4 minute read

Les Lacs du Connemara Dara Ó Baoill

Dara Ó Baoill Oifi geach Forbartha, Glór na nGael

LES LACS DU CONNEMARA

Tá cion mór, grá b’fh éidir, ag muintir na Fraince d’Éirinn agus d’Éireannaigh. Nuair a d’fh ág mé Cois Fharraige le cur fúm sa Fhrainc sé bliana déag ó shin níor thuig mé cé chomh láidir agus a bhí an íomha shamhalta seo a bhí acu ar Éirinn. Íomha atá fós ag fás.

Agus tú ag caint leo shílfeá go raibh chuile Fhrancach, agus gach cara nó gaol leo, tar éis a bheith in Éirinn cheana, é sin nó gur mian leo dul go hÉirinn. Insíodh cuntais, scéalta agus cuimhní cinn gan áireamh faoi thurais ar Éirinn dom.

Ar dtús shamhlaigh mé gur shíolraigh an “tarraingt” seo as na ceangail stairiúla atá againn. Na manaigh a chuaigh anonn agus a bhunaigh ionaid oideachais agus chreidimh. Na Ceiltigh a d’fh ág iarsmaí fi siciúla sa tír agus ainmneacha ar bhailte. Aimsir na nGéanna Fiáine agus na saighdiúirí a tháinig anall le tacú leis na Gaeil sa bhliain 1798.

Ach aisteach go leor, is beag eolas atá ag Francaigh an lae inniu ar an stair seo. Is deacair dóibh a chreidiúint go mba Éireannach é an tÉarlamh atá ag a ngarraíodóirí, Naomh Fiachra nó “Saint Fiacre” mar a thugann siad féin air. Is ábhar iontais dóibh go dtagann ainmneacha na mbailte, Lyon, Loudun agus Montluçon ó dhia Ceilteach, Lugh. Maidir leis an nGinearál Lambert nó an tAimiréal Bompart, ní spreagann ceachtar acu aon cuimhní ó ranganna staire.

Mar sin céard as a dtagann an grá seo? Tá teoiric agam féin, agus Éireannach ar bith a chaith tamall ina chónaí le, agus a mheasc le, pobal na Fraince, déarfainn go dtiocfaidís liom.

Cuirimse an milleán ar, nó b’fh earr a rá go ngabhaim buíochas le, fear darbh ainm Michel Sardou. Cumadóir agus amhránaí mór le rá sa Fhrainc a bhfuil na milliúin céirníní díolta aige agus a bhíonn fós ag casadh ar na hardáin mhóra, agus a bhíonn le cloisteáil ar an raidió agus le feiceáil ar an teilifís.

De réir an scéil a chuala mise, bhí Sardou agus beirt dá chomhghleacaithe tar éis fi lleadh ó thuras fada, iad cloíte ag an teas. Sheinn duine acu, Jacques Revaux, an sintéiseoir, agus, b’fh éidir le fuacht agus fl iuchras a chur i gcuimhne dóibh, chas sé cupla nóta a d’fh uaimigh cosúil le píobaí móra na hAlban. Spreag sé seo Sardou le hamhrán a scríobh faoi Albain, ach toisc nach raibh ceachtar acu riamh in Albain chuaigh an tríú duine, Pierre Delanoë, sa tóir ar eolas fúithi. Theip air agus d’fh ill sé le bróisiúr bolscaireachta faoi thurasóireacht in Éirinn agus is as sin a

‘Shílfeá go raibh chuile Fhrancach agus gach cara nó gaol leo tar éis a bheith in Éirinn cheana nó gur mian leo dul go hÉirinn.’

tháinig an t-amhrán iomráiteach “Les Lacs du Connemara”.

Bhí an t-amhrán ag uimhir a haon ar feadh trí sheachtain i gcairteacha na Fraince i mí Eanáir 1982 agus díoladh ós cionn trí mhilliún cóip de. Go dtí an lá inniu féin tá sé ar eolas ag na Francaigh uilig agus, dar ndóigh, is é an chéad ábhar cainte i gcónaí é nuair a thuigtear go bhfuil Éireannach sa chomhluadar!

Is maith is cuimhin liom an t-iontas agus díomá a bhí ar chomhluadar áirithe nuair nach raibh tuairim faoin spéir agamsa céard faoi a raibh siad ag caint agus iad ag trácht ar “Les Lac du Connemara”. Is ansin a thuig mé gur feiniméan a bhí san amhrán seo a chuaigh i bhfeidhm ar phobal iomlán. Seinntear é i gcónaí ag cóisirí agus ag bainiseacha. Agus, gan teip, léimeann an slua amach ar an urlár ag damhsa agus ag canadh.

Maidir le liricí an amhráin tá sé sách deacair ciall a bhaint as. Tá sé ina ghiotaí. Déanann sé tagairt do Chromwell agus d’fh ulaingt na nGael, do bhean darbh ainm Maureen a léimeann lomnocht isteach i loch i gConamara agus a phósann Seán Kelly i séipéal atá déanta as cloch eibhir i Luimneach agus don cheiliúradh a dhéanann siad ar feadh trí lá agus dhá oíche le muintir Uí Fhlatharta agus Uí Chonghaile, gan trácht ar na hollphéisteanna a fh eictear sna locha. Giotaí de scéalta curtha le chéile le ceol bríomhar, ceol a thaitníonn le Francaigh!

Sa bhliain 2011, agus ceiliúradh 30 bliain á dhéanamh ar an amhrán, bhronn Ambasadóir na hÉireann chun na Fraince, Paul Kavanagh, “Eochair Saoirse Chonamara” ar Michel Sardou mar chomhartha aitheantais dó as an maitheas a rinne a amhrán le turasóirí a mhealladh ón Fhrainc go hÉirinn. Tá sé tuilte aige is dócha. Tagann ós cionn leathmhilliún Francach ar saoire go hÉirinn chuile bhliain, an ceathrú dream turasóirí is mó.

Is iontach mar atá amhrán in ann tionchar a imirt ar thír agus ar phobal. Cé gur amhrán é a bhfuil scéal an-mheascaithe ann agus a thugann a chuntas aisteach féin ar stair, ar mhiotaseolaíocht agus ar shaol na hÉireann, spreagann sé daoine go fóill. Má tá an stair a cheanglaíonn an dá thír dearmadta is féidir a rá go sásaíonn achoimre ghonta an amhráin seo spiorad agus samhlaíocht phobal na Fraince.

Foclóirín: feiniméan = phenomenon; = píobaí móra = píb mhála; sintéiseoir = synthesizer.

This article is from: