1 minute read

Aitheasc Aifrinn An tAth. Pádraig Standún

An tAth. Pádraig Standún Sagart Paróiste Charna, Co. na Gaillimhe

Aifreann do Mhuintir Chill Chiaráin agus Gaeilgeoirí eile – Sliocht as Aitheasc

An Ghaeltacht

Craoltar an tAifreann seo beo ar Raidió na Gaeltachta in aitheantas agus in onóir na ndaoine óga atá ar chúrsaí Gaeilge sa gceantar, ní amháin i rith na míosa seo, ach i rith an tsamhraidh ar fad. Iarraimis beannacht Dé orthu agus ar mhuintir na háite chomh maith leo. Beannacht ar a gcuid múinteóirí, ar na mná agus fi r tí a thugann aire dóibh, ar na tiománaithe bus a thugann ó ait go háit iad, agus ar na daoine atá ag éisteacht linn ar fud na tíre nó ar fud an domhain ar dheiseanna éagsúla.

Is minic raite go mbíonn Gaeilgeoirí ag caoineadh ag teacht is ag imeacht dóibh, caoineadh i ndiaidh an bhaile nuair a thagann siad, agus ag caoineadh na gcairde agus na ndaoine ar thit siad i ngrá leo ag imeacht dóibh.

Tá cúig bliana is dhá scór caite agamsa mar shagart i nGaeltachtaí na Gaillimhe agus Mhaigh Eo, agus is mar seo a bhreathnaím ar an nGaeltacht: Tá níos mó i gceist ná Gaeilge. Seo í an t-aon áit sa tír nár éirigh le fórsaí ón taobh amuigh na focla a thógáil amach ó bhéil na ndaoine. D’éirigh le muintir na nGaeltachtaí a dteanga a choinneáil beo in ainneoin brú millteanach. Ní ag caitheamh anuas ar Bhéarla atá mé – is maith liom go bhfuil an lá tagtha go bhfuil Gaeilge agus Béarla ar a dtoil ag muintir na háite, ach go labhraíonn formhór na ndaoine Gaeilge i gcónaí.

Seo í an tír nár ceansaíodh. Seo í an tír nár cuireadh faoi smacht, nár cuireadh faoi chois ariamh, an tír nár dearnadh coilíneacht uirthi. An bhfuil iontas ar bith gur chuig na Gaeltachtaí a tháinig roinnt mhaith de cheannairí Éirí Amach na Cásca 1916 len a n-ionspioráid chultúrtha agus teangan a fh áil?

Tá creideamh láidir le brath sna Gaeltachtaí, ach tá sórt saoirse chreidimh iontu freisin nach bhfuil le fáil i ngach áit, dearcadh níos oscailte agus níos leathanaigeantach ag daoine. Tabhair libh cuid de shaol agus de chultúr agus de shaoirse intinne na háite chomh maith leis an Ghaeilge.

Le caoinchead Raidió na Gaeltachta, a chraol an tAifreann ar 10 Iúil 2016.

This article is from: