4 minute read

Fuíoll Áir, Finné agus Fear Inste Scéil Mícheál Mac Craith OFM

An tOllamh Micheál Mac Craith, OFM, Coimirceoir Choláiste Isidore, An Róimh

FUÍOLL ÁIR, FINNÉ AGUS FEAR INSTE SCÉIL

Bhásaigh Elie Wiesel ar an dara lá de mhí Iúil anuraidh. Bhí sé ochtó seacht mbliana d’aois. Rugadh agus tógadh ina Ghiúdach é i Sighet na Romáine agus nuair a bhí sé cúig bliana déag d’aois díbríodh Giúdaigh uile Sighet go hAuschwitz. A luaithe is a shroich siad an campa géibhinn cuireadh a mháthair agus an deirfi úr ab óige chuig na seomraí gáis. D’éirigh le hElie agus a athair fanacht i dteannta a chéile agus tacaíocht a thabhairt dá chéile go tús na bliana 1945 nuair a seoladh na príosúnaigh ar fad as Auschwitz sula mbainfeadh na fórsaí Sóivéideacha an campa amach. Cuireadh chomh fada le Buchenwald iad áit ar bhásaigh athair Elie trí mhí sular fh uascail na Meiriceánaigh an campa. Tógadh an dílleachta go Páras áit a bhfuair sé amach gur éirigh le beirt dá dheirfi úracha teacht slán as Auschwitz. Cheap sé go raibh cúis faoi leith ann gur tháinig sé féin slán agus bheartaigh sé a shaol ar fad a chaitheamh ag tabhairt fi anaise ar uafás an Uileloiscthe. Ach chun é féin a ullmhú don chúram seo thóg sé móid gan labhairt faoi thaithí na gcampaí géibhinn go ceann deich mbliana.

D’fh oghlaim Elie Fraincis agus Béarla agus faoi thús na gcaogaidí fostaíodh ina iriseoir é do nuachtán Giúdach. Sa bhliain 1954 iarradh air agallamh a chur ar Pierre Mendès France, príomhaire nua na Fraince, gan ann ach an dara Giúdach a bhain an post tromchúiseach sin amach. Toisc nár nós leis an bpríomhaire agallaimh a thabhairt, mheas Wiesel leas a bhaint as an údar cáiliúil François Mauriac mar idirghabhálaí. Chuir Mauriac fáile gheanúil roimh an iriseoir óg, ach nuair a thosaigh sé ag caint ar Íosa, chaill Wiesel an cloigeann agus phléasc sé amach go raibh aithne aige ar pháisti Giúdacha a d’fhulaing míle uair, sé mhilliún uair go fiú, ná Críost ar an gcrois. Agus nach raibh éinne ag labairt fúthu sin. Shéimhigh Wiesel a luaithe agus a bhí a racht ligthe aige, agus faitíos air go raibh praiseach déanta den choinne aige, rith sé amach as an seomra agus é go mór trí chéile. Ach lean Mauriac go dtí an doras é agus d’impigh air filleadh.

Nuair a bhí siad ina suí os comhair a chéile thosaigh Mauriac ag gol agus le linn dó bheith ag sileadh na ndeor d’fh iafraigh sé de Wiesel faoi na cúinsí a bhain lena shaol in Auschwitz. Bhí drogall air faic a rá ach sa deireadh mhínigh sé faoin móid tosta bhí glachta aige. D’fh reagair Mauriac go raibh dul amú air, go raibh dualgas air labhairt amach. Bliain ina dhiaidh sin sheol sé lám-

‘Cheap sé go raibh cúis faoi leith ann gur tháinig sé féin slán agus bheartaigh sé a shaol ar fad a chaitheamh ag tabhairt anaise ar uafás an Uileloiscthe.’

hscríbhinn chuig Mauriac, lámhscríbhinn ‘a breacadh faoi shéala na cuimhne agus an tosta’. Ní hamháin go bhfuair Mauriac foilsitheoir dó ach scríobh an réamhrá chomh maith. D’fh oilsigh Editions de Minuit La Nuit sa bhliain 1958, an leabhar is coscraí, is loime agus is údarásaí a scríobhadh faoi Auschwitz, ríocht na hoíche. Foilsíodh aistriúchán Béarla sna Stáit Aontaithe dhá bhliain ina dhiaidh sin, Night. Ó shin i leith aistríodh go tríocha teanga dhifriúil é agus meastar go bhfuil suas le deich milliún cóip díolta go nuige seo.

Nuair a cheap an nuachtán ina chomhfh reagraí do na Náisiúin Aontaithe é, bhog Wiesel go Nua-Eabhrac sa bhliain 1955, bhain sé saoránacht Mheiriceánach amach sa bhliain 1963 agus phós sé Marion Ester Rose sa bhliain 1969. Is í Marion a rinne a chuid scríbhinní a aistriú ón bhFraincis go Béarla. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1986 agus faoin am gur bhásaigh sé bhí suas le seacht leabhar is caoga scríofa aige.

Lá amháin sa bhliain 1960 chuir col ceathrar leis i Nua-Eabhrac glaoch teileafóin ar Elie. Bhí sé ar tí dul faoi scian agus theastaigh uaidh go rachadh Eli ar cuairt chuige roimh an obráid. Nuair a bhain sé an t-ospidéal amach d’iarr an t-othar air a bheannacht a thabhairt dó ach dhiúltaigh Wiesel, á mhíniú dó nár raibí é. Ach lean an col ceathrar ag tathant siar. Mheabhraigh sé eachtra a tharla i Sighet chomh fada siar leis an mbliain 1937, gan choinne ag éinne leis an tubaiste a bhí ar tí titim sa mhullach orthu. Lá amháin tháinig fear naofa chuig an teach. Labhair sé le hElie go príobháideach i dtús báire agus ansin chuaigh a mháthair isteach chun cainte leis. Nuair a tháinig amach bhí sí ag sileadh na ndeor ach d’ainneoin thréaniarrachtaí a mic, níor inis sí riamh dó cad ba bhun lena deora. Ansin d’admhaigh an col ceathrar go raibh seisean i bhfolach taobh thiar de na cúirtíní fad a bhí an comhrá ar síul. Chuala sé gach rud agus is é éirim na teachtaireachta a thug an fear naofa do mháthair Wiesel go mbeadh clú agus cáil ar a mac in Iosrael agus é tagtha in inmhe ach nach mbeadh seisean ná ise thart chun é a fh eiceáil. Maraíodh iad beirt in Auschwitz.

Agus é ag machnamh ar an ócáid sin ina chuimhní cinn, dúirt Wiesel go raibh deora a mháthar ag dó na geirbe aige ar na blianta, agus nárbh ait an rud é gur i mbarda ospidéil i Nua-Eabhrac a thuig sé don chéad uair eachtra a tharla sa Romáin trí bliana is fi che roimhe sin. Ráiteas tromchúiseach gaoiseach a chuir críoch lena mharana: Ní ann do chomhtharlúintí sa saol, gan ann ach teagmhálacha.

Foclóirín: An tUileloscadh = the Holocaust; is coscraí = is goilliúnaí; móid tosta = vow of silence.

This article is from: