4 minute read

Ag Éisteacht leis an nGairm Chrábhaidh Seosamh Mac Aogáin

Seosamh Mac Aogáin Mac léinn sagartóireachta do Dheoise BhÁC atá ag staidéar i gColáiste na nGael sa Róimh

AG ÉISTEACHT LEIS AN nGAIRM CHRÁBHAIDH

Bíonn gairm bheatha ag gach duine. Is gairm ó Dhia é atá uathúil don duine aonair. Is é atá inti cuireadh chun saol a chaitheamh mar dhuine go hiomlán beo agus is cuireadh é chun a bheith sásta. Iarann Dia orainn le linn ár saoil tabhairt faoi thascanna agus chaidreamh áirithe. Mar a scríobh John Henry Newman: ‘God knows me and calls me by my name ... God has created me to do Him some defi nite service; He has committed some work to me which He has not committed to another.’

Tugann Dia cuireadh do roinnt daoine a bheith ina sagairt nó ina ndaoine rialta. Tá ról riachtanach ag sagairt, mná rialta agus bráithre i saol na hEaglaise. Tá an sagart in ainm is a bheith mar dhroichead idir daoine agus Dia. Tá an duine rialta in ainm a bheith mar fh inné ar Ríocht Dé. Is comharthaí iad d’eaglais shláintiúil. Níos mó ná riamh, ní mór daoine a bheith ag éisteacht go haireach le cuireadh Dé agus é a freagairt go fl aithiúil.

Ach conas a bheidh a fh ios ag duine go bhfuil gairm chrábhaidh aige nó aici chun dul le sagartacht nó an bheatha chrábhaidh? Gan dabht bheadh sé soiléir, mar a bhí sé leis an soiscéalaí Matha, dá siúlfadh Íosa isteach sa seomra agus dá n-inseodh sé ár ngairm bheatha go díreach dúinn. Don chuid is mó dínn, cé go mbíonn taithí fh íorspioradálta againn uaireanta inár saol, is minice a fh aigheann muid ár ngairm chrábhaidh thar thréimhse ama. Faigheann muid amach céard a chuireann áthas agus síocháin Dé inár gcroí, agus leis sin cuirtear ár ngairm chrábhaidh in iúl go soiléir.

Go minic ní mór dúinn dul trí thréimhse fh ada streachailte. Ba mhaith linn freagraí soiléire a fh áil ó Dhia ón tús ach go minic ní fh aigheann muid na freagraí a bhíonn muid ag iarraidh. Ní leor le Dia go nglacfadh muid lenár ngairm chrábhaidh amháin: ba mhaith le Dia go n-athródh muid muid féin freisin, ár smaointeoireacht, ár mianta, ár slí mhaireachtála. Ba mhaith le Dia go gcónódh Críost inár gcroí agus go mbeadh muid fréamhaithe agus bunaithe sa ghrá (Eifeasaigh 3:17). Caithfi dh muid an ‘ego’ a smachtú. Ní mór dúinn a bheith foighneach le Dia agus ag an am ceanna ní mór do Dhia a bheith foighneach linn.

Má chuirimid ár n-iontaoibh i nDia, má leanaimid den chuardach, freagróidh sé muid. Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh (Matha 7:7). B’fh éidir nach dtiocfadh an freagra chomh tapa agus ba mhaith linn, ach tiocfaidh sé sa deireadh.

‘Chun a bheith i do shagart nó bráthair nó bean rialta is cinnte nach gá a bheith foirfe ná na freagraí ar fad a bheith agat. Séard atá ag teastáil ná dul i muinín Dé.’

Agus, má roghnaímid é a leanúint, tabharfaidh sé áthas mór dúinn.

Is mar sin atá mo thaithí féin. Nuair a bhí mé sna fi chidí luatha chaith mé tréimhse ama i nóibhíseacht na nÍosánach i mBirmingham. Táithí iontach a bhí ann agus d’athraigh sé go mór mé. Beidh mé i gcónaí an-bhuíoch de na hÍosánaigh i ngeall air. Ach níor bhraith mé go raibh mé ábalta móideanna a ghlacadh agus d’fh ág mé an nóibhíseacht tar éis bliana. Thosaigh mé ag obair mar mhúinteoir bunscoile i mBaile Átha Cliath ar feadh cúpla bliain, ach, cé gur bhain mé an-sult as mo phost ag cuidiú le páistí, bhraith mé míshástacht dhoiléir. D’ainneoin gach iarrachta bhraith mé fós an glao ciúin ag tabhairt cuireadh dom a bheith i mo shagart.

Mar gheall air sin táim i mbun staidéir sa Róimh anois mar ábhar sagairt do dheoise Bhaile Átha Cliath. Is deis ion-

tach agus pribhléid é cónaí sa chathair stairiúil seo i gColáiste Pointaifi úil na nGael. Chomh maith leis an staidéar ar an bhfealsúnacht agus ar an diagacht, bíonn amchlár gnóthach againn de phaidreacha, chomhdhálacha agus d’oibreacha éagsúla. Ina theannta sin, bíonn muid ag obair gach seachtain le daoine gan dídean agus ag réiteach leanaí dá gcéad Chomaoineach nó don Chóineartú. Is pribhléid agus foinse lúcháire é a bheith i d’ábhar sagairt. Chun a bheith i do shagart nó bráthair nó bean rialta is cinnte nach gá a bheith foirfe ná na freagraí ar fad a bheith agat. Séard atá ag teastáil ná dul i muinín Dé. Ba chóir do gach duine an cheist seo a chur orthu féin: an bhfuil Dia ag iarraidh orm slí bheatha áirithe a leanúint? Má leanann muid ar an mbealach sin is féidir linn a bheith cinnte go mbeidh muid sona.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ AIBREÁIN, 2017 Go ndéana daoine óga rud go fi al ar mhaithe lena ngairm, agus go gcuimhní siad go dáiríre ar a saol a thíolacadh do Dhia mar shagairt nó sa bheatha rialta.

Foclóirín: uathúil = unique; gairm chrábhaidh = glaoch chun creidimh.

This article is from: