An Timire - Earrach 2017

Page 1

na hUr na

í

Aspalach t

www.timire.ie

FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH EARRACH 2017 €5.00/Stg £3.75

Ómós do Shéamus Mac Géidigh An Scannán Silence Seanchas na bProtastúnach á Bhailiú Elie Wiesel

Comóradh 106 bliain a n Ti m ire 1 911– an Chroí Ró-naofa 2

Timire

Timire Spring 2017.indd 1

017

06/02/2017 11:56


DÁILEADH: NÍOS MÓ NÁ

1,000 CÓIP Á SCAIPEADH SA RÁITHE

Eagarfhocal

T

TUIGE?

uige an bhfuil sé tugtha dúinne in iarthar domhain maireachtáil faoi shíocháin le saolré na nglúnta deireanacha? De bharr thimpist na staire? Cad chuige an bhfuil tithe ar fáil ag an oiread againn agus foscadh againn ó shíon is ó dhearóil? Nach leagtar ‘cíos ar an mbraon anuas’ ar chomhluadair eile agus áit ‘a leagfadh siad a gcloigeann’ ag cuid nach beag? Údar buíochais? Cén fáth an bhfuil dóthain éadaí ag an gcuid is mó againne ar an aimsear seo, éadaí breátha atá compordach is faiseanta chomh maith? Cad chuige? Chun go mbeadh údar mórtais againn? Tuige an bhfuil deis taistil, sábháilte agus saor go maith tugtha dúinne? Nach bhfuil ar theifigh siúl anoir nó dul sa bhfiontar i seanbháid leathlofa le hiarracht teacht aneas chugainn? Cén t-údar atá leis an gcumas atá againn iontaisí an domhain mhóir a bhlaiseadh lenár súile féin, idir ainmhithe, éin, éisc, fharraigí is duibheagánta móra, shliabhraonta is mhachairí méithe? Chun go mbainimis aoibhneas astu? Tuige an bhfuil ár sá de bhia folláin, blasta againne? Nach bhfuair na mílte dár muintir bás den ocras, agus ár gcomhdhaoine ag fáil bháis go tiubh fós? Cén fáth an bhfuil sé

de bhua is d’áth againn dochtúirí, ospidéil is córas leighis a bheith tugtha dúinne? Cén t-údar atá leis an oiread againn a bheith ag maireachtáil trí scór is deich mbliana agus os a chionn? Fad saoil againn ar fad! Ach cad chuige? Agus uisce, an acmhainn sláinte is beatha is tábhachtaí ar domhan, tuige gur againne sa tír seo agus sa chuid seo againne den domhain atá sé ar fáil go fial is go flaithiúil? Chun sásamh pearsanta a bhaint as an saol daonna? Cén fáth an bhfuil saol níos rathúla is níos sóchúla ná mar a bronnadh ar ghlúin ar bith daoine ó tháinig ann don chine daonna bronnta ar an nglúin seo againne? Cén t-údar atá leis an oiread comaoine a bheith curtha orainne? Cad chuige an bhfuil na deiseanna cumarsáide comhachtacha againn a chuireann ar ár gcumas comhluadar a chothú is a choinneáil ar bun fud fad na cruinne? Tuige an bhfuil sé d’acmhainn againn aire a thabhairt dá chéile, is don comaoin seo againne féin, an Chruinne is baile dúinn? Údar Aire Lánintinneach? Údar buíochais agus flaithiúlachta? Nó an bhfuil mise glan ar mire? Frainc Mac Brádaigh SJ

Féach: tearmann.com, apostolshipofprayer.org, apostoladodelaoracion.com nó prieraucoeurdumonde.fr

Nóta: Is mór againn tacaíocht ár léitheoirí. Braitheann An Timire oraibh. Níl aon tacaíocht stáit againn. Sin fáth na bhfógraí. Is oth linn nach leor an teacht isteach faoi láthair, in ainneoin na tacaíochta féile a fuair muid ó léitheoirí anuraidh. Is gá mar sin praghas An Timire a ardú go dtí €5.00 an chóip agus €20.00 do tháille na bliana. Mar bheagán cúitimh tá an lón léitheoireachta méadaithe go 48 leathanach. Go raibh maith agaibh as an gceistneoir a chomhlánú san eagrán deiridh.

Timire Spring 2017.indd 2

06/02/2017 11:56


TIMIRE AN CHROÍ RÓ-NAOFA

Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4 7 8 10 12 15 18 21 23 25 26 28 30 32

36 38 40 42 45 47

Teachtairí Dé inár Measc Leathanach na Litreacha Les Lacs du Connemara Ag Éisteacht leis an nGairm Chrábhaidh Stairsheanchas na bProtastúnach Fuíoll Áir, Finné agus Fear Inste Scéil An tAthmhuintearas san Afraic An Saol Nua Timire Chroí na hÓige Crosfhocal Mol na hÓige Cuardach Focal Máire Treasa Ní Cheallaigh faoi Agallamh Cúinne na bhFilí I nDuibhnibh Raic Im Leabharlann Dom Taisí Tosta Saothrú an Ghairdín Buile Shuibhne An Sionad Pan-Cheartchreidmheach Ómós do Shéamus Mac Géidigh Cosaint an Chomhshaoil sna Speiríní Bláthanna an Earraigh Silence Oideas: Sceallaí Seacláide

Declan Quinn Dara Ó Baoill Seosamh Mac Aogáin Críostóir Mac Cárthaigh Mícheál Mac Craith OFM Máirtín Mac Comhraí Edward De Búrca

Katie Mc Greal Mícheál Ó hUanacháin Seosamh Ó Murchú Michael Cronin Seán de Fréine An tAth. Godfrey O’Donnell Loinnir Ní Dhonnghaile Sinéad Ní Mhearnóg Dónall Ó Cnáimhsí Aileen Mhic Cionna Síle Ní Chearbhaill

Ar Dheis Dé: Peadar Ó Flatharta, An tAth. Leon Ó Móracháin, Gearoidín Ní Bhaoighill, Maurice O’ Connell, Maurice Gaffney, Aodán Mac Póilín, Dónall Ó Muirí Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí siad sa tsíocháin. Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Eagarthóir Frainc Mac Brádaigh SJ Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Mhic an Phríora Tomás Ó Ceallaigh Fionnuala Mac Aodha An Br. Dónal Ó hÉalaithe Seán Ó Raghallaigh

Timire Spring 2017.indd 3

Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas. B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 466 ISSN: 1649-446 Le cead eaglasta: 14 Eanáir 2017 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta

Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, Airgid, etc.) scríobh chuig: Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Dearadh: Messenger Publications Design Department

Clóbhualadh: Watermans Printers Limited Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: €5.00/ Stg£3.75 Go ceann bliana: €20/Stg£15 Seiceanna iníoctha leis An Timire

06/02/2017 11:56


4

Declan Quinn, Stiúrthóir Náisiúnta, Aid to the Church in Need (Éire)

TEACHTAIRÍ DÉ INÁR MEASC Tá sé ríléir muna bhfuil sagairt ann, ní bheidh teacht againn ar na sacraimintí agus muna bhfuil na sacraimintí ann, ní bheidh Eaglais ann. Rud nach bhfuil chomh soiléir áfach ach atá fíor chomh maith, is é sin, muna bhfuil micléinn shagartóireachta againn, ní bheidh sagairt againn agus is ansin atá todhchaí na hEaglaise leagtha amach romhainn agus an gá do Aid to the Church in Need (ANC) a bheith gníomhach agus páirteach ag tacú leis na hábhair shagairt mórthimpeall an domhain agus iad a mhaoiniú. Sa lá inniu tá ábhar sagairt amháin as gach deichniúr mórthimpeall an domhain ag fáil tacaíochta ó ACN. Tá a bhfurmhór ag staidéar san Afraic, Meiriceá Laidineach, agus Oirthear na hEorpa. I dteachtaireacht bheannachta do na hiarrtóirí a bhí i láthair ag Cliarscoil Idirdheoiseach Benedict XVI, i Kendoumayah, Guinea-Conarky, scríobh an Pápa Emeritus Benedict, mar chomhartha ómóis do choisreacan an tséipéil chliarscoile nua-oscailte, an méid seo leanas: In December 1944, when I was called up for military service, the company commander asked each new recruit what his chosen profession would be. I replied that I wanted to become a

Timire Spring 2017.indd 4

Catholic priest. The recruiting sergeant told me I’d better choose a different profession, since in the new Germany there would be no need for priests any more. But I knew even then that this new Germany was finished and that after the terrible devastation it would need priests more than ever before. Admittedly, the situation today is altogether different, but there are still many people who believe we no longer need priests; that it is a calling without a future. What an error! The priest is not a manager of the community, he is God’s messenger among us. Is é seo an dearcadh a spreagann chun urnaí agus staidéir na 73 ábhar sagairt atá ag fáil oiliúna i láthair na huaire i Kendoumayah. Tá na chéad oirnithe de dheagánaigh tar éis tarlú cheana féin agus cuireadh na chéad daoine amach i mbliana ó Kendoumayah ag tabhairt fianaise ar Ghrá Dé do phobal Dé. Tá an teachtaireacht seo de dhíth ar an domhan seo inniu. D’fhéadfadh i bhfad níos mó teachtairí a bheith ann don obair seo ach níl go leor spáis sa chliarscoil i láthair na huaire; tá suanlios amháin nach bhfuil tógtha go hiomlán go fóill agus dá dheasca sin caithfidh cuid de na hábhair shagairt codladh i gceann de na

06/02/2017 11:57


5

‘Foghlaimímid conas freastal ar dhaoine agus mianta an duine atá ag lorg Dé a shásamh.’

rangsheomraí. Is gá teacht ar réiteach na faidhbe seo gan mhoill. Tá geallúint tugtha ag ACN cabhrú i dtreo go gcríochnófaí an obair i dtreo go mbeidh níos mó sagart Caitliceach againn. Ar an gcaoi chéanna tá ACN ag cabhrú go mór ar fud an domhain: n 17 ábhar sagairt i Nua-Ghuine Phapua n Tá 40 ábhar sagairt i gcliarscoil

San Pedro in Ard-deoise Portoviejo san Eacuadór n 34 i gcliarscoil Naomh Pius X in Istmina, an Cholóim n 105 i gcliarscoil Fenoarivo i Madagascar, agus n 49 ábhar sagairt d’Aithreacha Brasaíleacha san Úcráin – gan ach beagán a lua.

Tá todhchaí na hEaglaise ag brath go mór ar an tacaíocht seo d’ábhair shagairt ón ACN. Tá cliarscoil Mhuire Mháthar Guadalupe in Altiplano (nó ‘ardchlár ard’) i gCúige Chucuito agus tá 48 ábhar sagairt ag dul le sagartacht i láthair na huaire. San oiliúint a fhaigheann siad tá siad ag déanamh staidéir, diagacht agus fealsúnacht san

áireamh, mar ag an deireadh seachtaine téann siad amach go dtí na sráidbhailte ag múineadh teagaisc creidimh, ag tabhairt cuairteanna ar na heasláin agus na daoine uaigneacha agus ag freastal ar an aos óg. “Foghlaimímid conas freastal ar dhaoine,” a duirt Wilber Sucapuca Jaila “agus ag iarraidh mianta an duine atá ag lorg Dé a shásamh.” Agus labhraíonn Richard Pari Chambi thar ceann an triúir agus thar ceann ábhar sagairt eile chomh maith, nuair a deir sé: “Tá mé chomh sona sin sa ghairm a bhronn Dia orm. Mothaím an mian seo ionaim bheith ina shagart amach anseo.” Scríobhann Denys Lerma Parillo, atá naoi mbliana déag d’aois: “Is é an rud is tábhachtaí agus is bunúsaí dúinne ná an urnaí agus an tAifreann Naofa.” Tá cás na n-ábhar sagart seo go léir an-difriúil óna chéile mórthimpeall an domhain ach tá an bhunchúis chéanna lena ngairm chun Dé, is é sin ‘Caritas Christi’. Dar ndóigh, ba chóir do gach duine againn, mar Chríostaithe, ligean do Ghrá Chríost sinn a spreagadh mar tá an ghairm chun naofachta uilíoch a bhaineann le gach uile dhuine againn ‘i gcónaí agus i ngach áit’.

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ NA MÁRTA, 2017 Cabhraímis le Críostaithe atá faoi ghéarleanúint. Go dtuga an Eaglais ar fad tacaíocht ár bpaidreacha agus ár gcabhair ábhartha do Chríostaithe atá faoi ghéarleanúint. Foclóirín: deagánaigh = deacons; suanlios = dormitory

Timire Spring 2017.indd 5

06/02/2017 11:57


Timire Spring 2017.indd 6

06/02/2017 11:57


7

LEATHANACH NA LITREACHA A Eagarthóir, Léigh mé an t-alt san eagrán deireanach de An Timire, a scríobh G. D. de Barra. Aithne an-mhaith agam ar an scríbhneoir ceart go leor, ach ní gá a rá gur chuir sé suáilcí Naomh Pio i gcuimhne dúinn go fíormhaith. Faraor sa bhliain 1975, deimhníodh go raibh scléaróis iolrach ar mo mháthair, agus í ag aois 27, agus tharla go raibh an galar fíochmhar, neamhthrócaireach ina taobh. Laistigh de bhliain, fágadh í i gcóma sé seachtaine san Ospidéal Richmond (mar a bhí) i mBaile Átha Cliath agus i mbaol báis, gan néal dóchais ag m’athair go dtiocfadh sí slán. Sasanach agus ball d’Eaglais na hÉireann ba ea mo mháthair ach bhí na Proinsiasaigh Chaipisíneacha i Sráid na Cille an-tógtha léi. Beannaíodh í le taise Phadré Pio an uair sin sa bhliain 1976; tháinig sí amach as an gcóma an lá dar gcionn. D’fheabhsaigh sí de réir a chéile le go mbíodh leagan níos leanúnaí den ghalar aici, a bhí ina chuid dá coimhlint leighis uaidh sin i leith (go dtí gur bhásaigh sí ocht mbliana is fiche níos déanaí). Rugadh mise féin tamall de bhlianta ina dhiaidh sin, naoi mí tar éis do m’athair mo mháthair a thabhairt ar Oilithreacht na bProinsiasach Caipisíneach chuig San Giovanni, in ainneoin na dtuartha ó dhochtúirí agus d’éirigh léi aire mhaith a thabhairt dom sna blianta luatha de mo shaol. Ní bheinn ann murach í, ná Naomh Pio. Le dea-ghuí, Liam Mac Amhlaigh, Baile Átha Cliath

A Athair, a chara, Is mó uair a chuala mé trácht ar Naomh Padre Pio ach is beag a bhí ar eolas agam faoin a bheatha go dtí gur léigh mé an t-alt a foilsíodh in eagrán an Gheimhridh don Timire. Im’ thaobhsa féin bím ag impí ar Naomh Antaine mo rudaí “caillte” a fháil dom ach tar éis dom an t-alt seo a léamh beidh Padre Pio ar mo phaidrín as seo amach. Scríobh an Bráthair de Barra cúntas anspéisiúil agus táim cíocrach anois breis eolais a fháil faoi Naomh Pio Pietrelcina agus faoin áit in ar chónaigh sé i San Giovanni Rotundo. Ba bhreá liom breis eolais nó míniú a fháil ar an stigmata agus freisin cén tinneas a bhí ar an mBráthair de Barra agus conas mar a leigheasadh é trí eadarghuí Padre Pio. Deirtear go bhfuil breis is naoi míle duine ag obair san ospidéal a bhunaigh Padre Pio san áit. N’fheadar ar chóir dár n-Aire Sláinte, Simon Harris T. D. do dhul ann agus foghlaim conas ospideál a eagrú, fiú d’fhéadfadh sé guí ann. Cinnte is iontach an tionchar a bhí ag an gCaipuisíneach umhal seo ar an tsráid bhaile bheag, San Giovanni Rotunda, sa mhéid is go mbeidh spéis ní hamháin ag oilithirigh ach ag an turasóir creideamhach ar leagan amach agus ar fhás na háite agus ar an ailtearacht is an ealaín atá le feiscint san áit de réir an ailt atá sa Timire. Le cúnamh Dé, rachaidh mé go San Giovanni Rotundo lá éigin amach anseo. Is mise le meas, Elaine Ní Mhaoláin

Timire Spring 2017.indd 7

06/02/2017 11:57


8

Dara Ó Baoill Oifigeach Forbartha, Glór na nGael

LES LACS DU CONNEMARA Tá cion mór, grá b’fhéidir, ag muintir na Fraince d’Éirinn agus d’Éireannaigh. Nuair a d’fhág mé Cois Fharraige le cur fúm sa Fhrainc sé bliana déag ó shin níor thuig mé cé chomh láidir agus a bhí an íomha shamhalta seo a bhí acu ar Éirinn. Íomha atá fós ag fás. Agus tú ag caint leo shílfeá go raibh chuile Fhrancach, agus gach cara nó gaol leo, tar éis a bheith in Éirinn cheana, é sin nó gur mian leo dul go hÉirinn. Insíodh cuntais, scéalta agus cuimhní cinn gan áireamh faoi thurais ar Éirinn dom. Ar dtús shamhlaigh mé gur shíolraigh an “tarraingt” seo as na ceangail stairiúla atá againn. Na manaigh a chuaigh anonn agus a bhunaigh ionaid oideachais agus chreidimh. Na Ceiltigh a d’fhág iarsmaí fisiciúla sa tír agus ainmneacha ar bhailte. Aimsir na nGéanna Fiáine agus na saighdiúirí a tháinig anall le tacú leis na Gaeil sa bhliain 1798. Ach aisteach go leor, is beag eolas atá ag Francaigh an lae inniu ar an stair seo. Is deacair dóibh a chreidiúint go mba Éireannach é an tÉarlamh atá ag a ngarraíodóirí, Naomh Fiachra nó “Saint Fiacre” mar a thugann siad féin air. Is ábhar iontais dóibh go dtagann ainmneacha na mbailte, Lyon, Loudun agus Montluçon ó dhia Ceilteach, Lugh. Maidir leis an nGin-

Timire Spring 2017.indd 8

earál Lambert nó an tAimiréal Bompart, ní spreagann ceachtar acu aon cuimhní ó ranganna staire. Mar sin céard as a dtagann an grá seo? Tá teoiric agam féin, agus Éireannach ar bith a chaith tamall ina chónaí le, agus a mheasc le, pobal na Fraince, déarfainn go dtiocfaidís liom. Cuirimse an milleán ar, nó b’fhearr a rá go ngabhaim buíochas le, fear darbh ainm Michel Sardou. Cumadóir agus amhránaí mór le rá sa Fhrainc a bhfuil na milliúin céirníní díolta aige agus a bhíonn fós ag casadh ar na hardáin mhóra, agus a bhíonn le cloisteáil ar an raidió agus le feiceáil ar an teilifís. De réir an scéil a chuala mise, bhí Sardou agus beirt dá chomhghleacaithe tar éis filleadh ó thuras fada, iad cloíte ag an teas. Sheinn duine acu, Jacques Revaux, an sintéiseoir, agus, b’fhéidir le fuacht agus fliuchras a chur i gcuimhne dóibh, chas sé cupla nóta a d’fhuaimigh cosúil le píobaí móra na hAlban. Spreag sé seo Sardou le hamhrán a scríobh faoi Albain, ach toisc nach raibh ceachtar acu riamh in Albain chuaigh an tríú duine, Pierre Delanoë, sa tóir ar eolas fúithi. Theip air agus d’fhill sé le bróisiúr bolscaireachta faoi thurasóireacht in Éirinn agus is as sin a

06/02/2017 11:57


9

‘Shílfeá go raibh chuile Fhrancach agus gach cara nó gaol leo tar éis a bheith in Éirinn cheana nó gur mian leo dul go hÉirinn.’

tháinig an t-amhrán iomráiteach “Les Lacs du Connemara”. Bhí an t-amhrán ag uimhir a haon ar feadh trí sheachtain i gcairteacha na Fraince i mí Eanáir 1982 agus díoladh ós cionn trí mhilliún cóip de. Go dtí an lá inniu féin tá sé ar eolas ag na Francaigh uilig agus, dar ndóigh, is é an chéad ábhar cainte i gcónaí é nuair a thuigtear go bhfuil Éireannach sa chomhluadar! Is maith is cuimhin liom an t-iontas agus díomá a bhí ar chomhluadar áirithe nuair nach raibh tuairim faoin spéir agamsa céard faoi a raibh siad ag caint agus iad ag trácht ar “Les Lac du Connemara”. Is ansin a thuig mé gur feiniméan a bhí san amhrán seo a chuaigh i bhfeidhm ar phobal iomlán. Seinntear é i gcónaí ag cóisirí agus ag bainiseacha. Agus, gan teip, léimeann an slua amach ar an urlár ag damhsa agus ag canadh. Maidir le liricí an amhráin tá sé sách deacair ciall a bhaint as. Tá sé ina ghiotaí. Déanann sé tagairt do Chromwell agus d’fhulaingt na nGael, do bhean darbh ainm Maureen a léimeann lomnocht isteach i loch i gConamara agus a phósann Seán Kelly i séipéal atá déanta as cloch

eibhir i Luimneach agus don cheiliúradh a dhéanann siad ar feadh trí lá agus dhá oíche le muintir Uí Fhlatharta agus Uí Chonghaile, gan trácht ar na hollphéisteanna a fheictear sna locha. Giotaí de scéalta curtha le chéile le ceol bríomhar, ceol a thaitníonn le Francaigh! Sa bhliain 2011, agus ceiliúradh 30 bliain á dhéanamh ar an amhrán, bhronn Ambasadóir na hÉireann chun na Fraince, Paul Kavanagh, “Eochair Saoirse Chonamara” ar Michel Sardou mar chomhartha aitheantais dó as an maitheas a rinne a amhrán le turasóirí a mhealladh ón Fhrainc go hÉirinn. Tá sé tuilte aige is dócha. Tagann ós cionn leathmhilliún Francach ar saoire go hÉirinn chuile bhliain, an ceathrú dream turasóirí is mó. Is iontach mar atá amhrán in ann tionchar a imirt ar thír agus ar phobal. Cé gur amhrán é a bhfuil scéal an-mheascaithe ann agus a thugann a chuntas aisteach féin ar stair, ar mhiotaseolaíocht agus ar shaol na hÉireann, spreagann sé daoine go fóill. Má tá an stair a cheanglaíonn an dá thír dearmadta is féidir a rá go sásaíonn achoimre ghonta an amhráin seo spiorad agus samhlaíocht phobal na Fraince.

Foclóirín: feiniméan = phenomenon; = píobaí móra = píb mhála; sintéiseoir = synthesizer.

Timire Spring 2017.indd 9

06/02/2017 11:58


10

Seosamh Mac Aogáin Mac léinn sagartóireachta do Dheoise BhÁC atá ag staidéar i gColáiste na nGael sa Róimh

AG ÉISTEACHT LEIS AN nGAIRM CHRÁBHAIDH Bíonn gairm bheatha ag gach duine. Is gairm ó Dhia é atá uathúil don duine aonair. Is é atá inti cuireadh chun saol a chaitheamh mar dhuine go hiomlán beo agus is cuireadh é chun a bheith sásta. Iarann Dia orainn le linn ár saoil tabhairt faoi thascanna agus chaidreamh áirithe. Mar a scríobh John Henry Newman: ‘God knows me and calls me by my name ... God has created me to do Him some definite service; He has committed some work to me which He has not committed to another.’ Tugann Dia cuireadh do roinnt daoine a bheith ina sagairt nó ina ndaoine rialta. Tá ról riachtanach ag sagairt, mná rialta agus bráithre i saol na hEaglaise. Tá an sagart in ainm is a bheith mar dhroichead idir daoine agus Dia. Tá an duine rialta in ainm a bheith mar fhinné ar Ríocht Dé. Is comharthaí iad d’eaglais shláintiúil. Níos mó ná riamh, ní mór daoine a bheith ag éisteacht go haireach le cuireadh Dé agus é a freagairt go flaithiúil. Ach conas a bheidh a fhios ag duine go bhfuil gairm chrábhaidh aige nó aici chun dul le sagartacht nó an bheatha chrábhaidh? Gan dabht bheadh sé soiléir, mar a bhí sé leis an soiscéalaí Matha, dá siúlfadh Íosa isteach sa seomra agus dá n-inseodh sé ár ngairm bheatha go

Timire Spring 2017.indd 10

díreach dúinn. Don chuid is mó dínn, cé go mbíonn taithí fhíorspioradálta againn uaireanta inár saol, is minice a fhaigheann muid ár ngairm chrábhaidh thar thréimhse ama. Faigheann muid amach céard a chuireann áthas agus síocháin Dé inár gcroí, agus leis sin cuirtear ár ngairm chrábhaidh in iúl go soiléir. Go minic ní mór dúinn dul trí thréimhse fhada streachailte. Ba mhaith linn freagraí soiléire a fháil ó Dhia ón tús ach go minic ní fhaigheann muid na freagraí a bhíonn muid ag iarraidh. Ní leor le Dia go nglacfadh muid lenár ngairm chrábhaidh amháin: ba mhaith le Dia go n-athródh muid muid féin freisin, ár smaointeoireacht, ár mianta, ár slí mhaireachtála. Ba mhaith le Dia go gcónódh Críost inár gcroí agus go mbeadh muid fréamhaithe agus bunaithe sa ghrá (Eifeasaigh 3:17). Caithfidh muid an ‘ego’ a smachtú. Ní mór dúinn a bheith foighneach le Dia agus ag an am ceanna ní mór do Dhia a bheith foighneach linn. Má chuirimid ár n-iontaoibh i nDia, má leanaimid den chuardach, freagróidh sé muid. Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh (Matha 7:7). B’fhéidir nach dtiocfadh an freagra chomh tapa agus ba mhaith linn, ach tiocfaidh sé sa deireadh.

06/02/2017 11:58


11

‘Chun a bheith i do shagart nó bráthair nó bean rialta is cinnte nach gá a bheith foirfe ná na freagraí ar fad a bheith agat. Séard atá ag teastáil ná dul i muinín Dé.’

Agus, má roghnaímid é a leanúint, tabharfaidh sé áthas mór dúinn. Is mar sin atá mo thaithí féin. Nuair a bhí mé sna fichidí luatha chaith mé tréimhse ama i nóibhíseacht na nÍosánach i mBirmingham. Táithí iontach a bhí ann agus d’athraigh sé go mór mé. Beidh mé i gcónaí an-bhuíoch de na hÍosánaigh i ngeall air. Ach níor bhraith mé go raibh mé ábalta móideanna a ghlacadh agus d’fhág mé an nóibhíseacht tar éis bliana. Thosaigh mé ag obair mar mhúinteoir bunscoile i mBaile Átha Cliath ar feadh cúpla bliain, ach, cé gur bhain mé an-sult as mo phost ag cuidiú le páistí, bhraith mé míshástacht dhoiléir. D’ainneoin gach iarrachta bhraith mé fós an glao ciúin ag tabhairt cuireadh dom a bheith i mo shagart. Mar gheall air sin táim i mbun staidéir sa Róimh anois mar ábhar sagairt do dheoise Bhaile Átha Cliath. Is deis ion-

tach agus pribhléid é cónaí sa chathair stairiúil seo i gColáiste Pointaifiúil na nGael. Chomh maith leis an staidéar ar an bhfealsúnacht agus ar an diagacht, bíonn amchlár gnóthach againn de phaidreacha, chomhdhálacha agus d’oibreacha éagsúla. Ina theannta sin, bíonn muid ag obair gach seachtain le daoine gan dídean agus ag réiteach leanaí dá gcéad Chomaoineach nó don Chóineartú. Is pribhléid agus foinse lúcháire é a bheith i d’ábhar sagairt. Chun a bheith i do shagart nó bráthair nó bean rialta is cinnte nach gá a bheith foirfe ná na freagraí ar fad a bheith agat. Séard atá ag teastáil ná dul i muinín Dé. Ba chóir do gach duine an cheist seo a chur orthu féin: an bhfuil Dia ag iarraidh orm slí bheatha áirithe a leanúint? Má leanann muid ar an mbealach sin is féidir linn a bheith cinnte go mbeidh muid sona.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ AIBREÁIN, 2017 Go ndéana daoine óga rud go fial ar mhaithe lena ngairm, agus go gcuimhní siad go dáiríre ar a saol a thíolacadh do Dhia mar shagairt nó sa bheatha rialta. Foclóirín: uathúil = unique; gairm chrábhaidh = glaoch chun creidimh.

Timire Spring 2017.indd 11

06/02/2017 11:58


12

An Dr Críostóir Mac Cárthaigh, Stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann

STAIRSHEANCHAS NA bPROTASTÚNACH Cé go raibh cuid mhaith de Phrotastúnaigh na hÉireann i measc luathbhailitheoirí béaloidis na tíre – Dúbhglas de hÍde, an chéad uachtarán ar an gCumann le Béaloideas Éireann in 1926, mar shampla – níl an ionadaíocht chéanna ag stair chultúrtha na bProtastúnach Éireannach i gcartlann Chnuasach Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, is atá ag an bpobal Caitliceach. Cúis amháin atá leis sin ná gur braitheadh go gcaillfí gnéithe níos seanda den traidisiún béil de réir mar a chúlaigh an Ghaeilge, rud a thug ar Choimisiún Béaloideasa Éireann (1935-70) a iarrachtaí bailithe a dhíriú ar cheantair Ghaeltachta an deiscirt agus an iarthair, ar cheantair Chaitliceacha iad go príomha. De bhreis air sin, tá fianaise starógach ann a thugann le tuiscint go mb’fhéidir gur bhraith daoine Protastúnacha faoin tuath nach raibh fáilte rompu i gcónaí a bheith rannpháirteach i dtionscnaimh bhailithe náisiúnta. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar an easpa sin, chuir Cnuasach Bhéaloideas Éireann saincheistneoir le chéile agus ó lár na bliana seo caite táimid ag féachadh len é a scaipeadh chomh forleathan agus is féidir. Tugadh ‘Cuimhne na nDaoine i measc Phrotastúnaigh na hÉireann’ ar an

Timire Spring 2017.indd 12

tionscadal bailithe agus cuireadh fógraí mar gheall air ar an Farmer’s Journal agus sa Church of Ireland Gazette. Clúdaíonn an ceistneoir réimse leathan ábhar, ina measc: Cárbh as do do theaghlach? Conas a dhéantaí féiltí a cheiliúradh? Caidreamh idir muintir an ‘Tí Mhóir’ agus an pobal áitiúil; tionchar na rialach ‘Ne Temere’ ar chúrsaí pósta; conas a chuimhnítear ar ionradh Chromaill, ar imeachtaí 1798 agus ar an nGorta Mór; cúrsaí spóirt; leigheasanna agus luibheolaíocht, agus araile. De réir mar a thaifeadfar na taobhanna éagsúla de chaidreamh stairiúil an phobail Phrotastúnaigh le saol poiblí na hÉireann i réimsí sóisialta, cultúir agus eacnamaíochta, agus mar ar chuir siad leis an saol sin, cuirfear go suntasach le stór ár dtuisceana ar fhad is ar fhairsinge bhéaloideas na hÉireann. I bhfianaise na gcuimhneachán atáimid a cheiliúradh in Éirinn faoi láthair, baineann fiúntas ar leith leis an oiread agus is féidir de na traidisiúin seo a thaifeadadh agus a chaomhnú san am i láthair. I ngeall ar imeachtaí na mblianta corraitheacha sin as ar eascair Saorstát Éireann, coimhlint an chogaidh chathartha, agus sos comhraic míshuaimhneach, b’éiginnte an cor a bhí i ndán do líon mór Protastúnach sa Stát

06/02/2017 11:59


13

‘Taifeadfar na taobhanna éagsúla de chaidreamh stairiúil an phobail Phrotastúnaigh le saol poiblí na hÉireann i réimsí sóisialta, cultúir agus eacnamaíochta agus cuirfear go suntasach lenár dtuiscint ar fhairsinge bhéaloideas na hÉireann.’

Leixlip House, ‘teach mór’, tráth

nua. Rinne suaitheadh sóisialta agus polaitiúil na tréimhse seo difear doimhin do shaol cuid mhaith teaghlach, agus thug a ndúshlán maidir leis an gciall a bhí acu dá bhféiniúlacht náisiúnta agus dá ndílseacht stairiúil, agus d’imir tionchar ar an taithí a bhí ag teaghlaigh agus pobail Phrotastúnacha Éireannacha ina dhiaidh sin. Is í an Dr Deirdre Nuttall, ar de bhunadh Eaglais na hÉireann í féin, a saolaíodh agus a tógadh i Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman agus a bhfuil iarchéimeanna sa Bhéaloideas ó UCD aici, a mhol do Chnu-

asach Bhéaloideas Éireann an ceistneoir a dhréachtadh agus a scaipeadh. An rud is suntasaí faoin tionscadal ná an méid suime atá nochtaithe ann ag Protastúnaigh sa Phoblacht. Go dtí seo, tá 250 cóip den cheistneoir scaipthe againn, agus tuairim is 50 freagra faighte thar n-ais. Ní mór a rá go bhfuil go leor ceisteanna sa cheistneoir, agus dá bhrí sin tuigimid go dtógfaidh sé tamall ar dhaoine iad a fhreagairt. Ní suirbhé docht sa ghnáthchiall atá sa cheistneoir ach oiread – molaimid do dhaoine breathnú ar na

Foclóirín: fianaise starógach = anecdotal evidence; luibheolaíocht = botany; suaitheadh = upheaval

Timire Spring 2017.indd 13

06/02/2017 11:59


Criostóir Mac Cárthaigh agus Deirdre Nutall i gCnuasach Bhéaloideas Éireann

ceisteanna mar ‘nodanna’, agus a bheith ag scríobh leo ar aon ghné eile den ábhar a mheasann siad a bheith tábhachtach. Tá roinnt mhaith de na freagraí atá faighte againn sách fada. Tuigtear go maith go bhfuil an t-eolas seo ag dul ar lár le himeacht ama agus go bhfuil go leor le foghlaim ó na glúnta sin a d’fhás aníos sna blianta i ndiaidh Chogadh na Saoirse. Bhí lá oscailte againn sa Chnuasach do rannpháirtithe an tionscnaimh i mí na Samhna seo caite agus

Timire Spring 2017.indd 14

tháinig slua maith de dhaoine scothaosta ó chian is ó chóngar, ó Chorcaigh go Dún na nGall agus thapaigh siad an deis a scéalta féin a roinnt linn go pearsanta. Tá fáilte is fiche freisin roimh dhuine ar bith ar mhaith leo agallamh a thaifeadadh linn i dtaca leis an tionscadal. Breis eolais: Cnuasach Bhéaloideas Éireann, Áras Newman, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Belfield, Baile Átha Cliath 4, Éire. (01) 716 8216 bealoideas@ucd.ie

06/02/2017 11:59


15

An tOllamh Micheál Mac Craith, OFM, Coimirceoir Choláiste Isidore, An Róimh

FUÍOLL ÁIR, FINNÉ AGUS FEAR INSTE SCÉIL Bhásaigh Elie Wiesel ar an dara lá de mhí Iúil anuraidh. Bhí sé ochtó seacht mbliana d’aois. Rugadh agus tógadh ina Ghiúdach é i Sighet na Romáine agus nuair a bhí sé cúig bliana déag d’aois díbríodh Giúdaigh uile Sighet go hAuschwitz. A luaithe is a shroich siad an campa géibhinn cuireadh a mháthair agus an deirfiúr ab óige chuig na seomraí gáis. D’éirigh le hElie agus a athair fanacht i dteannta a chéile agus tacaíocht a thabhairt dá chéile go tús na bliana 1945 nuair a seoladh na príosúnaigh ar fad as Auschwitz sula mbainfeadh na fórsaí Sóivéideacha an campa amach. Cuireadh chomh fada le Buchenwald iad áit ar bhásaigh athair Elie trí mhí sular fhuascail na Meiriceánaigh an campa. Tógadh an dílleachta go Páras áit a bhfuair sé amach gur éirigh le beirt dá dheirfiúracha teacht slán as Auschwitz. Cheap sé go raibh cúis faoi leith ann gur tháinig sé féin slán agus bheartaigh sé a shaol ar fad a chaitheamh ag tabhairt fianaise ar uafás an Uileloiscthe. Ach chun é féin a ullmhú don chúram seo thóg sé móid gan labhairt faoi thaithí na gcampaí géibhinn go ceann deich mbliana. D’fhoghlaim Elie Fraincis agus Béarla agus faoi thús na gcaogaidí fostaíodh ina iriseoir é do nuachtán Giúdach. Sa bhli-

Timire Spring 2017.indd 15

ain 1954 iarradh air agallamh a chur ar Pierre Mendès France, príomhaire nua na Fraince, gan ann ach an dara Giúdach a bhain an post tromchúiseach sin amach. Toisc nár nós leis an bpríomhaire agallaimh a thabhairt, mheas Wiesel leas a bhaint as an údar cáiliúil François Mauriac mar idirghabhálaí. Chuir Mauriac fáile gheanúil roimh an iriseoir óg, ach nuair a thosaigh sé ag caint ar Íosa, chaill Wiesel an cloigeann agus phléasc sé amach go raibh aithne aige ar pháisti Giúdacha a d’fhulaing míle uair, sé mhilliún uair go fiú, ná Críost ar an gcrois. Agus nach raibh éinne ag labairt fúthu sin. Shéimhigh Wiesel a luaithe agus a bhí a racht ligthe aige, agus faitíos air go raibh praiseach déanta den choinne aige, rith sé amach as an seomra agus é go mór trí chéile. Ach lean Mauriac go dtí an doras é agus d’impigh air filleadh. Nuair a bhí siad ina suí os comhair a chéile thosaigh Mauriac ag gol agus le linn dó bheith ag sileadh na ndeor d’fhiafraigh sé de Wiesel faoi na cúinsí a bhain lena shaol in Auschwitz. Bhí drogall air faic a rá ach sa deireadh mhínigh sé faoin móid tosta bhí glachta aige. D’fhreagair Mauriac go raibh dul amú air, go raibh dualgas air labhairt amach. Bliain ina dhiaidh sin sheol sé lám-

06/02/2017 11:59


16

‘Cheap sé go raibh cúis faoi leith ann gur tháinig sé féin slán agus bheartaigh sé a shaol ar fad a chaitheamh ag tabhairt fianaise ar uafás an Uileloiscthe.’ hscríbhinn chuig Mauriac, lámhscríbhinn ‘a breacadh faoi shéala na cuimhne agus an tosta’. Ní hamháin go bhfuair Mauriac foilsitheoir dó ach scríobh an réamhrá chomh maith. D’fhoilsigh Editions de Minuit La Nuit sa bhliain 1958, an leabhar is coscraí, is loime agus is údarásaí a scríobhadh faoi Auschwitz, ríocht na hoíche. Foilsíodh aistriúchán Béarla sna Stáit Aontaithe dhá bhliain ina dhiaidh sin, Night. Ó shin i leith aistríodh go tríocha teanga dhifriúil é agus meastar go bhfuil suas le deich milliún cóip díolta go nuige seo. Nuair a cheap an nuachtán ina chomhfhreagraí do na Náisiúin Aontaithe é, bhog Wiesel go Nua-Eabhrac sa bhliain 1955, bhain sé saoránacht Mheiriceánach amach sa bhliain 1963 agus phós sé Marion Ester Rose sa bhliain 1969. Is í Marion a rinne a chuid scríbhinní a aistriú ón bhFraincis go Béarla. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1986 agus faoin am gur bhásaigh sé bhí suas le seacht leabhar is caoga scríofa aige. Lá amháin sa bhliain 1960 chuir col ceathrar leis i Nua-Eabhrac glaoch teileafóin ar Elie. Bhí sé ar tí dul faoi scian agus theastaigh uaidh go rachadh Eli ar cuairt chuige roimh an obráid. Nuair a bhain sé an t-ospidéal amach d’iarr an t-othar air a bheannacht a thabhairt dó ach dhiúltaigh

Wiesel, á mhíniú dó nár raibí é. Ach lean an col ceathrar ag tathant siar. Mheabhraigh sé eachtra a tharla i Sighet chomh fada siar leis an mbliain 1937, gan choinne ag éinne leis an tubaiste a bhí ar tí titim sa mhullach orthu. Lá amháin tháinig fear naofa chuig an teach. Labhair sé le hElie go príobháideach i dtús báire agus ansin chuaigh a mháthair isteach chun cainte leis. Nuair a tháinig amach bhí sí ag sileadh na ndeor ach d’ainneoin thréaniarrachtaí a mic, níor inis sí riamh dó cad ba bhun lena deora. Ansin d’admhaigh an col ceathrar go raibh seisean i bhfolach taobh thiar de na cúirtíní fad a bhí an comhrá ar síul. Chuala sé gach rud agus is é éirim na teachtaireachta a thug an fear naofa do mháthair Wiesel go mbeadh clú agus cáil ar a mac in Iosrael agus é tagtha in inmhe ach nach mbeadh seisean ná ise thart chun é a fheiceáil. Maraíodh iad beirt in Auschwitz. Agus é ag machnamh ar an ócáid sin ina chuimhní cinn, dúirt Wiesel go raibh deora a mháthar ag dó na geirbe aige ar na blianta, agus nárbh ait an rud é gur i mbarda ospidéil i Nua-Eabhrac a thuig sé don chéad uair eachtra a tharla sa Romáin trí bliana is fiche roimhe sin. Ráiteas tromchúiseach gaoiseach a chuir críoch lena mharana: Ní ann do chomhtharlúintí sa saol, gan ann ach teagmhálacha.

Foclóirín: An tUileloscadh = the Holocaust; is coscraí = is goilliúnaí; móid tosta = vow of silence.

Timire Spring 2017.indd 16

06/02/2017 12:00


17

Timire Spring 2017.indd 17

06/02/2017 12:00


18

Máirtín Ó Comhraí, SJ

AN tATHMHUINTEARAS SAN AFRAIC Tuairim is sé bliana ó shin, nuair a bhí mé ag tabhairt cuairt ar thograí Íosánacha a bhí ar siúl sa tSúdáin Theas, bhuail mé isteach ar mheánscoil a bunaíodh le deireannaí ag siúracha Éireannacha Loreto gar do chathair Rumbek. Scoil bheomhar, lán d’fhuinneamh a bhí inti. Agus gach cailín ann ar labhair mé léi, bhi aisling mhór aici faoin saol agus an obair a bhí os a comhair amach. Duine amháin acu, bheadh sí ina múinteoir, duine eile ina dlíodóir, duine eile fiú, bhí sí chun bheith mar uachtarán ar an dtír nua a bunaíodh cúpla mí roimhe sin. Bhíodar an-dóchasach ar fad faoin saol a bhí rompu. Ag an am sin, bhí tríocha trí cailíní ag staidéar sa scoil. Ach dúradh liom go raibh beagnach seachtó cailín ann ag tús na bliana. Diaidh ar ndiaidh, d’imigh siad faoi ordú a gcuid dtuismitheoirí chun pósadh mar bhí gach cailín tar éis teacht chun sleachta agus bhí a clann ag súil leis an spré a ghnóthódh sí óna fear céile. Bhí na siúracha Loreto ag iarraidh an nós seo a athrú ionas go mbeadh seans ag na cailíní oideachas maith a fháil agus seans acu freisin slite beatha difriúla a leanúint. Agus tá ag éirí leo. Creidim go bhfuil níos mó ná trí chéad cailíní sa scoil anois. Ar an gcaoi sin, bhíodar ag tabhairt fianaise fháidhiúil bu-

Timire Spring 2017.indd 18

naithe ar chothrom na Féinne do mhuintir na háite agus do na cailíní go léir. Ach ní ghlacfar leis an athrú seo ar an seanchultúr go héasca. Leis na blianta anuas, an nós san áit sin ná go bpósfadh na cailíní mar dhéagóirí óga. Agus ón spré a fuair an t-athair ón bpósadh sin, bhí sé in ann na daoine a chabhraigh leis féin an spré a chur le chéile dá phósadh féin a íoc ar ais. Bhí deacrachtaí ag baint le haon athrú sna nósanna pósta a bhí á gcleachtadh ag na daoine le fada. Mar sin féin, ar son oideachas agus shlí bheatha na gcailíní, bhí tréaniarracht á déanamh iad a choinneáil ar scoil agus an pósadh a chur ar athló. Tógfaidh sé i bhfad áfach chun go nglacfar le cothrom na Féinne do na cailíní go hiomlán. Nach cuimhin linn an tuarascáil a foilsíodh i mí na Samhna seo caite faoi na difríochtaí pá atá i bhfeidhm idir fir agus mná anseo in Eirinn! Níl cothrom na Féinne anseo againne go fóill, gan bacadh leis an tSúdáin Theas! Agus tá tríoblóidí níos mó sa tSúdáin Theas freisin. I mí Mheitheamh 2011, d’éirigh an tSúdáin Theas neamhspleách ón tSúdáin tar éis fiche cúig bliana cogaíochta. Agus bhí an-áthas agus dóchas sa tír ar fad. Ach taobh istigh de dhá bhliain eile, bhí cogadh cathartha ar siúl idir an

06/02/2017 12:00


19

‘Tá sé an-éasca dúinne atá i bhfad ón dtroid a bheith ag caint faoi shíocháin agus athmhuintearas, agus a bheith dóchasach go dtabharfadh na Críostaithe ansin fianaise fháidhiúil in aithris ar Íosa Críost.’ dá threabh is mó sa tír, an treabh Dinka agus an treabh Nuer. Troid fhíochmhar a bhí ar siúl ar fud na tíre, agus maraíodh an-chuid daoine. An tUachtarán agus an Leas-Uachtarán a bhí i gceannas ar an dá thaobh, agus cé go bhfuil go leor socruithe síochána déanta acu, níl an tsíocháin ann fós. Tá an-chuid athmhuintearais le déanamh sula mbeidh síocháin ar fud na tíre go léir. Tá sé an-éasca dúinne atá i bhfad ón

dtroid a bheith ag caint faoi shíocháin agus athmhuintearas, agus a bheith dóchasach go dtabharfadh na Críostaithe ansin fianaise fháidhiúil in aithris ar Íosa Críost. Ach is é intinn an Pápa don mhí seo, go ndéanfadh muid guí láidir chun go mbeadh na daoine ansin in ann an fhianaise sin a thabhairt do gach éinne ina dtimpeallacht. Dá dheacra atá sé dóibh, déanadh muidne tréaniarracht an ghuí sin a sheoladh chuig an Tiarna.

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ NA BEALTAINE, 2017 Go ndéana Críostaithe san Afraic aithris ar Íosa Críost, agus fianaise fháidhiúil a thabhairt leis an athmhuintearas, le cothrom na Féinne, agus leis an tsíocháin.

Timire Spring 2017.indd 19

06/02/2017 12:01


20

SAN ZÚ ATÁ EILIFINT IN ÉIRINN! Nó an dineasáir ar fad muid nach bhfeiceann thart orainn iad? In Éirinn 88 duine a fhaigheann bás in aghaidh na míosa de thoradh alcóil. I measc daoine idir 18-35 a fhaigheann bás, duine as gach ceathrar, is de thoradh alcóil a mbás. Faigheann dhá oiread daoine bás

de thoradh alcóil is a fhaigheann bás de thoradh na ndrugaí go léir eile le chéile. 900 duine a fhaigheann diagnóis ailse gach bliain a bhfuil ceangal aici le halcól ….. Ba mhaith leis an Timire cuidiú leis an caochspota seo a bhaint d’amharc ár muintire. Le teacht sa chéad eagrán eile.

F MacB

ALT A SCRÍOBH DON TIMIRE Bímid buíoch i gcónaí ábhar a fháil don Timire. Iarraimid ar údair cloí leis na treoracha seo a leanas: n Gan dul thar 850 focal n Teideal a thabhairt ar an alt, d’ainm (agus do theideal, má oireann) a bheith leis n Pictiúr díot féin a sheoladh n Foclóirín (3 -5 théarma) agus athfhriotal roghnaithe (‘pullquote’) a phiocadh

Seo sampla d’alt giorraithe atá san fhormáid a theastaíonn:

Frainc Mac Brádaigh SJ Eagarfhocal

‘Más amhlaigh atá an gcuirfidh siad fáilte romham i bhFlaitheas Dé?’

ÍOSA FAOI NOLLAIG – ÚDAR DÓCHAIS? Tá cuntasóirí ag an aos gustail le cabhrú leo a laghad cánach agus is féidir a íoc. Ní mór a chinntiú gur fiú do chonraitheoir brabach ceart a dhéanamh sul más féidir a bheith ag súil go rachadh sé sa bhfiontar. Tá fochonraitheoirí is fir oibre le híoc! Daoine a bhfuil talamh dímhaoin acu ní féidir a bheith ag súil go scaolfaidis uatu é faoi bhun a luach! Sin an córas agus creidimid ann. Nach é a

thabharfaidh slán sinn? Nó i bhfírinne, an iad na daoine is lú acmhainní cairde cléibh Íosa? Síomón ag iompar a chrois ar mo shonsa? An cros a leagann m’eagla roimh éiginnteachtaí na beatha orthu siúd is lú acmhainní ná mé. Más amhlaigh atá an gcuirfidh siad fáilte romham i bhFlaitheas Dé? An dtuigfidh siad dom? An leor mo dhéirce bheag faoi Nollaig?

Foclóirín: brocamas =salachar; aos gustail = an dream saibhir; sa bhfiontar = dul sa seans

Timire Spring 2017.indd 20

06/02/2017 12:03


21

Edward de Búrca

AN SAOL NUA I 2003 thosaigh mé ag obair do chomhlacht mór Meiriceánach ag plé le cúrsaí margaíchta ar an idirlíon. Ag an am sin, nior thuig mé go baileach céard ba chiall leis an gcineál geilleagair nua sin i gcomhthéacs áitiuil nó idirnáisiúnta. Anois tá an saol ar fad athraithe go mór. Caithfidh tú gabháil go dtí an t-idirlíon chun rud ar bith a dhéanamh: más ag ceannacht rudaí don teaghlach nó ag gabháil ar do shaoire atá tú. Tá an teicneolaíocht ag athrú chuile ruda. Agus tá meáin chumarsáide nua á bhforbairt as an teicneolaíocht seo, meáin atá úsáideach go leor chun tuiscint agus comhghrá a thógáil idir daoine agus ciní eagsúla, rud narbh fhéidir roimhe seo. Ach cé go bhuil cuma iontach ar an suíomh nua seo, cuirim i gcónaí an cheist orm féin: cé chomh buan an bhfuil an flaitheas nua seo? Agus an mairfidh an saol nua tuiscuineach seo idir gach géag de chrann an chine dhaonna? Ó 2003 tá an sciar de jabannaí nua atá á gcruthú ag comhlachtaí idirnáisiúnta (cuid mhór díobh san earnáil teicneolaíocht faisnéise) in Éirinn tar éis a fhás go heaspónantúil. Agus lena chois sin, tá sochaí nua á cruthú laisitigh de na comhlachtaí sin chomh maith. Tá daoine ó chaon choirnéal den domhan ag bog-

Timire Spring 2017.indd 21

adh go hÉirinn mar gheall ar an obair atá le fáil de bharr na n-athruithe thuasluaite. Agus is suimúil an rud é, feiceáil an chaoi go n-oibríonn na sochaithe nua sin ó lá go lá le chéile. Feiceann tú daoine as tíortha a bhfuil easaontais mhóra eatarthu agus iad ag obair anseo faoi mar nach raibh fadhb ar bith riamh ann. Suíomh íontach, d’fheadfá a rá. Bhuel, má fhéachaim ar an gcomhlacht ina bhfuil mé ag obair anois, tá foirne as gach áit ag obair in éineacht liom, as an Meán-Oirthear ina measc, as an Liobáin agus as Iosrael. Agus tá scéal beagáinín difriúil le braith maidir leo siúd. Tá síocháin ann, is dóithe, eatarthu, agus os rud é gur as an réigiún céanna dóibh, mórán, bíonn siad ag obair sa mhórfhoireann chéanna … cineál. Bíonn siad ag castáil le chéile sa gceaintín, ag obair le chéile nuair atá rud áisiúil le foghlaim óna chéile. Ach má amharcann tú go beacht orthu, tógfaidh tú rudaí giota beag neamhchoitianta eile faoi deara. Mar shampla, caithfidh siad a bheith ina suí in áiteachaí difriúla ar an urlár céanna. Suíonn siad in áiteachaí nach mbuaileann a chéile. Cé nach mbíonn focal diúltach le cloisteáil eatarthu, dá mbeadh ar dhuine den bhfoireann MENA (Meán-Oirthear, Tuaisceart na hAfraice) an

06/02/2017 12:03


22

‘An mairfidh an saol nua tuisceannach seo idir gach géag de chrann an chine dhaonna?’

bratach Iosraelach a fheiceáil ag crochadh ar an mballa in aice leis (díreach mar atá brataigh tíortha eile le feiceáil ag gach foireann, dála an scéil), céim rófhada a bheadh ansin dhóibh. Mar sin, suíonn siad scartha ó chéile. Agus, díreach mar a d’fheicfeadh duine sa Tír Bheannaithe, cé go raibh Araibis mar phríomhtheanga ag sciar mór den bpobal Eabhraise sula dtáinig siad go hIosrael (+50% de na hIosraeiligh le fréimh i dtíortha labhartha Araibise) ní chloisfidh tú á labhairt acu ariamh. Is Iosraeiligh iad tríd is tríd, agus tá na cianta a thug a muintir san Iaráic nó i dTuaisceart na hAfraice dearmadta mar an gcéanna. Is amhail scéal san oifig. Ní labhraíonn na hIosraeiligh agus lucht labhartha Araibise ach Béarla amháin agus is iad forsáilte chun caint le chéile. Sin an Meán-Oirthear. Ach céard faoi áiteachaí eile sa domhan? Má fhéachaimid ar dhaoine as an Afraic, ta scéal eile ann. Ach ní fhágann sé sin gur scéal níos fearr leo siúd atá i gceist. Níl an fhadhb chéanna acusan maidir le brataigh. Tá brataigh chuile thíre Afracaigh ag crochadh ar na ballaí. Ach san Afraic tá deacrachtaí eile le braith. Tá fadhbannaí sa gheilleagar Afracach ó thaobh airgeadais de, mar is meirligh chríochnaithe a gcuid príomhairí agus uachtarán. Céard é toradh an mheirleachais sin? Bhuel ní fiú an Naira, an

Timire Spring 2017.indd 22

t-aonad airgeadais Nigéarach, ach 0.003 dollar. Agus ós é an dollar an t-aonad airgeadais atá á úsáid ag comhlachtaí móra idirnáisiúnta fágann sé sin nach féidir le Nigéaraigh gnó a dhéanamh (nó airgead a dhéanamh) le tíortha eile, gnó margaíochta san áireamh. Mar sin, cé go bhfuil siad ag obair, ag sclábhaíocht (más maith leat frása stairiúil a úsáid) chomh crua agus is feidir laistigh de chóras trádála iarEorpach/ Meiriceánach, ní féidir leo a gcloigne a choinneáil os cionn uisce. Tá na daoine atá ag obair in Éirinn i ndea-chaoi. Ach dá gcuid comhghuallaithe san Afraic … bhuel tá staid na rudaí beagáinín difriúil dóibh siúd, agus níos deacra. Ach céard is toradh air seo uilig? Deirtear go minic go n-ardaíonn taoide ard gach bád, ach feictear domsa, muna n-aimsítear leigheas ar fhadhbannaí áitiúla, gur cuma cé chomh mór an méid airgid a chaitear orthu, nó cé chomh compordach saol saoránaigh tíre áirithe, ní thiocfaidh réiteach orthu. Agus níos mó ná sin, ní thiocfaidh muid ar réiteach ar gach trioblóid an chine dhaonna tríd an teicneolaíocht amháin. Tá muid, an cine daonna, níos casta ná sin. De réir dealraimh, tá rudaí ann nach féidir leis an bpróiseas domhandaithe a athrú. Tá fréimh dhoimhne ag an duine, fréimh atá níos láidre agus níos sine ná an Dollar no an Diram … nó fiu amháin an Naira.

06/02/2017 12:04


23 1

6

2

3

4

5

7 8

9

10 11

12

14

15

crosfhocal TRASNA 1. caitear i bpíopa é [5] 3. bród [6] 6. scríobhtar air agus léitear é [7] 8. uirlis cheoil nó gléas troda na bó [6] 9. líne daite, straidhp [6] 11. gadaí [7] 14. muintir réigiúin, pobal daoine [6] 15. feabhsú, salann a chur le bia lena choinneáil slán [5]

13

Duais €20 le buachaint

ANUAS 1. cliseadh [4] 2. cé acu, pé [4] 3. gadhar [5] 4. sliocht ag tús leabhair [7] 5. aimrid, mar bó atá tirim [5] 7. áit ghéibhinn [7] 9. rud luachmhar [5] 10. misniúil [5] 12. contúirt [4] 13. mí-úsáid [4]

FREAGRAÍ CROSFHOCAL AN TSAMHRAIDH TRASNA:1.Breac 3.Bochna 6. Déanach. 8. Treoir 9.Tamall 11.Airgead 14.Naigin 15.Milis ANUAS:1.Bród 2.Crua 3.Bocht 4.Cuileog 5.Aréir 7.Neantóg 9.Trian 12.Réim 13.Deis

SCRÍOBH ‘CROSFHOCAL’ AR CHLÚDACH DO LITREACH, AGUS SEOL FREAGRAÍ, MAR AON LE D’AINM AGUS SEOLADH CHUIG: AN TIMIRE, 37 SRÁID LÍOSAIN, BAILE ÁTHA CLIATH 2, ROIMH 16 AIBREÁIN, 2017 BUAITEOIR AN CHOMÓRTAIS DHEIREANAIGH: MICHEÁL Ó BRAONÁIN, AN CHEATHRÚ RUA, CO. NA GAILLIMHE.

Timire Spring 2017.indd 23

06/02/2017 12:04


24

Mol na hÓige Seachtar a thiomnaigh a saol don cheartas agus don tsíocháin. Mohandas (nó Mahatma) Gandhi

Dátaí: 02/10/1869 – 30/01/1948 (feallmharaíodh) Láthair: India Creideamh: Hiondúch Is mó a thuilleann cháil dó: Gníomhachas frithchogaidh trí agóidí síochánta (frithbheartaíocht shíochánta) An ráiteas is suntasaí: ‘An t-athrú ar mhian leat a fheiceáil ar domhan, ní mór duit an t-athrú sin a fheiceáil ionat féin i dtosach.’

Rosa Parks

MalaSan la Suu Ki

Timire Spring 2017.indd 24

Dátaí: 04/02/1913 – 24/10/2005 Láthair: Stáit Aontaithe Mheiriceá Creideamh: Meitidisteach Is mó a thuilleann cáil di: Gabhadh Rosa Parks nuair nach ngéillfeadh sí a suíochán do dhuine geal ar bhus poiblí ionas gur aithníodh í mar ‘Mháthair ghluaiseacht na saoirse’ i Meiriceá as a crógacht agus a gníomhachas polaitíochta. An ráiteas is suntasaí: ‘Ní mór don uile dhuine a saol a chaitheamh mar eiseamláir do dhaoine eile.’

06/02/2017 12:05


25

CAD IS CEARTAS SÓISIALTA ANN? An Mháthair Treasa

Dátaí: 26/08/1910 – 05/09/1997 Láthair: Rugadh i Macadóin an lae inniu ach ba ghníomhaí í i gKolkata, India. Creideamh: Caitliceach Rómhánach Is mó a thuilleann cáil di: Ag obair gan staonadh le agus ar son daoine gan dídean, le bochtáin agus lobhair i slumanna Kolkata na hIndia. An ráiteas is suntasaí: ‘Leath an t-áthas gach áit a dtéann tú. Ná tagadh éinne chugat nach bhfágfaidh agus iad níos sona ina dhiaidh.’

Martin Luther King Jr.

Dátaí: 15/01/1929 – 04/04/1968 (feallmharaíodh) Láthair: Stáit Aontaithe Mheiriceá Creideamh: Baisteach Is mó a thuilleann cáil dó: Ceannaire sa ngluaiseacht Mheiriceánach Afracach cearta sibhialta; ministir Baisteach; agus as a óraid ‘Tá fís agam’. An ráiteas is suntasaí: ‘Níl an dorchadas in ann an dochadas a ruaigeadh. Níl an fuath in ann an fuath a ruaigeadh; ní féidir ach leis an ngrá é sin a dhéanamh.’

Malala Yousafzai

Dátaí: 12/07/1997 – Inniu Láthair: An Phacastáin (i Sasana, RA, faoi láthair)

Timire Spring 2017.indd 25

Creideamh: Ioslam Is mó a thuilleann cáil di: Gníomhaí ar son oideachas na mban; chaith an Taliban í; is í an buaiteoir Dhuais Nobel is óige í. An ráiteas is suntasaí: ‘Tig le leanbh amháin, múinteoir amháin, peann amháin an domhan a athrú.’

Nelson Mandela

Dátaí: 18/07/1918 – 05/12/2013 Láthair: An Afraic Theas Creideamh: Meitidisteach Is mó a thuilleann cáil dó: Réabhlóidí frith-apartheid; i bpríosún ar feadh 27 bliain; céad uachtarán gorm san Afraic Theas. An ráiteas is suntasaí: ‘Is é an t-oideachas an t-arm is láidre is féidir a úsáid chun an domhan a athrú.’

Aung San Suu Ki

Dátaí: 19/06/1945 – Inniu Láthair: Maenmar (Burma) Creideamh: Búdachas Theravada Is mó a thuilleann cáil di: A coimhlint shíochánta ar son an daonlathais agus cearta daonna; chaith beagnach cúig bliana déag faoi choinneáil tí; toghadh ina Comhairleoir Stáit (Taoiseach) ar Mhaenmar í. An ráiteas is suntasaí: ‘Is í an eagla an t-aon phríosún i ndáiríre, agus is é an t-aon saoirse i ndáiríre ná a bheith saor ón eagla.’

06/02/2017 12:06


26

Cuardach Focal F

L

G

W F

E

E

L

X

A

S

A

J

G

B

O U Ó V

T

H

A

Á

R

C

E

T

G

G

G

C

R

S

L

E

K

M R

F

A

S

A

H

Ó G

O A

H

E

E

I

R

H

K

Á

C

B

R

H

N C

E

D

N A

É

Z

C

L

H

M T

Z

C

A

Z

Í

R

C

I

Y

A

Á

R

A

W O

F

H

B

O R

I

H

L

F

H

I

E

E

A

M

B

R

A

X

B

A

G

E

W C

D

I

S

P

E

O O M W S

H

T

B

V

S

T

G

R

N

I

O D

A

X

M K

M O T

D

R

N E

N H

H

C

G

M R

A

X

Í

H

H

I

A

H

L

Z

C

N A

D

B

B

G

I

A

R

D

Á

P

E

L

I

Z

N Í

R

I

É

S

I

O N D

O M H

N A

S

K

E

M Í

O S

A

É

H

F

Á

L

A

U S

X

E

H

V

C

H

Á

S

C

A

C

U F

N H

An tEarrach! AISÉIRÍ ATHBHREITH BACHLÓG CROS BHRÍDE DOMHNACH CÁSCA EARRACH LUS AN CHROMCHINN LÁ FHÉILE BRÍDE

Timire Spring 2017.indd 26

LÁ FHÉILE PÁDRAIG MUIRE NATHAIR NIMHE SEACLÁID SEAMRÓG UIBHEACHA CÁSCA ÍOSA

06/02/2017 12:06


Timire Spring 2017.indd 27

06/02/2017 12:06


28

Katie McGreal

Is féidir leis na fir botúin a dhéanamh i gcúrsaí spóirt ach má dhéanann bean botún, deirtear: “Is bean í. Céard a bheadh ar eolas aici ar aon nós?”

AGALLAMH LE MÁIRE TREASA NÍ CHEALLAIGH, CRAOLTÓIR Tá Máire Treasa Ní Cheallaigh díreach i ndiaidh máistreacht a chríochnú in Ollscoil Luimnigh. Máistreacht sa tsíceolaíocht agus spórt atá ann. Chaith sí bliain ag tabhairt faoin máistreacht seo agus d’oibrigh sí go lánaimseartha do RTÉ le linn na bliana sin. ‘Bhí spéis agam i gcónaí i gcúrsaí síceolaíochta agus i gcúrsaí spóirt,’ a deir sí. ‘Agus nuair a tháinig an cúrsa seo chun tosaigh bheartaigh mé an dá rud a mheascadh.’ Bhí an t-airgead ón obair ag teastáil uaithi don bhliain agus tá Nuacht RTÉ gann ó thaobh foirne de cheana féin agus mar sin níor bhac sí le hiarraidh orthu sos gairme a thabhairt di. Deir sí nach raibh ag teastáil ach go raibh uirthi a bheith eagraithe. ‘Bhí roinnt maidineacha ann ina raibh mé suas ag 5rn le staidéar a dhéanamh sula ndeachaigh mé isteach san obair,’ a deir sí. Bhí sí ag obair ar chlár faisnéise raidió a bhí go hiomlán faoi rún leis an mbainisteoir agus iarimreoir iománaíochta, Davy Fitz le linn an tsamhraidh freisin agus chuir sin tuilleadh brú uirthi. ‘Ní raibh mé in ann a insint do dhaoine cá raibh mé ag dul agus mé ag bualadh leis agus bhí sin deacair,’ a deir sí, ‘Ach bhí sé feiliúnach dom bualadh leis agus é thíos

Timire Spring 2017.indd 28

i gcúige Mumhan agus mé ag freastal ar Ollscoil Luimnigh.’ D’fhiosraigh sí an brú atá ar imreoirí Chumann Lúthchleas Gael don tráchtas a chríochnaigh sí ag tús mhí na Nollag. Labhair sí le himreoirí contae, imreoirí óga, iar-imreoirí agus tuilleadh faoin mbrú síceolaíoch a bhíonn orthu agus iad ag imirt i gcomhair séasúir fhada. ‘Labhair mé leo faoin mbrú a thagann ón traenáil agus an imirt agus iad ag iarraidh dul amach le cairde nó post a dhéanamh nó tá cuid acu ar an ollscoil chomh maith,’ a deir sí. ‘Foilseoidh siad é an bhliain seo chugainn.’ Go dtí seo ní raibh aon eolas eolaíochta ann ar an ábhar sin. Is fostaí de chuid RTÉ ó 2013 í Máire Treasa ach cuireann RTÉ seirbhís nuachta ar fáil do TG4 agus mar sin bíonn sí le feiceáil go minic ar Nuacht TG4. Déanann sí rudaí eile nuair atá sí in ann freisin. Bhí sí thíos i gCorcaigh ag déanamh eagarthóireachta ar phíosa do Nationwide an lá roimh an agallamh seo. Le linn an tsamhraidh bíonn sí ag obair ar chúrsaí spóirt freisin. ‘Bím ag déanamh an spóirt ag na deireadh seachtaine agus ar an Luan agus bím ar ais ar an nuacht don chuid eile den tseachtain,’ a deir sí.

06/02/2017 12:06


29 Don chuid is mó tagann sí aníos lena scéalta féin don nuacht. Bíonn níos mó saoirse aici leis an spórt. Is maith léi a bheith ag déanamh an dá rud. Leis an spórt síleann sí go gcaithfidh sí a bheith níos fearr agus níos cruinne ná na fir. ‘Sílim gur féidir leis na fir botúin a dhéanamh i gcúrsaí spóirt ach nach dtabharfar an méid céanna aird orthu,’ a deir sí. ‘Ach má dhéanann bean botún: “Is bean í. Céard a bheadh ar eolas aici ar aon nós?” a smaoiníonn siad.’ Bhí spéis i gcónaí aici i gcúrsaí reatha. Síleann sí go bhfuil spéis ag Éireannaigh go ginearálta i gcúrsaí reatha toisc gur daoine fiosracha muid. ‘Breathnaíonn an-chuid daoine ar leithéidí Primetime, Six One News agus sin ar fad,’ a deir sí. ‘Ní bhíonn figiúirí mar sin thall i Sasana. Sílim mar Éireannaigh go mbíonn muid ag iarraidh fios a bheith againn céard atá ag tarlú thart orainn.’ D’oibrigh sí i gcúrsaí nuachta le RTÉ Raidió na Gaeltachta ar feadh dhá bhliain

sular chuir sí isteach ar phost buan a bhí ag dul in TG4. ‘Bhí mé ar chonarthaí sealadacha le Raidió na Gaeltachta agus nuair a chonaic mé an post buan ag dul no brainer a bhí ann dom.’ Taitníonn an teilifís agus an raidió léi i mbealaí difriúla. Is maith léi an raidió beo agus go dtarlaíonn an raidió níos tapúla ná an teilifís ach is maith léi a bheith cruthaíoch le híomhánna don teilifís. Rugadh agus tógadh Máire Treasa ar an gCeathrú Rua i gConamara. Tógadh le Gaeilge í agus rinne sí a cuid staidéar i nGaillimh i ndiaidh na scoile. Bhog sí go Baile Átha Cliath i 2014. Ar feadh bliana roimhe sin bhí sí ag obair i nGaillimh le TG4 agus ag obair i mBaile Átha Cliath le RTÉ ag an am céanna, ag taisteal idir an dá áit. ‘Bhí sé craiceáilte,’ a deir sí. Anois agus níos mó ama saor aici taitníonn sé léi a bheith ag dul amach le cairde i gcomhair caife nó lóin. Is maith léi a bheith ag léamh agus ag siúl. Bhíodh sí ag imirt peile leis an bhfoireann Na Gaeil Óga ach d’éirigh sí as de bharr glúin thinn.

MUIRE NA mBARD Móradh na Maighdine Michelle Ní Ríordáin a thiomsaigh

Ar fáil anois

€8

timire.ie Timire Spring 2017.indd 29

06/02/2017 12:06


30

DÁNTA I nDUIBHNIBH Maidin chomh geal le pian is scáil-phictiúr droim Mhárthan gearrtha ón bPréachán siar dreapann an ghrian go bhfaighfidh sí radharc ar Theamhar Cheann Sibéal agus dá mhín iad uiscí Chuan Ard na Caithne tá cúr báirlinne fós le carraigreacha an Chapaill Dhuibh is “pic, pic-pic” spideoige mar thionlacan i bhfad uathu.

Mícheál Ó hUanacháin

Tomhas an Timire: 187

1

2

3

4

5

6

7

Leid: Scannán nua faoi théama an chreidimh Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil SIÚCRA IARANN LEON ÉAN NÓTA CARRAIG EILIFINT DUAIS: Dearbhán €20 nó ceithre leabhar a roghnú as catalóg FS ar Timire.ie (ach nóta a chur chugainn le d’iontráil) Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus seoladh chuig An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 15 Aibreán 2017 Tomhais 186: Freagra: AN DOMHNACH Buaiteoir: Cara Ní Chuinn, An Charraig Dhubh, Co Átha Cliath

Foclóirín: xxx = xxx;

Timire Spring 2017.indd 30

06/02/2017 12:06


31

RAIC An garbhghála úd a shéid anoir Dhein scrios is scaip gaothsceimhle Dhing fuacht i ngnás is i scailp Reoigh sé an chaint inár mbéal. An siota marfach a bhuail an speach Chuir na hoighearfhocail á scilligeadh An ghlioscarnach dár ndalladh sa bhalcadh Gur thit ina gconamar mearbhaill faoi chois. Chuamar ar ár gcorraghiob is chuir lámh Sa chomhréir dár deineadh spior spear Thóg ciolaracha brí go muirneach inár mbasa Ach shil ina gclingshruth le fuarnimh na méar. Chaitheamar uainn dianchúram na n-easlán D’imir folach bíog i measc na gconsan caol D’fhág gutaí ag díogarnach ar imeall an ghlothair Gach uile chnead is liú mire dár gcur ó bhaol. Lorgóimid maithiúnas ins na focail sin Go mbaine siad ciach an tseaca dár nguth.

Seosamh Ó Murchú Tógtha as an leabhar Taisí Tosta (Coiscéim, 2015)

Timire Spring 2017.indd 31

06/02/2017 12:06


32

IM LEABHARLANN DOM

Taisí Tosta Seosamh Ó Murchú Coiscéim, 2015. Praghas €7.50 Léirmheas le: Michael Cronin

Is binn béal ina thost a deirtear ach níos binne fós béal na héigse nach bhfanann ina thost. Míniú amháin ar chumhacht agus ar leithleachas na healaíne ná go dtugann an t-ealaíontóir deis dúinn taisí na taithí daonna a shábháil ó thost síoraí na neamhshuime. Sa chéad chnuasach seo ó fhear a bhfuil aithne fhorleathan air mar fhoilsitheoir agus mar eagarthóir, glacann sé le dúshláin iomadúla na teanga agus na filíochta agus ní leasc leis scríobh faoi réimse mór ábhar ó 9/11 go tíreloas luaineach na gCríocha Grá. Cinnte, ní féidir leis an bhfile a bheith dall ar imeacht na mblianta agus taibhsí an ama ag útamáil le cruinneas na gcumhní: Siúl diamhair ar Bhóthar Chluain Life Dathanna ag gabháil stealladh orainn Ag preabadh chun siúil ar ala na huaire Uisceadán an gaisce lá an chomhraic Leicne rua is teaspach na n-óg Ag coimheascar le giodam na bpiont An chiontacht á cur ar ceal tamall. (‘Meán Fómhair’)

Timire Spring 2017.indd 32

Mar shaineolaí ar fhéidearthachtaí na teanga tuigeann Ó Murchú cumhacht agus gustal na bhfocal agus níl aon líne sa bhreis sna dánta seo. Uaireanta, cuireann gontacht agus dlús na línte ealaín na máistrí ón tSean-Ghaeilge i gcuimhne don léitheoir. Aithnítear scáil an Ríordánaigh nó an Direánaigh ar chreatlach na cumadóireachta ach bíonn a fhios ag an léitheoir i gcónaí gur guth faoi leith, guth as an ngnáth atá le léamh agus le cloisteáil sna dántá dea-snoite: Trí mhothair athbheochana ag sníomh go mall thar thaisleach an bháis is na fionaíola go n-atfadh faoi bhun fhaill an ocrais a gcnámhfhocail go himirghlas fós ris ar learga sléibhe faoina screamh ar éigean idir neart is éadóchas a bhailiú. (‘Aistriú Teanga’) Mar is dual do scríbhneoir atá chomh tuisceanach sin faoi shaíocht na teanga, is breá leis bheith ag déanamh spraoi le hilbhríochas na hurlabhra agus feictear go minic sna dánta lorg na híoróine agus cloistear macalla an imeartais. Tuigeann sé freisin cé chomh tromchúiseach is atá sé i ré seo na hiarfhírinne ómós ceart a thabhairt don bhfocal scríofa. Baineann dínit an duine go dlúth leis an meas seo ar chruinneas teanga agus ar neamhspleáchas intinne: An freascó a breacadh ar an bhfalla lom Le stroighin, plastar, filíocht is fonn An lámh a chuir tic i mbosca na tarcaisne D’fhógair an éigse athuair in áit na leathphingine. (‘Cois Cuntair’) Guth ceannairceach nua i gclaisceadal na teanga agus is maith an rud é nár fhan sé ina thost.

06/02/2017 12:06


33

Saothrú an Ghairdín Bríd Ní Mhóráin An Sagart Praghas: €15 166 lch ISBN 978-1-903896-97-6 Léirmheas le: Seán de Fréine

Anuraidh a cailleadh an Mons. Pádraig Ó Fiannachta, duine de mhórlaochra litríocht na Gaeilge lenár linn. Scríobh sé an dúrud d’ábhar tábhachtach. Bhí sé ina eagarthóir ar Irisleabhar Mhá Nuad. Thionscain, agus d’eagraigh le fada, Léachtaí Cholm Cille, foinse luachmhar taighde agus critice ar stair is litríocht is creideamh na hÉireann. Agus trí mheán theach foilsitheoireachta An Sagart, thug sé cúnamh is tacaíocht phraiticiúil do mhórán scríbhneoirí, agus d’fhilí go háirithe. Macaenas Chorca Dhuibhne a bhí ann gan agó. Ar na filí sin tá Bríd Ní Mhóráin, oirfideach atá ag seinm a cuid ceoil i bhfocail agus i rithimí go dílis tairbheach in Oirthear Dhuibhneach la fada an lá. Tá sraith de leabhair filíochta foilsithe aici, agus gradam agus aitheantas bainte amach aici in Éirinn agus thar lear, i nGàidhlig na hAlban ach go háirithe, mar ar dhein an file aitheanta Meg Bateman cuid de shaothar Bhríd a aistriú go Gàidhlig. Is dócha gur thug mé féin suntas dá saotharsa ar dtús de bharr leabhar próis léi, Thiar sa Mhainistir atá an Ghaolainn Bhreá, a foilsíodh in 1997. Cur síos scolártha atá sa leabhar sin ar chúrsaí na Gaeilge in Uíbh Ráthach i ndeisceart Chontae Chiarraí sa naoú haois déag agus san aois dar gcionn. Is fiú go mór é an leabhar sin a léamh do éinne ar suim leo cad a tharla don Ghaeilge i rith na linne sin. Ach cheana féin bhí a céad chnuasach filíochta, Ceiliúradh Cré, foilsithe ag

Timire Spring 2017.indd 33

Coiscéim in 1992. Ina dhiaidh sin, tháinig sraith ina sruth uaithi. Anois, sa leabhar seo atá faoi chaibidil againn, tá scoth de fhilíocht Bhríd thar na blianta le fáil san aon imleabhar amháin. Agus is deas an t-earra é mar leabhar, é leagtha amach go taitneamhach le pictiúirí cuí a dhéanann cuid súl den saothar, mar aon le hinnéacs agus clár. Maidir leis an saothar féin, is déantús é atá den aois seo agus le haghaidh na haoise seo. Níl aon amhras ar Bhríd cá bhfuil a seasamh, ná eagla uirthi an seasamh sin a chur in iúl. Tá sí lom, láidir, díreach, neamheaglach, neamhleithscéalach faoina hoidhreacht (aitiúil, chultúrtha, chreidimh). Ach d’ainneoin sin, níl sí callánach nó cancarach. Is fearr agus is mó is oilte mar cheardaí focal agus mothúcháin í ná ligean don bhladar nó don bhuaileam sciath a bhfuil le rá aici a thruailliú. Agus is éifeachtaí í dá bharr. Seo sampla dá cumas, as ‘In Ainm na Máithreacha’ (leathanach 129): Síneann slabhra slán/ ó Bhrigit, bé na filíochta,/ trí Bhrighid Chill Dara,/ bronntóir ime agus bainne/ anuas trí na glúnta/ go dtí an mbean bhainne/ Brighid Ní Chaoimh/ ó Bhinn na Míol i gCo. Chorcaí... Agus leanann an dán ar aghaidh go bríomhar chun sprice ‘a raghaidh chun tairbhe dár gcine’. Tá níos mó i gceist aici, mar is léir ón sliocht seo thuas, ná plé le cúrsaí ar leibhéal aonaránach amháin. Saibhríonn sí ar fágadh le huacht aici óna sinsir lena heispéireas reatha san 20ú-21ú haois. Fiú nuair is truaimhéil agus ainnis atá le plé aici. Sa dán, ‘Na Trí Níthe is iontaí amuigh tar éis Chernobyl’ (lch 16), baineann sí feidhm as an tseift thraidisiúnta liteartha sa Ghaeilge um rudaí a áireamh ina dtriúir, mar ‘thrí nithe’: [1] Seineann béal na toinne/ sians pliútóiniaim...[2] Obair na mbeach ní milis/ ós pláigh anáil na gaoithe...[3] Aigne na mná ní sona/ í sin a chuireann uimpi an beo,/ taisceann é go hionú/ go mbeireann marbhghin. Ach is cothrom ciallmhar a dearcadh ar

06/02/2017 12:06


34

an saol. Más dorcha ar uaire, is geal freisin é uaire eile chomh maith, agus ní féidir léi bheith éadóchasa tromchroíoch ó bhonn. Tá gaois, greann, agus gáire i saothar Bhríd. Tá na tréithe seo le fáil i ndánta iomlána, amhail ‘An Fear Bréige’ (lch 124), nó i línte fánacha. Cuid acu seo, is geall le seanfhocail iad; mar shampla, nuair a chanann sí, ‘Is cuma sa tsioc leis an smólach/ ma thiteann an tóin as an Nasdaq’ (lch 131), nó arís eile fós, nuair a mheabhraíonn sí, ‘ó chorrthónacht an duine/ a thagann trioblóidí na cruinne’ (lch 136). Dar liom, trí ní shuntasacha a bhaineann leis an chnuasach seo ná daingne, dílseacht, dóchas. Ní beag sin.

Buile Shuibhne Seán Ó Sé (eagarthóir) Coiscéim Praghas €7.50 107 lch ansiopaleabhar@eircom.net, agus siopaí leabhar eile

I bhfíorthús na haoise seo caite (na luath-naoi céad déaga), deacracht dhosháraithe, beagnach, a bhí ag lucht taighde ná dóthain scoláirí a aimsiú a bheadh in ann seanscríbhinní na Gaeilge a chur in oiriúint do ghnáthléitheoirí (dá mba ann dóibh) na linne sin. Ar ndóigh, b’in cuspóir amháin a bhí ag lucht feidhmithe an athraithe teanga a bhí faoi lánseol ag an am, an oidhreacht dhúchasach a mhúchadh agus a chur as feidhm, as cuimhne agus ó athmhúscailt. Ach ní mar a síleadh bhíothas. Níos déanaí san aois sin deineadh éachtanna chun seanlitríocht agus eagna na nGael a chur ar fáil arís don phobal

Timire Spring 2017.indd 34

d’ainneoin lucht na mioscaise. Tháinig na scríbhneoirí ón uile chearn chun an scéal a chur ina cheart. Ba éagsúil go deo an scata iad, ón Athair Peadar lena leabhairíní i ‘gcaint na ndaoine’ go dtí na hollaimh, leithéidí Eoin Mac Néill agus Dubhghlas de Híde. Ina ndiaidh sin tháinig daoine eile mar Thomás Ó Floinn (Athdhánta, etc.) agus Pádraig de Barra (Foras Feasa, etc.). Ar ndóigh, bhí daoine eile amhail Lady Gregory agus Yeats a chuir aistriúcháin nó leaganacha Béarla ar fáil, ach ní hionann a bhí ar siúl acusin agus an tSean-Ghaeilge a aistriú go Nua-Ghaeilge. Gan beag a dhéanamh de fhiúntas an dara haicme seo, ní raibh ina lámha san fhadtéarma ach sop in áit na scuaibe. Anois, anseo, tá againn leagan úr sa Nua-Ghaeilge de ‘Bhuile Shuibhne’, scéal a bhaineann leis an dóú haois déag. Is scéal é a cumadh agus a scríobhadh nuair ba bheag an saothar liteartha comhaimseartha a bhí á chumadh i bhformhór mór de theangacha na hEorpa. Mar sin, is cuid thábhachtach d’oidhreacht liteartha na hEorpa an scéal seo seachas Éire amháin. Tá ardmholadh tugtha don fhilíocht atá in ‘Buile Shuibhne’ ag Seamus Heaney, a chuir a leagan Béarla féin de (Sweeney Astray) ar fáil in 1983. Agus tá ardmholadh ag dul don aistriú Nua-Ghaeilge seo. Seán Ó Sé, leas-phríomhaistritheoir i nDáil Éireann, a thug an leagan nua seo ar aon saol. Faraor, fuair sé bás anabaí sula raibh bailchríoch curtha aige leis an obair. Ach chrom a mhuintir ar an ghnó a thabhairt chun críche. Agus bhí cuidiú le fáil go fial acu ó dhaoine eile le hinmhe san fhilíocht agus san aistriúchán. Tá moladh ag dul dóibh uile as an leabhar taitneamhach seo a chur ar fáil faoi dheireadh, d’ainneoin na ndeacrachtaí a bhí le sárú. Le cois an aistriúcháin féin, atá soiléir soléite, tá léarscáil ealaíonta a thaispeánann na háiteanna ar fud na hÉireann mar ar ghabh Suibhne mac Colmáin, rí Dhál Araidhe, nuair a d’imigh sé ar fánaíocht agus é ina ghealt. Píosa eile dár n-oidhreacht ar ais inár seilbh arís.

06/02/2017 12:06


TIOMNACHT * Cuimhnigí le bhur dtoil ar an iris Íosánach Timire an Chroí Ró-Naofa agus tú ag réiteach d’uacht ‘ Fágaim le huacht ag an iris Íosánach, Timire an Chroí RóNaofa, an dornán airgid seo €____________ , le haghaidh na spriocanna carthanachta atá idir lámha in Éirinn ag an iris thuasluaite. Is leor adhmháil ón iris charthanachta thuas mar fhianaise go bhfuil an dornán airgid faighte agus ina seilbh aici.’

Timire Spring 2017.indd 35

06/02/2017 12:06


36

An tAthair Godfrey O’Donnell Sagart de chuid Eaglais Cheartchreidmheach na Róimhe in Éirinn

AN SIONAD PAN-CHEARTCHREIDMHEACH AGUS A IARMHAIRT Beagnach míle bliain i ndiaidh an chéad chruinniú dá shórt agus in ainneoin chinneadh cheithre Eaglais gan páirt a ghlacadh ann (Antíoch, An Bhulgáir, an tSeoirsia agus Moscó), tionóladh an Sionad Pan-Cheartchreidmheach nó Oll-Chomhairle Naofa na Ceartchreidmheachta ón 19-27 Meitheamh 2016 den chéad uair in Acadamh Ceartchreidmheach na Créite. Bhí deichniúr Patrarcaí i láthair, san áireamh bhí Patrarc Éacúméineach Parthalán Chathair Chonstaintín chomh maith le Patrarcaí ó Chathair Alastair agus an Afraic ar fad, Iarúsailéim, an Rómáin, an tSeirbia agus Ardeaspaig ón gCipir, an Aithin agus an Ghréig ar fad, Tiorána agus an Albáin ar fad, críocha na Seice agus na Slóvaice agus Petrarc Chathair Vársá agus na Polainne ar fad. Labhraíonn an deichniúr Patrarcaí (chomh maith leis an gceathrar nach raibh i láthair) ar son thart ar 250 milliún creidmheach Ceartchreidmheach i gcomparáid le níos mó ná billiún Caitliceach ar fud an domhain. Thóg sé beagnach céad bliain an Sionad a ghairm, cuireadh an chéad síol sa bhliain 1923 le cruinniú neamhfhoirmeálta i gCathair Chonstaintín (Iostanbúl sa lá atá inniu ann). Bhí an cur chuige cosúil le Comhairle Vatacánach II – easpaig ag teacht le chéile le comhairleoirí diagachta agus tu-

Timire Spring 2017.indd 36

gadh cuireadh do bhreathnóirí ó Eaglaisí eile (gan cearta vótála). Ag iarraidh dul i ngleic le seandúshláin agus dushláin nua i saol Críostaí na linne seo a bhí siad ach ar scála i bhfad níos lú. Bhí cead ag gach Eaglais Cheartchreidmheach fhéinrialaitheach le Patrarc nó lena hArdeaspag Cathrach féin agus Sionad Náisiúnta acu suas le cúigear easpag is fiche agus seisear comhairleoirí a thabhairt chuig an gComhairle. I measc na 290 ionadaithe ag an gcruinniú, tuairiscíonn foinsí na Comhairle go raibh naonúr ban san áireamh don chéad uair. Sa cháipéis Caidrimh leis an gCuid Eile den Saol Críostaí, luaigh an Chomhairle gur ‘ghlac na hEaglaisí Ceartchreidmheacha páirt sa ghluaiseacht éacuiméineach ón tús’, ag féachaint air seo mar ‘cuir in iúl leanúnach de chreideamh agus traidisiún na nAspal i gcuinsí staire nua.’ Chomh maith leis sin, in ainneoin ghéarchéim na gluaiseachta éacúiméiní, luadh go raibh an chuid is mó díobh gníomhach ag leibhéil náisiúnta, réigiúnda agus idirnáisiúnta agus i gComhairle Dhomhanda na nEaglaisí. Iarradh ar gach Eaglais daoine eile a choinneáil ar an eolas faoina gníomhaíochtaí chun ‘dlúthpháirtíocht agus aontacht a chur in iúl’. D’ardaigh an cháipéis Misean na hEaglaise Ceartchreidmhí i Saol an Lae In-

06/02/2017 12:07


37

‘Tá bunús spioradálta agus morálta leis an ngéarchéim éiceolaíochta agus tá baint aige le saint, le cíocras agus le féinspéiseachas.’ niu ceisteanna a bhaineann le saoirse reiligiúin, éiceolaíocht, an gá atá le tuilleadh dialóige idir-reiligiúnach agus buntáistí agus dualgais na heolaíochta. Ina Teachtaireacht dheireanach, deir an Eaglais ‘gur buncheart daonna atá ann saoirse reiligiúin a chosaint – saoirse choinsiasa, chreidimh agus reiligiúin. San áireamh leis sin tá – saoirse adhradh a dhéanamh go haonaránach agus i gcomhluadar, go príobháideach agus go poiblí agus gur ceart do phobail reiligiúnacha oideachas reiligiúnach a fháil agus a ndualgas reiligiúnacha a chleachtadh gan cur isteach díreach nó indíreach ón stát.’ Tá ‘bunús spioradálta agus morálta’ leis an ngéarchéim éiceolaíochta agus ‘tá baint aige le saint, le cíocras agus le féinspéiseachas’. Is é an freagra Críostaí is fearr air sin ná ‘aithreachas a dhéanamh do na mí-úsáidí agus aigne aiséiteach a chothú mar fhrithnimh ar ró-ídiú.’ Chuir an Chomhairle go láidir i gcoinne aidhm ann féin a dhéanamh as an ngeilleagar agus rud atá beag beann ar fhreastail ar bhun-riachtanais dhaonna a dhéanamh as. Chomh maith leis sin, dúirt an Chomhairle gurb é atá i ‘bpléascacha den bhunchreidmheachas’ i reiligiúin ná ‘cráifeachas galrach á chur in iúl. Cuidíonn comhráiti stuama idirchreidmheacha le comhmhuinín, síocháin agus athmhuintearas a chothú’ agus d’iarr an Chomhairle ar rialtais an Mheánoirthir níos mó a dhéanamh chun pobail Chríostaithe atá i mbaol, agus ar gach saoránach, Críostaithe Ceartchreidmheahca san áireamh, cuidiú le teifigh ‘go teorainn a n-acmhainní nó níos faide.’

I measc na gcinntí a tógadh ag an gComhairle faoi mhisean na hEaglaise i sochaí an lae inniu, glacadh leis an gcáipéis a faomhadh i Chambésy i mí Eanáir le cúpla mionathrú. Tá an cháipéis seo sínithe ag 14 ionadaithe Eaglasta. ‘Tá an téacs féin an-suimiúil mar cumadh é le hionchur ó smaointeoirí éagsúla neamhchléiriúla Ceartchreidmheacha.’ Maidir le neamhspleáchas a thabhairt d’Eaglais taobh istigh de thraidisiún tír Cheartchreidmheach, ag seasamh le prionsabail thraidisiúnta Cheartchreidmheacha, luífidh an t-údarás le hEaglais na tíre sin. Tá an troscadh ina chnámh spairne idir coimeádaigh agus forchéimnithe le fada. Tá na coimeádaigh go mór faoi thionchar thraidisiún manachúil agus tá forchéimnithe ag feidhmiú faoi réir thaithí thréadach. Bhí an lá ag an gcur chuige traidisiúnta Ceartchreidmheach ach ligfidh an cur chuige seo d’ economia (dispeansáid ag brath ar bhreithiúnas ar riachtanais duine faoi leith) d’easpaig i gcuinsí áirithe cásanna faoi leith a mheas agus díolúintí a cheadú. Beidh an riail chéanna i bhfeidhm maidir le póstaí go háirithe do shagairt gur baintreacha fir iad. Admhaítear go raibh an Chomhairle ró-ghearr agus faoi bhrú ón dtaobh amuigh ach sheas sí an fód le cuidiú ón Spiorad Naomh (agus go leor misnigh) agus cuireadh tús le ré nua. Rinne an comhfhreagraí ó AsiaNews cur síos uirthi mar seo: ‘cuideoidh sí le teacht timpeall ar thuairimí diongbháilte atá bunaithe ar smaointe mí-aimsearthacha. Tá tús curtha le leá leac oighir 1,000 bliain.’

Foclóirín: forchéimniú = progression; frithnimh = antidote; díolúintí = eisceachtaí ceadaithe.

Timire Spring 2017.indd 37

06/02/2017 12:07


38

Loinnir Ní Dhonnghaile Mac Léinn Cumarsáide, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua

ÓMÓS DO SHÉAMUS MAC GÉIDIGH Fán am seo anuraidh bhí mé go fóill ar thaithí oibre faoi stiúir Shéamuis Mhic Géidigh. Ach nach mór is nach aisteach an t-athrú agus an difear a dhéanann bliain ghairid amháin. Tá mise ar ais san Acadamh anois ag críochnú mo chéime agus Séamus cóir, níl sé linn a thuilleadh. Is minic a chuala mé guth meidhreach Shéamuis Mhic Géidigh ach is beag a shíl mé riamh le linn m’óige go gcuirfinn aithne air. Fuair mé an deis sin nuair a chuaigh mé ar thaithí oibre le RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga. Is cuimhin liom mo chéad lá leis an raidió. Thug Séamus thart ar an stáisiún mé, do mo chur in aithne d’achan duine. Is duine cinéalta cairdiúil a bhí i Séamus agus ba léir dom ón chéad chúpla lá sin ina measc go raibh meas mór ag an fhoireann air. Ba dhuine thar a bheith tuisceanach é fosta. Laistigh den chéad choicís mhol sé dom gan a theacht isteach go dtí níos moille maidin Luain, ionas go dtiocfadh liom breis ama a chaitheamh sa bhaile ag an deireadh seachtaine. Fear mór teaghlaigh ab ea Séamus agus grá mór aige ar a bhean Dolores agus a dtriúr clainne, Póilín, Éadaoin agus Dónal agus ba mhinic é ag trácht orthu. Ní raibh mé i bhfad ag cur aithne ar

Timire Spring 2017.indd 38

Shéamus de bharr na hiarrachta a rinne seisean. Chaith sé am liom, bhí suim aige ionam, agus is rud annamh é sin i saol gnóthach na meán, go mbeadh ceannaire chomh lách fial sin lena chuid ama. Is ag craoltaí seachtracha is mó a d’aithin mé cé chomh fial flaithiúil is a bhí sé. Níor lig sé d’aon duine díol as deochanna go raibh cupla ceann ceannaithe aige féin ar dtús agus b’amhlaidh a bhí sé ag cóisir na Nollag fosta, ina chroí na féile i gcónaí. Bhí Séamus iontach tiomanta dár dteanga dhúchais agus cultúr. Bhí an Ghaeilge go smior ann agus ba mhinic muid ag plé foclaíochta ag am lóin. Bhíodh neart díospóireachtaí againn leis agus muid ag ithe sa chistin bheag sin i nGaoth Dobhair agus seisear againn brúite thart ar sheantábla. Ba níos mó ná bainisteoir é Séamus, is dlúthchara a bhí ann, nár thaobhaigh riamh níos mó le duine amháin seachas duine eile nó bhí achan duine ar comhchéim, dar leis. Bhí a chuid dóigheanna beaga aige fosta. Is cuimhin liom é ag déanamh cúirtéise amach ar an fhuinneog leis na snaga breaca agus an dóigh nach rachadh sé síos chuig an tsiopa in am ar bith. B’fhearr leis suí thuas ag an Raidió agus tóstaí tuinnín le cáis leáite a bheith aige, sin nó chuireadh

06/02/2017 12:07


39

‘Níl an fheadóg séidte, beidh sí beo go deo. Tá an glór ina thost ach mairfidh an glór go deo na ndeor.’ Séamus, Loinnir agus Damien Ó Dónaill

Séamus agus an criú

sé duine againne amach le rud inteacht a cheannacht. Níor thuig mé riamh cén fáth nár thaitin sé leis a bheith amuigh i measc an phobail ag am lóin, ach ag smaoineamh air anois, rith sé liom cé chomh humhal is a bhí sé. Ní bhíodh sé ag iarraidh aird a tharraingt air féin fá Ghaoth Dobhair ina cháil mar cheannaire raidió. Sa tráchtaireacht dheireanach a rinne Séamus ag cluiche leathcheannais Chraobh Uladh, i bPáirc Bhréifne agus an lámh in uachtar ag Dún na nGall ar Mhuineachán le cúilín amháin. Dúirt Mac Géidigh “tá an fheadóg dheireanach séidte agus a leithéid de chluiche.” Chríochnaigh an tAthair Seán Ó Gallchóir seanmóir an tórraimh “Níl an fheadóg séidte, beidh sí beo go deo, sin an creideamh a bhí aige. Tá an glór ina thost ach mairfidh an glór go deo na ndeor.” An uair dheireanach a labhair mise le

Séamus agus a chomhghleacaithe i Raidió na Gaeltachta

Séamus, dúirt mé leis, an chéad uair eile go bhfeicfeadh sé mé, go mbeinn ag lorg poist agus go raibh súil agam go dtabharfadh sé dom é. Is ansin a chuir sé an aoibh bheag sin air agus thosaigh a gháire. Thug mé croí isteach dó agus b’in an uair dheireanach dá bhfaca mé Séamus Mac Géidigh. Ní shamhlóinn choíche gur sin an deireadh a bheadh leis. Bhí súil agam i gcónaí i rith mo thaithí oibre ansin go bhfaighinn an deis bheith ag obair faoina stiúir amach anseo agus níos mó dá shaineolas agus dá threoir a fháil. Nár mhéanar dom a chaith trí ráithe ina chuideachta, ba sheoid é! Is cinnte nach mbeidh a léithéid arís ann. Ar dheis Dé go raibh tú, a Shéamuis, a chara dhil, agus is é mo ghuí gur ag coinneáil cuideachta le seanlaochra gaelacha na bhFlaitheas a bheas tú feasta.

Foclóirín: craoltaí seachtracha = craoltaí a dhéantar ó láthair ar shiúl ón ghnáthstiúideo; tuinnín = tuna.

Timire Spring 2017.indd 39

06/02/2017 12:08


40

Sinéad Ní Mhearnóg Oifigeach Forbartha, Glór na nGael

COSAINT AN CHOMHSHAOIL SNA SPEIRÍNÍ Rugadh agus tógadh mé in áit darb ainm An Caisleán Glas a bhfuil cáil uirthi i measc na nGael mar gheall gurb é Gaeltacht Dheireanach Thír Eoghain í. Is áit bheag tuaithe í suite go hard i Sléibhte Mhuintir Luinigh (Na Speiríní), áit atá aitheanta mar limistéar sáráilleachta nádúrtha, áit mhór feirmeoireachta agus anois áit atá ag dul i mbun troda leis an tsáráilleacht, an tslí mhaireachtála feirmeoireachta agus an suaimhneas a chosaint ó chomhlacht óir darb ainm Dalradian Gold atá ag iarraidh seanmhianach óir sa cheantar a athoscailt agus monarcha phróiseála mhór a bhunú. Is comhlacht taiscéalaíochta é Dalradian as Ceanada a tháinig anseo thart fá 2010 le seanmhianach óir a athoscailt agus a fhorbairt. Thug Invest NI £326,000 dóibh le ‘tacú le poist agus oiliúint’. Is iomaí duine i mo cheantar a amharcann air seo amhail is go bhfuil an cáiníocóir ag fóirdheonú chostais Dhalradian. Le dornán de bhlianta anuas tá ciste pobail oscailte acu, ‘The Tyrone Fund’, tugann an ciste seo airgead amach do ghrúpaí pobail. Don duine nach n-amharcann isteach sa scéal shílfeá gur maith an rud é seo ach nuair atá a fhios agat go bhfuair siad an méid sin airgid ó Invest NI, tá taobh eile den scéal a léiríonn nach bhfuil siad chomh flaithiúil is a ba

Timire Spring 2017.indd 40

mhaith leo a chur ina luí orainn. Roimh Eanáir 2016 bhí formhór an phobail ag tacú leis an mhianach nó níor smaoinigh siad mórán faoi. Ag deireadh mhí Eanáir 2016 áfach, tháinig fíorphleananna Dhalradian amach. D’fhógair siad go raibh siad ag beartú monarcha mhór phróiseála a thógáil le carn fuílligh a bheadh níos mó ná cúig mhéid déag Halla na Cathrach i mBéal Feirste, ar thaobh an ghleanna agus ar láthair atá níos lú ná ciliméadar ónár mbunscoil áitiúil, ár séipéal, ár halla pobail agus ár bpáirceanna peile CLG. Baineadh geit as an phobal, bhí na daoine áitiúla i ndiaidh a muinín a chur in Dalradian, ghlac siad leis na rudaí a bhí ráite acu ach níorbh fhiú aon rud a bhí ráite go dtí sin. Ó shin i leith tá an pobal múscailte, gríosaithe agus réidh le dul i mbun troda. Tá Sábháil Ár Speiríní agus Greencastle Community Voices an-ghníomhach ar Facebook agus ag imeachtaí pobail ag cinntiú go bhfuil gnáthdhaoine áitiúla ar an eolas faoin dá thaobh de scéal Dhalradian. Tá sé fíorthábhachtach go stopaimid an obair seo ag dul ar aghaidh agus mar sin tá muid ag obair ar an chumhacht a thabhairt ar ais go na daoine tríd an t-eolas a thabhairt dóibh le himscrúdú ceart a dhéanamh ar

06/02/2017 12:08


41

Na Speiríní

an eolas a thagann ó Dhalradian. Is minic a bhaineann siad úsáid as téarmaíocht chasta agus cóimheasa domheasta agus oibrímid chun an t-eolas sin a bhriseadh síos agus a shoiléiriú. Mheas Dalradian pobal an Chaisleáin Ghlais faoina luach, níor thuig siad an bród sa cheantar ná an grá a bhíonn ag duine dá oidhreacht, dá thalamh, dá mhuintir a chuaigh roimhe. Is daoine láidre, crua, morálta a tháinig romhainn a throid in éadán go leor naimhde agus tá fuil na ndaoine sin inár gcuislí go fóill. Tá sé de cheart againn agus de dhualgas orainn an talamh sárálainn seo a chaomhnú don todhchaí, an diúilicín péarlach uisce a chosaint ó thruailliú, an suaimhneas a chothú, agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine áitiúla atá faoi bhagairt de bharr truailliú fuaime agus radharcach ó phleananna Dhalradian. Is é an rud is tábhachtaí ná ár bpobal a chosaint ó aon scoilt a chruthóidh Dalradian. Scar is treascair, sin modus operandi na gcomhlachtaí seo ach ní ghéillfidh muid is muid beo! Seasfaidh muid le chéile. Ba mhaith liom deireadh a chur leis an alt seo le píosa ó amhrán álainn a cumadh

faoi cheantar na Speiríní, íomhá nach dtéann le monarcha próiseála ná carn fuílligh: I measc sléibhte glas aoibhinn an Spéirín, Tá Gleannaile go suaimhneach ina luí, Os a chionn tá an tSamhail go haerach, Mar bhanraíon ar chathaoir ina suí. ‘s ansin tá na srutháin ag síneadh, Chomh siolsach le criostal sa ghriain, Ag scabadh a bhfuaim chois an ghleanna, Chomh ceolmhar le binn guth an éin. Nuair a luíonn sneachta ar mhínligh san earrach, ‘s an ghaoth teacht ó thuaidh mar is gnáth, Ag críonadh gach bachlóg ‘s duilean, Bíonn Gleannaile i bhfasgadh faoi bhláth. Bíonn an smol ‘s an londubh ag luathgháireach, ‘seinm measc na gcraobh ‘s na gcrann, ‘s na huain go huimhireach ag léimniú, Ar mhullach gach ardán ‘s beann -- Peadar Mac Cú Uladh Tacaigí linn tríd ár bhfeachtas a leanúint ar facebook.com/SaveOurSperrins agus facebook.com/GreencastleCommunityVoices

Foclóirín: taiscéalaíocht = exploration; fóirdheonú = subsidisation; diúilicín péarlach = pearly mussel.

Timire Spring 2017.indd 41

06/02/2017 12:08


42

Dónall Ó Cnáimhsí

LUS AN CHROMCHINN, LILE AN EARRAIGH, LUS AN AISIG NÓ AN DAFFODIL Is cuma cén t-ainm a thugann muid air, mar níl aon amhras go dtógann an bláth seo croí gach aon duine nuair a thig sé i mbláth i dtús an earraigh. Fógraíonn sé dúinn go bhfuil cruas agus doineann an gheimhridh críochnaithe agus go mbeidh na laetha as seo amach ag síneadh agus ag feabhsú agus nach fada uainn laetha breátha an tsamhraidh. Comhartha dóchais i ndiaidh dhochras an gheimhridh. Is foirfe an tsiombail é do chumainn ailse ar fud na cruinne. Ón tsean-am anall tá an lus seo ina shiombail ar an athbhreithniú agus an athnuachan a thig le séasúr an earraigh. Ní haon iontas mar sin go bhfuil sé ceangailte d’fhéile bheannaithe na Cásca chomh maith agus go dtugtar ‘Lile na Cásca’ air fosta. Narcissus an t-ainm atá ag na luibheolaithe air dar ndóigh agus tig seo ó scéal cháiliúil i miotaseolaíocht na Gréige. Rinne na déithe dóighiúlacht agus síor-óige a bhronnadh ar an ghlas-stócach Narcissus ar choinníoll nach mbreathnódh sé ar a scáile féin choíche. Bhí sióg sa choill darbh ainm Échó a bhí go mór i ngrá leis an bhuachaill ach bhí seisean róthógtha le postúlacht agus mórtas le aird ar bith a thabhairt uirthise. Bhris seo a croí agus níor fagadh di ach a guth. Chuir seo fearg

Timire Spring 2017.indd 42

ar an an bhandia Nemesis agus le díoltas a bhaint amach mheall sí an buachaill chuig lochán shléibhe agus nuair a chonaic sé a scáile féin san uisce bhí sé faoi gheasa ag a áilleacht féin. D’fhan sé ansin ag stánadh ar an íomhá san uisce agus ag iarraidh a lámh a leagan ar. Mheas na déithe go bhfaigheadh sé bás; mar sin rinne siad é a iompú ina bhláth aoibhinn a raibh a cheann crom le brón. Mar sin is siombail den ghrá leatromach, de bhaois agus den iomarca mórtais agus postúlachta an lus céanna sin. Deirtear gurb iad na Rómhánaigh a thug leo chun na Breataine é agus gurb as sin a tháinig sé go hÉirinn. Tá suas le trí scór cineál daffodil le fáil go nádúrtha ar fud na hEorpa, na hAfraice agus na hÁise, ach tá thar 13,000 cineál cruthaithe ag plandeolaithe trí roghnú agus trasnú, le dhá chéad bliain anuas agus tá cinn nua á gcruthú gach uile bhliain. Is cinnte go bhfuil daffodil ann do gach cineál gairdín, beag nó mór, foirmeálta nó neamhfhoirmeálta. Ba chóir na bleibíní a phlandáil luath san fhómhar, ina ngrúpaí cúigir ar a laghad i ndoimhne 8”. Ní miste leo faoin chinéal ithreach ina bhfuil siad, ach ní maith leo barraíocht fliche. Ba chóir iad a thógáil

06/02/2017 12:09


43

‘Is siombail den ghrá leatromach, de bhaois agus den iomarca mórtais agus postúlachta an lus céanna sin.’ agus a scaradh gach cúpla bliain mar go bplúchann siad a chéile agus nach mbíonn a mbláthú chomh maith sin. Tá siad nimhiúil agus mar sin ní bhainfidh ainmhithe dhíofa agus mar sin níor chóir na gasanna a mheascadh le bláthanna eile in vása ach oiread.

Níor chóir na gasanna a ghearradh i ndiaidh a mblathaithe, ach ligint dóibh feo go nádúrtha. Spreagann an bláth aoibhinn seo síordhóchas ionainn agus muid ag tabhairt ár n-aghaidh ar an bhliain atá amach romhainn. Curimid fáilte rompu le háthas.

Foclóirín: laetha = laethanta; dochras = dochracht, anró, míchompord; glas-stócach = buachaill óg; postúlacht = mór is fiú; mórtas = maíteacht; faoi gheasa ag = faoi dhraíocht ag; baois = amaidí, díth céile; plúch = tacht; dhíofa = díobh

Timire Spring 2017.indd 43

06/02/2017 12:09


Saor gach Céadaoin leis an LE FÁIL I MÍR NA GLUAISTEÁNAÍOCHTA (MOTOR SECTION)

Timire Spring 2017.indd 44

06/02/2017 12:09


45

Scannáin

SILENCE Stiúrthóir: Martin Scorsese (160 nóiméad, 2016) Léirmheas: Aileen Mhic Cionna

Thóg sé beagnach fiche bliain ar Scorsese an scannán ‘Silence’ a dhéanamh. Bóthar fada a bhí ann inar lorg sé grásta Dé chun é a fhorbairt. Is ón úrscéal ‘Silence’ le Shasuku Endo a thagann an scannán doimhin corraitheach seo a mheallann muid chun machnamh a dhéanamh ar an gcreideamh agus ar conas a ghlacaimid le grásta Dé inár saol. Tá an scéal faoi dhaoine a thug a n-anam ar son na cúise sa tSeapáin sa seachtú haois déag. Bhí an tAth. Ferreira SJ (Liam Neeson) gafa ag fear darbh ainm an Cúistiúnaí mar bhí an sagart ag iarraidh an creideamh a scaipeadh tríd an tSeapáin. Ó Éirí Amach an Shimabaa bhí cosc iomlán ar gach reiligiún. Tagann Rodrigues (Andrew Garfield) agus Garupe (Adam Driver), beirt Íosánach óga chun na Seapáine agus iad sa tóir ar a gcomhairleoir Ferreira. Dar le meoin cheartaiseacha na beirte, ní shíleann siad gur féidir le Ferreira a dhroim a chasadh le Dia. Tá an scannán seo níos mó faoi dhúshlán an chreidimh ná faoi thuras chun teacht ar fhear. Faigheann an bheirt sagart tacaíocht ó threoraí darb ainm Kichijiro. Cráitear an bheirt acu chomh maith nuair a fhaigheann an Cúistiúnaí amach go bhfuil siad sa tír. Feicimid Rodrigues agus Garupe ag stra-

Timire Spring 2017.indd 45

cadh lena gcreideamh a shéanadh nuair atá muintir na háite ag fulaingt faoi láimh an Chúistiúnaigh. Is carachtar suimiúil tarraingteach é Kichijiro a léiríonn an taobh cráite d’Íosa. Is iomaí uair go mbíonn Kichijiro á ligint féin síos agus á ghortú féin, agus daoine eile. Ba chóir faire amach sa scannán do na radharcanna ina mbíonn Kichijiro de shíor ag lorg faoistine. Lá amháin agus é sa phríosún, casann Rodrigues air, á rá: “ An dtuigeann tú fiú cad is aspalóid (absolution) ann?” An freagra a thugann Kichijiro ar ais dó ná: “Nach dtuigeann tú cad tá á rá agam? Caithfidh mé faoistin a dhéanamh. Tuigim gurb iad na peacaí céanna atá i gceist, ach caithfidh mé iad a rá, agus caithfidh tú éisteacht liom.” Taispeánann Kichijiro anseo go dtuigeann sé tábhacht na sacraimintí agus é ag iarraidh fanacht gar do Dhia. Tríd an scéal feictear Rodrigues ag dul i ngleic le féin-tábhacht agus mórchúis ina ról ag scaipeadh an chreidimh. Sa radharc seo cloisimid é go hinmheánach ag tabhairt breithiúnais ar Kichijiro –“Conas is féidir le hÍosa grá a bheith aige d’ainniseoir mar seo?” ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’ Matha 25:40 Sa deireadh thiar thall, cé a bhíonn ann

06/02/2017 12:09


46

taobh le Rodrigues ? Kichijiro, dar ndóigh. Is í an trócaire príomhthéama an scannáin. Is fiú faire amach freisin don radharc ina bhfuil muintir na háite curtha chun báis ar son a gcreidimh. Féach orthu ar an gcrois san fharraige agus mothóidh tú an áilleacht agus an spioradáltacht de cad tá léirithe tríd an scannán – radharc truamhéalach, brónach agus atá grástúil ag an am céanna. Tá an chuma ann in úrscéal Endo gur chaill an tAth. Ferreira a chreideamh go hiomlán. B’fhéidir nach raibh sé in ann deighleáil leis an náire a bhrath sé i ndiaidh dó a chreideamh a shéanadh, cé gur éirigh leis saoil daoine eile a shábháil. Ar an taobh eile, más é gur shéan Rodrigues a chreideamh... agus is tríd sin go bhfuair sé ar ais arís é. Sin an fhrithchosúlacht. I bhfocail eile, cloiseann Rodrigues Íosa ag caint leis, rud nach gcloiseann Ferreira. Más fíor sin, tá Críost ag iarraidh go séanfaidís a gcreideamh chun daoine eile a shlánú, toisc gurb é sin an fáth gur tháinig Sé ar an domhan... Is i láimh Rodrigues atá an toradh agus rogha an dá dhíogha aige. D’fhéadfaí a bheith corraithe ag féachaint ar chruáltacht an tsaoil sa tSea-

páin, ach ná déanaimis dearmad go raibh na Péindlíthe faoi lán tseoil in Éirinn ag an am céanna agus Críostaithe ag fulaingt ar son a gcreidimh chomh maith. Níor athraíodh mórán ó shin agus géarleanúint fós á déanamh ar Chríostaithe ar fud na cruinne. An cheist atá fós ann inniu ná – cad é gnáththaithí an duine ar an gcreideamh? Sa chomhthéacs Éireannach, tá dúshlán ag an duine nua-aoiseach machnamh a dhéanamh ar a fhiúntas nó neamhfhiúntas féin ó thaobh na trócaire de. Ní ionann gan dul ar Aifreann agus easpa creidimh, mar shampla. Ní scannán é “Silence” a oireann do gach duine. Is é cad a tharlaíonn i gcroí gach carachtar a thugann ciall don scannán. Mar sin, caithfimid féachaint thar na sonraí agus isteach in intinn an duine, ach ná déanaimis dearmad gur féidir fiú ciall iomlán eile a bhaint as i gcónaí! An príomhrud ná aithint go bhfuil an taobh spioradálta ann i gcónaí. Léirítear sa scannán dá mhéad an tábhacht a bhaineann le ráite agus gníomhartha Íosa, go bhfuil tost sa saol seo chomh tábhachtach céanna. Vocatus atque non vocatus deus aderit (Called or not called, Jesus will always come.) Erasmus

Foclóirín: cúistiúnaí = inquisitor; ceartaiseach = self-righteous; aspalóid = absolution

Timire Spring 2017.indd 46

06/02/2017 12:09


47

BRIOSCAÍ SCEALLAÍ SEACLÁIDE Síle Ní Chearbhaill

Níl aon rud níos deise ná brioscaí sceallaí seacláide agus bainne. Is sceallaí seacláide bainne amháin atá san oideas seo ach tá sé go deas le meascán de sceallaí bainne agus sceallaí bána nó le cnónna agus seacláid. Cuirim smarties leo má tá siad á ndéanamh agam do pháistí. 3. Uachtaraigh an siúcra agus an t-im le chéile go dtí go mbíonn an meascán éadrom agus clúmhach. 4. Measc isteach an ubh agus an t-úscra fanaile. 5. Crith isteach an plúr agus an tsóid aráin. Measc gach rud le chéile leis na sceallaí seacláide. 6. Cuir cairn bheaga den mheascán ar na tráidirí le spúnóga. Fág spás idir na cairn. 7. Bácáil san oigheann ar feadh 8-10 MODH: nóiméad nó go mbíonn dath donn órga 1. Réamhthéigh an t-oigheann go 190c/ orthu. Beidh siad fós bog. Fuaraigh ar gasmharc 5. na tráidirí ar feadh cúpla nóiméad. 2. Smear 2 thrádaire bácála le him. COMHÁBHAIR: 150g im 100g siúcra donn éadrom 60g siúcra gránaithe 1tsp úscra fanaile 1 ubh 225g plúr bán ½ tsp sóid aráin 200g sceallaí seacláide

Timire Spring 2017.indd 47

06/02/2017 12:09


An Ofráil Laethúil A Athair ró-ghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ófralaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach thíos) ... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

MÁRTA:

Soiscéalaíoch: Cabhraímis le Críostaithe atá faoi ghéarleanúint. Go dtuga an Eaglais ar fad tacaíocht ár bpaidreacha agus ár gcabhair ábhartha do Chríostaithe atá faoi ghéarleanúint.

AIBREÁN:

Uilíoch: An tAos Óg Go ndéana daoine óga rud go fial dá ngairm, agus go gcuimhní siad go dáiríre ar a saol a thíolacadh do Dhia mar shagairt nó sa bheatha rialta.

BEALTAINE:

Soiscéalaíoch: Críostaithe na hAfraice, finnéithe na síochána Go ndéana Críostaithe san Afraic aithris ar Íosa Críost, agus fianaise fháidhiúil a thabhairt leis an athmhuintearas, le cothrom na Féinne, agus leis an tsíocháin.

Timire an Chroí Ró-naofa

Timire Spring 2017.indd 48

06/02/2017 12:10


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook

Articles inside

Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.