtha na bProtastúnach Éireannach i gcartlann Chnuasach Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, is atá ag an bpobal Caitliceach. Cúis amháin atá leis sin ná gur braitheadh go gcaillfí gnéithe níos seanda den traidisiún béil de réir mar a chúlaigh an Ghaeilge, rud a thug ar Choimisiún Béaloideasa Éireann (1935-70) a iarrachtaí bailithe a dhíriú ar cheantair Ghaeltachta an deiscirt agus an iarthair, ar cheantair Chaitliceacha iad go príomha. De bhreis air sin, tá fi anaise starógach ann a thugann le tuiscint go mb’fh éidir gur bhraith daoine Protastúnacha faoin tuath nach raibh fáilte rompu i gcónaí a bheith rannpháirteach i dtionscnaimh bhailithe náisiúnta.

D’fh onn aghaidh a thabhairt ar an easpa sin, chuir Cnuasach Bhéaloideas Éireann saincheistneoir le chéile agus ó lár na bliana seo caite táimid ag féachadh len é a scaipeadh chomh forleathan agus is féidir. Tugadh ‘Cuimhne na nDaoine i measc Phrotastúnaigh na hÉireann’ ar an tionscadal bailithe agus cuireadh fógraí mar gheall air ar an Farmer’s Journal agus sa Church of Ireland Gazette. Clúdaíonn an ceistneoir réimse leathan ábhar, ina measc: Cárbh as do do theaghlach? Conas a dhéantaí féiltí a cheiliúradh? Caidreamh idir muintir an ‘Tí Mhóir’ agus an pobal áitiúil; tionchar na rialach ‘Ne Temere’ ar chúrsaí pósta; conas a chuimhnítear ar ionradh Chromaill, ar imeachtaí 1798 agus ar an nGorta Mór; cúrsaí spóirt; leigheasanna agus luibheolaíocht, agus araile. De réir mar a thaifeadfar na taobhanna éagsúla de chaidreamh stairiúil an phobail Phrotastúnaigh le saol poiblí na hÉireann i réimsí sóisialta, cultúir agus eacnamaíochta, agus mar ar chuir siad leis an saol sin, cuirfear go suntasach le stór ár dtuisceana ar fh ad is ar fh airsinge bhéaloideas na hÉireann.

I bhfi anaise na gcuimhneachán atáimid a cheiliúradh in Éirinn faoi láthair, baineann fi úntas ar leith leis an oiread agus is féidir de na traidisiúin seo a thaifeadadh agus a chaomhnú san am i láthair. I ngeall ar imeachtaí na mblianta corraitheacha sin as ar eascair Saorstát Éireann, coimhlint an chogaidh chathartha, agus sos comhraic míshuaimhneach, b’éiginnte an cor a bhí i ndán do líon mór Protastúnach sa Stát

‘Taifeadfar na taobhanna éagsúla de chaidreamh stairiúil an phobail Phrotastúnaigh le saol poiblí na hÉireann i réimsí sóisialta, cultúir agus eacnamaíochta agus cuirfear go suntasach lenár dtuiscint ar fhairsinge bhéaloideas na hÉireann.’

Leixlip House, ‘teach mór’, tráth nua. Rinne suaitheadh sóisialta agus polaitiúil na tréimhse seo difear doimhin do shaol cuid mhaith teaghlach, agus thug a ndúshlán maidir leis an gciall a bhí acu dá bhféiniúlacht náisiúnta agus dá ndílseacht stairiúil, agus d’imir tionchar ar an taithí a bhí ag teaghlaigh agus pobail Phrotastúnacha Éireannacha ina dhiaidh sin.

Is í an Dr Deirdre Nuttall, ar de bhunadh Eaglais na hÉireann í féin, a saolaíodh agus a tógadh i Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman agus a bhfuil iarchéimeanna sa Bhéaloideas ó UCD aici, a mhol do Chnuasach Bhéaloideas Éireann an ceistneoir a dhréachtadh agus a scaipeadh.

An rud is suntasaí faoin tionscadal ná an méid suime atá nochtaithe ann ag Protastúnaigh sa Phoblacht. Go dtí seo, tá 250 cóip den cheistneoir scaipthe againn, agus tuairim is 50 freagra faighte thar n-ais. Ní mór a rá go bhfuil go leor ceisteanna sa cheistneoir, agus dá bhrí sin tuigimid go dtógfaidh sé tamall ar dhaoine iad a fh reagairt. Ní suirbhé docht sa ghnáthchiall atá sa cheistneoir ach oiread – molaimid do dhaoine breathnú ar na

Foclóirín: fi anaise starógach = anecdotal evidence; luibheolaíocht = botany; suaitheadh = upheaval

Criostóir Mac Cárthaigh agus Deirdre Nutall i gCnuasach Bhéaloideas Éireann

ceisteanna mar ‘nodanna’, agus a bheith ag scríobh leo ar aon ghné eile den ábhar a mheasann siad a bheith tábhachtach. Tá roinnt mhaith de na freagraí atá faighte againn sách fada. Tuigtear go maith go bhfuil an t-eolas seo ag dul ar lár le himeacht ama agus go bhfuil go leor le foghlaim ó na glúnta sin a d’fh ás aníos sna blianta i ndiaidh Chogadh na Saoirse. Bhí lá oscailte againn sa Chnuasach do rannpháirtithe an tionscnaimh i mí na Samhna seo caite agus tháinig slua maith de dhaoine scothaosta ó chian is ó chóngar, ó Chorcaigh go Dún na nGall agus thapaigh siad an deis a scéalta féin a roinnt linn go pearsanta. Tá fáilte is fi che freisin roimh dhuine ar bith ar mhaith leo agallamh a thaifeadadh linn i dtaca leis an tionscadal.

Breis eolais: Cnuasach Bhéaloideas Éireann, Áras Newman, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Belfi eld, Baile Átha Cliath 4, Éire. (01) 716 8216 bealoideas@ucd.ie

This article is from: