6 minute read

An Mine a Mharaigh Naonúr i 1917 Donncha Ó hÉallaithe

Donncha Ó hÉallaithe Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige

An Mine a Phléasc ar an Lochán Beag Céad Bliain ó Shin

Tús mhí an Mheithimh thug mé sciuird síos ar chladach an Locháin Bhig, go bhfeicfi nn an obair a bhí déanta ar leac an mine ag meitheal deonach, a bhí ag obair faoi scáth Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí an obair déanta ag an meitheal le láthair na tubaiste a tharla céad bliain roimhe sin a réiteach don chuimhneachán a bhí beartaithe, ar an naonúr a maraíodh nuair a phléasc mianach mara, a tugadh isteach le cladach ag ceapadh gur raic luachmhar a bhí ann. Romham ar an gcladach ag breathnú ar an leac nuafh eistithe bhí triúr ó Phortland Maine – beirt bhan agus fear thart ar dhá scór – agus iad ag iarraidh ciall a bhaint as an scríbhinn. ‘Cuir paidir lena n-anam seo a maraíodh ar an 15ú lá de Mheitheamh 1917’ a bhí scríofa sa sean-chló Gaelach ar an leac cuimhneacháin agus liosta ainmneacha an naonúir a bhásaigh go tubaisteach ar an Trá Shalach.

Tar éis aithne a chur orthu fuaireas amach go raibh gaol ag an bhfear, James Hebert, le Seosamh Ó Flaithearta, a raibh a ainm greanta ar an leac. Bhí pictiúr aige dá shin-sheanmháthair, deirfi úr le Seosamh, a chuaigh go Portland Maine tar éis na tubaiste le saol níos fearr a aimsiú. Bhí lúcháir air a chloisteáil go raibh ocáidí cuimhneacháin speisialta beartaithe don chéad deireadh seachtaine eile, ag Cumann Forbartha Chois Fharraige. Faraoir ní fh éadfadh sé fanacht mar bhí a eitilt fi llte ag imeacht cúpla lá roimhe.

Thosaigh an Cuimhneachán le mórshiúl de phobal na háite ag leanacht píobaire síos Bóithrín na Seáin chomh fada leis an gcladach. Bhí an aimsir gaofar agus baol báistí ann. Mar sin féin rinne an tAthair Stiofán Ó Donnchú, nó Sagart Staf mar a thugtar go háitiúil air, an tAifreann a cheiliúradh ar dhuirling an Locháin Bhig, gar don áit inar tharla an sléacht céad bliain roimhe sin go dtí an lá. Rugadh agus tógadh Sagart Staf i gcomhsanacht na ndaoine a maraíodh sa phléasc. Ina sheanmóir, tugtha uaidh i nGaeilge bhreá Chois Fharraige, dúirt sé gur daoine iad an naonúr a maraíodh nach raibh ag iarraidh go mbeadh a n-ainmneacha in airde, nach raibh ag iarraidh a bheith ina laochra ach gur daoine neamhurchóideacha iad a maraíodh le linn cogadh nár bhain leo. Rinne sé ceangailt idir an marú ar an Lochán Beag céad bliain ó shin agus an marú atá ag tarlú i gcónaí do dhaoine neamhurchóideacha le mianacha míleata atá fós ag pléascadh in Angóla agus sa Chambóid nó atá á marú de bharr sceimhlitheoireachta ar shráideanna Londan is Pháras.

‘Ba dhaoine iad an naonúr nach raibh ag iarraidh go mbeadh a n-ainmneacha in airde, ach a maraíodh le linn cogadh nár bhain leo.’

An Cros nua a feistíodh agus an leac a athchóiríodh ag an Trá Shalach, An Lochán Beag, Cois Fharraige i gcuimhne an naonúir a maraíodh.

Duine amháin a tháinig beo as an sléacht: Seosamh Ó Fátharta nó Joe Hughie, mar ab fh earr aithne air, a chuaigh i bhfolach taobh thiar de charraig mhór díreach sular phléasc an mianach. Mhair sé leis an scéal a inseacht ar chlár a rinne Seán Ó Tuairisg do Raidió na Gaeltachta. Seo thíos cuid den chur síos a bhí aige ar a tharla an lá tubaisteach sin:

Ba shin é an t-am a raibh an Cogadh

Mór ar bun, 1917 agus bhí go leor leor rudaí ag tíocht isteach leis an taoille.

Bhíodh plainceannaí ag tíocht isteach, adhmad maith ... tancannaí peitril agus chuirtí i bhfolach iad sin, nó bhí seans iad a dhíol agus d’íocaidís go maith thú. Bhuel, lá bog báistí a bhí ann, níorbh fh éidir aon bhlas a dhéanamh ... Dúirt mé go n-imeodh muid síos ar an gcladach. Bhuail muid síos ... sheas muid agus chonaic muid é ón trá uainn amach ... Ní raibh aon chosúlacht air go dtiocfadh sé isteach. Cuireadh curach amach….. agus tharraingeodar isteach é píosa den bhealach ... b’éigean fanacht gur

An tAthair Stiofán Ó Donnchú ag ceiliúradh Aifrinn i gcuimhne ar an naonúr a chaill a mbeatha nuair a phléasc an mianach mara ar dhuirling an Locháin Bhig.

thráigh sé amach, gur tháinig sé ar an tirime ar an trá.

Ba mhó ná leathbhairille pórtair é, na seanbhairillí a bhí ann fadó ... chuaigh cúigear faoi ar ’chaon taobh dhó, is má chuaigh fh éin, ní raibh muid in ann é a chrochadh, mar go raibh meáchan ann. Ach chroch muid oiread na fríde dhó go ndeachaigh ceann de na cosa síos insa trá, ceann de na spikeaí agus lúb sé isteach rud beag ... Nuair a bhí muid tamall ag breathnú air, dúirt muid go mba cheart é a dhíriú. Bhuel, dhírigh ... sin an t-am a phléasc sé.

Bhí naonúr marbh ach níor aithníodh ach beirt, agus is cosúil gur cuireadh an bheirt sin. Tadhg Ó Céidigh agus Pádhraic Ó Laoi, i Reilig an Chnoic. Bhí smidiríní déanta de choirp an tseachtair eile. Cuireadh baill den RIC amach láithreach ó Ghaillimh ag bailiú píosaí de na coirp, sna garrantaí agus ar an gcladach. Cuireadh

‘Ba dhaoine iad an naonúr nach raibh ag iarraidh go mbeadh a n-ainmneacha in airde, ach a maraíodh le linn cogadh nár bhain leo.’

Ag seasamh taobh leis an leac cuimhneacháin nua a feistíodh sa reilig ar an mBóthair Mór i gcathair na Gaillimhe tar éis dóibh é a nochtadh, tá Frank Ned Ó Fátharta agus a dheirfi úr Nancy Turley, beirt chlainne le Joe Hughie Ó Fátharta, an fear a tháinig slán ón sléacht. na taisí a bailíodh isteach i gcónra amháin. Níl aon tuairisc ann gur cuireadh tórramh orthu ná go raibh sochraid cheart acu ach tugadh isteach an cónra go Reilig an Bhóthair Mhóir, i gcathair na Gaillimhe agus cuireadh in uaigh gan aon mharc. Ní raibh a fh ios ag a muintir cá raibh siad curtha, mar nár coinníodh tuairisc ar an spota i gclár na reilige, gan scríofa ann ach an méid seo: ‘Coffi n full of unidentifi ed fragments of persons killed in Mine Explosion at Loughanbeg.’

Mar chuid den chuimhneachán crochadh leac taobh istigh de gheata na reilige ar an mBóthar Mór, Gaillimh, le hinseacht do gach a théann ann go bhfuil taisí na ndaoine a maraíodh curtha i Roinn A na reilige, áit a coinníodh do dhaoine bochta nach bhféadfadh íoc as uaigh. Frank Ned agus Nancy Ned, beirt clainne le Joe Hughie Ó Fátharta, an fear a tháinig slán leis an scéal a inseacht, a nocht an leac nua ar an mBóthar Mór. An lá a nochtaíodh an leacht i Reilig an Bhóthair Mhóir, dúradh naoi ndeichniúr den Choróin Mhuire, ceann le haghaidh gach duine den naonúr a maraíodh, ráite ag duine dá ngaolta. B’álainn an searmanas é. Faoi dheireadh bhí ómós agus aitheantas tugtha don naonúr neamhurchóideach ó Chois Fharraige, a maraíodh mar gheall ar chogadh nár bhain leo!

Foclóirín: raic = fl otsam; sciuird = seáp, cuairt ghasta; duirling = trá chlochach.

This article is from: