An Timire - Earrach 2017

Page 8

8

Dara Ó Baoill Oifigeach Forbartha, Glór na nGael

LES LACS DU CONNEMARA Tá cion mór, grá b’fhéidir, ag muintir na Fraince d’Éirinn agus d’Éireannaigh. Nuair a d’fhág mé Cois Fharraige le cur fúm sa Fhrainc sé bliana déag ó shin níor thuig mé cé chomh láidir agus a bhí an íomha shamhalta seo a bhí acu ar Éirinn. Íomha atá fós ag fás. Agus tú ag caint leo shílfeá go raibh chuile Fhrancach, agus gach cara nó gaol leo, tar éis a bheith in Éirinn cheana, é sin nó gur mian leo dul go hÉirinn. Insíodh cuntais, scéalta agus cuimhní cinn gan áireamh faoi thurais ar Éirinn dom. Ar dtús shamhlaigh mé gur shíolraigh an “tarraingt” seo as na ceangail stairiúla atá againn. Na manaigh a chuaigh anonn agus a bhunaigh ionaid oideachais agus chreidimh. Na Ceiltigh a d’fhág iarsmaí fisiciúla sa tír agus ainmneacha ar bhailte. Aimsir na nGéanna Fiáine agus na saighdiúirí a tháinig anall le tacú leis na Gaeil sa bhliain 1798. Ach aisteach go leor, is beag eolas atá ag Francaigh an lae inniu ar an stair seo. Is deacair dóibh a chreidiúint go mba Éireannach é an tÉarlamh atá ag a ngarraíodóirí, Naomh Fiachra nó “Saint Fiacre” mar a thugann siad féin air. Is ábhar iontais dóibh go dtagann ainmneacha na mbailte, Lyon, Loudun agus Montluçon ó dhia Ceilteach, Lugh. Maidir leis an nGin-

Timire Spring 2017.indd 8

earál Lambert nó an tAimiréal Bompart, ní spreagann ceachtar acu aon cuimhní ó ranganna staire. Mar sin céard as a dtagann an grá seo? Tá teoiric agam féin, agus Éireannach ar bith a chaith tamall ina chónaí le, agus a mheasc le, pobal na Fraince, déarfainn go dtiocfaidís liom. Cuirimse an milleán ar, nó b’fhearr a rá go ngabhaim buíochas le, fear darbh ainm Michel Sardou. Cumadóir agus amhránaí mór le rá sa Fhrainc a bhfuil na milliúin céirníní díolta aige agus a bhíonn fós ag casadh ar na hardáin mhóra, agus a bhíonn le cloisteáil ar an raidió agus le feiceáil ar an teilifís. De réir an scéil a chuala mise, bhí Sardou agus beirt dá chomhghleacaithe tar éis filleadh ó thuras fada, iad cloíte ag an teas. Sheinn duine acu, Jacques Revaux, an sintéiseoir, agus, b’fhéidir le fuacht agus fliuchras a chur i gcuimhne dóibh, chas sé cupla nóta a d’fhuaimigh cosúil le píobaí móra na hAlban. Spreag sé seo Sardou le hamhrán a scríobh faoi Albain, ach toisc nach raibh ceachtar acu riamh in Albain chuaigh an tríú duine, Pierre Delanoë, sa tóir ar eolas fúithi. Theip air agus d’fhill sé le bróisiúr bolscaireachta faoi thurasóireacht in Éirinn agus is as sin a

06/02/2017 11:57


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.