4 minute read

Trádáil Arm sa Bhaile agus i gCéin Deaglán De Bréadún

Deaglán de Bréadún, iriseoir agus údar

TRÁDÁIL ARM: SA BHAILE AGUS I gCÉIN

Is beag duine nach n-aontódh i bprionsabal le guí thíosluaite an Phápa go gcuirfí deireadh leis an dtrádáil arm. Ach nuair a théann tú isteach sa réimse praiticiúil ina bhfuil gnó le déanamh agus airgead ar fáil, tagann athrú ar an scéal. In Earrach 2003 rinne mé tuairisc don Irish Times ar aonach arm in Abu Dhabi. Luaigh mé an nath cáiliúil a bhí ag an saineolaí straitéise Karl von Clausewitz gur polaitíocht ar bhealach eile a bhí sa chogaíocht. Ach dúirt mé nach raibh an scéal iomlán aige: gnó ar bhealach eile atá inti chomh maith.

Bhí sé cineál aisteach a bheith i láthair ag ócáid dá leithéid ar thaobh amháin de Mhurascaill na Peirse nuair a bhí cogadh á réiteach ag an dtaobh eile den cheantar ag an am céanna. Mhair an t-aonach thar chúig lá agus bhí gach cineál trealaimh ar fáil. Gléas amháin a d’imigh i bhfeidhm orm ná róbat a dhéanfadh ionsaí ar thancanna míleata. Chuir sé i gcuimhne dom na saighdiúirí daonna a bhíodh ag máirseáil ag béal an chatha sa Chéad agus sa Dara Cogadh Domhanda, ach d’fh éadfá an róbat seo a chur ar siúl agus a stiúradh le ríomhaire chun diúracáin mharfacha a sheoladh i dtreo thancanna an namhad. Agus cárbh as don chomhlacht go raibh an gléas seo á chur ar fáil acu: An Eilbhéis, siombal na síochána agus na neodrachta.

Bhí daoine as a lán tíortha eile i láthair ar ndóigh, ina measc fear amháin as Sibéir na Rúise a raibh meaisín mór míleata ar taispeáint aige, a bhí an-chosúil le tanc cé go raibh sé féin ag dearbhú dom gur iompróir trúpaí a bhí i gceist. D’fh iafraigh mé de, cé mhéid airgid a chosnódh a leithéid orm? ‘Milliún dollar Meiriceánach’, ar seisean. Ansin stop sé ag caint ar feadh nóiméid agus d’ísligh an praghas go naoi gcéad míle. Fánach an áit ina bhfaighfeá sladmhargadh!

Roinnt seachtainí ina dhiaidh sin, cuireadh tús leis an ionradh ar an Iaráic. Bhíos féin suite leis na céadta iriseoirí eile ag Centcom, i gCampa As Sayliyah, an ceann-cheathrú míleata a bhí ag na Meiriceánaigh in aice le Doha, príomhchathair Qatar. Chuir na fallaí cloiche i Centcom áiteanna i gConamara in aigne dom ach bhí Sky TV, Fox News, NBC, ABC agus an BBC go léir i láthair. Bhí struchtúr agus trealamh ann a chosain thart ar chéad milliún dollar. Deirtear gur chaith Stáit Aontaithe Mheiriceá 90.3 billiún dollar ar an gcogadh san Iaráic sa bhliain 2003 amháin – trealamh míleata,

‘Cárbh as don chomhlacht go raibh an gléas míleata seo á chur ar fáil acu: An Eilbhéis, siombal na síochána agus na neodrachta.’

gunnaí, buamaí, srl, san áireamh.

Dar le meastachán a d’fh oilsigh Amnesty Idirnáisiúnta i Mí Lúnasa 2015, bíonn luach gar do chéad billiún dollar ar an dtrádáil domhanda arm gach bliain. Maidir leis na hairm bheaga, nó na cinn a bhfuil údarás dleathach acu ar a laghad, is fi ú 8.5 billiún dollar an ghné sin den dtionscal úd, a bhfuil níos mó ná míle comhlacht as beagnach céad tír éagsúil páirteach ann.

Ar 3 Meitheamh 2013 i Nua-Eabhrac, bhí Éire i measc na dtíortha a bhí chun tosaigh leis an gConradh Trádáil Arm a shíniú. Ionstraim atá ann a bhfuil d’aidhm aici an trádáil sna hairm choinbhinsiúnacha a rialú agus deireadh a chur le gnó mídhleathach sa réimse úd.

Tháinig an Conradh i bhfeidhm i Mí na Nollag 2014 agus faoi Dheireadh Fómhair 2016 bhí sé sínithe ag 133 stát agus daingnithe ag 91 acusan. Cuireann an Conradh cosc, mar shampla, ar aon stát cead a thabhairt d’easportáil arm a bheadh á n-úsáid le cinedhíothú a chur i bhfeidhm, nó coireanna eile cogaidh in aghaidh an chine daonna. Cuirtear dualgas ar gach stát freisin trádáil neamhdhlíthiúil a chur faoi chois.

Nuair a tháinig an Conradh i bhfeidhm, luaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan, an traidisiún a bhí ag an stát s’againne cheana féin tacú leis an bhfeachtas chun an ruaig a chur ar airm núicléacha. Dar leis go gcabhródh an Conradh nua seo chun síocháin agus slándáil a chothú tré stad a chur le heasportáil arm a chothódh míshocracht i réigiúin chorraithe.

Ní easaontódh an Pápa leis an ráiteas úd ón Aire. Ar ndóigh tá tionscal airm in Éirinn chomh maith, cé nach bhfaigheann sé mórán airde sna meáin. Tá bóthar fada le taisteal sula mbeidh domhan síochánta againn ach ní chóir staonadh ón iarracht leis sin a bhaint amach.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ AN MHEITHIMH, 2017 Go nglaca ceannairí náisiúnta orthu féin deireadh a chur leis an trádáil arm, a dhéanann íospartaigh den oiread sin daoine neamhchiontacha.

Foclóirín: cinedhíothú = scrios ar chine nó ar ghrúpa ar leith; Murascaill na Peirse = Persian Gulf; diúracáin = missiles.

This article is from: