An Timire - Earrach 2017

Page 21

21

Edward de BĂșrca

AN SAOL NUA I 2003 thosaigh mĂ© ag obair do chomhlacht mĂłr MeiriceĂĄnach ag plĂ© le cĂșrsaĂ­ margaĂ­chta ar an idirlĂ­on. Ag an am sin, nior thuig mĂ© go baileach cĂ©ard ba chiall leis an gcineĂĄl geilleagair nua sin i gcomhthĂ©acs ĂĄitiuil nĂł idirnĂĄisiĂșnta. Anois tĂĄ an saol ar fad athraithe go mĂłr. Caithfidh tĂș gabhĂĄil go dtĂ­ an t-idirlĂ­on chun rud ar bith a dhĂ©anamh: mĂĄs ag ceannacht rudaĂ­ don teaghlach nĂł ag gabhĂĄil ar do shaoire atĂĄ tĂș. TĂĄ an teicneolaĂ­ocht ag athrĂș chuile ruda. Agus tĂĄ meĂĄin chumarsĂĄide nua ĂĄ bhforbairt as an teicneolaĂ­ocht seo, meĂĄin atĂĄ ĂșsĂĄideach go leor chun tuiscint agus comhghrĂĄ a thĂłgĂĄil idir daoine agus cinĂ­ eagsĂșla, rud narbh fhĂ©idir roimhe seo. Ach cĂ© go bhuil cuma iontach ar an suĂ­omh nua seo, cuirim i gcĂłnaĂ­ an cheist orm fĂ©in: cĂ© chomh buan an bhfuil an ïŹ‚aitheas nua seo? Agus an mairfidh an saol nua tuiscuineach seo idir gach gĂ©ag de chrann an chine dhaonna? Ó 2003 tĂĄ an sciar de jabannaĂ­ nua atĂĄ ĂĄ gcruthĂș ag comhlachtaĂ­ idirnĂĄisiĂșnta (cuid mhĂłr dĂ­obh san earnĂĄil teicneolaĂ­ocht faisnĂ©ise) in Éirinn tar Ă©is a fhĂĄs go heaspĂłnantĂșil. Agus lena chois sin, tĂĄ sochaĂ­ nua ĂĄ cruthĂș laisitigh de na comhlachtaĂ­ sin chomh maith. TĂĄ daoine Ăł chaon choirnĂ©al den domhan ag bog-

Timire Spring 2017.indd 21

adh go hÉirinn mar gheall ar an obair atĂĄ le fĂĄil de bharr na n-athruithe thuasluaite. Agus is suimĂșil an rud Ă©, feiceĂĄil an chaoi go n-oibrĂ­onn na sochaithe nua sin Ăł lĂĄ go lĂĄ le chĂ©ile. Feiceann tĂș daoine as tĂ­ortha a bhfuil easaontais mhĂłra eatarthu agus iad ag obair anseo faoi mar nach raibh fadhb ar bith riamh ann. SuĂ­omh Ă­ontach, d’fheadfĂĄ a rĂĄ. Bhuel, mĂĄ fhĂ©achaim ar an gcomhlacht ina bhfuil mĂ© ag obair anois, tĂĄ foirne as gach ĂĄit ag obair in Ă©ineacht liom, as an MeĂĄn-Oirthear ina measc, as an LiobĂĄin agus as Iosrael. Agus tĂĄ scĂ©al beagĂĄinĂ­n difriĂșil le braith maidir leo siĂșd. TĂĄ sĂ­ochĂĄin ann, is dĂłithe, eatarthu, agus os rud Ă© gur as an rĂ©igiĂșn cĂ©anna dĂłibh, mĂłrĂĄn, bĂ­onn siad ag obair sa mhĂłrfhoireann chĂ©anna 
 cineĂĄl. BĂ­onn siad ag castĂĄil le chĂ©ile sa gceaintĂ­n, ag obair le chĂ©ile nuair atĂĄ rud ĂĄisiĂșil le foghlaim Ăłna chĂ©ile. Ach mĂĄ amharcann tĂș go beacht orthu, tĂłgfaidh tĂș rudaĂ­ giota beag neamhchoitianta eile faoi deara. Mar shampla, caithfidh siad a bheith ina suĂ­ in ĂĄiteachaĂ­ difriĂșla ar an urlĂĄr cĂ©anna. SuĂ­onn siad in ĂĄiteachaĂ­ nach mbuaileann a chĂ©ile. CĂ© nach mbĂ­onn focal diĂșltach le cloisteĂĄil eatarthu, dĂĄ mbeadh ar dhuine den bhfoireann MENA (MeĂĄn-Oirthear, Tuaisceart na hAfraice) an

06/02/2017 12:03


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.